Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-16

Ceol na Sióg

Ó foilsíodh Gaiscíoch na Beilte Uaine táim iontach tógtha le leabhair ealaíonta Andrew Whitson agus An tSnáthaid Mhór. Is aoibhinn liom na léaráidí lán le mionsonraí.

Ach faoi seo tá mo chlann thar aois na n-amhráin agus pictiúrleabhair. Mar sin, in dáiríre, níl agam leis an saothar is déanaí seo. Ach chuala mé blaiseadh de cheol Gráinne Holland, agus chonaic mé cúpla sampla de na léaráidí. Mealladh mé. Chuir mé réamhordú isteach. Agus níl pioc díomá orm.

Cé gur Ceol na Sióg atá ar an gcnuasach, tá na hamhráin bunaithe go hiomlán ar tabhairt faoi deara Gráinne Holland sna coillte agus cois mara, thart ar a baile sa Dún. Cuir síos ar fhiadhúlra agus ar phlandaí agus ar uiscí. Eolas cruinn ó súile a bhfuil cumas iontais an linbh coinnithe acu (nó b'fhéidir athnuaite le teacht clainne!). Is fear cathrach mé féin, ach is aoibhinn liom an dúlra agus i mbliain seo na coibhíde tá, ainneoin mo ghearr radharc, feabhas tagtha ar mo thabhairt faoi deara. Músclaíonn na hamhráin an ardú meanma céanna a fhaighim ar lá gréine sa choill.

Is é Andrew Whitson, nó Mr Ando mar atá scríofa ar an leabhar, a thugann draíocht na sióg isteach trína léaráidí. Daoine beaga diamhaire ag spraoi in éineacht leis na hainmhithe, síofraí galánta deá ghléasta, leis an iliomad mionsonra - féasta do na súile. Agus iad fite fuaite i léaráidí cruinne den dúlra dúchasach.
 
Féasta do na  cluasa atá sa cheol, guth binn Ghráinne le tionlacan cuanna ceol ar uirlisí éagsúla. 

Níl focail a dhiongbhála agam don saothar álainn seo - amharcaigí féin air!

Tá sé ar fáil ón bhfoilsitheoir anseo nó ó siopaí maithe leabhair!