Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-07-24

Comhairliúchán ar Earnáil na Meán

Tá teacht ar Chomhairliúchán ar Earnáil na Meán Foras na Gaeilge anseo: 15ú Lúnasa an spriocdháta.

Tá mo thuairimí féin anseo:

2019-07-21

31ú Iúil 2019 - Dhá ócáid litríochta

Beidh mé féin ar saoire, murach sin bheinn ag an ócáid tráthnóna ar a laghad!

Ticéid (saor in aisce) do Litríocht am lóin ag eventbrite

2019-07-12

Nellie agus na Maighigh

Tagairt in alt Phádraig de Paor faoi litríocht taisteal (Comhar Taighde) a spreag mé le fios a chur ón leabharlann ar Mise agus na Maighigh le Nellie Nic Giolla Bhríde.

Rinne mé talamh slán de gur bean óg sna fichidí a scríobh, í ar Grand Tour na linne seo mar a bhíonn go leor dá leithéid.

Ní hamhlaidh atá áfach. Múinteoir as Gaoth Dobhair í Nellie Nic Giolla Bhríde, clann fásta uirthi. Í sách aosta le cuimhne a bheith aici ar bhochtaineacht agus easpa sócúlachta i nGaoth Dobhair agus mar sin léargas níos tuisceana ar bhochtaineacht Guatamala agus Hondúras.

Bhí a mac Eoghan i Meiriceá Theas roimpi, Spáinnis acu beirt agus fonn eachtraíochta. Ag taisteal ar bhusanna sicín le muintir na háite, agus ag dul san amhantar chun lóistín a aimsiú.

Stíl éadrom reacaireachta atá sa leabhar, mar a bheadh sí ag comhrá leat. Acmhainn láidir grinn (fúithi féin go minic). Tabhairt faoi deara. Nathaíocht den scoth.

Mheabhraigh sí taistealaí mná eile dom a bhfuil na tréithe céanna ina cuid scríbhneoireacht - Úna Ní Mhaoileoin.

Bhí mearbhall áirithe orm faoi leagan amach an leabhar, mar nár lean sé de réir am. Tagairt do lá le Pádraig, ansin cúpla leathanach níos déanaí do Dhomhnach Cásca, ach ina dhiaidh sin d'Aoine an Chéasta agus Domhnach na Slat. Is dóigh liom go bhfuil sé leagtha amach go tíreolaíoch agus gurb é an chaoi gur chaith sí cúpla seal in áiteanna áirithe. Ní chuireann sin as ró mhór don insint áfach.

Tá go leor eolais faoi daoine agus áiteanna ann, agus tá na heachtraí féin spéisiúil. Lón éadrom léitheoireachta chun fonn bóthair a spreagadh!

Mise agus na Maighigh
Nellie Nic Giolla Bhríde
Coiscéim 2003

2019-07-11

Cill Éinde

Ar chúinsí stairiúla níl mórán eaglais againn sa tír seo a bhfuil fiúntas ailtireachta agus ealaíne ag baint leo. Go deimhin tá barraíocht acu atá gránna nó lán kitsch.

Tá seoid ag muintir an Spidéil - Cill Éinde, a tógadh ag tús an fichiú aois. Tá cuir síos chuimsitheach ag an Tiarna Kilannin, a raibh baint aige a mhuintir lena thógáil, san alt seo.

Bhuail mé isteach chun paidir a rá ar an Satharn agus d'éist muid Aifreann ann ar an Domhnach.

Is léir ní hamháin go bhfuil caomhnú cúramach déanta air, ach go bhfuiltear ag cuir go cúramach leis na saothair ealaíne. Thug mé suntas d'fhuinneog gloine amháin ina raibh eitleán agus bád farantóireachta sa chúlra agus manach naofa sa tulra.

Le hais na haltóra tá Cros Céasta deartha ag Imogen Stuart a tiomnaíodh i 2015 - Ardchrois an Spidéil.

Chuaigh Turas na Croise i bhfeidhm orm - mósáic gloine agus an inscríbhinn faoi sa lámh Gaelach. É sin ó thús an chéid seo chaite.

Ar ndóigh ní iarsmalann nó dánlann atá ann, ach eaglais.

Tá sagart diongbhála na Cille ann faoi láthair, dar liom.

Ag canadh a tháinig an tAthair Seán Mac Aoidh isteach chun Aifreann a rá, agus fiú agus é ag caint mhothaigh mé nach raibh sé i bhfad ó chanadh le lúcháir an chreideamh.

Seachas aitheasc a thabhairt bhí sliocht as imlitir an Phápa aistrithe aige a léigh sé agus a mhínigh sé. Toradh ar an sionad faoin óige is ea Christus Vivit!
Bhí aistriúchán an tAthair Seáin i gcló freisin sa nuachtlitir. (Tá súil agam go mbeidh an deis aige amach anseo na sleachta uilig a chrochadh ar shuíomh an pharóiste). Ní cloistear sagart sách minic ag craobhscaoileadh briathra an Phápa agus á nascadh go héifeachtach leis an soiscéal a chuala an pobal.

Ardú meanman.

Bíonn cúraimí saolta ar shagart paróiste freisin ar ndóigh agus bíonn orthu stocaireacht ar son a dtuarastal féin scataí! Sách deacair agus freastal ar Aifreann ag titim agus glaoch ar charthanach daoine ag méadú. (Bhí cumann Peil na mBan ag bailiú ag doras na hEaglaise). Ábhar machnaimh ab ea gur luaigh sé go raibh daoine sa pharóiste nach bhfreastalaíonn ar Chill Éinde de bharr gur trí Ghaeilge a fheidhmíonn an paróiste.

Tá súil agam go mbeidh an paróiste faoi bhláth go ceann i bhfad eile, ag déanamh cúram don gCill agus don gcreideamh.

2019-07-09

Traidphicnic

Tá an ceol agus an tiomáint ag mo bhean chéile, mar sin is ise a bhíonn ag taisteal suas síos na tíre le m'iníon ag ócáidí ceoil. Chaith m'iníon an tseachtain seo chaite ag campa ceoil Ourchestra i mBaile Átha an Rí. Chuaigh mo bhean siar Dé hAoine chun an cheolchoirm deireadh a chlos agus sin ar aghaidh leo beirt go dtí an Spidéal.

Ó tharla go raibh spás dom sa lóistín a bhí in áirithint aici shocraigh mé dul siar go Gaillimh ar GoBus tar éis na hoibre. Rinne mé amhlaidh agus thóg mé taxi amach as an nGaillimh píosa, áit ar bhailigh mo nuachar mé. Beart stuama chun trácht na Gaillimhe a sheachaint. (Bhí na haicearraí ar eolas ag fear an taxi. Fear as Guinée na hAfraice atá sa Ghaillimh le leathscór bliain. An fear taxi is tostmhara dá raibh agam riamh.)

Bhí sé mall, m'iníon tuirseach agus an lóistín píosa maith soir an bhóthair ón Spidéal, ar an gCoilleach, mar sin ní dhearna muid faic eile Dé hAoine.

Maidin Sathairn chuir muintir an tí bricfeasta breá friochta romhainn. Thug m'iníon aghaidh ar rang ceoil ansin agus chuaigh mise ag fálróid thart ar an Spidéal. Bhí dreas cainte agam liom le Gearóid san Spailpín Fánach. D'éirigh liom buaileadh isteach i gCló Iar Chonnacht. Níos iontaí fós, d'éirigh liom teacht as gan cuir le mo stoc leabhair...

Thíos sa bhaile casadh Aonghus Chóil Mhaidhc orm, an garraíodóir a rinne Paula Kehoe an clár Síolscéalta faoi. Bhí seastán aige ag binn tí Uí Dhroighneáin. Ó tharla muid gan cistin thiar ní raibh ciall sailéid nó glasraí a cheannach, ach chroch mé mála fataí liom.

Bhailigh muid le chéile ansin arís sa cheardlann agus ghlac m'iníon páirt i seisiúin ceoil (le Cathal Banjo!). Faraor is ceolta eile a bhí ar eolas aici seachas an méid a bhí ag muintir Chonamara agus tar éis uair a chloig nó mar sin chuaigh sí chun T léine a dhearadh di féin le Spailpín.

Bhí dinnéar luath blasta againn sa Bhuilín Blasta agus ansin shuigh muid síos chun éisteacht leis an gceol.

Chualamar Dónal Ó Braonáin* i mbun sean nós (agus chonaic a mháthair Caitlín Pheaits ag éisteacht go hairdeallach).

Bhí m'iníon tar éis ranganna a fháil le Clare Friel ag Scoil Cheoil an Earraigh agus b'iadsan go háirithe a mheall ise. Ainneoin go raibh sé ag ceobhrán (agus gur éirigh an brádán níos troime de réir mar a chuaigh an ceol ar aghaidh) bhaineamar an taitneamh as an gceol a chuir siad ós ár gcomhair le tionlacan ó Cathal Banjo Ó Cuirreáin agus Martin Barry ón Dún.

Cé gur as Glaschú na deirfiúracha Friel is de bhunadh Dhún na nGall iad agus is as an dtraidisiún sin atá a gceol agus amhráin fáiscthe. (Dúirt duine acu gur amhrán agus mionnaí móra as Gaeilge a fuaireadar óna Mamó agus go bhfuil iarracht á dhéanamh acu na bearnaí a líonadh). Bhí an comhcheol agus iad ag canadh fíor deas.

Mar a deirim, ainneoin an aimsir (a spreag lucht eagar chun málaí bruscair a scaipeadh ar an slua mar díon ar an doineann) bhí an spiorad go maith.

Bhí m'iníon fós ag teacht chuici féin tar éis seachtain lán ceoil agus easpa codlata mar sin fágadh mise liom féin ag éisteacht le Ulaid.

Ghlan an aimsir (ach tháinig na míoltóga).

Bhí an ceol go hiontach, agus fuair siad tacaíocht roinnt den am ó Mhuireann Nic Amhlaoibh. Níos iontaí fós.

Chuir siad fios ar na Deirfiúracha Friel chun clabhsúr a chuir leis an gcuid foirmealta agus bhí an slua ar fad ar a gcosa acu agus mórán acu ag damhsa!

Taithí iontach.

Táim cinnte gur ghabh siad siar go dtí an sráidbhaile agus go raibh oíche go maidin acu. Bhí mise fós tais áfach agus drogall orm bheith ag siúl sa dorchadas mar sin d'fhill mé ar an lóistín.

Ní raibh muide ann ach ar feadh lá den trí lá agus feicim go raibh aimsir níos fearr ar Aoine agus Domhnach. Bhí sé ana dheas. Bhuail mé le scata nach mbíonn ag caint leo ach ar Twitter de ghnáth. Pop up pearsanta sa Ghaeltacht! (bhí sé go deas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge freisin)
.

Bheadh fonn orm filleadh (agus lóistín níos áisiúla a lorg!) Feicimid.

* Bertie Ó Domhnaill a bhí scríofa agam i dtosach mar go raibh sé luaite ar an gclár. Ach táim measartha cinnte gur Domhnaill Ó Braonáin a chuala mé.

2019-07-03

Danny Seaimpín an Domhain


Tá an tóir ar Roald Dahl le fada ag léitheoirí óga, de bharr a shamhlaíocht spreagúil ait. Is maith liom mar sin go bhfuil Leabhar Breac ag tabhairt faoi iad a chuir ar fáil do léitheoirí óga na Gaeilge.

Tá tús láidir curtha acu leis an aistriúchán seo le Muiris Ó Raghallaigh.

Scéal iontach faoin grá idir athair agus mac, agus an dóigh a chuireann an athair oideachas saoil ar a mhac. Murab ionann agus go leor de scéalta Dahl, scéal réalaíoch atá anseo, lonnaithe faoin dtuath i Sasana i lár an chéad seo chaite.

Spreagadh ón dúlra agus ón gceardaíocht á roinnt go fial ag athair lena mhac, agus iad araon neadaithe i gcomhluadar tuaithe. Scéal eachtraíochta freisin, mar a bhuaileann siad bob ar bhoc mór saibhir míthaitneamhach.

Teanga shaibhir, rud beag canúnach atá sa leabhar – rud atá díreach ceart don scéal. Bainfidh léitheoirí neamhspleácha taitneamh agus tairbhe as, ag cuir lena n-eolas agus a saibhreas teangan.

Má tús maith leath na hoibre tá bonn thar barr curtha ag Leabhar Breac leis an obair. Tá an leabhar féin gleoite agus na bun-líníochtaí le Quentin Blake ag cuir barr slacht ar an dtáirge.

Foilsithe i dtosach ar Gobblefunked, 12 Eanáir 2017

Tá leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An céad chuid de thríológ atá san leabhar seo, a phléann le óige Séadanta agus a shaoil go dtí go cuirtear go hAlban é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.

Tá a gcasadh féin bainte ag na húdar as an seanscéal agus ról níos suntasaí tugtha don Mór Ríon; agus tochmharc Éimear athraithe agus gnéithe de Oidhe Cloinne Uisnigh curtha ann – éad ar Conchubhar leis an gCú, a mheall gean Éimhir.

Níl feidhm bainte ach as dubh, bán agus dearg sna líníochtaí ach tá siad iontach. Tá go leor gluaiseacht le feiceáil iontu, agus na carachtair ag claochlú. Tá bagairt diamhair ag baint le hárchú Chulainn. Tá an Mór Ríon ann ina bean óg álainn is ina bhadhbh. Tá na líníochtaí beo ar an leathanach agus cainteanna cliste éifeachtacha ag dul leo. Tá an peannaireacht breá soléite freisin.

Measaim go bhfuil an leabhair seo oiriúnach do dhéagóirí óga, do aosánaigh agus go deimhin do dhuine ar bith ar spéis leo athinsint freacnairceach ar scéal ársa.

Beidh súil in airde agam don dara imleabhar; cloisim go mbeidh fáil ar roimh Nollaig.

Foilsíodh é seo i dtosach ar Gobblefunked 28 Aibreáin 2017