Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-17

An léirmheastóir mé?

"D'fhreastail" mé le déanaí ar seoladh an tsuímh "Scríbhneoireacht Éireannach na Linne Seo" - togra de chuid COBÁC agus MoLI. Rogha de céad saothar le nócha hocht údair atá ann. Fuair dhá saothar an duine ó Doireann Ní Ghríofa agus Eilís Ní Dhuibhne bheith istigh ar an mbonn go saothraíonn siad an dá theanga.

Tá aon ceann déag de shaothar Gaeilge sa rogha, maille ceithre cheann dá theangach. Ionadaíoch go maith.

Bhí an ócáid féin ana dheas, agus léigh ceathrar sleachta as a gcuid saothair. Emilie Pine as a haistí cuimhne, Peadar Ó Guilín oscailt pléascach a úrscéal uafáis d'aosánaigh, Michelle Gallen as a úrscéal féin agus Anna Heusaff as Scáil an Phríosúin. Ceithre saothair an-éagsúil, ceithre údar le cumas mealladh lena bhfocail agus a léamh.

Tá an suíomh féin snasta, éasca leabhair a aimsiú de réir catagóirí loighciúla nó bliain foilsithe.

Tá eolas faoin leabhar, tagairt uaireanta ón údar, agus nascanna le hagallaimh, léirmheasanna agus a leithéid.

Uaidh sin teideal an mhír seo. Chuir sé iontas - agus alltacht go pointe - orm go bhfuil an blag seo luaite go minic mar foinse léirmheasa do na saothair i nGaeilge.

Cinnte, má tá leabhar léite agam agus má thaithin sé liom, roinnfidh mé an taitneamh sin anseo. Ach ní mothaím go bhfuil údarás agam. Ní scoláire litríochta mé. Is craosléitheoir mé. Is aoibhinn liom leabhair, agus is breá liom an t-aoibhneas sin a roinnt. Ach ní mothaím go bhfuil scil ná údarás agam.

Is dóigh liom gur léargas é ar easpa léirmheastóireacht - nó deacracht teacht orthu - go bhfuil an bhlag seo luaite chomh minic.

(Is annamh léirmheas diúltach anseo, ar fáth sách simplí. Mura dtaithníonn leabhar liom, ní deirim faic. Tá eisceachtaí ann, uaireanta cuirtear leabhar chugham chun léirmheas a dhéanamh air. Sa chás sin, tabharfaidh mé mo thuairim ionraic air. Ach de ghnáth, go háirithe i gcás leabhar Ghaeilge, is mian liom go dtaitneodh sé liom. Tharlódh mar sin go bhfuil mo bhreith bog. Baineann mo phost lae le lochtanna a lorg agus a aimsiú. Tá gá le cothromaíocht san saol - is féidir le duine éirí searbh de bharr síor tóraíocht lochtanna. Feiceann súil ghlas saol glas.)

Aguisín ag eascairt as plé ar Twitter :
Tá aon tuairim a thugaim ar an mblag seo ionraic, go bhfios dom. Ach go minic má tá tuairim diúltach agam, ní thugaim in aon chor é. I gcás léirmheas nó trácht a iarrtar orm, tabharfaidh mé iomlán mo thuairimí idir dearfach agus diúltach. Más mise a roghnaigh an leabhar i siopa nó leabharlann, nó má fuair mé mar bhronntanas é, agus murar thaithin sé liom, de ghnáth ní deirim faic anseo. 

Aguisín 2: an pointe a bhí i m'intinn, ach a fheicim anois nár luaigh mé, ná go bhfuil, dar liom, ról níos leithne ag léirmheasanna. Ba cheart do chritic cabhrú le scríbhneoirí barr feabhais a bhaint amach - ní hamháin an scríbhneoir atá faoi chaibidil (chuige sin tá eagarthóirí ann) ach freisin scríbhneoirí eile agus go háirithe ábhar scríbhneoirí. Ní dóigh liom go bhfuil an cumas ionamsa an chineál sin critic chothaitheach a thabhairt.