Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-05

Feirm na nAinmhithe


Animal Farm le George Orwell, aistrithe go Gaeilge ag Aindrias Ó Cathasaigh

Tá ní hamháin aistriúchán, ach logánú go pointe, curtha ar fáil ag Aindrias Ó Cathasaigh ar fabhalscéal Orwell faoi theip na réabhlóide. Tá ainmneacha aistrithe go cuanna aige chomh maith leis an scéal.

Beithígh na hÉireann, Beithígh na hAlban,
Beithígh in ngach aon tír is reacht,
Tugaigí cluais don dea-scéala,
ar an aimsir óir le teacht.
 

Ar ndóigh tá stair réabhlóid na Rúise agus an streachailt idir Trotsky agus Stalin go háirithe le feiceáil go láidir sa leabhar. Tá an múineadh a theastaigh ó Orwell a thabhairt níos doimhne áfach – gur gá don pobal greim a choinneáil ar a réabhlóid; bheith aireach faoin gceannasaíocht.

Duine ar leith ab ea Orwell. Mac mionoifigigh impiriúil, a chaith seal é féin ina phóilín i mBurma. Duine de mheánaicme; nár éirigh leis riamh a dhoicheall lena aicme a chuir de. Aonarán, ach cairde dílse aige. Sóisialach daonlathach ach frith Stailíneach go smior. Bhlais sé an sochaí réabhlóideach i mBarcelona le linn an cogadh cathartha sa Spáinn – agus chonaic sé lámh iarainn stailín ag cuir deireadh leis.


Tá an saothar seo fáiscthe as na tuiscintí a d’eascair as an dtaithí sin. Tá comaoin curtha orainn ag Ó Cathasaigh ní hamháin lena haistriúchán ar an scéal atá soléite cuanna ach freisin toisc go bhfuil cnuasach de litreacha Orwell a bhaineann leis an saothar aistrithe aige freisin, agus iarfhocal léannta curtha aige féin leis an fabhalscéal.

Conas an múineadh a chuir i gcrích an cheist. Ní sóisialach mé féin. Is dóigh liom go bhfuil an anailís Marxach cruinn seachas nach ngéillim don ábharachas. Pápaire mé tar éis an tsaoil! An réiteach an cheist.
 

Tá sé follasach go bhfuil an creachlathas nua liobrálach reatha ag déanamh aimhleasa na cruinne agus an chine daonna. Tá gá le reacht nua. Is gá don reacht nua dhá rud a thabhairt slán – saoirse an duine, agus an chomhionannas.
 

Ina leabhar Demokratischen Aufbruch deir Daniela Dahn, a bhí gníomhach san freasúra daonlathach san DDR go raibh beirt clainne ag Ré na hEagnaíochta – an Caipitleachas agus an Sóisialachas. Gur bhronn an Caipitleachas saoirse; agus an Sóisialachas comhionannas. Ach go bhfuil an dá rud de dhíth. Tá imní uirthi – agus an fhianaise ann – go bhfuil teip na stáit ina raibh leagan truaillithe den sóisialachas i réim tar éis an iomaíocht don gCaipitleachas a thógáil chun siúil. Go bhfuil na srianta a bhí an gcaipitleachas i leith cearta oibrithe a shárú lagaithe dá réir.

 
Is deacair easaontú; feictear dom go bhfuil forbairt déanta ar cearta an duine aonair ó thaobh saoirse féiniúlachta – ach fós tá an éagothroime maoine ag fás – agus na bacanna praiticiúla ar foras agus forbairt an duine aonair dá réir.
 

Tá líon daoine atá ag laghdú ag éirí níos saibhre agus daoine eile níos daibhre – agus acmhainní an phláinéid, ar ceart iad a bheith roinnte go cothrom agus caomhnaithe á n-ídiú go mí-fhreagrach.
Tá réabhlóid de dhíth. Conas, mar sin, teacht roimh nós na réabhlóide a clann féin a ithe?
 

Tá lón machnaimh i fabhalscéal Orwell. Is gá bheith amhrasach faoi aos riaracháin. Na hApparatschniki a fónann don gceannasaíocht ar mhaithe lena gcompord féin. Na giollaí foréigin a roghnaítear as clann an pobail chun tromaíocht a dhéanamh ar a muintir.
 

Is dóigh liom féin gur prionsabal na coimhdeachta eochair an réitigh. Is gá gach fadhb a réiteach chomh gar agus is féidir do na daoine atá thíos leis. Cinnte, tá saincheisteanna a bhfuil dlíthe agus caighdeáin idirnáisúnta de dhíth chun dul i ngleic leo.
 

Ach caithfear na dlíthe céanna a chuir i bhfeidhm go háitiúil, an fhreagracht agus an cumhacht a bheith i lámha an dreama a gheobhaidh an tairbhe as cinneadh fónta agus an dochar as droch chinneadh.
Caithfear an réabhlóid a bhaint amach ar bhonn daonlathas an phobail. Díláraithe, áitiúl. An aos riaracháin a choinneáil beag. Leasa an duine a bheith in lámha féin.
 

Ní féidir glacadh le sochaí ina ndearbhaítear go bhfuil neacha áirithe níos comhionainne ná a chéile.
 

Tá comaoin curtha arís orainn ag Aindrias Ó Cathasaigh tríd an saothar seo a chuir leis an gcarn leabhair atá curtha ar fáil aige, idir eagarthóireacht, taighde agus bunábhar ar an sóisialachas in Éirinn agus ar fud na cruinne.
 

Ainneoin nach bhfuil géilleadh agam don dteagasc, creidim go bhfuil go leor le foghlaim as; agus dá mhéid den foghlaim sin a déantar inár dteanga féin, ag forbairt smaointe nua inti, sea is fearr.

https://www.siopaleabhar.com/tairge/feirm-na-nainmhithe-animal-farm/