Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-11

Clébhord, deasbhord, casadh agus jeidhb

Tá mé ag cóiriú sean dialann ó thuras seoltóireachta a rinne mé sa Ghearmáin go luath sna nóchaidí. Bhí trácht ann ar “Halse” – an seol a thabhairt ó thaobh amháin den mbád go dtí an taobh eile agus an treo a athrú dá réir. Ní raibh Gaeilge – ná Béarla – agam air an uair úd. Anois agus téarma.ie agus an idirlíon ar fáil chrom mé ar an mbearna foclóra a líonadh. Thóg sé tamall orm mar tá dhá litriú Béarla ar an gníomh – Gybe ar an dtaobh seo den Atlantach agus jibe ar an dtaobh eile. Ach tá gybe ag téarma. “Jeidhb”.  

Ar an gcéad amharc shíl mé gur traslitriú gránna a bhí ansin. Chuir mé ceist ar Dáithí de Mórdha an raibh leagan níos deise aige. Mhol sé siúd dom dul i dteagmháil le Padraic de Bhaldraithe. Rinneas.

Chuir sé siúd ar mo shúile dom gur jeidhb agus jeidhb amháin atá cloiste thiar aige le suas is anuas le caoga bliain i measc lucht na mbáid. Agus, seachas dornán focail de bhunadh Lochlannach gurb ón mBéarla a thagann mórán de théarmaíocht na báid. Bhí sé de cheart agam níos mó muiníne a bheith agam as an gCoiste Téarmaíochta – ainneoin go bhfuil cúpla sraith de Bhádóirí feicthe agam ar TG4 agus mé eolach dá réir ar phobal bríomhar Gaeltachta atá gafa le geallta báid, níor rith sé liom gur dócha go raibh urra maith Gaeltachta leis an gcnuasach cuimsitheach téarmaíochta atá curtha ar fáil acu.

Is eagal liom nach bhfuil mé saor an ngalar “MÁRSA” mar a thug  Tomás Mac Síomóin air – caitheamh i ndiaidh an rud ársa, nó ar a laghad an rud ar a bhfuil cuma ársa air. Seachas teanga beo na Gaeltachta. Luíonn sé le ciall go mbeadh na focail tógtha ón teanga inár cuireadh an teicneolaíocht i láthair na ndaoine. Na curacha féin, is oifigeach de chuid an Gharda Cósta a chuir na Gaeil á dtógáil san naoú aois déag.
 
Spéisiúil go leor tá an pátrún céanna sa Bhéarla – tagann “Gybe” ó  Ísiltíris is cosúil, agus is amhlaidh do go leor téarmaí eile – Boom, abair (crann scóide nó bum). Ach gur tríd an Albainis a tháinig sé sin ón Ísiltíris!  

Tá leaganacha deasa fileata ar clébhord agus deasbhord sna foclóirí – “bord na sceathraí” agus “bord na heangaí”. Ach ar an gcéad dul síos, baineann siad sin le treo na gaoithe seachas treo an árthaigh – an té a chaitheadh dríodar éisc isteach sa ghaoth ní dócha go ndéanfadh sé an dearmad céanna arís! Agus ar an dara dul síos is soiléire go mór clébhord agus deasbhord ná na leaganacha port agus starboard – don té nach eol dó go raibh an stiúir ar deasbhord sna longa fadó!

Ar ndóigh, mura bhfuil na téarmaí in úsáid againn is cuma cé chomh cruinn is atá na foclóirí!  Ach is maith ann iarrachtaí leithéidí an Choiste Téarmaíochta chun iad a thaifid agus a chuir ar fáil.
 
 Is dócha go bhfuil mo sháith scóid tugtha agam dom féin ar an gceist ...