Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-05-30

Fontenoy Mhic Cóil


Tá sé roinnt blianta ó léigh mé an t-úrscéal seo de chuid Liam Mac Cóil. Cuireann Mac Cóil dua ar a léitheoirí go  minic ach is fiú an tairbhe an trioblóid. Tá trí snáithe san insint seo. Ag a chroí tá tuarascáil an Chaptaen Uí Raghallaigh, a fuarthas más fíor i gcartlann i bPáras. Insint ar a bhfaca agus a rinne sé ag Cath Fontenoy agus na smaointe a spreagadh ann. I nGaeilge na linne úd (ach soléite don léitheoir le taithí). Tá sé sin neadaithe i gclaoninsint ar chomhrá idir an gcaptaen agus Voltaire roinnt blianta i ndiaidh an chatha, agus na smaointe a spreagann an comhrá sa Chaptaen. É sin é féin neadaithe in insint agus machnamh an údair ar nádúr an chuimhne agus na staire.

Scéal maith, eachtra - ach lón machnaimh freisin ar conas agus cé a mhúnlaíonn an stair. Agus mar a chuireann an múnlú sin le tuiscint pobail orthu féin.

An gné Eorpach de streachailt na nGaeil agus na nÉireannach, agus an dóigh a raibh sin faoi réir suimeanna ríthe eile - tharla gur cogadh maidir le Impireacht na hOstaire agus coróin Impire na Gearmáine a bhí i gceist agus Maria Theresia i seilbh i Vín agus líne fireann na Hapsburg síothlaithe. 

Cótaí dearga ar Éireannaigh ós mar chuid d'airm na Stíobhartach a throid siad faoi bhratach na Fraince. 

Sléacht agus ár, agus gan mórán toradh air tar éis síniú síochána chun leasa na ríthe. 

Fiannaíocht nó fiántas?

Leabhar ar fiú a athléamh. 

2020-05-22

Cantaireacht, caoineadh, caithréim nó clamhsán?

Ó thosaigh an dianghlasáil táim ag siúl i píosa coille beag gan den teach go laethúil ar mhaith le pé splanc céile atá fágtha agam a chaomhnú. Ó tharla go bhfuil an t-earrach ann tá go leor éanlaithe sa choill cé go bhfuil sé ag éirí níos deacra iad a fheiceáil de réir mar atá an duilliúr ag dul i bhflúirse.

Tá siad ag clos go soiléir, ceolmhar, claisceadal ilghuthach.

Ceol a chloiseann an duine, gan tuiscint ar an gcúis. Is cuimhin liom i ceann de leabhair Douglas Adams sa sraith Hitchhikers Guide to the Galaxy gur fhoghlaim Arthur Dent fuighle na n-éin tar éis do bua na heitilte a bhaint amach - ach go raibh sé leadránach amach is amach, iad síoraí ag caint ar leithéad sciatháin, cumas eitilte agus araile.

Tuigim ar ndóigh gur mealladh céile, fógairt fearainn, agus ocras na ngearrcach is mó atá i gceist.

Agus, mar a meabhraíodh dom inné, go mbíonn gníomhartha dorcha sa choill!

Chuala mé agus chonaic mé éan beag - meantán measaim - ag screadaíl go hard agus ar tabhairt fogha i ndiadh fogha isteach sa chrann os mo chionn. Nuair a d'fhéach mé suas chonaic mé scréachóg coille, agus gearrcach faon ina ghob aige. Tá péire acu sa choill - is dócha go raibh ál le tógáil.

B'fhéidir gur fearrde muid bheith dall ar an gciall laistiar den gceol!

Patternist

De bhrí go raibh mé ag fáil na leabhair ón leabharlann, tarlaíonn sé nach raibh an sraith is mó clú de chuid Octavia Butler léite agam. Ach ansin san dianghlasáil fuair mé amach go raibh an ceithre úrscéal sa sraith ar fáil mar eagrán Kindle in aon imleabhar. (Tá an cúigiú úrscéal ann, ach shéan sí é ar ball, agus chuir as an áireamh san díolaim é).

Fágann sin gur léigh mé an scéal in ord amlíne an scéil, seachas ord foilsithe (atá beagnach droim ar ais!) Níl fhios agam ar rinneadh athraithe san díolaim chun rudaí a chuir in oirúint - ní dóigh liom é. Tá na leabhair a foilsíodh níos déanaí níos snasta, mar a bheifí ag súil leis agus breis taithí ag an údar.

Baineann an scéal le dhá chinéal duine - daoine a bhfuil cumhachtaí neamhghnácha intinne acu, de bharr feachtas fhada rúnda póraithe ag neach ar leith atá fadsaolach ach a ghoideann coilne daoine eile le fanacht beo. Agus sliocht eile daoine atá athraithe go hiomlán de bharr galar a tháinig ar ais le criú spásárthaigh - galar a athraíonn iompar na n-daoine ar mhaithe leis an galar féin a scaipeadh, agus a athraíonn coilne go hiomlán, go háirithe i sliocht na ndaoine leis an ngalar.

Tugann seo fráma don údar chun ceart agus mícheart, grá, uabhar, cumhacht a chíoradh ar bhealaí éagsúla. San scéal deiridh tá an cruinne roinnte idir lucht na cumhachtaí intinne, agus an dream leis an galar. Is daoirse atá i ndán dóibh siúd gan cumhachtaí intinne, agus is córas feodach ag braith ar nirt intinne atá i measc lucht na gcumhachtaí. Rud a fhágann spás chun eitic agus saorthoil a chíoradh.

Tá urscéal ar leith a phléann leis an galar agus conas a scaip sé - agus arís tá plé ann ar cumhacht, grá, eitic, daoirse.

Is deacair mórán eile a rá gan scéalta a mhilleadh.

Thaithin na scéalta liom, agus an dóigh ar fhí Octavia Butler buncheisteanna tríd gan a bheith teagascúil - spás fágtha do mhachnamh an léitheora.

Octavia Butler

2020-05-18

Múscail, a Ghiorria

Seo ceann de na leabhair ar cheil Covid-19 ócáid seolta air! Ar abharaí an tsaoil d'éirigh liom cóip a fháil tríd an bpost ón Siopa Leabhair. 

I bhfoirm saorvéarsaíochta taitneamhach tá Eithne Ní Ghallchobhair tar éis eachtra ó mhaidin go coinfheascar a dhéanamh as an mbéaloideas maidir leis an gcailleach agus a cumas giorria a dhéanamh di féin; a ról sa phobal; a tuiscint ar bhaill an phobail céanna; an amhras agus an formad ainneoin a cabhair.

Tá aithris ar scéal Éadaoin agus Midir, agus ar Oidhe Chlainne Lir fite go healaíonta tríd an insint.

Tá nathanna idir seanbhunaithe agus nua ann; ruthaig a chuireann le luas an insint ag léimneach leis an ngiorria féin faoi ghrian Lá Buí Bealtaine. Spleodar agus iontas an dúlra.

Tá tagairtí do saol an lae inniu ann; agus don saol anallód - tuiscint ar na rudaí atá buan faoin nádúr daonna ina éagsúlacht uasal agus íseal iomlán.

Léigh mé an leabhar go tapaidh, ach fearacht na ngearrscéalta i Súil, feictear dom go mbeidh mé ag filleadh orthu!

Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House
ISBN 13: 9781851322404

2020-05-15

Athnuachan

Fuair mé bronntanas den úrscéal seo a foilsíodh tar éis bháis Máirtin Ó Cadhain thart ar an am a foilsíodh é sna nóchaidí. Rinne mé cúpla iarracht é léamh ach níor éirigh liom dul ró fhada leis.

Baineann an scéal le fear a fhilleann ar Chonamara tar éis tréimhse fada ar imirce, tar éis troid sa dara chogadh leis na Meiriceánaigh agus tréimhse i mbraighdeanas Seapánach. Saol simplí atá uaidh feasta, agus é ag súil go mór casadh ar a sheanchomradaí Beairtle, fear seoigh. Le Beairtle ó cheart a bhaineann an úrscéal - é dulta in aois agus thuas seal ina mheon de réir mar a cheapann sé tinneas a bháis bheith air.

Bhí bearna móra i m'fhoclóir ó thaobh saol na tuaithe agus galair na colainne.

Is dócha freisin go raibh mé ró óg sna nóchaidí le meabhair a bhaint as. 

D'éirigh liom é léamh faoi dheireadh le déanaí. Comhrá ar fad - fearacht Cré na Cille - atá ann, agus meon Bheairtle á chíoradh tríd daoine ag caint le reacaire an scéil; piseoga, poitín agus buidéil á phlé. 

B'é an caibidil deireadh is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, Beairtle ar shlí na fírinne faoi dheireadh - agus daoine óga a raibh theagmháil acu leo ag amharc an an scéal ar bhealaí éagsúla - scaipeadh na mionéin rompu, cuid acu dóchasach, cuid éadóchasach.

Bíonn claonadh ionamsa gan ach dromchla scéil a fhéiceáil, an scéal ann féin. Ach measaim anois go raibh Ó Cadhain ag trácht ar an athrú saol sa Ghaeltacht chomh maith leis sin; eagla an bháis an phríomhphearsa ar an gcomhluadar freisin - ainneoin spleodar easurraimeach na daoine óga (nó b'fhéidir dá bharr).


Máirtín Ó Cadhain
Coiscéim 1995

2020-05-12

Ngũgĩ wa Thiong’o

Lé cúpla bliain anois táim ag léamh corr leabhar as Béarla le húdar éagsúla ón Afraic. Léigh mé úrscéal fhada casta Ben Okri The Famished Road.

Faoi láthair (le bac sealadach ó Covid-19) táim ag treabhadh tríd saothair Ngũgĩ wa Thiong'o. De bhrí go bhfuil mé á fháil ón leabharlann agus de réir mar a thagann teideal faoi mo bhráid is meascán mearaí atá léite agam idir úrscéalta agus cuimhní cinn. 

Tá an dá rud fite fuaite le chéile feictear dom de bharr a óige i gcoilíneacht. Deartháir leis i bpéas na Sasanach, deartháir eile leis in Airm na Talún agus Saoirse, ar ar bhaist na Sasanaigh an Mau Mau. É ar a dhícheall oideachas a fháil chun rud a dhéanamh ar a mháthair. Ach gan éalú aige ón méid a bhí ag titim amach cé gurbh tearmann áirithe scoil agus ollscoil dó. 

Níl na cuimhní cinn a bhaineann lena streachailt leis na deachtóireachtaí iar neamhspleáchas léite agam fós, a spreag úrscéalta spéisiúla. 

Ná níor éirigh liom fós teacht ar a shaothar faoi díchoilíniú na hintinne. 

Ach tá an méid a léigh mé, idir ficsean agus dírbheathaisnéis, iontach spéisiúil agus spreagúil. 

Leanfaidh mé orm! 

Is dóigh liom go bhfuil cás na hÉireann eisceachtúil, ach go bhfuil rudaí le foghlaim againn ó údair na hAfraice atá ag iarraidh a gcultúr a athshealbhú. 

Ach ní mór dúinn aithint go raibh lámh againn sa choilíniú freisin agus gur bhaineamar mar tír agus pobal brabach áirithe as. Agus mar a luaigh mé agus Dúdhúchas Uí Máille a phlé agam tá mé idir dhá chomhairle faoi ról - nó róil - misinéirí as Éirinn. Is le misinéirí Protastúnacha Sasanacha is mó a bhí Ngũgĩ wa Thiong'o ag plé, ar ndóigh, nó le heaglaisí Afracacha a d'eascair astu. 

Tá marana le déanamh. 

Anseo thíos an méid atá léite agam go n-uige seo :






Weep Not, Child - úrscéal
Wizard of the crow - úrscéal
Petals of blood - úrscéal

Dreams in a time of war : a childhood memoir
In the house of the interpreter : a memoir
Birth of a dream weaver : a writer's awakening.
The Trial of Dedan Kimathi - dráma 

2020-05-04

Trí tréithe na hÉigse


Tá an nós nithe a lua i dtreánna chomh hársa sin sa Ghaeilge gur n-eascraíonn an focal tréith as.

Tá mé féin ana cheanúil orthu agus de bhrí go bhfuil siad gairid, tá sé éasca iad a scaipeadh ar Twitter - rud a dhéanaim. 

Tá roinnt foinsí agam. Tá Trecheng Breth Féne ar líne buíochas le Dennis King agus Sabhal Mòr Ostaig. 

Tá leabhar le Breandán ac'Gearailt ann - 200+ Tréanna. 

Tá filí ag cuir le litríocht na dtreánna i gcónaí. Tá go leor acu, comhaimseartha géar greannmhar ag Philip Cummings  ina leabhar ADS (tagairt ansin do Tháin Bhó Cuailgne!) 

De bharr an scaipeadh seo atá déanta agam spreagadh Ciara Ní É le taithí an saoil faoin gCoróinviréas a cheapadh i dtreánna - Tréanna an Choróinvíris (foilsithe i gComhar). 

Trí thréith tré : taitneamhach, gaoismhear, grinn. 

Is breá liom go bhfuil oiread na fríde curtha agam, go tánaisteach le stair fhada an tré. 

2020-05-01

An Deachtóir

De bharr turas fánach ar siopa leabhair dara láimhe sa chathair a fuair mé an leabhar seo - ar 5€ más buan mo chuimhne. Ceann de dhornán úrscéal éadroma a d'fhoilsigh Deasún Breatnach sna 1960í. 

Bhí ceann eile léite agam - An Buama Deiridh. Eachtraíocht den chinéal céanna atá anseo, bithiúnaigh tar éis seilbh a ghlacadh ar stáitín i Meiriceá Theas. Sliocht na nGael ann, agus iad ag iarraidh cabhair in Éirinn chun cuir i gcoinne na deachtóireachta.

Beirt Éireannach óg agus long acu ag dul trasna le cabhrú leo (nod ann go raibh siad bainteach le eachtraí i leabhair eile de chuid Deasún).

Eachtraíocht shaonta agus scéal grá geanmnaí. Cuid de beagainín greannmhar - samhlaigh Deachtóir i Meiriceá Theas a bheith buartha faoi scéal sa nuachtán Inniu!

Lorg a ré ar an scéal - ach taitneamhach mar sin féin. Caitheamh aimsire.