Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-18

Fíon fionn na Gréige

Tá líne d'amhrán a chuala mé fadó, ag na gasóga is dócha, greamaithe i'm chloigeann - Und auch auf Kreta gibt es Retsina wein. Níl mé baileach cinnte cad a spreag mo nuachar anois agus mé féin chun coicís saoire a chaitheamh ar an gCréit i 1993. Bhí bialanna gréagacha coitianta i mBeirlín an uair úd, agus thaitin an bheatha linn. San ré réamh-idirlín níl mé baileach cinnte conas a rinneamar ár gcuid pleanála. Bhí treoirleabhar againn cinnte - Baedecker más buan mo chuimhne. Bhí freisin leabhar againn - Wanderungen auf Kreta. Ach ní raibh le fáil an uair úd ach léarscáil ar scála 1:200 000 - nach bhfuil oiriúnach chun siúl. Bhí an Ghréig ar fad ina cheantar míleata dar le NATO agus cosc ar léarscáil cruinne. Fuaireamar ceann 1:80 000 ar an oileán féin, ach níorbh mórán feabhais sin. Bhíomar cleachtaidh le  conair siúil marcáilte go cruinn agus léarscáil 1:25 000. Maith go leor bhí taithí éigin agam ar na sean léarscáil SO orlach nó leath orlach sa mhíle - ach b'shin i ceantar a raibh aithne agam air.
Ach bhí plean de chineál éigin againn nuair a thuirling muid in Iraklíon. Ba chuid den bplean sin bailiú linn go gasta! Chaitheamar oíche amháin in óstán "saor agus maith" - oíche ar bheagán codlata de bharr callán agus teas (cé gur Deireadh Fómhair a bhí ann bhí sé te, dar linne). Thugamar cuairt ar Knossos na scéal - is cuimhin liom díomá a bheith orm mar gur beag a bhí le feiceáil. Ar aghaidh linn go dtí an cósta theas - go Matala, áit ar chaitheamar oíche roimh aghaidh a thabhairt ar na sléibhte in iarracht Psiloritis a dhreapadh. Blagmhír ann féin conas (nár) éirigh linn. Chaitheamar an chuid is mó den saoire i mbaile beag darb ainm Loutro, á úsáid mar ceanncheathrú chun siúlóidí agus turais eile a dhéanamh.
Rinneamar cuid mhaith snámh freisin, agus fuair mé snorkel mé féin agus masc - nílim iontach ag snámh ach bhí an beatha mara thar a bheith spéisiúil. Ar bhusanna, le tacsaithe agus air bháid farantóireachta a thaisteal muid. Bhí roinnte den na bóithre ar thaisteal an bus orthu iontach sceirdiúil, ag titim le fána in aice linn - ach na tiománaithe ar nós cuma liom, níos mó spéis acu i gcabaireacht le paisinéirí (dathúla) ná aird a thabhairt ar an mbóthar. Cuimhin liom fear de mhuintir na háite bheith de shíor á bheannú féin roimh gach cor sa bhóthair - rud nár shuaimhnigh ár néaróga.
Chaitheamar lá amháin i Rethimnon ar an mbealach ar ais go hIraklion. Bhí an bia, an pobal agus an taobh tíre iontach deas; saoire den scoth a bhí ann. Bhí sé i gceist agam riamh filleadh - san Earrach más féidir. Cé go raibh go leor lusanna le feiceáil, bhí mórchuid den fásra griandóite donn deannachúil ag Deireadh an Fhómhair.