Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-29

An Dall


Longinus, le Bernini,
in Eaglais Pheadair.
Foinse
A Rí na gcréacht fuair éag i mbarr an chruinn,
Is croí do chléibh dá réaba le láibh an Duill,
Fuil do thaebh ag téachta ar lár 'na linn, -
Ar sgáth do sgéith beir féin go Párthas sinn.

cnuasaithe ag T.F. O Rahilly

Is dóigh liom gur sa leabhar "Six o'clock Saints", fadó, fadó, a chead léigh mé an naomhsheanchas faoi Longinus. De réir traidisiúin a tháinig chun cinn sna meánaoiseanna bhí lagar radhairc ar an dtaoiseach céad ag Golgóta. 
'An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.” '

'Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. '
'Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.” '



De réir an naomhsheanchais, is é a tholl taobh Íosa leis an sleá (a bhfuil naomhsheanchas dá chuid féin ag baint leis) agus nuair a chuimil sé a shúile ina dhiadh lena lámh a bhí fliuch ag an t-uisce agus an fuil, leigheasadh a radharc. 

Nóta ar an dealbh i mBaisleac Pheadair anseo (agus an margaíocht a thug an sléa, más fíor) chun na Róimhe. I Mantua na hIodáile a d'éag Longinus de réir an naomhseanchais - mar mhairtíreach tar éis dó iompu ina Chríostaí. Creidtear gur thug sé cré fliuch le fuil Íosa ann.

Is léir gur scaip an scéal go hÉireann sna meánaoiseanna, agus go raibh sé mar chuid de chráifeacht an phobail. Luaitear i roinnt orthaí é:

Táim ag cur an ortha so dhuit in ainm an Fhir a céasadh ar an gCrios,
a dhoirt a chuid Fola naomhtha ar ár son.
Lann Líomthaist, ainm an fhir a chuir an tsleágh tré chroide an Úirmhic.
Cad a tháinig as? - Fuil, fíon agus fíoruisce.
In nomine Patris, et Filii, et Spiritus Sancti, a chaoinleacht.

Ó, a Íosa, stop an fhuil atá ag teacht 'na tonn tréan.
In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh.
Measaim freisin go bhfuil tagairt dó san Ortha seo atá sa leabhar Aniar le Futa Fata:
Ortha ar chobh ar bhrobh agus ar bhraoinín
Ar shlat bhinn na ngabha,
Ar shliseog na gcrann,
Mac Mhuire do do thabhairt slán,
Gan ceo, gan anfa, gan draíocht.