09 July 2019

Traidphicnic

Tá an ceol agus an tiomáint ag mo bhean chéile, mar sin is ise a bhíonn ag taisteal suas síos na tíre le m'iníon ag ócáidí ceoil. Chaith m'iníon an tseachtain seo chaite ag campa ceoil Ourchestra i mBaile Átha an Rí. Chuaigh mo bhean siar Dé hAoine chun an cheolchoirm deireadh a chlos agus sin ar aghaidh leo beirt go dtí an Spidéal.

Ó tharla go raibh spás dom sa lóistín a bhí in áirithint aici shocraigh mé dul siar go Gaillimh ar GoBus tar éis na hoibre. Rinne mé amhlaidh agus thóg mé taxi amach as an nGaillimh píosa, áit ar bhailigh mo nuachar mé. Beart stuama chun trácht na Gaillimhe a sheachaint. (Bhí na haicearraí ar eolas ag fear an taxi. Fear as Guinée na hAfraice atá sa Ghaillimh le leathscór bliain. An fear taxi is tostmhara dá raibh agam riamh.)

Bhí sé mall, m'iníon tuirseach agus an lóistín píosa maith soir an bhóthair ón Spidéal, ar an gCoilleach, mar sin ní dhearna muid faic eile Dé hAoine.

Maidin Sathairn chuir muintir an tí bricfeasta breá friochta romhainn. Thug m'iníon aghaidh ar rang ceoil ansin agus chuaigh mise ag fálróid thart ar an Spidéal. Bhí dreas cainte agam liom le Gearóid san Spailpín Fánach. D'éirigh liom buaileadh isteach i gCló Iar Chonnacht. Níos iontaí fós, d'éirigh liom teacht as gan cuir le mo stoc leabhair...

Thíos sa bhaile casadh Aonghus Chóil Mhaidhc orm, an garraíodóir a rinne Paula Kehoe an clár Síolscéalta faoi. Bhí seastán aige ag binn tí Uí Dhroighneáin. Ó tharla muid gan cistin thiar ní raibh ciall sailéid nó glasraí a cheannach, ach chroch mé mála fataí liom.

Bhailigh muid le chéile ansin arís sa cheardlann agus ghlac m'iníon páirt i seisiúin ceoil (le Cathal Banjo!). Faraor is ceolta eile a bhí ar eolas aici seachas an méid a bhí ag muintir Chonamara agus tar éis uair a chloig nó mar sin chuaigh sí chun T léine a dhearadh di féin le Spailpín.

Bhí dinnéar luath blasta againn sa Bhuilín Blasta agus ansin shuigh muid síos chun éisteacht leis an gceol.

Chualamar Dónal Ó Braonáin* i mbun sean nós (agus chonaic a mháthair Caitlín Pheaits ag éisteacht go hairdeallach).

Bhí m'iníon tar éis ranganna a fháil le Clare Friel ag Scoil Cheoil an Earraigh agus b'iadsan go háirithe a mheall ise. Ainneoin go raibh sé ag ceobhrán (agus gur éirigh an brádán níos troime de réir mar a chuaigh an ceol ar aghaidh) bhaineamar an taitneamh as an gceol a chuir siad ós ár gcomhair le tionlacan ó Cathal Banjo Ó Cuirreáin agus Martin Barry ón Dún.

Cé gur as Glaschú na deirfiúracha Friel is de bhunadh Dhún na nGall iad agus is as an dtraidisiún sin atá a gceol agus amhráin fáiscthe. (Dúirt duine acu gur amhrán agus mionnaí móra as Gaeilge a fuaireadar óna Mamó agus go bhfuil iarracht á dhéanamh acu na bearnaí a líonadh). Bhí an comhcheol agus iad ag canadh fíor deas.

Mar a deirim, ainneoin an aimsir (a spreag lucht eagar chun málaí bruscair a scaipeadh ar an slua mar díon ar an doineann) bhí an spiorad go maith.

Bhí m'iníon fós ag teacht chuici féin tar éis seachtain lán ceoil agus easpa codlata mar sin fágadh mise liom féin ag éisteacht le Ulaid.

Ghlan an aimsir (ach tháinig na míoltóga).

Bhí an ceol go hiontach, agus fuair siad tacaíocht roinnt den am ó Mhuireann Nic Amhlaoibh. Níos iontaí fós.

Chuir siad fios ar na Deirfiúracha Friel chun clabhsúr a chuir leis an gcuid foirmealta agus bhí an slua ar fad ar a gcosa acu agus mórán acu ag damhsa!

Taithí iontach.

Táim cinnte gur ghabh siad siar go dtí an sráidbhaile agus go raibh oíche go maidin acu. Bhí mise fós tais áfach agus drogall orm bheith ag siúl sa dorchadas mar sin d'fhill mé ar an lóistín.

Ní raibh muide ann ach ar feadh lá den trí lá agus feicim go raibh aimsir níos fearr ar Aoine agus Domhnach. Bhí sé ana dheas. Bhuail mé le scata nach mbíonn ag caint leo ach ar Twitter de ghnáth. Pop up pearsanta sa Ghaeltacht! (bhí sé go deas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge freisin)
.

Bheadh fonn orm filleadh (agus lóistín níos áisiúla a lorg!) Feicimid.

* Bertie Ó Domhnaill a bhí scríofa agam i dtosach mar go raibh sé luaite ar an gclár. Ach táim measartha cinnte gur Domhnaill Ó Braonáin a chuala mé.

No comments: