Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Colm Ó Snodaigh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Colm Ó Snodaigh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-25

Cnaipí


Ní haon cnaipí atá scaoilte ag Colm Ó Snodaigh sa cnuasach gearrscéalta seo. Spreagadh mé leis an cnuasach a cheannach nuair a bhí Colm ag léamh ag ócáid de chuid IMRAM tamall siar. Gearrscéalta caidrimh. Laigeacht na bhfear agus an dochar a dhéanann sé ag a chroí. Muid istigh i gcloigne na bhfear céanna go minic, ag fáil tuiscint ar a gcás. Seachas bá. Ní hionann míniú agus leithscéal, ar ndóigh. 

Cuid de na scéalta turgnamhach. Péire scéal scríofa faoi bhabhta craicinn aon oíche. Eisean, briathra ar fad. Ise, léargas (agus samhnas iar gnímh). Scéal duairc na linne seo, teagmháil fánach miangais gan searc. 

Caidreamh athar le mac, mac le hathar. Dílseacht agus a mhalairt. Féinsmacht, agus a mhalairt.

Scéalta spreagúla. Idir gearr, splancfhicsean beagnach, agus níos faide nuair a oireann. Cnuasach láidir. 

Colm Ó Snodaigh 
Coiscéim 

2022-11-14

Caidrimh agus préacháin


Bhí mé ag an dara imeacht de chuid IMRAM i gcomhar le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath sa Chlólann inné. Léamha le tionlacan ceoil.

Colm Ó Snodaigh a chuir tús leis an imeacht i ndiaidh do Liam Carson é a chur i láthair. Léigh sé trí scéal as a chnuasach nua Cnaipí agus chan amhráin binne brónacha idir na léamha. Ba péire dhá cheann de scéalta - insint ar chaidreamh aon oíche ó dhearcadh an fhir agus na mnaoi. Leagan an fhir inste i sraith briathra roptha amach. Scéal na mná níos caolchúisí. Taibhsí an scéal eile, fear ag smaoineamh siar ar chaidreamh a rinne sé praiseach iomlán de. Ó lúcháir an chéad splainc go domlas na ciontachta ag amharc siar. Ní raibh an cnuasach agam, cé go raibh sé molta ag Áine Ní Ghlinn. Tá anois...


Ní raibh cloiste agam in aon chor faoi Thaddeus Ó Buachalla sular cuireadh a úrscéal nua El faoi mo bhráid - beidh breis le rá agam faoi sin amach anseo. Ficsean samhlaíochta comhcheilge le sruth stairiúil agus comhaimseartha Corcaíoch ag treisiú a chéile. 

Ní sin a bhí romhainn áfach ach é ag reic dán fada nua scríofa Imram an phréacháin le tionlacan ceoil (má thuig mé i gceart, ceol a chum sé féin) ó Sam Uí Bhuachalla (cláirseach), Moze Jacobs (sax) agus Paul McMahon (giotáir). Bhí an dán lán de tagairtí claiseaceacha agus Corcaíocha. Caithfidh mé a admháil go raibh sé deacair orm scaití an ghuth a chlos tríd an ceoil, mar go raibh mé trasna an tseomra uaidh. Bheadh fonn orm áfach an saothar a léamh, ach a fhoilsítear é san athbhliain. Rinne IMRAM an ócáid a thaifid, agus beidh fáil air ar YouTube roimh deireadh na bliana. 

Pléisiúr is ea é go hiondúil éisteacht le húdar ag reic a shaothar, go háirithe más reacaire maith é, rud atá fíor faoi Thaddeus agus Colm araon. 

El ainmnithe do dhuais Love Leabhar Gaeilge /An Post do leabhar Gaeilge na bliana. Gach rath air!