2021-04-21
2021-04-20
Cumhacht an ilteangachais
2021-04-19
Eibhlín agus Doireann
Téacs baineann atá anseo, scríofa agus éadaí duine eile á fhilleadh.
An dtaispeánfaidh mé mo chomhad dóibh? Ní bheidh gá, aithneoidh siad ar d'aghaidh é.
2021-04-18
Fíon fionn na Gréige
Tá líne d'amhrán a chuala mé fadó, ag na gasóga is dócha, greamaithe i'm chloigeann - Und auch auf Kreta gibt es Retsina wein. Níl mé baileach cinnte cad a spreag mo nuachar anois agus mé féin chun coicís saoire a chaitheamh ar an gCréit i 1993. Bhí bialanna gréagacha coitianta i mBeirlín an uair úd, agus thaitin an bheatha linn. San ré réamh-idirlín níl mé baileach cinnte conas a rinneamar ár gcuid pleanála. Bhí treoirleabhar againn cinnte - Baedecker más buan mo chuimhne. Bhí freisin leabhar againn - Wanderungen auf Kreta. Ach ní raibh le fáil an uair úd ach léarscáil ar scála 1:200 000 - nach bhfuil oiriúnach chun siúl. Bhí an Ghréig ar fad ina cheantar míleata dar le NATO agus cosc ar léarscáil cruinne. Fuaireamar ceann 1:80 000 ar an oileán féin, ach níorbh mórán feabhais sin. Bhíomar cleachtaidh le conair siúil marcáilte go cruinn agus léarscáil 1:25 000. Maith go leor bhí taithí éigin agam ar na sean léarscáil SO orlach nó leath orlach sa mhíle - ach b'shin i ceantar a raibh aithne agam air. | |
Ach bhí plean de chineál éigin againn nuair a thuirling muid in Iraklíon. Ba chuid den bplean sin bailiú linn go gasta! Chaitheamar oíche amháin in óstán "saor agus maith" - oíche ar bheagán codlata de bharr callán agus teas (cé gur Deireadh Fómhair a bhí ann bhí sé te, dar linne). Thugamar cuairt ar Knossos na scéal - is cuimhin liom díomá a bheith orm mar gur beag a bhí le feiceáil. Ar aghaidh linn go dtí an cósta theas - go Matala, áit ar chaitheamar oíche roimh aghaidh a thabhairt ar na sléibhte in iarracht Psiloritis a dhreapadh. Blagmhír ann féin conas (nár) éirigh linn. Chaitheamar an chuid is mó den saoire i mbaile beag darb ainm Loutro, á úsáid mar ceanncheathrú chun siúlóidí agus turais eile a dhéanamh. | |
Rinneamar cuid mhaith snámh freisin, agus fuair mé snorkel mé féin agus masc - nílim iontach ag snámh ach bhí an beatha mara thar a bheith spéisiúil. Ar bhusanna, le tacsaithe agus air bháid farantóireachta a thaisteal muid. Bhí roinnte den na bóithre ar thaisteal an bus orthu iontach sceirdiúil, ag titim le fána in aice linn - ach na tiománaithe ar nós cuma liom, níos mó spéis acu i gcabaireacht le paisinéirí (dathúla) ná aird a thabhairt ar an mbóthar. Cuimhin liom fear de mhuintir na háite bheith de shíor á bheannú féin roimh gach cor sa bhóthair - rud nár shuaimhnigh ár néaróga. | |
Chaitheamar lá amháin i Rethimnon ar an mbealach ar ais go hIraklion. Bhí an bia, an pobal agus an taobh tíre iontach deas; saoire den scoth a bhí ann. Bhí sé i gceist agam riamh filleadh - san Earrach más féidir. Cé go raibh go leor lusanna le feiceáil, bhí mórchuid den fásra griandóite donn deannachúil ag Deireadh an Fhómhair. |
2021-04-17
An léirmheastóir mé?
2021-04-16
Ceol na Sióg
2021-04-15
An bhfaca tú m'ingearán,...
2021-04-14
Tá cailín álainn, a dtug mé turas inti....
| ||
Nuair
a chuaigh mé go Beirlín i dtosach, ar mhaithe le haithne a chuir ar dhaoine
m’aois féin, chuaigh mé le grúpa gasóga. (Bhí mé roinnt blianta níos óige ná
fiú na comhghleacaithe ab óige a bhí agam – go deimhin sna deich bliana a bhí
mé ann ní dóigh liom go raibh ach duine amháin níos óige ná mé sa rannóg.) Mar
a tharla bhí go formhór sa ghrúpa gasóga sin níos óige ná mé féin, fós ar
scoil. Ach bhíodar i dteagmháil le baill eile den cumann níos leithne, agus ina
measc bhí neart ar chomhaois liom, ach fós ar an ollscoil (mar is iondúil sa
Ghearmáin) nó i mbun printíseacht i gceird nó i ngnó. |
| |
| Bhí cuid eile níos sine. Is amhlaidh gur dream iad seo a nasc smaointe Bhaden Powell le gluaiseacht na hóige a bhí thuas roimh an Dara Chogadh Domhanda sa Ghearmáin. Ina measc na nithe a bhí éagsúil, bhí “fine” acu seachas patról – agus bhíodh na dreamanna seo ar chomhaois (agus ar chomhinscne, cé go raibh cailíní sa “treibh” – grúpa). Is minic gur eascair cairdeas fadsaoil ina measc siúd a bhí i bhfine, agus gur fhan siad i dteagmháil, agus i dteagmháil le grúpaí eile. Is le dornán de na daoine seo a chaith mé seachtain ag seoladh muir Bhailt ar long seoil. An Seute Deern (cailín álainn san Plattdeutsch). | |
| Choinnigh mé dialann ag an am, agus tá an blagmhír seo bainte as an dialann sin agus as na cuimhní atá agam. "Seachtar foireann lárnach atá ann: An Captaen, ceathrar fear stiúir, cócaire agus innealtóir. Seachas sin tá 20 nó mar sin de foireann s’againne – an cuid is mó ar m’aithne toisc gurb gasóga iad. [Bhí roinnt “gasóga” fásta ann ó íochtar tíre.)Thug an captaen óráid. Ina dhiaidh sin cuireadh inár fairí sin. Seachtar atá ionainne, maraon le beirt fear stiúir. Seachas duine amháin is gasóga muid go léir. Hajo an éan corr, fear cuibheasach aosta atá anois mar leas oifigeach againn (mar dhea). In ndiaidh óráid an chaptaein scaip muid inár bhfairí chun na rialacha sábháilteachta agus seoltóireachta a chlos ónár fir stiúir agus ina dhiaidh sin bhí pláta maith mór anraithe againn. Ar deireadh thiar thall sheol muid as cuan Kiel timpeall a ceathair – faoi inneall go rabhamar as an príomh slí tráchta. | |
Ar
saoire a bhí na hoifigigh freisin. Píolótaí ab ea an captaen agus na
fir stiúir. Is cuimhin liom suntas a thabhairt dó gurb é an cuir síos a
bhí ag na fir níos sine orthu féin sa liosta foirne ná Flugzeugführer
ach Pilot a bhí ar na fir níos óige. Dís óg a bhí i gceannas orainne. Ba
nuachar an chaptaein a bhí mar cócaire againn – nó Smutje mar a tugtar
ar a leithéid ar bord loinge. Ba sa chabhlach a bhí an innealtóir. Chaitheamar seachtain ag taisteal ó Kiel go Svendborg agus thar nais, tríd oileáin na Danmhairge i Muir Bhailt (féach léarscáil). Faoi seoil don gcuid is mó den am. Sealanna dualgas ag gach faire. |
| |
| Chaith mé sealanna i mbun oibre ar na seoil - uaireanta bhí "gach fear ar Deck" nuair a bhí na seolta le crochadh, nó casadh nó jeidhb le cuir i gcrích. An dua is mó is cuimhin liom a bheith orm ná nuair a bhí mé ar an stiúir agus muid ag seoil tríd áit ina raibh líonta iascaigh curtha - bhí orainn iad a sheachaint ach ag an t-am céanna an cúrsa a choinneáil. Is cuimhin liom an fear stiúir óg a bhí i gceannas orm agus dreach imníoch air, faoiseamh air nuair a bhíomar tríd an ceantar sin. Chuidigh ar faire a bhí ar dualgas freisin na béilte a réiteach nó glanadh suas ina dhiaidh. | |
Chaith mé sealanna freisin ar faire amuigh ar ghob an bháid. Cé nach maith liom áiteanna arda de ghnáth, dhreap mé suas sna seolta ar mhaithe le roinnt pictiúr a ghlacadh. De bhrí gur innealtóir (bogearraí!) mé shocraigh duine éigin go mba cheart dom lámh chúnta a thabhairt don innealtóir - bhí inneall ar an mbád d'fhonn taisteal isteach is amach in áiteanna a mbeadh muid ag teacht salach ar thrácht, agus freisin gineadóir. Ní raibh mé pioc tógtha leis sin, mar gur fuath liom boladh díosal. |
| |
Níl ceol agam féin, faraor ach is maith liom ceol, agus ba dream ceolmhar a bhí mé leo - maidin amháin dúisíodh le hamhrán muid. Lá Bealtaine, bhíomar sa chuan i Svendborg. "Ar an dug ansin. Tae a ullmhú agus ina dhiaidh sin glanadh suas. Ansin cithfholcadh mór fada! Iontach an pléisiúir a bhaineas as san, an sáile as gruaig agus féasóg ar deireadh thiar thall. Ansin: Ragairne! Crann an mórsheoil brúite i leataobh agus rince, ceol agus ól ar díon na cistine. [Is cuimhin liom áthas ar leith a bheith ar Hajo go raibh ógánaigh Gearmánacha ag ceiliúradh agus duan Eabhrach síochána sa repetoire acu]. Óna naoi go dtí meán oíche nó mar sin. Ansin, toisc go raibh roinnt mhaith ina chodladh, slua againn brúite isteach i seomra na lucht stiúrtha óga ag rá amhráin. Ar deireadh chuamar go dtí tábhairne ina raibh triúir ag seinm jazz ar troimpéid fíor bheaga agus giotár. Ansiúd ar feadh uair an chloig nó mar sin go dtí gur éirigh siad as. Cúpla nóiméad de cheol ard as taifeadán agus rince (mar dhea). Ansan tríd na sráideanna agus mise ag rá amhráin mí-cheolmhara (nó go mí-cheolmhar) go dtí go bhfuaireamar tábhairne a bhí oscailte agus fear i mbun ceoil giotár. D’fhan mé ansin ar feadh tamall go dtí go raibh an iomarca deatach ann agus tuirse orm. Thar nais ar bord ansin thart ar leathuair tar éis a trí." (sliocht as an dialann - is aoibhinn liom nach gcaitear níos mó i tábhairní!) | ||
| Dream spraíúil deas a bhí i mo chomhluadar. Ón dialann: "1991-05-03 Dé hAoine Dúisithe don bricfeasta. Ar dualgas ón a deich. Seoladh cuíosach leamh. Mise agus Bjorn ar díon na cistine ag léamh dán i nGaeilge faoi stoirm chun Manannán Mac Lir a dhúiseacht as a shuan - & dhein amhlaidh. [Dán leis an Ríordánach, Oíche Nollaig na mBan mura bhfuil dul amú orm] Gaoth maith agus rud nach bhfacamar i rithe na seachtaine ar fad – Grian! Fearthainn freisin dar ndóigh – mar is dual do dhia ceilteach. Snasadh práis ansan go dtína deich. I mo shuí i mbarr na seolta ansan ar feadh tamall agus ag déanamh corr ghrianghraif. Fonn maith ar gach éinne cé go raibh an turas ag druidim chun deiridh. Ar ancaire ansin i gcaolas Kiel istoíche agus ansan – ragairne! 1991-05-04 Dé Sathairn Inár suí go moch chun slacht a chuir ar an long. Ina dhiaidh sin faoi cumhacht innill isteach go Kiel agus turas mór traenach ar ais go Beirlín. An talamh ag crith i slí nach ndearna ar muir! " | |
Is cuimhin liom an fear custaim ag teacht ar boird, ag rá “Is Gearmánaigh iad ar fad ar aon nós”. Measaim gur bhagair duine éigin orm mo chlab a choinneáil iata ar mhaithe le hachrann a sheachaint! 333 Muir mhíle faoi sheoil, comhluadar maith, bia maith agus goile chuige. Ba chaoin a chaith an cailín álainn liom. Ag pointe amháin thug an captaen bonn faoi deara ar an gcrann agus d'éiligh go gcuirfinn snas air. Shíl sé gur banríon Sasanach éigin a bhí ann, rud nach raibh mé ró-shásta a bheith ag cuir snas air. Ach ba Marianne réabhlóideach na Fraince a bhí ann... |
|
2021-04-13
Béarla Teibí
2021-04-11
Clébhord, deasbhord, casadh agus jeidhb
Ar an gcéad amharc shíl mé gur traslitriú gránna a bhí ansin. Chuir mé ceist ar Dáithí de Mórdha an raibh leagan níos deise aige. Mhol sé siúd dom dul i dteagmháil le Padraic de Bhaldraithe. Rinneas.
Chuir sé siúd ar mo shúile dom gur jeidhb agus jeidhb amháin atá cloiste thiar aige le suas is anuas le caoga bliain i measc lucht na mbáid. Agus, seachas dornán focail de bhunadh Lochlannach gurb ón mBéarla a thagann mórán de théarmaíocht na báid. Bhí sé de cheart agam níos mó muiníne a bheith agam as an gCoiste Téarmaíochta – ainneoin go bhfuil cúpla sraith de Bhádóirí feicthe agam ar TG4 agus mé eolach dá réir ar phobal bríomhar Gaeltachta atá gafa le geallta báid, níor rith sé liom gur dócha go raibh urra maith Gaeltachta leis an gcnuasach cuimsitheach téarmaíochta atá curtha ar fáil acu.
Is eagal liom nach bhfuil mé saor an ngalar “MÁRSA” mar a thug Tomás Mac Síomóin air – caitheamh i ndiaidh an rud ársa, nó ar a laghad an rud ar a bhfuil cuma ársa air. Seachas teanga beo na Gaeltachta. Luíonn sé le ciall go mbeadh na focail tógtha ón teanga inár cuireadh an teicneolaíocht i láthair na ndaoine. Na curacha féin, is oifigeach de chuid an Gharda Cósta a chuir na Gaeil á dtógáil san naoú aois déag.
Tá leaganacha deasa fileata ar clébhord agus deasbhord sna foclóirí – “bord na sceathraí” agus “bord na heangaí”. Ach ar an gcéad dul síos, baineann siad sin le treo na gaoithe seachas treo an árthaigh – an té a chaitheadh dríodar éisc isteach sa ghaoth ní dócha go ndéanfadh sé an dearmad céanna arís! Agus ar an dara dul síos is soiléire go mór clébhord agus deasbhord ná na leaganacha port agus starboard – don té nach eol dó go raibh an stiúir ar deasbhord sna longa fadó!
Ar ndóigh, mura bhfuil na téarmaí in úsáid againn is cuma cé chomh cruinn is atá na foclóirí! Ach is maith ann iarrachtaí leithéidí an Choiste Téarmaíochta chun iad a thaifid agus a chuir ar fáil.
Renaissance na hÉireann, gnó gan críochnú
Milis an teanga an Ghaedhealgguth gan chabhair choigcrícheglór géar-chaoin glé glinn gastasuairc séimhidhe sult-bhlasta.Gidh Eabhra teanga is seanda,gidh Laidean is léigheanta,uatha uirthi níor fríth linnfuaim nó focal do chomaoinn.Seathrún Céitinn
2021-04-10
Is geal leis an gcaora dhubh a uain féin
Wilhelm Meister
![]() |
Johann Heinrich Wilhelm Tischbein: Goethe i Campagna na Róimhe (mionsonra), 1786/1787 |
Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe
Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.
Sage mir, mit wem du umgehst, so sage ich dir wer du bist! Weiß ich, womit du dich beschäftigst, so weiß ich, was aus dir werden kann.
Wilhelm Meisters Wanderjahre II, Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe
Inis dom cé hiad do chomhluadar, agus inseoidh mé duit cé tú féin! Más eol dom cad leis a mbíonn tú gafa, is eol dom cén críoch is féidir leat baint amach.
Táim buíoch as an eachtra - agus is iomaí nath atá cnuasaithe agam as an leabhar! Agus tá sé spéisiúil meon ileolaí ar thairseach na nua-aoise a fheiceáil léirithe chomh grinn, leathan.
2021-04-08
Fernweh
Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,
Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do mhúineadh,
Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,
Ach na bóithre fada bána 's iad am shámh-tharraing chútha.
A malairt sin níor bh'fearr liom ach bád seasgair siubhlach,
'S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;
Eamonn geal bheith láimh linn 's do lámh-sa dár stiúradh,
'S a chara dhil na n-árann, nár bh'álainn an triúr sinn!
Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny 'gus Brúgmann,
'S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té sgrúd iad.
Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc de dhántaibh is d'ughdair
Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair .
Tá na bóithre fada bána coiscthe orainn le tamall ag an dianghlasáil; tá na bóithre agus na coillte ar tairseach an doras siúlta agam de thruslóga fhada, ach níl leigheas iontu don eolchaire taistil. Go háirithe nuair atá, mar atá faoi seo, a nuaíocht ídithe ag athshiúl minic.
Phrioc an Fernweh mé le fios a chuir ar scanóir agus na sleamhnáin atá ag bailiú deannach le beagnach
tríocha bliain a athscrúdú agus a dhigitiú. Ar corr aistear de na haistir a rinne mé an uair úd choinnigh mé dialann de chineál éigin, agus idir na pictiúr agus na focail, déantar athnuachan ar chuimhní sona fánaíochta. Maolú éigin ar an eolchaire. Agus múscailt ar chuimhní eile nach bhfuil breátha síos agam roimhe, agus go deimhin, má tá pictiúr ann ní heol dom go baileach cá bhfuilid tar éis na haistrithe cónaí san tréimhse céanna.
Ní leigheas ar an eolchaire atá anseo, ar ndóigh – go deimhin is mó fonn a spreagann sé ionam bheith siúlach arís. Ach tá luach leis na cuimhní, agus spreagann siad smaointe ar turais a bheartú arís. Rud a bheith níos fusa agus mo chlann nach mór tógtha!
Is dócha mé an flosc fánaíochta ó thaobh na dtaobhann. Chaith mo mháthair seal ag staidéar sa Fhrainc, agus seal ag obair san Afraic sular phós sí. Agus í ann, dhreap sí Kilimanjaro. Le tríocha bliain anuas thug a chuid oibre m’athair go lár na hÁise agus na críocha a bhíodh in Aontas na Soibhéide. Cúis gáire dá chlann an teideal oifigiúil a bhíodh ar sna turais seo – “Saineolaí”. Is minic a chuaigh mo mháthair leis ar na turais seo, ar feadh seal ar a laghad, agus bhíodar freisin san Viet Nam.
Go deimhin, an turas is faide go dtí seo a ghlac mé féin, ba thuras oibre de chuid m’athair a bhí ann ó cheart. Sna 1970í bhí comhdháil ceimice le bheith i mBudapest agus é de dhualgas ar m’athair a bheith ann. Ba leor na fiacha a bheadh ar eitilt ann agus ar ais dó féin chun an clann a thabhairt leis i mionbhus trasna na hEorpa – mionbhus campála ina raibh lóistín ann freisin. Thrasnaigh muid dá réir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ostair. Is dóigh liom freisin gur thrasnaigh muid cuid de na Tíortha Ísle freisin; ach níl mórán cuimhní agam ar an aistear.
Maidir liom féin, is annamh an Eoraip fágtha agam – agus is beag fonn atá orm amhlaidh a dhéanamh. Ná ní raibh mé níos faide soir ná Vársá. Tá oiread ann nach bhfuil feicthe fós agam. Chaith mé dhá seal gairid sna Stáit Aontaithe ar thurais oibre. B’ait liom an áit. Mhothaigh mé i mo chláiríneach, tharla gan tiomáint agam agus é dodhéanta rud ar bith a dhéanamh d’uireasa carr. Bhí ionad siopadóireachta an gharr don óstán ina raibh mé ar thuras acu – ach bhí sé dodhéanta siúl chomh fada leis!
Tá cuid mhaith den Eoraip siúlta agam, bealach amháin nó bealach eile – ach tá fonn orm níos mó a fheiceáil. Más féidir, de shiúil na gcos – agus achair níos faide ar thraein. Mothaím gur mó deis a thugann turas traenach aistear a bhlaiseadh. Agus titim i mo thromshuan ró mhinic i ngluaisteáin. (Bíonn duine éigin eile, mo nuachar go hiondúil, ag tiomáint)
2021-04-07
Wipfel, Gipfel, Zipfel…
Tá dán cáiliúil ag Goethe, Laoi Oíche an Fhánaí :
Ueber allen Gipfeln
Ist Ruh‘,
In allen Wipfeln
Spürest Du
Kaum einen Hauch;
Die Vögelein schweigen im Walde.
Warte nur! Balde
Ruhest du auch.
(Os cionn gach buaic
Tá suaimhneas,
Ní mhothaíonn tú
Oiread is leoithne
I mbarr crainn ar bith
Tá na héiníní ina dtost sa choill
Fan anois! Ní fada
Scíth uait féin)
Ciallaíonn Zipfel críoch nó cúinne nó foirceann ar bhall éadaigh – nó ar Ispín!
Rede mit den Kindern Israel und sprich zu ihnen, daß sie sich Quasten machen an den Zipfeln ihrer Kleider samt allen ihren Nachkommen, und blaue Schnüre auf die Quasten an die Zipfel tun;
Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.Uimhreacha 15:38
2021-04-06
Forlíonadh síne
-7 => 0b1001
-6 => 0b1010
-5 => 0b1011
-4 => 0b1100
-3 => 0b1101
-2 => 0b1110
-1 => 0b1111
0 => 0b0000
+1 => 0b0001
+2 => 0b0010
+3 => 0b0011
+4 => 0b0100
+5 => 0b0101
+6 => 0b0110
+7 => 0b0111
Feictear go bhfuil 1 mar an giotán is suntasaí do na huimhreacha faoi náid agus 0 do na huimhreacha os a chionn (agus náid féin). Tugtar an giotán síne ar seo. Má tá athróg le cuir i bhfocal níos leithne, is gá an giotán sin a líonadh isteach.
0b1000 => 0b1111_1000
Agus 7:
0b0111 => 0b0000_0111.
I gcás an ríomhtheanga C is féidir leis an ríomhchláraitheoir nod áirithe a thabhairt don tiomsaitheoir tríd cineál athróige “unsigned” – gan sín a úsáid.
int b = (int) a & 0xFFFF;
... agus sin an fáth go bhfuil an racht seo á scaoileadh agam.
Óráidí a chuaigh i gcion
![]() |
Thuig sé go raibh roinnt mhaith ábhar fónta aistrithe roimhe, beagán fiú ar fáil ar scríobhadh sa Ghaeilge an chéad lá iad, agus óráidí eiseamláireacha arbh fiú iad a chuir in nGaeilge. Thug sé faoin gcnuasach, agus tacaíocht aige san aistriú óna chomhghleacaithe san Aontas – leithéidí Colmcille Ó Monacháin (a rinne an t-aistriúchán Ar Luch agus Ar Dhuine a d’fhoilsigh Cló Lováin freisin).
Dhá rannóg atá sa leabhair – óráidí “Domhanda” ón cianaimsir go dtí an lá inniu – ó Maois, Sócraitéas agus Íosa – agus anuas go dtí ár linn féin beagnach – John F Kennedy, la Pasionaria, agus sár óráid Martin Luther King. Agus rannóg Éireannach ina bhfuil bunábhar Gaeilge agus aistriúcháin.
Réimse leathan ábhar agus ócáidí: agus is cinnte go mbeidh sé ina leabhar fóinteach oibre ag lucht óráidí a scríobh! Tá, mar is dual do Leabhar Breac an leagan amach snasta glan soléite. Is ait liom áfach, ó tharla gur leabhar tagartha a bheidh anseo, gur faoi chlúdach bog atá sé. Shamhlóinn go mbeadh sé níos fearr clúdach crua (maille cúpla ribín chun sliocht a mharcáil) a bheith ag duine. Ach is dócha go raibh cúrsaí costais san áireamh.
Is toradh bhreá atá ann ar an acadamh atá thall, agus aistritheoirí le flosc, spéis agus eolas ann – ionas go raibh cuir amach acu ar na saothair a bhí ar fáil as Gaeilge cheana. Agus faoi saothair nach rithfeadh le daoine agus ar fiú iad a chuir faoi bhráid an phobail.
Cé go bhfuil ceathrar ban i measc an dream a thug óráid, ní fhaca mé aon bhean luaite le hóráid a aistriú. Bearna le líonadh amach anseo, b’fhéidir?
Thaitin sé liom, dála an scéil, nuair a fágadh giota as Béarla in óráid (de bhrí gur mar sin a tugadh an chaint abair) gur cuireadh fonóta leis ag cuir Gaeilge air!
Tá liosta foinsí i gcúl an leabhair; measaim go mbeadh sé deacair teacht ar go leor acu ó thús an chéid seo caite. Tá léiriú arís ann ar an gcomaoin mhór a d’fhág Peadar Ua Laoighaire muid faoi.
Idir an dá leabhar seo, tá tús maith curtha le Cló Lováin, ag baint feidhm as an bpobal atá bailithe sa Bhruiséil chun saothair den scoth a chuir ar fáil don saol Gaelach. Ag dáileadh as an saibhreas agus saineolas agus léamh atá cnuasaithe acu féin orainn.
Agus, de bharr an liostaí foinsí agus an leabharliosta gairid atá curtha leis, an deis ann dó dhaoine eile amharc níos doimhne isteach sa foinsí. Bheadh roinnt den ábhar ar fáil i bhfoinsí ar líne gur féidir teacht orthu go measartha éasca, agus bheadh súil agam go bhfuil siad ar fáil sna hollscoileanna.
Ach is fiú an leabhar féin a bheith ag a uilinn ag an té a bhfuil fonn air snas a chuir ar urlabhra agus a scríobh – agus ar a eolas ar an litríocht agus an stair.
Óráidí a Chuaigh i gCion
Aibhistín Ó Duibh
€15.00
208 lch; clúdach bog; 978-1-909907-63-8
2021-04-05
Ceol binn óna croí amach
Ón am gur chuala mé caint spreagúil ceol tionlactha Mhéabha ag Imbolc na bliana seo caite (Roimh Covid!) táim ag tnúth le seilbh a fháil ar a CD – agus ní raibh díomá orm nuair a fuair mé faoi dheireadh é.
Nuair nár bhuaigh mé an CD a bhí ar chrannaibh ag an Saol ó Dheas, ní raibh aon dul as agam ach brostú chuig http://meabhmusic.com/ agus é cheannach!
Ceithre chinn déag de rianta atá ar an CD, meascán deas de amhráin a chum sí féin, amhráin le daoine eile agus ceol a chum sí féin. Ceol meidhreach a chuirfeadh dea-spíon ar an éisteoir.
Táim tógtha ach go háirithe leis an amhrán a scríobh sí dá tuismitheoirí - Litir ón Leanbh (as ar sciob mé teideal na míre seo!).
Blianta fada ó shin, agus mé i mBeirlín chuir mé aithne ar Tony Small a bhíodh ag teacht anall in éineacht le hEoin Duignan ag ceol. Is eagal liom gurb crá chroí mé dó go pointe. Maoithneachas an imirceora. Agus bhí seisean ag staonadh ón ól, agus ní raibh mise, ná baol air. I dteach tábhairne “Éireannach” (arbh le Gearmánach é, a bhaist The Highlander air, agus é measctha idir Éire agus Alba ) a bhuailfinn leis – ba ann a bhíodh an ceol is binne á sheinm, ag seisiúin bhríomhar ann ar oíche Luain. Thaitin a chuid ceol liom agus bhí caiséad dá chuid agam, atá imithe le fada fiú dá mbeadh gléas a sheinnte agam.
Ceann de na rianta air ná an ceol a chuir sé le dán Oliver St. John Gogarty – Galway. Ola ar mo chroí é chlos á chanadh ar Méabh ar an CD seo, ag déanamh a cuid féin de ach ag múscailt cuimhní ionamsa freisin ar Tony Small, trócaire air, ar Bheirlín seachas Gaillimh agus ar mo chuid fichidí!
I nGaeilge, Béarla agus macarónach atá na hamhráin; agus iad fáiscthe as taithí agus dúchas saoil ach éadrom gealgháireach. Tá Port ann i gcuimhne a col ceathrar Gavin Ralston, beannacht Dé lena anam, agus ríleanna a scríobhadh do chairde, agus Waltz!
Tá an pacáistiú féin go hálainn, pictiúr ar leith déanta ag Elouise Flannery don amhrán álainn macarónach faoin Lon Dubh a bhraitheann uaidh a chéirseach; grianghraif de Méabh féin go machnamh ar an gclúdach, agus leabhrán chuimsitheach le nótaí agus focail na n-amhráin.
Agus liosta le n-áireamh na ceoltóirí atá á tionlacan, formhór acu ón Dúiche Duibhneach as ar fáisceadh í féin.
Déanaigí gar daoibh féin, agus ceannaigí!
Córas na bpointí – delenda est!
Agus ba leor, murach córas mallaithe na bpointí. Corás atá ina chóras ciondála ar chúrsaí ollscoile nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh orthu (agus cuid den éileamh bunaithe ar mhíthuiscint).
Baineann láidreachtaí áirithe leis an ardteist. Is go hanaithnid a suitear é – mar sin, tá buntáiste an aithne a bheith ar cheartaitheoir nó ar dhalta coiscthe. Agus suíonn cách an scrúdú céanna. Ar ndóigh, ní réitíonn sin an éagothroime oideachais atá fréamhaithe go maith roimh na naíonán bheaga; ach is céim i dtreo Cothrom na Féinne atá ann.
Ach corás na bpointí: chuala duine ag rá go mbíonn daltaí (agus a dtuismitheoirí) ag smaoineamh “go straitéiseach” maidir le cá háit a gcuirfidh siad a gcuid fuinnimh. Bíonn tóir ar an “onóir éasca”.
Ní go straitéiseach atá siad ag gníomhú ach go teaicticiúil.
Buaitear cath córas na bpointí – cailltear an t-oideachas.
Foghlaimítear conas an scrúdú a shárú, na cleasanna atá de dhíth. Ní fhoghlaimítear an ábhar. Foghlaimítear freagraí – ní tagtar ar thuiscint. Go minic, bíonn ar na hollscoileanna an dochar a leigheas; agus go minic cliseann ar dhaltaí san ollscoil ceal tuisceana agus scileanna.
I mo chás féin, (fadó) fuaireas 26 phointe ag tráth arbh é 32 pointe an líon ba airde. Cúig phointe ar A, agus 7 ar A sa Mhatamatic ardleibhéal (fuaireas B ansiúd). Fuaireas C sa chuntasaíocht – ábhar ar éirigh mé as na ranganna ann leathbhealach tríd an cúigiú bliain; ach bhí an scrúdú meicniúil sothuartha agus marcanna dá réir le gnóthú. (Ní raibh siad de dhíth orm, bhí an ardteist déanta i n-ocht ábhar agam, agus is ar bhonn an sé is fearr a ríomhadh na pointí. Bhí an scrúdú máithreánach – scrúdú de chuid Ollscoil na hÉireann déanta freisin agam, ar eagla na heagla).
Marcanna arda. Marcanna a ghnóthaigh mé gan mórán dua mar go raibh luí agam leis na hábhair agus mé measartha maith ag cloí leis an obair bhaile a tugadh.
Ní bhfuair mé marcanna mar sin ar an Ollscoil, ná baol air. Ní raibh foghlamtha conas foghlaim agam. Ní raibh féinsmacht forbartha ionam. Rinne mé maith go leor sna saotharlanna – ach go tubaisteach sna scrúdaithe. I gcás amháin, scrúdú na dara bliana, chaith mé na maidí le sruth uilig roimh an dá scrúdú deiridh, ag ceapadh go raibh teipthe agam ar aon nós. Bhí orm filleadh luath ón nGearmáin le scrúduithe a shuí arís – an dá scrúdú deiridh sin. Fuair mé marcanna arda san athiarracht ....
Is in san saol oibre a d’fhorbair mé na scileanna foghlama atá de dhíth ar chách, agus na scileanna boga – obair le comhghleacaithe, cumarsáid, agus an iliomad scil eile. Tharlódh go mbeadh cuid de sin foghlamtha san ollscoil agam dá mbeinn níos críonna; nó fiú ar scoil, murach go raibh mé i scoil beag ina raibh mé i m’éan corr.
Tá an soláthar ollscoile faoin éileamh. Ní léir dom – agus na hollscoileanna ag olagóin cheana féin nach bhfuil a sáith maoinithe acu, agus an ceart acu ainneoin an “táille cláraithe” atá anois beagnach ar an leibhéal céanna is a bhí na táillí foghlamtha sna 80í is mise ar an ollscoil. Agus tá srian nádúrtha spáis agus acmhainní ar aon nós i gcás ábhair ina bhfuil saotharlann de dhíth.
Mar sin, tá gá le corás éigin a thugann an deis don té is fearr atá ar a chumas é thapú. Ní corás na pointí é sin. Ach ní dóigh liom go mbeadh córas agallaimh pioc níos fearr. Bheadh baol an comrádaíocht aicme ann i dtólamh (níos mó ná mar atá cheana).
Ba chéim sa treo ceart na pointí ar bhronnadh ar bhonn peircintíle seachas marcanna gnóthaithe. Sé sin, gheobhadh an 10 % de dhaltaí a ghnóthaigh an marc is airde i ngach scrúdú faoi seach an líon is mó pointí don ábhar sin, agus mar sin síos. Chuirfeadh sé sin deireadh le caint ar “onóir éasca” agus luach saothar dóibh siúd a thugann faoi ábhar dúshlánach toisc spéis a bheith acu ann, nó luí acu leis.
Mar sin féin, is gá a bheith cúramach nach mbeimis arís san áit a bhfuil daoine ag foghlaim conas pointí a bhaint amach seachas ag forbairt scileanna agus tuisceana.
Ceterum autem censeo Corás na bpointí esse delendam
Feirm na nAinmhithe
Animal Farm le George Orwell, aistrithe go Gaeilge ag Aindrias Ó Cathasaigh
Tá ní hamháin aistriúchán, ach logánú go pointe, curtha ar fáil ag Aindrias Ó Cathasaigh ar fabhalscéal Orwell faoi theip na réabhlóide. Tá ainmneacha aistrithe go cuanna aige chomh maith leis an scéal.
Beithígh na hÉireann, Beithígh na hAlban,
Beithígh in ngach aon tír is reacht,
Tugaigí cluais don dea-scéala,
ar an aimsir óir le teacht.
Ar ndóigh tá stair réabhlóid na Rúise agus an streachailt idir Trotsky agus Stalin go háirithe le feiceáil go láidir sa leabhar. Tá an múineadh a theastaigh ó Orwell a thabhairt níos doimhne áfach – gur gá don pobal greim a choinneáil ar a réabhlóid; bheith aireach faoin gceannasaíocht.
Duine ar leith ab ea Orwell. Mac mionoifigigh impiriúil, a chaith seal é féin ina phóilín i mBurma. Duine de mheánaicme; nár éirigh leis riamh a dhoicheall lena aicme a chuir de. Aonarán, ach cairde dílse aige. Sóisialach daonlathach ach frith Stailíneach go smior. Bhlais sé an sochaí réabhlóideach i mBarcelona le linn an cogadh cathartha sa Spáinn – agus chonaic sé lámh iarainn stailín ag cuir deireadh leis.
Tá an saothar seo fáiscthe as na tuiscintí a d’eascair as an dtaithí sin. Tá comaoin curtha orainn ag Ó Cathasaigh ní hamháin lena haistriúchán ar an scéal atá soléite cuanna ach freisin toisc go bhfuil cnuasach de litreacha Orwell a bhaineann leis an saothar aistrithe aige freisin, agus iarfhocal léannta curtha aige féin leis an fabhalscéal.
Conas an múineadh a chuir i gcrích an cheist. Ní sóisialach mé féin. Is dóigh liom go bhfuil an anailís Marxach cruinn seachas nach ngéillim don ábharachas. Pápaire mé tar éis an tsaoil! An réiteach an cheist.
Tá sé follasach go bhfuil an creachlathas nua liobrálach reatha ag déanamh aimhleasa na cruinne agus an chine daonna. Tá gá le reacht nua. Is gá don reacht nua dhá rud a thabhairt slán – saoirse an duine, agus an chomhionannas.
Ina leabhar Demokratischen Aufbruch deir Daniela Dahn, a bhí gníomhach san freasúra daonlathach san DDR go raibh beirt clainne ag Ré na hEagnaíochta – an Caipitleachas agus an Sóisialachas. Gur bhronn an Caipitleachas saoirse; agus an Sóisialachas comhionannas. Ach go bhfuil an dá rud de dhíth. Tá imní uirthi – agus an fhianaise ann – go bhfuil teip na stáit ina raibh leagan truaillithe den sóisialachas i réim tar éis an iomaíocht don gCaipitleachas a thógáil chun siúil. Go bhfuil na srianta a bhí an gcaipitleachas i leith cearta oibrithe a shárú lagaithe dá réir.
Is deacair easaontú; feictear dom go bhfuil forbairt déanta ar cearta an duine aonair ó thaobh saoirse féiniúlachta – ach fós tá an éagothroime maoine ag fás – agus na bacanna praiticiúla ar foras agus forbairt an duine aonair dá réir.
Tá líon daoine atá ag laghdú ag éirí níos saibhre agus daoine eile níos daibhre – agus acmhainní an phláinéid, ar ceart iad a bheith roinnte go cothrom agus caomhnaithe á n-ídiú go mí-fhreagrach.
Tá réabhlóid de dhíth. Conas, mar sin, teacht roimh nós na réabhlóide a clann féin a ithe?
Tá lón machnaimh i fabhalscéal Orwell. Is gá bheith amhrasach faoi aos riaracháin. Na hApparatschniki a fónann don gceannasaíocht ar mhaithe lena gcompord féin. Na giollaí foréigin a roghnaítear as clann an pobail chun tromaíocht a dhéanamh ar a muintir.
Is dóigh liom féin gur prionsabal na coimhdeachta eochair an réitigh. Is gá gach fadhb a réiteach chomh gar agus is féidir do na daoine atá thíos leis. Cinnte, tá saincheisteanna a bhfuil dlíthe agus caighdeáin idirnáisúnta de dhíth chun dul i ngleic leo.
Ach caithfear na dlíthe céanna a chuir i bhfeidhm go háitiúil, an fhreagracht agus an cumhacht a bheith i lámha an dreama a gheobhaidh an tairbhe as cinneadh fónta agus an dochar as droch chinneadh.
Caithfear an réabhlóid a bhaint amach ar bhonn daonlathas an phobail. Díláraithe, áitiúl. An aos riaracháin a choinneáil beag. Leasa an duine a bheith in lámha féin.
Ní féidir glacadh le sochaí ina ndearbhaítear go bhfuil neacha áirithe níos comhionainne ná a chéile.
Tá comaoin curtha arís orainn ag Aindrias Ó Cathasaigh tríd an saothar seo a chuir leis an gcarn leabhair atá curtha ar fáil aige, idir eagarthóireacht, taighde agus bunábhar ar an sóisialachas in Éirinn agus ar fud na cruinne.
Ainneoin nach bhfuil géilleadh agam don dteagasc, creidim go bhfuil go leor le foghlaim as; agus dá mhéid den foghlaim sin a déantar inár dteanga féin, ag forbairt smaointe nua inti, sea is fearr.
https://www.siopaleabhar.com/tairge/feirm-na-nainmhithe-animal-farm/