Táim ag dul trí tréimhse easuan faoi láthair. Ceann de na bealaí an oíche a chur isteach ná amharc ar scannán. Tá amazon prime teaghlaigh againn toisc go bhfuil cuntas prime ag mo nuachar. Agus is le Samsung ár dteilifís chomh maith le mo ghuthán - is féidir teilgeadh go dtí an scáileán mór dá réir.
Sean scannáin is mó atá mé ag (ath) amharc orthu.
Ach cé go raibh iomrá cloiste agam ar Papillion - dráma clúiteach carcair - ní raibh sé riamh feicthe agam.
D'fhéach mé air go luath ar maidin inniu.
Furasta a thuiscint clú a bheith air. Cineálacha uile daonna - séimh agus garbh, geanúil agus brúidiúil, cam agus díreach.
Cairdeas a sheasann fulaingt.
Mian do smachtaithe éalú, ainneoin gach contúirt agus ainneoin an iarmhairt ar teip.
Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná ciúnas an scannáin. Ní raibh fuaimrian glórach corraitheach ann.
Agus i dtréimhse ina raibh Papillion i measc bundúchasaigh, níor labhraíodh focal. Ach déanadh cumarsáid.
Ana scannán. Ealaíon an scáileáin airgid!