Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-15

An bhfaca tú m'ingearán,...

Sol 54: R Mastcam-Z Camera, 11:31:27.832 (meán am gréine áitiúil), cearta íomhá: NASA/JPL-Caltech/ASU. Faighte ó @persevereimgbot

Tá ingearán triallach seolta ag NASA in éineacht leis an taiscéalaí Persevere go Marsa. Bhí a chéad eitilt le bheith aige an tseachtain seo, ach tá sé curtha siar píosa.

Is amhlaidh gur stop píosa trealaimh sábháilteachta - an cú faire - an ríomhaire ar bord an ingearán agus iad i mbun trialacha chun an rótar a cuir ag casadh ar ardluas.

Is éard atá sa chú faire ná clog crua earra. Caithfidh an ríomhaire "sonc" a thabhairt dó go rialta chun dearbhú go bhfuil rudaí ag dul i gceart. Go hiondúil bíonn córas oibriúcháin, nó ar a laghad bainisteoir tascanna i gceist lena leithéid de ríomhaire. I gcás Ingenuity is creatlach bogearraí a chruthaigh JPL agus atá curtha ar fáil mar fhoinse oscailte, F' atá i gceist. Córas atá bunaithe ar Linux. 

Chun go bhfeidhmeoidh bogearra neadaithe i gceart, ní leor go mbeadh an freagra ceart ríofa - caithfidh an freagra a bheith ar fáil ag an am ceart. Níl iniúchadh ar an bhfabht feicthe agam, ach ón méid a thuig mé sa ghiota gairid d'agallamh le ceannaire an misean seo, is guais ráis de chineál éigin atá siad ag plé leis. Níor tharla rudaí san am ceart, nó san ord ceart, agus mar sin níor tugadh sonc don cú faire in am, agus stop an crua earra an ríomhaire.

Is cosúil gur éirigh leo na cúinsí a aithint leis an samhail innealtóireachta ar an dtalamh. Tá réiteach faighte acu air freisin, de réir mo thuisceana. Tá tuairiscí feicthe agam nach bhfuil sa leasú ach "athscríobh cúpla líne cód" ach go bhfuil gá le leagan iomlán nua den bogearra. An tátal a bhainim as sin ná go rabht fabht éigin i gcumraíocht an chórais oibriúcháin - bheadh tionchar ag athrú beag ansin ar an mbogearra trí chéile.

 Beidh go leor promhadh le déanamh ar an leagan leasaithe don mbogearra chun cinntiú nach bhfuil an réiteach tar éis rud éigin a bhriseadh - feachtas ar a tugtar "tástáil chúlchéimnithe".  De ghnáth beidh an tástáil seo uathoibríoch, ach fós féin beidh am de dhíth chuige. Ansin beidh orthu an leagan nua a sheoladh go Mars. I dtosach go dtí an árthach atá i bhfithis ar Mhars, ansin go dtí an taiscéalaí Persevere agus ar aghaidh go dtí an ingearán.

Is turgnamh ar go leor bealaí an ingearán seo. Tógadh é le gnáth crua earraí "anuas den seilf" seachas crua earraí deartha agus profa don spás, agus leis na bogearraí foinse oscailte, Linux san áireamh - córas nár dearadh ón mbonn aníos le bheith ábalta feidhmiú i "fíor am chrua" - sé sin gur féidir cinntiú roimh réidh an t-ord ina tharlóidh tascanna agus an am a ghlacfaidh siad sa chás is measa.
 
Bhí siad ag dul go mór sa tseans, mar sin. Is deacair gach cás a phromhadh do mhisean dá leithéid - go háirithe toisc go bhfuil éiginnteacht faoin timpeallacht ar Mhars. Ach má éiríonn leis an turgnamh, beidh eolas fíor luachmhar faighte. Agus fiú má theipeann air, beidh go leor foghlamtha. 
 
Is cuid de feachtas córasach misean atá anseo,  comhoibriú idir NASA agus ESA, agus tá sé i gceist ábhar ó Mhars a sheoladh ar ais go dtí an domhain seo. Sin scéal d'oíche eile.

Ach is léir, ainneoin foirne móra d'innealtóirí oilte agus promhadh cúramach, go mbíonn rudaí gan choinne i ngach misean mar é. (Dá mbeadh coinne leo, bheadh rud éigin déanta chun iad a chosc!)