Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gearrscéalta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gearrscéalta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-01-31

Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile

Sheol Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa den gcnuasach seo chugam. Táim fíor bhuíoch go ndearna. Is fada ó chuaigh cnuasach gearrscéalta i bhfeidhm chomh mór orm. Naoi scéal lán teannas. Comhaimseartha, nó ón dtodhchaí gar dúinn. Reacaireacht céad phearsa don gcuid is mó. Duine nó neach i ngleic le cruacheist. Tragóid go minic. Faoiseamh uaireanta. Ní mholfainn é ar fad a léamh d'aon iarracht. Tá sé soléite soiléir - ach beidh do mhothúcháin ina gcíor thuathail. 

Is scéinséirí dlúithe sochreidte na scéalta, mar sin níl rún dá laghad agam ábhar na scéalta a phlé seachas i dtéarmaí ginearálta. Tá grá agus gruaim ann, agus grá gruama. Tá éagóir agus cuir ina choinne. Níl na scéalta gan splanc dóchais. 

Ábhar machnaimh go leor. Conas a rachfá féin i ngleic leis na guaiseacha? Smacht iomlán ar an taispeáin, ná hinis ainneoin gur istigh i smaointe na carachtair atáimid. 

Tá réamhrá moltach le Mícheál Ó Ruairc leis na scéalta. 

Ní dóigh liom gur tháinig mé ar saothair le Majella Ní Dhomhnaill cheana, cé go sílim go bhfuil leaganacha de roinnt de na scéalta léite agam i gComhar nó i bhFeasta. 

Bail ón mbé ar a gcuid oibre! 


Majella Ní Dhomhnaill 
Cló Iar-Chonnacht 

2024-01-21

Súile Éisc agus Scéalta Eile


Fuair mé féirín den díolaim seo de ghearrscéalta le Michelle Nic Pháidín. Tá sé ráite ag Dónall Mac Giolla Chóil sa phíosa a rinne Meoneile.ie faoin seoladh sa Chultúrlann go bhfuil Michelle ag dul do na scéalta seo le fada. (Is fiú amharc ar fhíseán Meoneile.ie). Go deimhin tá cuimhne agam ar a laghad scéal amháin a léamh roimhe. Bhí Maggie, Girl agus an Stoirm san áireamh i mBláth na dTulach.

Baineann na scéalta le samhlaíocht an duine aonair, le caidrimh éagsúla. Tá dorchadas i go leor acu. Bhí dornán scéal nach raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint astu. Iad ró osréalach. Ní raibh mé cinnte an cineál tromluí a bhí i gceist?

Ach, ainneoin an dorchadais, thaitin formhór na scéalta liom. Tá léargas iontach ar mheon an pháiste i Súile Éisc agus Rún na hÓige. Creidim go bhfuil ábhar scannáin i dtragóid déagóirí Papillon. Scéal iontach eile, comhaimseartha agus tráthúil Bean Mhic Aodha. 

Is minic casadh tobann i ndeireadh scéil. Ní foirmle ná cleasaíocht stíle atá i gceist ach clabhsúr ealaíonta ar scéal, sméar mullaigh. 

Tá sé luaite ag Dónall agus Michelle í féin san agallamh le Meon Eile go bhfuil a saol i nGaoth Dobhair, agus a cuid caidrimh ina fhoinse inspioráide agus amhábhar do na scéalta. Tá sé sin níos soiléire i scéalta thar a chéile. Tá scéalta eile lonnaithe sa chathair. 

Tá, ar ndóigh, saibhreas Ghaeilge Ghaoth Dobhair sna scéalta. Ach ní saibhreas ar mhaithe le saibhreas, an friotal oiriúnach do na pearsan atá ann. B'fhéidir go mbeadh roinnt léitheoirí ag streachailt leis an gcanúint. Ach ní miste liomsa, tá sé ceart scéalta a insint sa chanúint atá nádúrtha don pearsan. Agus tá brí na bhfocail soiléir ón gcomhthéacs cibé. 

Tá sé de dhrochnós agam leabhair a slogadh. Is féidir nach bhfuil sé sin inmholta le cnuasach ina bhfuil éagsúlacht mar atá anseo. Tá mé ag súil le roinnt de na scéalta a athléamh. 

Cnuasach láidir, agus tá mé cinnte go n-aimseoidh léitheoirí eile rudaí iontu a bhfuil mise dall orthu. (Is fearr liom réalachas!). 

2023-04-28

Imram


Cnuasach láidir gearrscéalta anseo ó Róise Ní Bhaoill. Taisteal i gceist le sciar acu. An duine i ngleic lena chinniúint iontu ar fad. Lón machnaimh iontu. 

Is beag scéal a léigh mé a bhfuair mé boladh an oilc uaidh chomh mór agus a fuair ó Seomra 393. Homo mulieri lupus...
Tá a leithéid de chreachadóirí ann áfach, agus tá insint máistriúil sa scéal air. Gan an ainghníomh léirithe fiú, tuigeann an léitheoir méid an oilc. 

Tá léargas i scéal eile ar phian an duine de shliocht inimirce a thugann cúl le nós an chine ar mhaithe le cloí le saoirse a baile nua. Nó pian an teifigh. Taithí an deoraí. 

Tá na scéalta snasta fuinte. Beidh mé ag filleadh orthu, measaim, mar beidh doimhneacht nua le haimsiú ar gach léamh. 

Mar is dual d'Éabhlóid, tá snas ar an leabhar féin. Agus tá a cheart tugtha do Ghaeilge shaibhir Rann na Feirste! 

Róise Ní Bhaoill 
Éabhlóid 
ISBN: 978-1-914482-03-8

2023-04-25

Cnaipí


Ní haon cnaipí atá scaoilte ag Colm Ó Snodaigh sa cnuasach gearrscéalta seo. Spreagadh mé leis an cnuasach a cheannach nuair a bhí Colm ag léamh ag ócáid de chuid IMRAM tamall siar. Gearrscéalta caidrimh. Laigeacht na bhfear agus an dochar a dhéanann sé ag a chroí. Muid istigh i gcloigne na bhfear céanna go minic, ag fáil tuiscint ar a gcás. Seachas bá. Ní hionann míniú agus leithscéal, ar ndóigh. 

Cuid de na scéalta turgnamhach. Péire scéal scríofa faoi bhabhta craicinn aon oíche. Eisean, briathra ar fad. Ise, léargas (agus samhnas iar gnímh). Scéal duairc na linne seo, teagmháil fánach miangais gan searc. 

Caidreamh athar le mac, mac le hathar. Dílseacht agus a mhalairt. Féinsmacht, agus a mhalairt.

Scéalta spreagúla. Idir gearr, splancfhicsean beagnach, agus níos faide nuair a oireann. Cnuasach láidir. 

Colm Ó Snodaigh 
Coiscéim 

2022-11-03

Imram agus scéalta eile ~ Róise Ní Bhaoill

Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo. 

Agus í ag caint ar an chnuasach gearrscéalta, luaigh Ní Bhaoill gurbh iomaí rud fánach a chuirfeas an síol don scéal. Bhí sí tráth, mar shampla, i Seattle Cheanada agus tharla í ar cuairt ar iarsmalann ansin a bhain le Ruathair an Óir.  I measc na leabhar a bhí ar taispeáint san iarsmalann, bhí an t-aistriúchán a rinneadh ar Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann, fear a rugadh gar go maith don áit ar tógadh a máthair mhór féin. Chuir sin ag smaoineamh í ar na fir as an iarthuaisceart a rinne an turas anonn go dtí an Yukon agus an dóigh ar chuir sin corr ina gcinniúint, bíodh sé beag nó mór. Is iad na castaíocha seo sa tsaol, bíodh siad ag baint le teitheadh nó imirce, le bás nó breith, leis an lámh láidir nó leis an fhoréigean is cás léi ina cuid scéalta. 

Seo an chead bhailiúchán gearrscéalta ón údar. Pléann na scéalta le téamaí uilíoch: an grá, an bás, foréigean, cumhaidh agus imirce. Díríonn an t-údar ar an chaidreamh, nó an easpa caidrimh, idir daoine agus an dóigh a dtéann siad i ngleic le constaicí an tsaoil. Is scéalta comhaimseartha a mbunús, atá suite i suíomh cathrach. Tá léargas iontu ar mheon agus iompar éigneoir in Óstán cathrach agus ar dhídhaonnú an iompair sin. Tá ról sonrach ag an chathair chomh maith i saol fir atá ag dul i dtaithí ar bhás a chéile agus ar an dóigh a bhfaigheann sé sólás ag taisteal ar chóras iompair na cathrach. I scéal eile, meabhraíonn bean tuaithe ar shiúl dosheachanta an néaltrú i mbruachbhaile cathrach, áit a bhfuil a comharsan ag cailleadh aithne uirthi. Díríonn scéalta eile ar chás an imircigh, bíodh sin an tÉireannach i gcéin a bhfuil uirthi plé le bás linbh, an t-imirceach Moslamach atá ag éalú ón phósadh éigeantais nó taithí teifeach a fhaigheann dídean ar an Mhór-Roinn. Tá ceisteanna aitheantais, baile agus cumhaidh fite fuaite sna scéalta seo. Spíontar scéal leabharlannaí a fhaigheann a mian ach nach bhfuil deireadh maith air. Sa scéal Ocras tugtar léargas ar an dóigh a dtéann an marbh-bhreith i bhfeidhm ar shaol lánúin óg. I Leath an Caillí, téann an t-údar siar go tréimhse ruathar an óir agus taithí fir ar an tsaol sin.

Faoi Údar:

Is gearrscéalaí agus file í Róise Ní Bhaoill as Rann na Feirste. Is é Imram agus Scéalta Eile a chéad cnuasach gearrscéalta. Tá roinnt blianta caite ag Róise i mBéal Feirste ag obair le hIontaobhas Ultach ar son na teanga. D’fhoilsigh Iontaobhas Ultach bailiúchán scéalta léi dár teideal Taisce Focal, Scéaltaí beaga do dhaoine móra in 2007 dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Bhí Róise ina comheagarthóir ar an leabhar Bás in Éirinn — May You Die in Ireland (Iontaobhas Ultach, 2011) agus ar Gaelic-Medium Education Provision: Northern Ireland, the Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (Iontaobhas Ultach, 2003). Chuir Altram amach bailiuchán rannta agus amhrán do pháiste léi, Ceol Leat! (2016). 

In 2010 d’fhoilsigh Iontaobhas Ultach an leabhar Ulster Gaelic Voices, Bailiúchán Doegen 1931 mar thoradh ar an obair a rinne Róise ar an tsaibhreas béaloidis Ultach a bhailigh Wilhelm Doegen sna 1930idí. Tá cnuasach aistí lena hiarchomhghleacaí, Aodán Mac Póilin, Our Tangled Speech, essays on culture and language (2018) ar an obair is deireanaí ar chuir sí eagar air.

Chaith Róise tréimhse i Sasana agus bhí sí ina heagarthóir ar an iris Arts Research Digest le linn a hama ansin.

Cuireadh filíocht dá cuid i gcló in Krino agus tá bailiúchán filíochta idir lámha aici faoi láthair.

Róise Ní Bhaoill 
Éabhlóid 
ISBN: 978-1-914482-03-8 

2022-08-07

An tIolrach Mór

Robert Blyth, after John Hamilton Mortimer
Boat in a Storm at Sea, 1803

Uair éigin i bhfad siar luaigh Máirtín Seoighe ar Twitter an leabhar seo, scríofa ag Pádhraic Ó Domhnalláin. Tá an méid seo luaite in ainm.ie leis "Nuair a nocht Éamonn de Valera dealbh Phádraic Uí Chonaire i nGaillimh ar 9 Meitheamh 1935 is ar Phádhraic Ó Domhnalláin a thit sé labhairt ar shaothar an údair mhairbh. Bhíothas ag aithint gurbh é an scríbhneoir Connachtach ba mhó cáil ag an am é. Fós féin moltar a iarrachtaí ar stíl phróis a fhorbairt."

San díolaim ilchineálach seo tá cruthúnas na hiarrachtaí sin. Is cosúil go raibh na dréachtaí éagsúla i gcló i nuachtáin agus irisí, agus gur chnuasaigh Ó Domhnalláin ar ball iad. Tá meascán de cineálacha scéalta sa leabhar. Giotaí cainte, mar shampla monalóg fear díolta gréithe ar aonach, nó comharsa clamhsánach. Píosaí machnamh faoi lucht siúil na linne sin, nó a leithéid. Scéalta ón stair - Rí deireanach Lochlannach Bhaile Átha Cliath a thit leis na Normannaigh, abair. Trodanna aonaigh. 

Agus ansin dornán scéalta téagartha nach mbeadh sé cruinn aistriúcháin orthu. Is amhlaidh go bhfuil logánú go pointe ar scéalta eachtrúla. Tá an scéal An tIolrach Mór féin bunaithe ar scéal ó Meiriceá - The voyage of the America le Elizabeth Phelps. Ach tá an aicsean - nó ar a laghad áit dúchais na mairnéalach - bogtha go hiarthar na hÉireann agus an scéal corraitheach faoin árthach dá scuabadh gan stiúir ar an mbóchna agus an lánúin óg tragóideach déanta dúchasach. Ní ghabhann sé chomh fada céanna le cuid de na scéalta eile - ceann faoi aistarraingt Napoleon as Moscó, nó scéal fhada le Hoffmann faoi cearrbhachas abair, ach bíonn nasc Éireannach - Gaillimheach - i gcónaí ann. 

Mar a luaigh Máirtín ó thús, tá an chaint spleodrach bríomhar saibhir soléite taitneamhach ann. Tá mé sásta gur chuir mé fios air ón leabharlann, cé gur thóg sé faid gach nfaid teacht chomh fada liom! 

2022-04-30

Gleann an Leasa

 

Réamhrá

Táthar ag tathaint orm le tamall cuid de na gearrscéalta a scríobhas i dtosach mo ré scríbh- neoireachta a chur amach i bhfoirm leabhair. Ba leasc liom a dhéanamh ar chúiseanna éagsúla. Leisce, mar shampla. Níl aon chóip d'aon cheann de na scéalta agam agus is tuirsiúil an gnó é bheith ag tóraíocht scéalta a foilsíodh ó am go chéile in irisí éagsúla le tríocha bliain anuas-gan trácht ar an sclábhaíocht peannaireachta a bhaineann le iad a chur ar phár arís. Bhí cúis mhaith eile agam - eagla. Chromas ar an scríbhneoireacht i gceart tar éis do Chraobh na hAiséirí scoilteadh ina dhá leath i 1942.
Bhí trí iris nua Ghaeilge á gcur amach ag an am, An Glór, Comhar agus Inniu, agus ar chúinse éigin, níor bhac mórscríbhneoirí measúla aithnidiúla na Gaeilge leo. Bhí na hirisí i dtaobh le dream nua scríbhneoirí. I measc na ndaoine a chrom ar an ngearrscéalaíocht do na hirisí nua seo bhí Séamus ó Néill, Labhrás mac Brádaigh, Séamas ó Mainnín, Conchubhar ó Ruairc, Pádraig ó Conchubhair, Barra Manton, Tarlach Bhilí (Tarlach ó hUid) agus an mac seo.

Scríobhamar go rialta ar feadh tamall de bhlianta agus gan airgead á fháil againn as ár saothar, ná ní raibh airgead uainn. Ba é an chéad airgead a fuaireas as an ngearrscéalaíocht do na hirisí, seic a chuir Comhar chugam i 1945, agus is cuimhin liom gur bhraitheas mar a bhraith Iúdás bocht fadó agus an tríocha píosa airgid ina ghlac aige. Bhí fonn orm é a chur ar ais, mar ba náir liom é a chaitheamh orm féin. I ndeireadh na dála, chuireas chun mo mháthar é agus slánaíodh mo choinsias. Agus nach ait an rud é, ainneoin a ndeirtear i láthair na huaire i dtaobh proifisiúnachais agus an gá atá leis, níor lúide ár ndúthracht an scríbhneoireacht a bheith á déanamh saor in aisce againn. Dheineamar ár ndícheall.

Ach is chuige seo atáim: scríbhneoirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáth- phobal léitheoireachta na Gaeilge, scéalta a thuigfeadh an gnáthphobal. An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht. Deoir a bhaint as súil chailín nó gáire a bhaint as seanduine, ní raibh uainn ach an méid sin. Ach conas a thaitneoidh na scéalta sin le pobal na linne seo? Níl a fhios agam. Níl sa chnuasach beag seo ach mo rogha féin de na scéalta a scríobhas le haghaidh An Glór agus Comhar, mar aon le cúpla duais-scéal a bheadh sa Ghlór nó i gComhar murach gur foilsíodh in irisí speisialta iad. An leisce arís! Ní raibh de mhisneach ionam tabhairt faoin tochailt i measc na n-irisí éagsúla eile inar foilsíodh roinnt de mo scéalta.
  • An Rud nach mBíonn Agam
  • Gleann an Leasa
  • Ciarraí Abú
  • Cluas Muice
  • Cúiteamh
  • Gealtachas Fómhair
  • Sop
  • An Oíche Aréir
  • Na hAdharca Fada
  • Agus an Féarán?
  • An Chéad Cheacht
  • Éan na hOíche
  • An Chéad Phionta
  • Maidin Dé Luain
  • An Bardal Fiáin
 Ansin thuas cuid de réamhrá agus clár an chnuasaigh Gleann an Leasa le hAnnraoi Ó Liatháin; chuir mé fios air ón leabharlann tar éis dom Nead na gCreabhar a léamh. Is cosúil gur scríobh Ó Liatháin neart gearrscéalta eile. Díolaim atá anseo, agus mar sin ní hionann téama ná seanrá na scéalta. Baineann go leor acu le soineantacht na hóige - nó an buachaill óg ar thí an tsoineantacht sin a chailleadh agus aghaidh a thabhairt ar an saol i gceart. Tá greann i scéalta eile - tá An Chéad Phionta - ceathrar fear tuaithe ag ól don gcéad uair tar éis dóibh pá na céad seachtaine a fháil - ana ghreannmhar ar fad. Mar atá i leabhair eile Uí Liatháin tá grá don dúlra agus tabhairt faoi ndeara iontu. Tá meon na haoise iontu - an ghlúin a raibh a dtuismitheoirí gafa i gCogadh na gCarad, gan na scéalta a bheith smolchaite. 

Pléann An Bardal Fiáin díreach leis an téama sin - sean óglach nach dtig leis bogadh ar aghaidh agus atá in umar na haimléise, buachaill óg a sheolann a athair chuig an seanfhondúir é ar mhaith le comhluadar a bheith aige - agus casadh sa deireadh nuair a fhilleann an sean ceannfort aige ar cuairt ar an gceantar - ach nach chun an cogadh a fhearadh arís a níonn.
 
Sruth comhfheasa an reacaire atá i gceist i roinnt scéalta, insint an reacaire uilefheasach i scéalta eile. Ach tá tabhairt faoi deara, caoine agus deá-mhéin don nduine agus don dúlra iontu go léir.Tragóid ceart sa chiall gréagach is ea Gleann an Leasa. Saolta curtha ó mhaith toisc nach dtig leis an patrarc glacadh leis go bhfuil bean a mhic aimrid gan locht.

Tá trom agus éadrom sa chnuasach, sonas agus donas. Bhain mé taitneamh as; measaim go mba cheart go mbeadh teacht éasca ar saothair iomlán Uí Liatháin. Is dócha go bhfuil leabhair fiúntacha eile ann ón ré sin a bhfuilim dall orthu murach an nod nó an comhtharlú a sheol i mo threo iad (is maith ann na hiasachtaí idir leabharlainne!).

2021-11-30

An Flaitheartach eile

 

Léirmheas Aedín Ní Thiarnaigh ar NÓS a spreag mé le fios a chuir ar An Bhrachlainn Mhór: Scéalta ón leabharlann. Bhí fhios agam go raibh deartháir ag Liam a raibh scríobh déanta aige, ach ní raibh faic leis léite agam. (Tá sé blianta fada ó léigh mé aon rud le Liam - seachas an Rogha Scéalta a chuir Michéal Ó Conghaile a chuir Gaeilge orthu le déanaí).

Dornán gearrscéalta agus blúirí d'úrscéal atá sa leabhar; scéalta lonnaithe in Árainn, agus iad ag tarraingt ar a thaithí fhéin ar dhaoine agus dúlra. Greann iontu, agus gean. Scéalta a léiríonn cás na ndaoine ag an am, cruachás, ach nach bhfuil olagónach - níl béal bocht ann.

Tá an léargas ar an ndúlra iontach láidir, agus na scéalta corraitheach spleodrach. Bhí mé féin ar Árainn beagnach daichead bliain ó shin faoi dhó, agus shiúl mé an oileán agus na haillte. Tugann an insint na cuimhní sin ar ais go láidir. 

Tá réamhrá úsáideach ann, agus alt de chuid a neacht Breandán Ó hEithir faoina uncail. Duine spleodrach spéisíúil ab ea Tomás, agus is trua nach bhfuil againn, toisc nár mhair sé, ach an dornán seo scéalta. 

Tá fonn orm anois ach an deis a bheith agam, amharc an féidir liom teacht ar chuid den iriseoireacht a d'fhág sé againn.


An Bhrachlainn Mhór: Scéalta
Tomás Ó Flaithearta, in eagar ag Éamon Ó Cíosáin


Aguisín: Maidir leis an teideal, phléigh mé le hAedín at Twitter é - "Is tonn ar leith [an Bhrachlainn Mhór]  a bhriseann amach ar chósta Chill Mhuirbhí ar Árainn Tonn uisce. Tá áit píosa maith amach ón trá ina n-éiríonn an t-uisce níos tanaí agus briseann na tonnta amuigh ann. Sin mo thuiscint agus d'aontaigh fear anseo ar Inis Meáin liom"

Tá sé le tuiscint ón scéal go bhfuil baint ag neart agus baol na toinne sin leis an dtaoide freisin. 

Chuir Deirdre Ní Conghaile (@aransongs) an méid seo leis an gcomhrá: "Ní hea. D'fheicfeá ar léarscáil de ghrinneall na farraige á chruthú ag @followtheboats go n-éiríonn an talamh go tobann. Roimh chonstaic dá leithéid, d'eireódh an fharraige. Bogadh i bhfarraige + taoille íseal = is túisce a d'fheicfí brachlainn ag briseadh"

Lean an comhrá ar aghaidh - ní raibh mé cinnte an d'áit nó maidhm nó an dá rud a bhí an ainm ag tagairt - sheol Deirdre an freagra seo leanas:

"Tagairt, sílim, don áit & don mhaidhm. Sílim gur "ar" an réamhfhocal a chloisfí ina leith. "Tá an bhrachlainn briste" a deirfí. "Reef" an t-aistriúchán? (Tá áit thanaí eile ar a dtugtar "An Chois.") Pic: Nollaig 2013, An Bhrachlainn Mhór briste ar dheis i mbéal Phort Mhuirbhigh."


An lá céanna, Oíche Nollag 2013; radharc ar an Sruthán Mór (siar ó Chill Mhuirbhigh) agus ar fharraigí ardaithe






2021-11-11

Crobhaing cnuasaithe le cúram


Chuir Réaltán cóip den leabhar Bláth na dTulach - Díolaim Ultach a d'fhoilsigh Éabhlóid le déanaí chugham. Í féin agus Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Mícheál Ó Domhnaill a chuir in eagar. 

Nasc a bheith le hUladh atá i gcoitinne ag na scríbhneoirí. Tá a gcuid scéalta thar a bheith éagsúil ó thaobh stíle agus téama - rud a fhágann go dócha gurb é an cinneadh stuama a bhí ann iad a chur in ord aibítre ainmneacha na scríbhneoirí sa leabhar! 

Ainneoin go bhfuil macallaí béaloidis i roinnt de na scéalta, is scéalta de chuid na linne seo iad - imní agus spéiseanna na linne seo iontu, scáil na Coivide agus an athrú aeráide san áireamh. 

Greann agus gruaim, gean agus gráin - tá siad anseo. Tá cuid de na scéalta foilsithe cheana ar ardáin éagsúla, ach is díolaim cumhachtach atá anseo ag léiriú leithne scríobh na nUltach agus an aclaíocht atá á bhaint as an nGaeilg - más Gaeilg Gaeltachta Ghaoth Dobhair nó nuachainteoirí Béal Feirste atá á ionramháil, tá tiús agus téagar ann. 

Tá scéalta a chuir míchompord orm, nár thaithin liom - ach níor mhothaigh mé scéal ar bith acu a bheith lag. 

Beidh mé ag filleadh ar scéalta agus ag lorg breis ó na húdair, measaim. 

Déanann Éabhlóid cúram ar leith don dearadh ina gcuid leabhair, agus is leabhar álainn faoi chlúdach crua atá anseo, clúdach deannaigh álainn, pictiúr i rilíf air. Agus tá ribín dúghlas mar leabharmharc. 

Diaidh ar ndiaidh beifear ag foilsiú na scéalta ar líne, móide podchraoladh ina dhéanfar an scéal a léamh agus a chíoradh. An t-iomlán ar fáil ón suíomh https://blath-na-dtulach.com/

Togra thar a bheith snasta cúramach, agus fiúntach. 




2021-01-29

Liam Ó Flaithearta - Rogha Scéalta

Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta a foilsíodh as Béarla, roghnaithe agus aistrithe ag Mícheál Ó Conghaile. Níl mórán de shaothair Uí Fhlaithearta léite agam, agus an méid a léigh is i bhfad ó shin a léigh.

Bhraith mé neart agus úire sna leaganacha seo. Na cinn a phléann le dúlra go háirithe, nó le caidreamh idir beirt - ceann acu sin lonnaithe i gCúba fadó! Tá na scéalta sin uilíoch agus lasmuigh den stair ar bhealach.

Roinnt de na scéalta eile, shíl mé barraíocht dá ré ndearóil a bheith ag baint leo ach iad cumhachtach mar sin féin. 

Tá Liam Ó Flaithearta tugtha abhaile ar bhealach ag Ó Conghaile - oireann an Ghaeilge na scéalta seo. 

Tá aguisín spéisiúil curtha aige leis an leabhar - scéal luath dá chuid féin faoi bhó faoi dháir, a aithníodh mar "Scéal Flaitheartach".

Agus tá an dornán dánta Gaeilge leis an bhFlaitheartach in aguisín eile. 

Bhain mé sásamh as an gcnuasach seo! Is maith ann é. 

2021-01-07

Inní

inne: 1) (san iolra inní de ghnáth) ionathar; 2) lár, croí m.sh in inne an lae, in inne a dtreibhe - i croílár a mhuintire, 3) mothúchán inmhéanach, inní na trócaire, 4) nádúr nó eisint.
Eascraíonn teideal an chnuasach seo as míthuiscint dailtíní cathrach ar "Iníon Uí", ainm múinteora. Ach ar bhealach feileann an uile bhrí ar inní do na scéalta láidre seo. Saol na mBan, ó dhearcadh na mban. Scéalta cumhachtacha láidre. Corr gan choinne go minic iontu. Duairceas go minic ach misneach agus dóchas ag dul i ngleic leis - mar a dhéanann mná, ag treabhadh leo ainneoin tubaiste nó tréigean. Misneach gan chloí. 

B'fhearr liom dá mbeinn cinnte gur ficsean iomlán na scéalta seo - ach baineann réalachas leo, réalachas atá fáiscthe as taithí saoil agus eolas saoil. Lón machnaimh dá réir iontu. Mar sin féin tá mé sásta gur léigh mé an cnuasach, cé go bhfuil drogall orm a rá gur bhain mé pléisiúr as! Bhain mé pléisiúr as roinnt splancanna grinn, gan amhras. Agus tá ealaín sa chuir síos, bhí mé tumtha sna heachtraí, bá agam leis na carachtair. Faigheann an insint greim ar an léitheoir. 

Agus tá teach foilsitheoireachta maith aimsithe aici in Éabhlóid a chaitheann an dua céanna leis an earra idir scríobh agus dearadh agus a rinne Cois Life. 

Réaltán Ní Leannáin 
Éabhlóid 
Clúdach bog
ISBN: 9781916047068

2019-05-31

An Teachta Dála agus Scéalta Eile

I ndiaidh dom Go dtí an lá bán a léamh (foilsithe ag Éabhlóid, saothar Ciorcal Scríbhneoirí Ghaoth Dobhair) d'fhiafraigh mé ar Twitter an raibh aon rud eile foilsithe ag na mná seachas Máire Dinny Wren (Tá Go mbeinnse choíche saor ar Kindle agam). Luaigh Eoghan an cnuasach seo. Chuir mé fios air ón leabharlann.

Cnuasach tanaí gearrscéalta, cuid acu fíor ghairid.

Thaithin siad liom. Má tá téama ar leith ann, an chaidreamh idir fir agus mná atá ann. Agus faraor an leithcheal a imríonn fir ar mhná. Níl an t-údar i mbun aithisc áfach. Insíonn sí an scéal. Faoin léitheoir an tátal a bhaint as.

Taithí Bhéal Feirste (móide Trioblóidí) agus Tír Chonaill.

Lón machnaimh.

An Teachta Dála agus Scéalta eile
Brighid Uí Mhonacháin
Coiscéim 2013.

2019-05-07

Go dtí an lá bán

 Go dtí an lá bán 
Cnuasach gearrscéalta
Máire Dinny Wren
Máirín Uí Fhearraigh    
Brighid Ní Mhonacháin
Síle Uí Ghallchóir

Tháinig cóip léirmheasa den cnuasach láidir gearrscéalta mo threo. Saothair a fuineadh as obair Chiorcail Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair.

Scéalta atá ag tarraingt as taithí saoil agus béaloidis. Cuimhní ar na trioblóidí agus ar thréigeadh Oileán Gabhla. Scéal chaoin faoi lánúin ag dul ó aithne a chéile de bharr néaltrú a bheith ar an mbean.

Scéalta láidre corraitheacha.

Tá leabhar foilsithe ag Máire Dinny Wren ó shin agus leaganacha de roinnt de na scéalta seo ann. Fuair mé amach ó Eoghan Mac Giolla Bhríde go bhfuil cnuasach i gcló ag Brighid Uí Mhonacháin freisin agus tá sé iarrtha ón leabharlann agam.

Déanann an teach foilsitheoireachta Éabhlóid cúram ar leith de chanúint Thír Chonaill agus tá saibhreas ar leith cainte chomh maith le scéalaíochta sa leabhar seo. Cuireann sé go mór leis go bhfuil dhá CD ag dul leis agus réimse daoine ag léamh na scéalta go taitneamhach soiléir.

Saothar thar a bheith fiúntach.

2019-03-23

Miodh meidhreach na hÉigse :"Súil" le hEithne Ní Ghallchobhair

Cnuasach ar leith gearrscéalta atá anseo, ar bhronn Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa orm díobh . Cuid acu ag plé le hainmhithe agus a saol - scréachóg reilige, cuach, iolar fíréan, gráinneog féir, beachóg. Ias seo lán de réalaíochas agus sonraí beachta dúlra.  Dúlra a bhfuil lorg an duine air...

Sciar eile a bhfuil osréalachas in úsáid chun léargas a thabhairt ar anam duine - seanfhear a tabhairt aghaidh ar an mbás, máthair nua ag streachailt leis an ndúlagar iarbhreithe agus an pian, ...

Is iomaí saighead ina bolgán scríbhneora ag Eithne Ní Ghallchobhair, agus aimsíonn an sprioc leo ar fad. Nathanna, uaim, ruthag, athrá - baineann sí feidhm ealaíonta astú ar fad chun scéalta cumhachtacha a fhí. Ina canúint sainiúil Conallach agus ag tarraingt as traidisiún na scéalaíochta agus an seanchais - ach ní béaloideas smolchaite atá curtha ar fáil aici. Meabhraíonn a húsáid teanga dom an méid a dúirt an Cadhnach faoina shaothar féin:
"An uirlis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.
Tá Ní Ghallchobair ina máistir ar a cuid uirlisí. Is craosléitheoir mise a alpann siar leabhair. Ach mhothaigh mé an gá leis an leabhar seo sos anála a ghlacadh agus scéal léite agam; é dhíleá agus pléisiúr a bhaint as mar a dhéanfainn le súmóg de mhiodh láidir.

Na scéalta dúlra ach go háirithe - an tabhairt faoi deara iontach iontu, an cuir síos beacht gur mhothaigh mé gur mé an t-ainmhí a bhí faoi chaibidil aici, ag blaiseadh lúcháir, eagla, ocras, pian de réir mar a bhí an eachtra ag dul ar aghaidh.



Eithne Ní Ghallchobhair, 
Cló Iar-Chonnacht   
Tagairt: 9781784441845   

2019-02-15

Ingne Dearga Dheaideo

I ndiaidh dom "Dialann mo Mháthar" a chríochnú chuaigh mé sa tóir ar saothair eile le Pádraic Breathnach i gcatalóg na leabharlanna. Gearrscéalta máistriúla iad seo. Duine amháin go hiondúil, suíomh amháin, spléachadh ar anam. Tá nasc scaoilte idir roinnt de na scéalta, cur síos ar saol tuaithe ag trá roimh bruachbhailtiú. Agus an teanga freisin, tá le tuiscint. 

Tá sciar eile de na scéalta níos uirbí. 

Ba é an scéal Anam Mná, faoi máthair a caill a páiste ag aois an-óg is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. An sciúrsadh anama a rinne sí uirthi féin ina dhiaidh. Tá blaiseadh den scéal ar líne ag RTÉ. 
 (https://www.rte.ie/gaeilge/2018/0222/942744-leigh-blaiseadh-de-anam-mna-le-padraic-breathnach/) 

Tá na gearrscéalta ar fad láidir. Ar an lámh eile chaith mé a úrscéal "Deargadaol i mbád fothoinn" i dtraipisí tar éis cúpla caibidil, gan bá ar bith agam leis an léachtóir ar (frith) laoch é. 



2018-01-16

Idir Dhá Thír

Is duine idir dhá thír, agus trí chultúir,  mé féin. Tógadh le Gaeilge agus Béarla mé, ach tá Gearmáinis agam ó chaith mé tréimhse san Ostair le teaghlach in aois aon bliana déag. I ndiaidh dom céim ollscoile san innealtóireacht a bhaint amach, chaith mé na 1990í i mBeirlín. Idir dhá thír de chineál eile ansin ó tharla go raibh thoir agus thiar ag athfhás le chéile agus comhghleacaithe agam a d'fhás aníos ar dhá thaobh an bhalla. Phós mé bean ón Oirthear. I dtreo deireadh mo thréimhse i mBeirlín bhí mé ag obair ar thogra idirnáisiúnta, comhghleacaithe agam san Eilvéis agus sa tSualainn. Ó d'fhill mé ar Éirinn tá mé ag obair go hidirnáisiúnta fós, sciar suntasach de mo chuid ama gafa le tograí de chuid an ghníomhaireacht spás Eorpach. Comhghleacaithe ó trasna na hEorpa dá réir agam. Gairm idirnáisiúnta an ríomhchlárú cibé.

Ach mar fear geal díreach taithí pribhléideach atá agam. Níl blas coimhthíoch ar mo chuid Gearmáinise, agus is minic nár aithin daoine gurb eachtrannach mé, go dtí gur chuala siad m'ainm. Go deimhin bhí roinnt taithí fíor ait agam, daoine ag clamhsán liom faoi theifigh eacnamaíochta. Teifeach eacnamaíochta ab ea mé féin déanta na fírinne, is bhíos míchompordach. Nuair a dúirt mé sin, is amhlaidh a dúradh liom go raibh mé geal agus mar sin ceart go leor.

Bainim leis an móramh in Éirinn don gcuid is mó - móramh cultúrtha seachas creideamh na laethanta seo. Ag amharc siar is ait liom nach bhfuil aithne phearsanta agam ar Giúdach ar bith, cé gur tógadh laistigh de urchair cloiche de sionagóg mé, agus go bhfaca an pobal ag siúl ann gach sabóid.

Seans nach mbeadh mórán aithne ar Phrotastúnaigh agam ach oiread ach go raibh baint agam i mo dhéaga le grúpa gasóga, agus gur tharla sé gur leis an cumann ilchreidmheach a chuaigh mé. (Tá an dá cumann aontaithe ó shin, ach go mbíonn a traidisiún féin chuid mór ag chaon grúpa acu.)

Bhí cúpla chomhscoláire ar an ollscoil agam ón Iaráin is cairdeas dromchlach eadrainn. Bhí bainisteoir Moslamach agam cúpla bliain agus post ó shin; ach dáiríre ní fheadfainn a rá go bhfuil aithne phearsanta agam ar Mhoslamach ar bith.

Réamhrá sách fada! Is amhlaidh mar sin nach bhfuilim iomlán dall ar na ceisteanna a chíortar sa chnuasach is déanaí le Alex Hijmans, Idir Dhá Thír.

Tá taithí ar leith ag Alex. Fear a tháinig in inmhe san Ísiltír, a tháinig go hÉireann agus a shealbhaigh Gaeilge, agus é beo uirthi mar iriseoir agus scríbhneoir. A d'fhuadaigh an ghrá go dtí an Bhrasaíl é, go Favela. É ann ó shin, ainneoin cúrsaí a bheith athraithe. Fear homaighnéasach, rud a fhágann é in imeallú eile.

Tá an úsáid bainte aige as an dtaithí uilig sin sna scéalta seo ina mbíonn na carachtar idir tíortha, idir cultúir. Siar is aniar san am freisin, eadhon tír coimhthíoch is ea an am atá thart, deirtear.

Ní hé go bhfuil seanmóireacht ar bun ag Alex. Tá ceard an scríbhneora go smior ann, ní abraíonn sé rudaí linn; léiríonn sé dúinn iad.

Castacht an saoil. Dúshláin an inimirce, agus an glacadh le hinimirce. Meas agus a mhalairt. Collaíocht agus searc. Seirce tuismitheora agus leanbh, agus an straidhn a chuireann malairt cultúir air.

Scéalta láidre. Idir Dhá Thír, a thugann ainm don gcnuasach, faoin aithne fánach idir Ísiltíreach de shliocht na tíre, agus Ísiltíreach de shliocht Maracó. Ainneoin gach a maítear agus na hiarrachtaí, ní ionann a gconair ná na deiseanna a shilfeá bheith acu.

Plé chumhachtach ar féiniúlacht san scéal An Neascóid, fear de shliocht na hAfraice via Brasaíl ag caint ina shamhlaíocht lena nuachar Éireannach a d'fhág é, cultúir agus ciontacht nó a mhalairt as peacaí a sinsir á spíonadh. Mórtas cine dearfach agus diúltach.

Ní hionann na tátal ná na tuiscintí a bhainfeadh cách as na scéalta seo.

Ach cuirfear ag machnamh an léitheoir; ar cheisteanna a bhfuil práinn leo i saol guagach.

Alex Hijmans
Idir dhá thír

€12.00

ISBN: 978-1-907494-65-9

2016-05-07

Litir ó mo Mháthair Altrama

Seo leabhar eile atá ar mo mhianliosta le tamall ach ar chúis amháin nó cúis eile ní raibh sé faighte agam. Thapaigh mé an deis é a chuir ar an liosta leabhair a rinne an Foras a bhronnadh orm.

Bhí ceann nó dhó de na gearrscéalta léite agam sna hirisí. Nil fhios agam go baileach cén cuir síos a dhéanfá go cruinn orthu - réalachas osréalach seans. Sé sin le rá, tá na scéalta inchreidte agus tú á léamh, ach níl na heachtraí iontu inchreidte dáiríre. Ní fantaisíocht atá i gceist ach oiread áfach - ní draíocht ná a leithéidí.

Tá teannas agus éirim sna scéalta, agus pléisiúr sa léitheoireacht. Agus spreagadh machnaimh. Beidh mé ag filleadh orthu, sílim go mbeidh adhmaid le baint as an athléamh.

Tá dhá léirmheas ag daoine níos oilte ná mé ar an cheird le léamh ar shuíomh Móinín, a d'fhoilsigh.

Litir ó mo Mháthair Altrama
agus scéalta eile
Fionntán de Brún
Clúdach bog, 109 lch.
ISBN 0-9532777-7-1
Praghas €8

2015-12-20

Daithí Ó Muirí: Litríochtaí

Chuala mé Daithí Ó Muirí ag reic ceann dá scéalta ag ócáid de chuid IMRAM. Bhí mé fiosrach faoi, cé nach nós liom mórán scéalta osréalacha a léamh.
Ceardaí focail é Daithí Ó Muirí, rud is léir ó na gearrscéalta gairide seo. Ach is beag adhmaid a bhain mé féin as na scéalta seo; scéalta atá go hiomlán osréalach, agus go minic an scríbhneoir ag labhairt díreach leis an léitheoir ag iarraidh an léitheoir a tharraingt isteach sa scéal.
Ní leabhar atá anseo a mbeinn ar bís chun an céad scéal eile a léamh; an saol dearóil coimhthíoch ann.
Ach tumadh isteach anois is arís, le blaiseadh a bhaint as ceol na bhfocail, d'fheadfadh sin a shamhlú.
Mar sin, táim buíoch as Cló Iar Chonnacht a chuir cóip léirmheastóireachta chugam.

Litríochtaí
Cló Iar-Chonnacht
Daithí Ó Muirí
Tagairt: 9781784441371

2015-11-19

Ar foluain in aimsir na dtromluí

In aimsir na mbrionglóid a cruthaíodh an domhan dar leis an léamh acadúil ar sheanchas bundúchasaigh na hAstráile. Is ón Astráil a tháinig cnuasach seo Colin Ryan chugainn, ach  seachas cruthú domhain nua is éard atá sna scéalta seo ná sceitsí, mar a beadh trí cheo, de shaol daoine agus de shaol na cruinne ag titim as a chéile. 
Tá cuid de na scéalta ar foluain ar fad sa chaoi is nach léir domsa an i dtromluí de chuid priomh phearsana na scéalta atá an gníomhaíocht ar fad nó an amhlaidh gur trasnáil idir an ceantar agus an alltar atá ag tarlú iontu.
Caithfidh mé a rá go raibh mé ag streachailt le hábhar an leabhair seo - tá máistreacht ag Ryan ar an teanga atá in úsáid aige agus téagar san úsáid. Ach mhothaigh mé an insint a bheith doiléir ceomhar tríd síos agus ní raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint as na scéalta.
Píosaí gairide iad, duine amháin i lár na gach scéal acu, scéal nó dhó ina bhfuil an príomhphearsa céanna. Bíonn siad scaití i ngleic le duine eile, ach ar an mórgóir iad gafa lena smaointí is cuimhní féin agus iad beo i saol a shilfeá bheith iar apacailipteach. 
Tá scéal nó dhó sa chnuasach atá rud beag níos réalaí, agus is astu is fearr a bhain mé adhmaid. Ach tá an ghné mistéireach duairc ag baint leo sin freisin.


Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh agus a sheol cóip léirmheastóireachta chugam.



Colin Ryan, 
Cló Iar-Chonnacht
9781784441227 

2015-10-11

Dílis

Trí chinn déag de ghearrscéalta láidre atá sa chnuasach seo le Réaltán Ní Leannáin. Tá craos léitheoireachta déanta agam ó tháinig an leabhar sa phost chugam de hAoine.

Mar a luaigh sí féin in agallamh le Raidió na Life, ó dhearcadh na mban atá na scéalta scríofa, agus anáil láidir a áit dhúchais san Tuaisceart orthu.
Ach is scéalta uilíocha iad; agus iad scríofa go láidir sa chaoi is go dtéann siad i bhfeidhm ar an léitheoir. Le cúpla abairt cuirtear scéalta iomlán inár láthair, ár mbá á mhúscailt leis na carachtar. Luaigh Réaltán nach raibh téama ag baint leis na scéalta, ach mhothaigh mé féin go raibh téad láidir á nascadh - an ghrá ina ilghnéitheacht iomlán - idir leannáin, idir tuismitheoirí agus gasúir, an nasc a iompraíonn teaghlaigh ó ghlúin go glúin, ainneoin drocheachtraí agus míthuiscintí. Is ní gnáth sonas gan donas a bheith ina orlaí tríd, agus ní taise do na scéalta seo é.  Minic go leor tagann deireadh an scéal aniar aduaidh ar an léitheoir, cor ann a nochtann léamh nua ar eachtraí an scéil agus ar na pearsana.

Tá mé ag súil le bheith ann do sheoladh an leabhair ar an Satharn, mar chuid d'Fhéile IMRAM

Dílis
Cló Iar-Chonnacht
Réaltán Ní Leannáin

Tagairt: 9781784441234   

Nóta: Táim buíoch de Chló Iar Chonnacht as cóip léirmheastóireachta a bhronnadh orm.