Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Michelle Nic Pháidín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Michelle Nic Pháidín werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach! 


2024-11-14

Triúr gearrscéalaí agus úrscéalaí

Michelle Nic Pháidín, Art Hughes,
Daithí Ó Muirí, Majella Ní Dhomhnaill

Oíche Máirt is i dtimpeallacht uasal Club na Múinteoirí a bhí mé, áras sócúl Seoirseach a bhfuil cothabháil maith déanta air ag Cumann na mbunmhúinteoirí. 
.
Ceathrar atá ag dul don bhficsean a bhí ag léamh. Léigh Majella Ní Dhomhnaill sleachta gairide as na scéalta i Cuimhní Poircealláin - géarú goile roghnaithe go cúramach chun nach mhillfí aon scéal, ach go bhfaigheadh an lucht éisteachta blaiseadh den saothar.

Scéal sách osréalach a léigh Daithí Ó Muirí óna chnuasach nua Mná - saothar nach bhfuil léite agam. Ach tá leagan den scéal áirithe seo léite agam, ar Comhar, sílim. Léitheoir maith é Ó Muirí.

As Súile Éisc a léigh Michelle Nic Pháidín. Scéal amháin as gcnuasach. Scéal lán dráma agus cumha ó radharc duine óg a bhfuil deartháir leis agus ansin a mháthair básaithe go tragóideach ar muir. Blas agus boladh sáile agus cumha ag díbirt sócúl an seomra galánta Seoirseach.

Chuir Art Hughes clabhsúr leis an ócáid le cúpla sliocht as a úrscéal An Cairdeagan Buí.
Sliocht tuairisciúil faoi bhean feasa, sliocht eile faoi ollamh ar téarma sabóideach. Súil aige an bhean a bhfuil sé ag fanacht léi a mhealladh - le cion ar a teach is a maoin.

Éagsúlacht stíle, éagsúlacht léitheoirí. Léiriú go bhfuil an ficsean beoga. 

IMRAM abú! 

2024-01-21

Súile Éisc agus Scéalta Eile


Fuair mé féirín den díolaim seo de ghearrscéalta le Michelle Nic Pháidín. Tá sé ráite ag Dónall Mac Giolla Chóil sa phíosa a rinne Meoneile.ie faoin seoladh sa Chultúrlann go bhfuil Michelle ag dul do na scéalta seo le fada. (Is fiú amharc ar fhíseán Meoneile.ie). Go deimhin tá cuimhne agam ar a laghad scéal amháin a léamh roimhe. Bhí Maggie, Girl agus an Stoirm san áireamh i mBláth na dTulach.

Baineann na scéalta le samhlaíocht an duine aonair, le caidrimh éagsúla. Tá dorchadas i go leor acu. Bhí dornán scéal nach raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint astu. Iad ró osréalach. Ní raibh mé cinnte an cineál tromluí a bhí i gceist?

Ach, ainneoin an dorchadais, thaitin formhór na scéalta liom. Tá léargas iontach ar mheon an pháiste i Súile Éisc agus Rún na hÓige. Creidim go bhfuil ábhar scannáin i dtragóid déagóirí Papillon. Scéal iontach eile, comhaimseartha agus tráthúil Bean Mhic Aodha. 

Is minic casadh tobann i ndeireadh scéil. Ní foirmle ná cleasaíocht stíle atá i gceist ach clabhsúr ealaíonta ar scéal, sméar mullaigh. 

Tá sé luaite ag Dónall agus Michelle í féin san agallamh le Meon Eile go bhfuil a saol i nGaoth Dobhair, agus a cuid caidrimh ina fhoinse inspioráide agus amhábhar do na scéalta. Tá sé sin níos soiléire i scéalta thar a chéile. Tá scéalta eile lonnaithe sa chathair. 

Tá, ar ndóigh, saibhreas Ghaeilge Ghaoth Dobhair sna scéalta. Ach ní saibhreas ar mhaithe le saibhreas, an friotal oiriúnach do na pearsan atá ann. B'fhéidir go mbeadh roinnt léitheoirí ag streachailt leis an gcanúint. Ach ní miste liomsa, tá sé ceart scéalta a insint sa chanúint atá nádúrtha don pearsan. Agus tá brí na bhfocail soiléir ón gcomhthéacs cibé. 

Tá sé de dhrochnós agam leabhair a slogadh. Is féidir nach bhfuil sé sin inmholta le cnuasach ina bhfuil éagsúlacht mar atá anseo. Tá mé ag súil le roinnt de na scéalta a athléamh. 

Cnuasach láidir, agus tá mé cinnte go n-aimseoidh léitheoirí eile rudaí iontu a bhfuil mise dall orthu. (Is fearr liom réalachas!). 

2016-07-07

An tIriseoir

Tá mé tar éis tosú ar phost nua, nó le bheith cruinn ag filleadh ar phost a bhí agam roinnt blianta ó shin. Fágann sin go mbeidh turas sách fada ar obair agam, ó cheann ceann an líne DART, ó Na Clocha Liatha go Mullach Íde. Bhí fhios ag mo chomhghleacaithe sin, agus bhronn siad Kindle orm mar féirín imeachta. 

Ní raibh mórán suim agam go dtí seo ina leithéidí, ach tá roinnt leabhair i nGaeilge ar fáil anois dó - thapaigh mé an deis An tIriseoir - a bhí ar mo mhianliosta cheana - a cheannach dó agus é a léamh.

Táim sásta go maith leis an taithí léitheoireachta ar an Kindle, (an leagan Paperwhite) atá ann. Ainneoin go bhfuilim freisin ag dul i dtaithí ar spéaclaí fócas céimnitheacha, bhí mé in ann an leabhar a léamh gan aon stró.

Luaigh Eoin P Ó Murchú ina léirmheas siúd go bhfuil an leabhar sách gairid. Aontaím leis! Tá an méid atá ann iomlán agus scéal breá teannais - scéal coirpeach inste ó léargas iriseora a bhfuil a saol teaghlaigh féin fite fuaite san scéal. Ach bhí cor nod anseo agus ansiúd a d'fhéadfaí forbairt a dhéanamh air le cuir leis an scéal. 

Mar chéad iarracht ficsean bhí sé an láidir áfach, agus tuigim nach dtig le mórán scríbhneoirí Gaeilge díriú isteach go hiomlán ar an scríobh cruthaitheach. Go deimhin, murach Scéim na nOidí de chuid Foras na Gaeilge ní dócha go mbeadh an leabhar seo againn beag ná mór - tuilleann Michelle a cuid le hiriseoireacht agus is máistir sách crua ó thaobh ama de an gairm sin. 
 
Tá an scéal bunaithe go hiomlán ar thaithí agus saol iriseora, Bríd, arbh as Gaoth Dobhair di ach atá imithe chun na hardcathrach le fadhbanna ina saol a sheachaint. Seoltar ar ais í áfach chun iniúchadh a dhéanamh  ar scéal faoi dhrugaí. Bíonn an scéal fite fuaite lena saol féin, a caidreamh lena máthair agus lena mac, agus smál agus scáil óna stair ar an gcaidreamh sin. Insítear go maith é - tá máistreacht ag an údar ar an scil "Ná hinis, taispeáin" agus is leor gotha nó nod chun tógáil ar an scéal.


Braithim go bhfuil an ábhar scannáin san leabhar freisin - mionsraith fearacht An Bronntanas nó Corp agus Anam - agus seans go mbeadh deis ansin forbairt agus téagar a thabhairt do na carachtar seachas Bríd, agus doimhneacht a chuir leis na caidrimh is na heachtraí. 

Dála an scéal, chomh maith leis an leabhar cló agus an ríomh leabhar tá an scéal le clos ar Soundcloud (agus is féidir é íoslódáil saor in aisce; cuid de fheachtas margaíochta Cois Life)

Michelle Nic Pháidín
An tIriseoir
ISBN: 978-1-907494-57-4
Foilsithe: 2016