Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-28

Cártaí Feasa

Is buaiteoir comórtas fiontraíochta Údarás na Gaeltachta iad Cártaí Feasa ó Phobalscoil Corca Dhuibhne. Chuala mé na mná óga ag caint ar an Saol ó Dheas an tseachtain seo chaite, agus chuaigh mé caol díreach go dtí eBay leis an táirge a cheannach!

Deich Euro atá ar na cártaí, agus 2.50 € ar phostas in Éirinn. Tháinig na cártaí inniu.

Fiche ceathair pictiúir le neacha osnádúrtha, roinnte ina dtrí rannóg - Scéalta, Miotais nó Finscéal. De bharr an roinnt sin is féidir cluiche simplí cártaí a imirt leo, ina gcuirtear na cártaí i gcomparáid de réir aicme, agus aicme amháin ag sárú aicme eile.

Tá na pictiúir gleoite, agus stíleanna éagsúla orthu.

Tá cód QR ar chúl gach cárta a nascann le suíomh idirlín an togra, áit a bhfuil scéal gach neach inste i nGaeilge agus as Béarla - agus taifid fuaime ag dul leis agus an scéal á insint ag duine den fhoireann.

Bheinn beagáinín buartha faoi seasmhacht an chuid sin den togra - imíonn suíomhanna idirlín le gaoth nuair nach bhfuil institiúid laistiar daoibh, agus níl soundcloud féin iomlán iontaofa.

Ach mar togra scoile tá sé iontach snasta. Is maith liom an stáin ina bhfuil na cártaí, cé go bhfuil sé beagáinín deacair iad a bhaint amach. Is cosúil gur aimsigh siad clódóir áitiúil in Oileáin Chiarraí chun an cló a dhéanamh.

Moladh amháin chun feabhais a dhéanfainn ná gur ceart cúinní cruinne a bheith ar na cártaí, ach seans go gcuirfeadh sé sin go mór leis an gcostas.

Deis caillte a bhí ann gur as Béarla (Tales, Myths and Legends) atá na haicmí cé gur as Gaeilge atá mórchuid na neacha ainmnithe.
Ba leor dar liom an dath éagsúil chun an aicme a chuir in iúl dóibh siúd gan Ghaeilge. 

Mionrudaí iad seo áfach. Togra idirbhliana atá i gceist, ach tá gach gné de snasta gairmiúil. Tá na fiontraithe óga ag tabhairt aghaidh ar chomórtas Eorpach anois - ar líne, faraor, mar is cinnte go bhfuil an taithí a bheadh le fáil as taisteal agus meascadh le fiontraithe óga eile tuillte go maith acu. 

Gúim gach rath orthu. Luaigh siad ar an Saol ó Dheas go raibh fiontraí i dteagmháil leo cheana chun breis forbartha a dhéanamh ar an gcoincheap. Agus go raibh smaointe acu féin conas tógáil ar an dtogra. Go n-éirí go geal leo!