Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach!