Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-05-01

An Deachtóir

De bharr turas fánach ar siopa leabhair dara láimhe sa chathair a fuair mé an leabhar seo - ar 5€ más buan mo chuimhne. Ceann de dhornán úrscéal éadroma a d'fhoilsigh Deasún Breatnach sna 1960í. 

Bhí ceann eile léite agam - An Buama Deiridh. Eachtraíocht den chinéal céanna atá anseo, bithiúnaigh tar éis seilbh a ghlacadh ar stáitín i Meiriceá Theas. Sliocht na nGael ann, agus iad ag iarraidh cabhair in Éirinn chun cuir i gcoinne na deachtóireachta.

Beirt Éireannach óg agus long acu ag dul trasna le cabhrú leo (nod ann go raibh siad bainteach le eachtraí i leabhair eile de chuid Deasún).

Eachtraíocht shaonta agus scéal grá geanmnaí. Cuid de beagainín greannmhar - samhlaigh Deachtóir i Meiriceá Theas a bheith buartha faoi scéal sa nuachtán Inniu!

Lorg a ré ar an scéal - ach taitneamhach mar sin féin. Caitheamh aimsire.