Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Cúirt werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Cúirt werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-22

An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?

An dara ócáid i gCúirt ar fhreastal mé air ná
léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston.

Faoi stiúir Eoghan Uí Riada chuir Bridie Ní Churraoin briathra Mhichíl Uí Chonghaile inár láthair, ag insint radhairc as saol an chumadóra. Chan Caitlín Pheaits sleachtanna as na hamhráin chun léiriú a dhéanamh ar an insint. Bhí an dís ban feistithe go cuí. Caitlín i ndubh ó bhonn go baithis agus feidhm éifeachtach á bhaint aici as caille uige. Bridie gléasta mar seanbhean ag amharc siar, agus brat uimpi a bhí ina chaille freisin. 

Bhí dearadh stáitse simplí ach éifeachtach ann. 

Nuair a chrom Caitlín ar chaoineadh agus í ar a ceithre boinn agus an caille uimpi, bhraitheamar uilig ualach an dobróin. 

Táim ag súil go mór leis an úrscéal, ach beidh sé deacair an taibhiú a shárú. 

Deirtear go bhfuil dhá insint ar scéal, agus dhá leagan déag ar amhrán. Tá cúpla leagan acu le léamh anseo agus le clos anseo



2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach!