Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-05

Ceol binn óna croí amach


Ón am gur chuala mé caint spreagúil ceol tionlactha Mhéabha ag Imbolc na bliana seo caite (Roimh Covid!) táim ag tnúth le seilbh a fháil ar a CD – agus ní raibh díomá orm nuair a fuair mé faoi dheireadh é.
 

Nuair nár bhuaigh mé an CD a bhí ar chrannaibh ag an Saol ó Dheas, ní raibh aon dul as agam ach brostú chuig http://meabhmusic.com/ agus é cheannach!
 

Ceithre chinn déag de rianta atá ar an CD, meascán deas de amhráin a chum sí féin, amhráin le daoine eile agus ceol a chum sí féin. Ceol meidhreach a chuirfeadh dea-spíon ar an éisteoir.
 

Táim tógtha ach go háirithe leis an amhrán a scríobh sí dá tuismitheoirí  - Litir ón Leanbh (as ar sciob mé teideal na míre seo!).
 

Blianta fada ó shin, agus mé i mBeirlín chuir mé aithne ar Tony Small a bhíodh ag teacht anall in éineacht le hEoin Duignan ag ceol. Is eagal liom gurb crá chroí mé dó go pointe. Maoithneachas an imirceora. Agus bhí seisean ag staonadh ón ól, agus ní raibh mise, ná baol air. I dteach tábhairne  “Éireannach” (arbh le Gearmánach é, a bhaist The Highlander air, agus é measctha idir Éire agus Alba ) a bhuailfinn leis – ba ann a bhíodh an ceol is binne á sheinm, ag seisiúin bhríomhar ann ar oíche Luain. Thaitin a chuid ceol liom agus bhí caiséad dá chuid agam, atá imithe le fada fiú dá mbeadh gléas a sheinnte agam.
 

Ceann de na rianta air ná an ceol a chuir sé le dán Oliver St. John Gogarty – Galway. Ola ar mo chroí é chlos á chanadh ar Méabh ar an CD seo, ag déanamh a cuid féin de ach ag múscailt cuimhní ionamsa freisin ar Tony Small, trócaire air, ar Bheirlín seachas Gaillimh agus ar mo chuid fichidí!
 

I nGaeilge, Béarla agus macarónach atá na hamhráin; agus iad fáiscthe as taithí agus dúchas saoil ach éadrom gealgháireach. Tá Port ann i gcuimhne a col ceathrar Gavin Ralston, beannacht Dé lena anam, agus ríleanna a scríobhadh do chairde, agus Waltz!
 

Tá an pacáistiú féin go hálainn, pictiúr ar leith déanta ag Elouise Flannery don amhrán álainn macarónach faoin Lon Dubh a bhraitheann uaidh a chéirseach; grianghraif de Méabh féin go machnamh ar an gclúdach, agus leabhrán chuimsitheach le nótaí agus focail na n-amhráin.
 

Agus liosta le n-áireamh na ceoltóirí atá á tionlacan, formhór acu ón Dúiche Duibhneach as ar fáisceadh í féin.
 

Déanaigí gar daoibh féin, agus ceannaigí!