Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-21

Άγιος Παύλος

Tá sé go láidir sa bhéaloideas i Loutro gur thug Pól cuairt ar an gceantar agus gur bhaist sé muintir an oileáin ann. Níl an insint i Gníomhartha na nAspal ag teacht baileach leis sin - cé go bhfuil Fenix (baile ársa i gceantar Loutro) luaite....
'Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh á rá: “Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.” Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil. Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh. '

Ar aon nós, tá eaglais ón ré Biosántach in aice le Féinix. Thógamar féin an báid farantóireachta go Agios Roumeli, níos faide soir ar an gcósta. Ar éigean gur aithin muid go raibh eaglais ann ón mbád - bhí sé chomh bídeach sin. Is dóigh liom go raibh sé i gceist againn siúl go dtí an Eaglais agus seans ar ais go Loutro - ach gur tháinig muid ar malairt tuairime de bharr an bhrothaill. Rinne muid bád agus bádóir a fhruiliú chun muid a thabhairt ann. RIB, más buan mo chuimhne, agus leaid óg. Tá an Eaglais ar an trá - ní bhíonn mórán taoide san Meánmhuir, ar ndóigh. Bhí an gainimh ana the ar fad agus muid á thrasnú. Bhí frescos breátha san eaglais, ach iad síonchaite go maith. D'amharc muid ar an eaglais ar ár suaimhneas, agus chuaigh a snámh seal ón dtrá. Bhí fear an bháid ag snámh freisin, agus ansin thug sé ar ais muid go Agios Roumelis; d'fhan muid seal ansin ar an bád farantóireachta ar ais go Loutro.