Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-28

Foclach agus foinsí oscailte

Is sampla bhreá Foclach.com  de togra foinse oscailte; bunaithe ar an smaoineamh a bhí ag Josh Wardle - Wordle - atá anois díolta leis an NY Times de bharr an rath air. É sin é féin an chosúil leis an gcluiche tomhais Mastermind, seachas gur foccail seachas dathanna atá i gceist leis an rud atá le tomhas. 

Spreag a spéis i Wordle agus a mian barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge Linda a cuid scileanna mar dhearthóir agus códálaí JavaScript (teanga ifreannda i mo thuairim féin, ach uirlis oirúnach don bhfeidhm seo) chun cluiche a chruthú di féin. Fuair sí a thús óna mhacasamhail a rinne bean eile - Word master le Octokatherine. Clár atá ansin a cuireadh ar fáil ar GitHub mar fhoinse oscailte; mar atá an t-eolas a chnuasaigh MBM maidir le minicíocht focail as a d'eascair cuid den liosta de focail 5 litreach. Is liosta le háireamh an méid oibre atá déanta ag Michal don nGaeilge; ag obair le Fiontar nó ar a chonlán féin; agus fearacht Kevin Scannell é á chuir ar fáil mar foinse oscailte agus ag spreagadh daoine eile chun amhlaidh a dhéanamh, 

Creidim féin go bhfuil buntáistí móra sa chuir chuige seo - agus san modh oibre a léirigh Linda, sé sin leagan trialach a chuir ar líne, agus aiseolas an phobal a athrú chun snas agus feabhas a chuir air. (Ach ní aontaím le fáil réidh le "v"). 

Is é seo an taobh is fearr den idirlíon - uirlisí fearacht JavaScript a chuir ar fáil; suíomhanna fearacht GitHub chun cód a roinnt agus rudaí nua a chruthú agus a scaipeadh; na meán shoisialta chun cabhrú le cruthaitheoirí agus úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh.

Mar a dúirt mé blianta fadó ó shin in aighneacht a chuir mé faoi bhráid Foras na Gaeilge creidim go bhfuil féidirtheachtaí móra anseo don nGaeilge. Cé go bhfuil roinnt ábhar foilsithe acu ó shin, measaim go bhfeadfaí dul níos faide chun an t-ábhar a chuir ar fáil ar foinse oscailte; agus chuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil.

Mar a dúirt mé i 2009: 

"Tá léargas le fáil ar an meon an saorálaí idirlín, agus conas mar a fheidhmíonn an cultúr, san aiste “Homesteading the Noosphere”  le E.S. Raymond.  An téis a nochtann sé ansin gur cultúr bronntanais, bunaithe ar aitheantas ó piaraí, atá san córas foinsí oscailte,rud atá fíor chomh maith faoi mór chuid den ábhar agus bonneagar ar an idirlíon."

Más mian libh is féidir tacú le Linda - tá costaisí ag baint le suíomh idirlíon agus a leithéid bainteach le foclach.com - anseo.

2022-02-27

Focalfhéile Feirsteach

Chonaic mé ar Twitter i rith na seachtaine go raibh Féile Focal beartaithe ag an gCultúrlann i mBéal Feirste chun feistiú jukebox filíochta ó Quotidian a chomóradh. Saothair le scór file Gaeilge, léite acu féin maille aistriúchán go Béarla atá le clos ón jukebox - agus freisin ó Soundcloud. Bhí máithreacha iomadúla ag an dtogra. Sí Celia de Fréine a rinne na filí a roghnú - Maria McManus ceann de na príomhfórsaí laistiar den dtogra níos leithne agus a choinnigh súil ar lucht na teicneolaíochta! Bhí baint i measc daoine eile ag Myra Zepf freisin. 


Trí imeacht ar fad a bhí i gceist leis an bhféile, ceardlann filíochta le Seán Ó Muireagáin um a haon déag, agallamh poiblí ar Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine ag Máire Zepf um a haon, agus Reic um a trí. Bhí fhios agam go mbeadh sé indéanta bheith ann don dá ócáid deireadh sin ar iompar phoiblí - agus tá an spéis agam san triúr ban a bheadh ag caint sa mhullach ar mo spéis ó thús i Reic. (Deacair a chreidiúint go bhfuil Reic ar bun ó 2015!).

D'éirigh mé go moch dá réir chun an dá thuras bus aneas a dhéanamh. Agus bhí mé sa Chultúrlann in am mhaith chun bricfeasta Gaelach ó Bia Belfast a chaitheamh mar scroid eadra. (Taobh le McDonalds a bhí mé don gcéadphroinn toisc nach raibh caife ar bith le dealramh oscailte ag barr Sráid Uí Chonaill, críochfort aircoach. Fásach uirbeach ait an chuid sin den gcathair ainneoin Óstán an Gresham. Casinos agus siopaí bheaga...).

Faraor bhí an Covid bréan tar éis Máire Zepf a bhuaileadh arís (biseach luath uirthi). Ach tá sean taithí ag Caoimhe Ní Chathail ag mealladh cainte as daoine agus ghluais an comhrá go nádúrtha idir an triúr.
Bealaí éagsúla chun na scríbhneoireachta a ghlac Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine. 

As Gaoth Dobhair í Máire Dinny Wren agus tógadh le gaois na Gaeltachta í. Ach fearacht go leor eile b'éigin di Londain a thabhairt uirthi féin ar mhaithe le hobair. Agus í ansin bhí baint aici le grúpa scríbhneoireachta Béarla, cé nár fhoilsigh sí tada. Tar éis di filleadh ar Ghaoth Dobhair bhí baint aici le ciorcal scríbhneoirí Gaeilge, a raibh Eoghan Mac Giolla Bhríde mar éascaitheoir leo agus foilsíodh scéal léi sa chnuasach Go dtí an lá bán a d'eascair as a cuid oibre. Le blianta beaga anuas bhí cúram a máthair ar Máire, rud nár fhág mórán deis aici bheith ag scríobh. D'fhorbair sí nósanna oibre a d'fheil dá cúraimí agus tá leabhar gearrscéalta Go mbeinnse choíche saor foilsithe ag Éabhlóid agus cnuasach filíochta Ó Bhile go Bile  le Coiscéim. Luaigh Máire Dinny an spreagadh a fuair sí ó pháirt a ghlacadh i comórtais, idir an ardú croí as iad a bhuachaint agus aiseolas ó mholtóirí. 
Tá filíocht agus scéalta Máire Dinny fáiscthe as saol agus dúlra Ghaoth Dobhair agus a cuimhní agus taithí. Léigh sí dhá dhán - ceann ag comóradh abhann An Chláidigh ach ag meabhrú dúinn freisin go bhfuil dualgas orainn ár gcuid a dhéanamh chun na haibhneacha agus an dúlra a chaomhnú. Agus dán faoi a máthair agus a Móraí ag cniotáil chun geansaithe a chur ar fáil do lucht rachmais. 
Anois agus a máthair, suaimhneas síoraí di, ar shlí na fírinne beidh ar Máire nósanna nua oibre a fhorbairt. Go raibh an bé flaithiúil léi! 

Cé gur rugadh Celia de Fréine i mBaile Nua na hArda, is i mBaile Átha Cliath a tógadh í. Ach chaith sí samhraí i measc a ngaolta i nDomhnach Daoi. Ní le Gaeilge a tógadh í, agus is ina cuid déaga a d'fhoghlaim sí Gaeilge mar theanga bheo seachas ábhar scoile. Is tríd an drámaíocht a thosaigh Celia ar bhóthar na scríbhneoireachta. Ag cóiriú scripteanna i dtosach, ansin ag scríobh drámaí. (Ní dóigh liom go bhfaca mé dráma léi ar stáitse, ach tá roinnt a léigh mé pléite anseo). Nuair a thosaigh sí ag múineadh thosaigh sí ag scríobh filíochta, ceal am plé le rudaí níos faide. Tá a céad cnuasach Faoi chabáistí agus ríonacha go mór faoi anáil téatar na háiféise agus osréalach dá réir. Lean a cnuasach faoi scannal Hepatitis C - Fiacha Fola. Seo an chéad cnuasach léi a léigh mé. Tuairisc phearsanta cumhachtach. 
Luaigh Celia gur chun rudaí a chur ar an dtaifead a scríobhann sí. Scríobh sí dráma i dtosach faoi Laoise Gabhánach Ní Dhufaigh, a cuireadh ar an ardán i 2016. (Bhí sé i gceist agam freastal ach bhuail fliú mé). De bharr nach bhfaca ach cúpla céad duine an dráma bheartaigh sí taifead níos buaine a thabhairt don scéal agus scríobh leabhar bunaithe ar a cuid taighde. Tá dhá saothair eile próis scríofa aici, an coirscéal Cur i gCéill agus an úrscéal tuairimíochta An Dara Rogha
Luaigh Celia freisin tábhacht sparánachtaí agus cónaitheachtaí - as sin agus rudaí a chonaic nó a léigh sí lena linn a d'eascair roinnt ciogal filíochta, mar atá mar shampla, i Cur amach seo dom, An Bhean uasal agus an aonadharcach (pléite anseo). Agus is as turas go Páras a d'eascair I bhfreagairt ar Rilke

Bhí Máire agus Celia ar aon fhocal go bhfuil dúshlán fós roimh scríbhneoireacht ag mná. Luaigh Celia go háirithe an fhadhb go stáitsítear drámaí le mná ar mhaithe leis an mbearna a líonadh ach gan na drámaí a bheith forbartha i gceart - rud atá ina bhac ar forbairt an scríbhneora. 

Lón machnaimh go leor. 


Chuir Ciara Ní É reic i láthair ansin um a trí. Mar is iondúil bhí píosaí dá cuid féin aici idir na reacairí eile. Míbhuntáiste de bheith ag freastal ar Reic go minic ná go raibh neart acu cloiste agam. Is cuma áfach, mar tá an cuir i láthair ann féin mealltach agus tugann úire don reacaireacht atá feicthe agam beo nó ar fhíseán cheana. 

B'iad Maoilíosa Nic Éadaoin an chéad aoi ar stáitse. Chuala mé iad an chéad uair ag an ócáid a reáchtáil Réaltán Ní Leannáin do Lá Idirnáisiúnta na mBan - i 2017 measaim. An uair úd bhí siad ag tógáil coiscéimeanna beaga i dtreo na Gaeilge. Chonaic cúpla bliain ina dhiaidh sin iad ag Reic le linn Éigse na Tríonóide, agus bhí forbairt tagtha ar a gcumas. Is léir go bhfuil an dua caite acu leis an bhfoghlaim agus iad in ann labhairt ar mothúcháin agus taithí sa chóras éadóchais le faobhar agus le fonn i ceachtar teanga. 

Lean Sinéad Ní Thumáin, buaiteoir Slam Liú Lúnasa iad, tar éis mír le Ciara. Bhí roinnt dánta macarónacha aici, ina measc ceann faoi cairde agus gaolta a rinne ise di. 

Seal Sheáin Uí Mhuireagáin a bhí ansin ann, agus i measc a chuid reacaireachta siúd bhí píosa faoi glanadh amach an tí tar éis dá athair dul ar shlí na fírinne. 

Bhí a dán cumhachtach faoina máthair reicthe ag Ciara roimhe sin. 

Bhuail mé le Ciara ag an pop up Déardaoin agus bhí luaite aici go raibh sí gann ar aíonna de bharr covid. Dúirt mé, dá mbeadh sí i sáinn, go mbeinn sásta cúpla blúire a rá. Ina measc bhí roinnt píosaí gairide a scríobh mé tráth ar éag mo mháthair féin i 2018.

Chur Ciara clabhsúr leis an ócáid le Ramhar, gránna, an iomarca smidiú, is lán di féin... 

Ócáid thar a bheith taitneamhach. Bhí deis agam pionta a ól i bhfochair Ciara agus John Boy roimh aghaidh a thabhairt ar na busanna abhaile.... 

Slán go fóill, Béal Feirste. 


2022-02-24

Cosaint an Stáit

Foilsíodh Tuairisc an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann (as Béarla, ar ndóigh) thart ar an am go raibh ionadaithe na n-iascairí ag plé le hAmbasadóir na Rúise d'fhonn inlíochtaí Rúiseacha a bhogadh as limistéar eacnamaíochta na hÉireann - rud a raibh rath air. Ar ndóigh bhí mé ciniciúil ag an am faoin "mbua" seo ag na hiascairí - bhfacthas dom gur chuir an scéal mianta na Rúise - gníomh buaileam sciath le haird a fháil - chun cinn níos fearr ná dá mbeadh an inlíocht tar éis dul ar aghaidh gan aird a tharraingt.

Anois agus ionradh fíochmhar á dhéanamh ar an Úcráin ag Rúis Phutin, tá mo chiniciúlacht treisithe. Tá drogall ag tíortha daonlathacha trúpaí a chuir i gcogadh ar bith de bharr a dtaithí léanmhar. Ach níl cluas Putin ag máithreacha saighdiúirí na Rúise - dá mbeadh sé de misneach acu labhairt amach fiú. 

Is síochánaí mé. Creidim go bhfuil fírinne domhain i nath Tucholsky 

Soldaten sind Mörder

Dúnmharfóirí iad saighdiúirí 

Ignaz Wrobel (Kurt Tucholsky): Der bewachte Kriegsschauplatz

Cuirtear oiliúint ar shaighdiúirí chun daoine a mharú agus a ghoineadh; tá trealamh acu nach bhfuil d'fheidhm aige ach é sin a dhéanamh go héifeachtach. Mar atá pléite san alt úd "An machaire catha faoi gharda" tá péas míleata ann go dtarlaíonn an dúnmharú ceadaithe; agus éinne a dhiúltaíonn an dúnmharú a chur i gcrích, bíonn a shaol féin i mbaol.

Mar sin féin aithním nach féidir déanamh d'uireasa cosaint an Stáit; agus uaireanta gur gá don gcosaint sin a bheith faoi airm. Tá méid áirithe den tuairisc léite agam, ach tá sé an-meamráiméiseach. 

Leagtar amach na dúshláin do slándáil an stáit, ag tarraingt ar an páipéar bán ar chosaint. Leagtar amach na fadhbanna reatha le pá agus coinníollacha atá ag fágáil an cabhlach go háirithe le longa nach féidir iad a chuir i bhfarraige ceal foirne. Leagtar amach trí leibhéal "uaillmhéine" - rudaí a fhágail mar atá, roinnt infheistíocht a dhéanamh, neart infheistíochta a dhéanamh chun go mbeadh an Stáit ar chomhchéim le tíortha beaga eile san Eoraip.

Níl aon sainmhíniú dlí ar neodracht na hÉireann; níl an Stáit páirteach go díreach in aon chomhghuaillaíocht míleata; tá leathchos ag an Stáit in ECAT tríd Páirtnéireacht don Síochán. Táimid fite fuaite sna NA go míleata freisin. 

Táimid ailínithe thar mar a bhí sna 1950í, de bharr an domhandaithe agus ár mballraíocht san AE. Ní dóigh liom, agus an saol mar atá go bhfuil aon dul as againn ach nascanna eacnamaíochta agus comhghuallaíochta a chothú le stáit eile - mar thír bheag bheadh muid ró lag i leith na hollchomhlachtaí atá ag rialú an Domhan cuid mhór. Tá an saol feabhsaithe go mór abhus de bharr ballraíocht san AE, ar thogra síochána ó thús é.

Luaitear roinnt bagairtí seachas cogadh san tuarascáil; agus roinnt feidhmeanna eile a dhéanann na fórsaí cosanta thar cheann an chumhacht sibhialta.

I gcás cuid acu ní fheicim gur gá go mbeadh fir armtha ina mbun. 

An rud atá de dhíth i gcás cibéarionsaí, mar shampla, ná innealtóirí agus saineolaithe ar féidir le córáis cuí a dhearadh. Mar i gcéanna i gcás éigeandála - tá macasamhail an Technisches Hilfwerk sa Ghearmáin de dhíth - ní gá go mbeadh fir armtha de dhíth. Mar an gcéanna tarrtháil agus cuardach.  Fiú radar, ní léir dom gur gá go mbeadh sé faoi chúram fir armtha. 

Ba cheart, dar liom, gach is féidir a dhéanamh le heagraíochtaí sibhialtach; póilíní armtha agus oilte mar an rogha deiridh más gá. 

Beidh cabhlach, aerfhórsa agus arm talún de dhíth chun críocha áirithe cosanta agus cosaint síochána faoi scáth na NA; ba cheart iad a bheith ann agus na hacmhainní cuí a bheith acu. Ach ba cheart gur "fir armtha" an réiteach deiridh ar fhadhb ar bith, nach mbaintear feidhm as go dtí go bhfuil gach réiteach eile teipthe.

Ach ba cheart an cheist a phlé agus polasaí ceart móide acmhainní cearta a bheith againn mar stáit.


2022-02-23

Gearrthóga as Goethe....

Goethe le Karl Joseph Stieler, 1828

Don té a bhfuil Gearmáinís aige ní dócha go bhfuil éalú ó Goethe! Tá beagán léite agam thar na blianta leis, agus blianta ó shin i mBeirlín phioc mé suas trí imleabhar dá chuid saothair. De barr go raibh siad i gcló i bhFraktur fuair mé ar chaoga pfenning an ceann iad - ní raibh ar chumas éinne Fraktur a léamh, dar leis an díoltóir leabhair. Lé linn na dianghlasála spreag nath ar bhlag Sheáin Óig Uí Duinnín mé chun cúpla saothar le Goethe a léamh - an dá leabhar faoi Wilhelm Meister go háirithe

Ní hamháin gur nathadóir deisbhéalach é Goethe, ach fite tríd a chuid saothair tá gearrthóga dá chuid féin - nathanna as díolaim nathanna de chuid a charactair, a chuireann leis an méid atá á rá sa phríomhscéal. (Go deimhin bíonn scéal laistigh de scéal mar ghléas inste aige go minic freisin). SEo sciar den méid a chnuasaigh mé as, maraon le cúpla nath faoi Goethe ó dhaoine eile.

‘Tá’s againn gur féidir le duine Goethe agus Rilke a léamh sa tráthnóna, Bach agus Schubert a sheinneamh san oíche, agus éirí ar maidin chun dul i mbun a chuid oibre in Auschwitz.’

George Steiner, luaite ag Alan Titley

Dante, Goethe, Chateaubriand, appartiennent à toute l'Europe, dans la mesure même où ils étaient respectivement et éminement Italien, Allemand et Français. Ils n'auraient pas beaucoup servi l'Europe s'ils avaient été des apatrides, et qu'ils avaient pensé et écrit en quelque esperanto ou Volapük intégré.
Baineann Dante, Goethe, agus Chateaubriand leis an Eoraip uilig sa mhéid díreach a raibh siad thar a bheith Iodálach, Gearmánach agus Francach. Ní bheadh siad tar éis fónamh níois fearr don Eoraip dá mbeadh siad eaitírghrách, dá mbeadh siad tar éis scríobh agus smaoineamh go líofa in esperanto nó Volapük.

Charles de Gaulle,  23 avril 1961
Wer fremde Sprachen nicht kennt, weiß nichts von seiner eigenen.

An té atá dall ar theangacha coimhthíocha, tá sé aineolach faoina theanga féin.

Johann Wolfgang von Goethe

Was verkürzt mir die Zeit?
Tätigkeit!
Was macht sie unerträglich lang?
Müßiggang!
Was bringt in Schulden?
Harren und Dulden!
Was macht Gewinnen?
Nicht lange besinnen!
Was bringt zu Ehren?
Sich wehren!

Cad a giorraíonn am dom?
Gníomhú!
Cad a chuireann fad dufhulaingthe leis?
Leisce!
Cad a thugann fiacha?
Fanacht agus foighne!
Cad a thugann brabach?
Gan smaoineamh ró-fhada!
Cad a thugann oineach?
Cuir i gcoinne!

----
Getretner Quark
Wird breit, nicht stark.

Schlägst du ihn aber mit Gewalt
In feste Form, er nimmt Gestalt.

Leathan a éiríonn gruth satailte, ní láidir
Ach má bhuaileann tú i múnla daingean é le forneart, tagann cruth air.

Goethe
West östlicher Diwan

Die Künste sind das Salz der Erde; wie dieses zu den Speisen, so verhalten sich jene zu der Technik.
 
Salann na cruinne na healaíona; mar atá  san don mbia tá siúd don dteicneolaíocht. 

Der Abbé
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

Die Gebirge sind stumme Meister und machen schweigsame Schüler.

Máistrí balbha iad na sléibhte agus oileann siad daltaí beagchainteacha.

Jarno /Montan
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe


Sage mir, mit wem du umgehst, so sage ich dir wer du bist! Weiß ich, womit du dich beschäftigst, so weiß ich, was aus dir werden kann.

Inis dom cé hiad do chomhluadar, agus inseoidh mé duit cé tú féin! Más eol dom cad leis a bhíonn tú gafa, is eol dom cén críoch is féidir leat baint amach.

Wilhelm Meisters Wanderjahre II, Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe

Niemand darf sich freuen oder Leiden als zum Zeitvertreib der übrigen; und so springt's von Haus zu Haus, von Stadt zu Stadt, von Reich zu Reich und zuletzt von Weltteil zu Weltteil, alles veloziferisch.

Ní cheadaítear d'éinne athás nó dólás a bheith air seachas mar siamsaíocht do chách; agus dá réir scaiptera ó theach go teach an scéil, ó bhaile go baile, ó riocht go ríocht, faoi dheireadh ó Mhór Roinn go Mór Roinn, ar luas lasrach.

(faoi iriseoireacht - ach tráthúil i ré na meáin shóisialta)
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe 

Wahrheitsliebe zeigt sich darin, daß man überall das Gute zu finden und zu schätzen weiß.

Feictear grá na fírinne san méid seo, go mbíonn duine ag síoraí lorg an maith agus urraim aige dó.

Es gibt Pedanten, die zugleich Schelme sind, und das sind die allerschlimmsten.

Tá saoithíní ann ar rógairí freisin iad, agus iadsan is measa ar fad.

Wilhelm Meisters Wanderjahre
Betrachtungen im Sinne der Wanderer
Goethe


Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.

Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu.

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Alle Gesetzen sind von Alten und Männer gemacht. Junge und Weiber wollen die Ausnahme, Alte die Regel.

Seanóirí agus fir a rinne gach dlí. An eisceacht is mian le ógánaigh agus mná. An riail is mian le seanóirí.

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Einer neuen Wahrheit ist nichts schädlicher als ein alter Irrtum. 

Níl faic níos dochraí d'fhírinne nua ná sean mheancóg. 

Aus Makariens Archiv 
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

Dieser schnelle Wechsel von Ernst und Scherz, von Anteil und Gleichgültigkeit, von Leid und Freude soll in dem irländischen Charakter liegen. 

Deirtear gur i gcarachtar an Éireannaigh atá an iompú gasta idir súgradh ⁊ dáiríre, comhbhá ⁊ neashuim, pian ⁊ lúcháir, fréamhaithe. 

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe
Laurence Sterne faoi chaibidil aige 

Es ist nicht genug, zu wissen, man muß auch anwenden; es ist nicht genug zu wollen, man muß auch tun. 

Ní leor eolas, ní mór é úsáid. Ní leor fonn chuige bheith ort, is gá é dhéanamh. 

Aus Makariens Archiv 
Wilhelm Meisters Wanderjahre 
Goethe

2022-02-22

Comhthéacs, comhthéacs, comhthéacs....

 

Cuimhneachán Rosa Luxemburg, Zwickau
Le Vwpolonia75 (Jens K. Müller, Hamburg) -Saothar féin, CC BY-SA 3.0

Sula raibh mórán eolas in aon chor agam faoi Rosa Luxemburg bhí an nath cáiliúil seo ar eolas agam "Saoirse an dreama ar mhalairt tuairime is ea saoirse i gcónaí." Tá cuma breá daonlathach air mar ráiteas. 

Ach ba Boilséiveach dian diongbháilte í Luxemburg, a feallmharaíodh agus éirí amach foréigneach a raibh sí ina ceannaire air á cloí ag trupaí ar son rialtas daonlathach Phoblacht Weimar. Tá ráitis iomlán eile dá cuid le léamh; leithéidí 

Die Nationalversammlung ist eine gegenrevolutionäre Festung, die gegen das revolutionäre Proletariat aufgerichtet wird. Es gilt also, diese Festung zu berennen und zu schleifen.

Daingean frith-réabhlóideach an Dáil Náisiúnta, atá tógtha i gcoinne an lucht oibre réabhlóideach, Is gá, dá réir, é a ghabhadh ó cheann go ceann agus é a threascairt.

Is léir mar sin, nach saoirse iomlan tuairimíochta a bhí i gceist aici. Ní lena beo a foislíodh an nath; is nóta imill atá ann ar lámhscríbhinn dá cuid nár críochnaíodh; bhí réabhlóid na Rúise a bhí díreach tite amach á phle aici. 

Is cosúil, i gcomhthéacs, gurb é a bhí i gceist aici go mba ghá oideachas a chuir ar an lucht oibre d'fhonn an soisialachas a chuir i gcríoch; go mba cheart go bhfágfadh deachtóireacht an lucht oibre spás don forbairt phearsanta agus taithí phearsanta - laisitigh de chóras an soisialachais; agus gur bhraith sí go raibh lámh láidir Léinín agus a comrádáithe ró-dhocht sa bpointe sin.

Tá a bheatha féin ag an nath anois áfach; é réabhtha ina chomhthéacs. Cabhraíonn sé gur mairtíreach  a feallmharaíodh a dúirt. Bhí sochraid ollmhór uirthi agus ar Liebknecht a maraíodh in éineacht léi. Oráidí paiseanta éifeachtach ab ea í freisin. Ní cúis iontais é mar sin go mbíonn oilithreacht bhliaintúil chuig a huaigh agus uaigh Liebknecht; na fíréin sóisialacha a leagan lusanna na gile dearg ar an uaigh.

Agus é seo á scríobh agam, níl mé cinnte nach bhfuil an nath úsáideach mar sin féin, fiú más brí ar leith nach raibh i gceist aici a bhíonn leis anois. Meabhraíonn sé nath eile dom;

Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.

Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu. 

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Cuireann friotal na sinsir smaointe nua in iúl go héifeachtach freisin; agus go hiondúil ní bhíonn míthuiscint i gceist anois. Ar an lámh eile, cruthaítear saobhíomhá den duine a chum an friotal an chéad lá riamh. 

N'fheadar.


Agus seo á scríobh agam bhain mé feidhm as an dá alt thíos. Bhí an smaoineamh ar foluain i gcúl mo chinn ar feadh i bhfad áfach - chuaigh mé ag lorg breis eolais agus fuair mé iad seo.

[1] Was „Freiheit der Andersdenkenden“ wirklich meint, Sven Felix Kellerhoff, Welt

[2] Warum die Freiheit für Rosa Luxemburg nicht die Freiheit der Andersdenkenden war, Cristoph Marx

2022-02-21

An mbíonn andróideach ag brionglóid faoi chara chaoin?

Fainic i dtús báire: is duine mise atá thar a bheith amhrasach faoi intleacht shaorga; faoin dream a thugann faoi, ach freisin faoin méid is féidir baint amach dáiríre. Chothaigh sé sin deacracht áirithe dom an díchreideamh a chuir ar fionraí agus an scéal seo á léamh agam. 

Ach ar ndóigh is ar déagóirí seachas seanduine liath de mo chineál atá an t-urscéal seo dírithe. 

Mar sin féin tá lón machnaimh ann foia ghrá, teicneolaíocht, tromaíocht agus cairdeas. 

Cailín óg éirimiúil í Millí - ar bharr an ranga i ngach ábhar; ach gan cara ar bith aici agus dailtíní ag spochadh aisti. Obair taighde faoi rún á dhéanamh ag a hathair; ag soláthair orgáin shaorga chun cabhrú le daoine atá tinn, agus fad saoil a thabhairt dóibh. A máthair caillte le fada agus gan ach cuimhne ar éigin aici. Iad araon scoite amach ón saol. Millí ag streachailt leis an uaigneas - ach freisin ag glacadh leis an gá a hathair a chosaint tríd rún a chuid oibre a chaomhnú - a máthair básaithe de bharr briseadh isteach san saotharlann a bhíodh acu.

Tugann sí droim láimhe dá réir d'iarracht chailín eile, a bhfuil náire uirthi as a bheith páirteach i spochadh, cairdeas a snaidhmeadh... 

An bhfuil réiteach na faidbhe in andróideach a chruthú, bunaithe ar fionnachtain a hathair? An féidir le neach saorga mothú a bheith aige? 

Scéal láidir, agus is iomaí corr agus casadh ann; agus deireadh thar a bheith sásúil, dar liom. Scíthléitheoireach le lón machnaimh ag neart ceisteanna tráthúla. Thaithin sé go mór liom, ainneoin m'amhras! Tá an dearadh agus na léaraidí gleoite freisin.

I mo Chroí Istigh

Áine Ní Ghlinn

Ar mhaithe le L-spás a chaomhnú, is ón leabharlann a fuair mé féin é!

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. 



2022-02-19

Gearrthóga


Blúiríní a bhí cnuasaithe ar Twitter agam as rudaí a léigh mé, atáim á gcuir  anseo ar mhaithe le rochtain níos fusa orthu. Is dócha go mbeidh mé ag cur leis ó ham go chéile.  Tá mé ceanúil ar a leithéid riamh anall agus tá cúpla cnuasach agam as Gearmáinís - ó na meánaoiseanna ar aghaidh! Tá cnuasach Sengoídelc Dennis King ann. Chruthaigh Mauro Maver bot a chuireann mír an lae amach ar Twitter agus tá sé de nós agam Gaeilge an lae inniu a chuir orthu. Is deas na bloghanna beaga gaoise, agus is minic iad fós tráthúil. Leabhairín beag le Kurt Tucholsky a chuir teideal an mhír seo i'm intinn - Schnipsel. Focal le Gaois Antain Mac Lochlainn ann sa Ghaeilge, ar ndóigh.

Tá rud ann ar a [dtugann Pat Butler] ‘Céad Phrionsabal Cathal Goan’. Deireadh sé linn agus sinn ag obair ar na gclár Cúrsaí fadó gan a bheith ‘ag bladar faoin nGaeilge. Cuirigí in úsáid os comhair an phobail i bhfoirm nádúrtha thaitneamhach í’.

Is ar shlí mhaireachtála, agus cúrsaí cultúrtha san áireamh leis an dtéarma sin, a bhraithfidh an foclóir a bheidh in úsáid in aon teanga ar shneachta, nó báisteach, nó feirmeoireacht, nó ríomhaireacht, nó litríocht nó aon rud eile, seachas ar an dteanga féin.
Paddy Bushe
Qui se sibi magistrum constituit, stulto se discipulum subdit.

An té is mian leis é féin a oileadh, bíonn amadán mar dhalta aige.

Epistola LXXXVII, sect. 7
Bernard Clairvaux

'Má fhaigheann tú amach go bhfuil duine ag cúlchaint fút, ná bac le tú féin a chosaint ar na ráflaí ach abair seo, ‘Ó is ea, ach is léir nach bhfuil aige ach leath an scéil nó déarfadh sé i bhfad níos mó ná sin.’

Eipictéatas, Enchiridion: 33.9 (Antain Mac Lochlainn)

Is ar éigean atá aon tsnáithín d'ár gceangal do Shasana anois - ó tá, agus téad téagartha .i. teanga na Sasanach. Mara an ngearraimíd an téad sin tá baoghal go dtarraingeochaidh an Sasanach chuige féin arís sinn.

Éamonn Mac Giolla Iasachta 1938

ní chodlaíonn siad néal
na leabhair, ná mé
fairim an chathair i mo chlóca tréigthe
ex-libris, feidhmím gan dlí
feicim chuile chluaisín cait, gach ní stróicthe
scabhait a líontaí le leabhair chrua
anois lán dromanna damnaithe 
mé uasal, mé an oíche
mé Leabhrach

Gráinne Ní Mhuilneoir @ansiopaleabar in aithris ar leagan Béarla @sotherans

Ro chuattar iar sin na Lochlannaig fon tír, & ro airgsiot & ro loisgsiod an tír uile. Tugsad dna slúagh mór dhíobh a m-brait léo go h-Eirinn: .i. siad-sin na fir ghorma. Uair is ionann Mauri & nigri; Mauritania is ionann is nigritudo. 

tagairt do "fir ghorma" in Annála neamhiomlán na hÉireann

Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium, atque ubi solitudinem faciunt, pacem appellant.

Tugann siad an t-ainm bréagach impireacht ar ghoid, creachadh agus ár, agus nuair a chruthaíonn siad fásach tugann siad síochán air.

Calgacus athluaite ag Tacitus in Agricola

 

Irren ist das Recht dessen der die Wahrheit sucht  

Is ceart de chuid an té, atá ag lorg na fírinne, dul amú

Erich Mühsam

Das war ein Vorspiel nur, dort wo man Bücher Verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen.  

Ní raibh ansin ach réamhrá, san áit a dóitear leabhair
Dóitear daoine faoi dheireadh.

Heinrich Heine Almansor 

On ne voit bien qu’avec le coeur. L’essentiel est invisible pour les yeux.

Leis an croí amháin a feictear i gceart. Tá an eisint dofheicthe do na súile.

Antoine de Saint-Exupéry / Le Petit prince

Trí daoine a déantar duine den nduine

Umntu ngumntu ngabantu.

Seanfhocal Xhosa 

Ein Buch ist ein Spiegel, aus dem kein Apostel herausgucken kann, wenn ein Affe hineinguckt

Scathán is ea leabhar, ní thig le aspal féachaint amach as má fhéachann ápa isteach ann.

 Georg Christoph Lichtenberg.

 


 

 


 

2022-02-18

I ndílchuimhne Thomáis Mhic Siomóin

Anois díreach a fuair mé scéala ó Gabriel Rosenstock gur cailleadh Tomás Mac Siomóin inné. Crann os coill i measc úrscéalaithe na Gaeilge, i mo thuairim, cé go raibh sé scoite amach ó shaol na Gaeilge agus cónaí air le fada sa Chatalóin. Tá úrscéalta leis pléite anseo ar an mblag agam síos na blianta, úrscéalta a bhí neamhghnách agus as ar fhoghlaim mé i gcónaí rud éigin fiúntach. 

Ritheann An Tionscadal agus An bhfuil Stacey ag iompar liom ar an bpointe - ficsean tuairimeach den scoth a chíor an saol mar atá anois againn tríd  scátháin dhíchumtha na haoire. 

Chuir sé scéalta staire neamhfhicsean romhainn freisin - ar reic stair na nGaeil i Meiriceá Theas.

Ba paimpfléidí le dealramh freisin é agus smaointe úra aige maidir le cás na Gaeilge agus an créacht oidhreachta i síce na nÉireannach de dheasca a caillte (dóibh siúd a chaill í).

Bhí sé d'ádh orm casadh leis roinnt babthaí tríd na blianta - nuair a thug IMRAM omós dó, abair, agus bhíodh comhfhreagras anois is arís eadrainn. An uair deireadh a casadh ar a chéile muid ná ag seoladh na cúig leabhar filíochta aistrithe ó Cois Life - File ar Fhile -  inar chuir Tomás Gaeilge ar Antonio Machado. As sin an dán cuí thíos:


Adlacadh carad
En el entierro de un amigo

D'adhlacadar sa gcré é, iarnóin uafásach
Iúil faoi ghrian neamhthrócaireach.
Gar don uaigh oscailte
bhí rósanna gona bpeitil lofa neadaithe,
geiréiniam na géarchumhracht'
is na mbláth dearg ina fhochair. Faoi
ghoirme léir na spéire bhí
gaoth láidir thirim ag séideadh.

Agus é ar crochadh ó rópaí tiubha
d'ísligh beirt reiligire
an conra trom go
tóin na huaighe ...
Is an chré á bualadh aige, réab
fothram toll solúntacht na ciúine.

Baineann lándáiríreacht le fuaim chónra,
an talamh aige a bhualadh,
fóda troma deannachúla
ag briseadh ar chláracha dubh ...

D'iompair an ghaoth anáil bhán aníos
smeámh ó pholl domhain na huaighe.
- Agus tusa, gan scáth id' dháil anois,
suaimhneas síoraí go raibh ag do chnámha ...
Is brionglóid shámh fhírinneach!
Suaimhneas síoraí go raibh aige; agus go raibh léamh agus plé ar a shaothair!

Ar bheanna na Catalóine
A scaipfear luaithreach Thomáis.
Cré Éireannach ní dhéanfaidh
Ach soilsíonn lóchrann buan
A shamhlaíochta
Aigne Gaeil
Carn cuimhne docht


Mar a fuair Conchubhar Mac Nessa ríocht Uladh

Casco de Leiro, Castelo San Antón (A Coruña)
Jose Luis Cernadas Iglesias, CC BY 2.0, via Wikimedia Commons

Ba mór a n-orddan do Chonchobur hi cind .uii. mbliadan iarna genemain iss and ro gab ríge nUlad. Ba sí a thucaitside .i. boí Ness ingen Echach a mathairseom i n-oentama. Boí dano Fergus mac Rossa i rrígu Ulad. Adcobrastarside in mnaí .i. Ness do mnaí dó. Nathó ol sisi condom rab a log .i. ríge mbliadna dom mac. Conid tairle nocon erbarthar mac ríg frim mac. Tabair ol cach & bid lat a rrige cia chongarthar ainm ríge. Foid tra iar suidiu in ben la Fergus. & congairther ríge nUlad do Chonchobur. Ro gab tra in ben for tinchosc a meicc & a aite & a muntire .i. lomrad indala fir & a thidnacul diaraile & a hórsi & a hargat do thidnacul do aradaib Ulad ar dáig iartaige dia mac.
Tanic dí cend na ree hísin dia bliadna. Dorimgart i suidiu Fergus a giallu. Immacallaim immi or Ulaid. Ro imraidsetar i n-oendáil. Ba dímicin mór leo Fergus dia tabairt hi tindscra. Roptar buidig im do Chonchobur ara degthidnacul dóib. Ba sí im a n-immacallam anro rir Fergus scarad dó friss. Anro chennaig Conchobor anad aici.
Iss and sin tra ro scar Fergus fri ríge nUlad. 


Ba mhór onóir Conchubhar i gceann a seacht mbliana iar a ghiniúna dó agus gabh sé ríocht Uladh. Ba é a thucaid sin .i. ba Ness iníon Eochach a mháthair in aontumha. Bhí an uair úd Fergus Mac Roi i ríocht Uladh. Shantaigh sé an bhean, .i. Ness mar bhean dó. Dhiúltaigh sí dó seachas dá bhfaigheadh sí a mian, .i. ríocht bliana dá mac. Sin chun go dtabharfaí mic rí ar chlann a mhic. Tabhair, arsa cách, agus is leatsa a bheidh an ríocht cé go dtabharfar rí air siúd. Ina dhiadh sin ghlac an bhean le Fergus agus gairmeadh Rí Uladh ar Conchubhar.
Do chuir an bhean ansin comhairle ar a mac agus a oide a mhuintir .i.  maoin a bhaint d'fhear amháin agus é a bhronnadh ar fhear eile agus a hór agus a hairgead a bhronnadh ar arda Uladh ar mhaithe lena mac. Tháinig lá ceann na mbliana. D'éiligh Fergus a ríocht arís. Bhí allagar i measc na nUltach. Chruinnigh siad in aon dáil. Mheas siad go raibh masla mór tugtha ag Fergus dóibh. Bhíodar buíoch do Chonchubhar as an méid a bhronn sé orthu. Ba thoradh a n-allagar an ríocht a bhaint de Fergus. Mar sin choinnigh Conchubhar ionad s'aige. Agus is mar sin a scar Fergus le ríocht Uladh.

Leagan garbh nua Ghaeilge liomsa.

2022-02-17

Ón Ulán Ramhar Siar

Ar mheánscoil beag do bhuachaillí a d'fhreastal mé. Ceathrar againn a bhí ag dul don Ardleibhéal Gaeilge; agus tógadh le Gaeilge triúr againn. Bhí tréimhse caite i scoil cónaitheach Gaeilge ag an gcearthrú duine. Is dócha gur dúshlán d'fhoighid na hoidí ab ea muid. Ag amharc siar is eagal liom go raibh mé lán le sotal na hóige, sotal an té a rinne go maith go hacadúil gan mórán iarrachta. Tréith a rinne an ollscoil deacair dom - níor fhoghlaim mé conas foghlaim go dtí i bhfad ina dhiaidh sin, i saol na hoibre. Pé scéal é, bhí an Diréanach "ar an gcúrsa" - ní cuimhin liom anois cé na dánta - An tEarrach Thiar, agus cúpla ceann eile shamhlóinn. 

Ar aon nós, bhí ár muinteoir, Liam Wrynne ina chónaí i gcomharsanacht Uí Dhireáin a bhí an uair úd - sna 1980í - ina chónaí ar Bhóthar an Racardair agus thug sé isteach é lá chun cainte linn. Ní dóigh liom go raibh mé aibí go leor chun tairbhe ceart a bhaint as. Táim buíoch as an méid go bhfuil cuimhne agam air - ní cuimhin liom faic a dúirt sé - ach an ócáid, fathach fir maol ag suí go ciúin i seomra ranga beag i sean teach. Is cuimhin liom a theacht i láthair, a uaisleacht nádurtha a cheansaigh sotal na hóige. 

Shamhlóinn go raibh an aos léinn a chuala na cainteanna atá trasscríofa sa leabhar seo níos inniúla ar tairbhe a bhaint astu, cé nach dócha go raibh siad mórán níos sine ná an mise sin. Ach bhíodar ag dul don nGaeilge san ollcoil dá ndeoin féin, seachas ag iarraidh léimt tríd lúbanna na hArdteiste leis an trioblóid is lú!

Bhain mé féin taitneamh as an léamh - in éineacht le Feamainn Bhealtaine agus An Chuid eile díom féin tá léargas le fáil anseo ar intinn an duine nach bhfuil chomh soiléir sna dánta. Trácht ar chúlra na dánta atá anseo, plé ar an dteanga iontu agus an taithí saoil agus meoin as ar fáisceadh iad. Le tuiscint freisin gur tháinig forbairt ar an bhfear é féin.

Trácht ionraic ann ar mianta collaí an fhir ar thóg sé i bhfad air dul i ndáil mná - an ghrá nach raibh baileach éagmaiseach ó tharla nár cuireadh in iúl é fiú ós ard. 

Léargas ar a omós dóibh siúd a thit i troid na saoirse agus a tharcaisne don dream a tháinig i gcumhacht: 

Mothú Feirge

Feic a mhic mar a chreimid na lucha
An abhlann a thit as lámha na dtréan
Is feic fós gach coileán go dranntach
I bhfeighil a chnáimh ina chró bréan
Is coinnigh a mhic do sheile agat féin.

An abhlann a thit as lámha na dtréan - samhail cumhachtach ar bhain sé feidhm as uair nó dhó eile; an comaoineach naofa i gceist, rud éigin thar a bheith naofa sollúnta.

Léargas ar an dúlra agus an  eolchaire agus an stoiteachas ar ndóigh.

Na focail a fuair sé ón gcaint; agus na cinn nach bhfuair ann. Cinn a chum sé nó a fuair sé sa litriocht. 

Sa bhfilíocht go mór mór, agus sin an fáth tá daoine a rá: cuirfimid caighdeán ar a leithéid seo agus caighdeán ar a leithéid siúd. Níor cheart d'fhile ar bith cead a thabhairt dóibh níos mó caighdeánú a dhéanamh ar fhilíocht ná atá á dhéanamh ar chuile rud faoi láthair. Agus ar ndóigh, ní athrú go caighdeán. Beidh athrú éigin eile ar an gcaighdeán i gceann cúig bliana nó níos túisce ná sin.
A tuiscint ar a ealaín agus a riachtanais agus a luach:
Agus sin é a thugaimse ar dhúchas, an snáth ceangal leis an tseanfhilíocht, nó filíocht nach bhfuil chomh sean sin, dáiríre. Ní le sluaistreáil focla agus abairteacha isteach i mullach a chéile le ligean ort féin go bhfuil tú ag leanacht lorg na sean.

Is é sin, nach as an bhfilíocht, as an ealaín a thiocfaidh dochar an chine, ach as an eolaíocht. Tá a fhios againn cheana gur tháinig cuid den dochar sin ar Hiroshima agus dá réir sin. Ní gá dul níos faide leis sin.

Is ón leabharlann a fuair mise an leabhar - mar sin bhí mé á leamh ó chlúdach go clúdach, diaidh ar ndiaidh. Ní hé sin is fearr do leabhar mar é - tá se dlúth agus saibhir agus is gá é dhíleá. Leabhar don leabhargán le tarraingt anuas ó am go chéile. Tá na dánta átá á phlé ar fáil sa leabhar - agus nótaí léannta an eagarthóra freisin - Eoghan Ó hAnluain. (Níor léigh mé féin na nótaí). 

Bhain mé pleisiúir agus tairbhe as. ba bhreá liom, má tá siad fós ar fáil, na téipeanna féin a chlos lá éigin. Tá CD de fhilíocht an Direánaigh agam agus tá roinnt cur i láthair agus nathanna á mhíniú aige ansin, Bhí guth ana dheas aige freisin.

Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ar Chúlra Saoil cuid dá Dhánta

Eag Eoghan Ó hAnluain




2022-02-16

Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge - Sraith Raidió








Rinne Mairéad Uí Dhomhnaill sraith iontach cláracha ar údair na Gaeilge. Craoladh iad ar RTÉ RnaG. Níl aon leathanach dá chuid féin ag an sraith agus tá sé deacair dá réir teacht ar na cláracha. Le cabhair ar ghiolcaireacht a rinne mé ag an am, tá mé tar éis ocht gclár a aimsiú ar an suíomh. Má aimsím an dá cheann eile cuirfidh mé na nascanna anseo. 
Tá mé buioch de Caitríona Ní Bhaoill RnaG - ó chuir mé seo in airde tá leathanach feistithe agus an dá chlár a bhí in easneamh orm faighte!
Bhí an plé thar a bheith spéisiúil, agus chuir sé mé i dtreo roinnt údair agus leabhair nach raibh léite agam cheana. 

  1. Úna Ní Mhaoileoin
  2. Liam S Gógan
  3. Mairéad Ní Ghráda
  4. Annraoi Ó Liatháin
  5. Cathal Ó Sándair
  6. Bréandán Ó hEithir
  7. Seán Ó Lúing
  8. Domhnaill Mac Amhlaigh
  9. Seosamh Mac Grianna
  10. Diarmuid Ó Súilleabháin 
Ní dearthóir grafaice ró mhaith mé, mar is léir...

2022-02-15

Faoi Bhláth: An Fál Sceach

 

Féirdhris: Roberta F., CC BY-SA 3.0
Sceach gheal: CC BY-SA 3.0
Dris: Rasbak, CC BY-SA 3.0
Draighean: Agnieszka Kwiecień, Nova, CC BY-SA 4.0
Sailchuach: Morcup, CC BY-SA 4.0
Ó Wikimedia

Chonaic mé cuid de na scannáin gairide a rinne Aedín Ní Thiarnaigh do Cúla 4 ar scoil faoi na bláthanna, Fear cathrach mé féin, agus is duine mé ar aoibhinn leis bheith ag siúl, agus go háirithe le linn na paindéime bhí mé ag tabhairt suntas don saibhreas bláthanna atá le feiceáil sa choill agus cois bóthair. Labhrann Aedín go heolach gealgháireach spreagúil faoin na bláthanna agus an béaloideas a ghabhann leo.

Bhí mé ar bís mar sin nuair a chuala mé go raibh clár le cuir i láthair aici. Ní raibh díomá orm! Leathuair a chloig a chuaigh thart go gasta, An Fál Sceach (téama nach raibh agam) mar théama; ceithre chinn de sceacha agus bláth amháin mar théama. Aoínna éagsúla ag caint léi, dochtúir, luibheolaí, ealaíontóir, bean déanta tae agus táirgí eile. Leigheas agus dúch agus deoch á dhéanamh as na bláthanna agus á úsáid.

Aedín ag caint go heolach gealgháireach. Is dócha gur comhartha é gur fear meánaosta mé gur rith sé liom ag pointe éigin go gcaithfidh sé go bhfuil faithlis ollmhór ag Aedín - éadach cuanna ilchinéalach aici, agus athrú minic!

Tá mé ag súil go mór leis an gcuid eile den sraith, agus le rudaí nua a fhoghlaim a mbeidh tairbhe á bhaint agam astu ar na siúlta. 

2022-02-14

Caiticeasma na gCliché

Brian Ó Nualláin(1)
Tá cnuasach measartha mór agam de shaothar Bhriain Uí Nualláin, agus mé tugtha dó ó bhí mé san Ollscoil ar a laghad. Is breá liom an polladh a dhéanadh sé ar nathanna smolchaite ar a dtug sé an Cathechism of Cliché. Bhí mé chomh tugtha dó gur scríobh mé litir abhaile ón Ghearmáin sna laethanta luatha chuig cara liom go hiomlán ina chaiticeasma nathanna. An áit gur chuir mé mearbhall iomlán uirthi ná nuair a d'fhí mé cúpla cothromóid innealtóireachta tríd chun cuir in iúl go raibh mé marbh leis an teas!

Nath smolchaite éigin a chuala mé ar an raidió a mheabhraigh iad dom agus chuir mé tús le comhrá ar Twitter ag rá go mba mhithid a léitheid a bheith ann as Gaeilge. Chuir Cathal MacCoille go mór leis an gcnuasach thíos, atá anseo lena chaoincead (féach thíos....). Leis siúd na cinn i gcló trom. Chuir mé corrcheann eile leis an liosta a rith liom agus an mír seo á scríobh agam.

Cad a déantar le dúshláin?
Sáraítear iad.

Cad é an céim is coitianta i mbéal pholaiteora?
Géarchéim.

Cá mbíonn an cloch is mó?
Ar phaidrín.

Cén saghas mac an saol?
Mac ait.

Cad a dhéanfaidh an aimsir?
Neosfaidh sí.

Cén uair í?
Uair na cinniúna.

Cad a dhéanann an t-am?
Imeacht. (Gan tásc ná tuairisc).

An meá, idir cé a mhéad ceann?
Dhá cheann.

Bíonn gach ábhar cén áit?
I gceist.

Cén scáth ar a mairimíd?
Ar scáth a chéile.

Cá gcuirtear sásamh, nó míshásamh?
In iúl.

Cé chomh tuirseach?
Tinn tuirseach.

Cad a tharlaíonn do cheisteanna?
Ardaítear iad.

Cad is féidir a dhéanamh le ceist? 
Í a tharraingt anuas.
Nó a chíoradh.

Cad a bhíonn in éineacht le cur?
Cúiteamh.

Cá dtiteann an lug?
Ar an lag.

Cad a dhéanann grian?
Clocha a scoilt.

Cá chaithfear ba a chur? 
Thar abhainn. 

Cén áit pianmhar i gcasúr a bhíonn daoine? 
Sa ladhar. 

Cén saghas cead brónach é?
Caoinchead.

Cén buille tubaisteach a chuireann críoch le rud?
buille maraithe na muice!

Is dócha go gcuirfidh mé leis seo de réir mar a chloisim samplaí fiúntacha!


(1) Flann O’Brien full figure, seated at his desk, oil paint, 1957, Micheál Ó Nualláin, Irish Room, Flann O’Brien papers, MS.1997.027, John J. Burns Library, Boston College - faighte ó seo

Má bhíonn tú in Éirinn, bí in Árainn agus, má bhíonn tú in Árainn, bí in Eochaill!


Táim trí bliana níos sine ná an duine is giorra dom i gclann mo mhuintire, naonúr ar fad a mhair agus an duine is óige scóir bliain níos óige ná mé. Agus tá claonadh chun aonaránachta ionam. Agus fonn siúil riamh anall. 

Agus mé sna déaga chaitheamar cúpla saoire ar Árainn. Níl mé cinnte an faoi dhó nó faoi thrí a bhíomar ann. Babtha amháin, nó b'fhéidir faoi dhó i gCill Éinne gar don gcé agus Caisleán Chromail. Bhí mé níos óige an uair sin. Tá cuimhne éigin agam ar caidreamh éigin eadrainn le leaid áitiúil. Níl fhios agam an muide a mhúin an nós bharbartha dó siúd nó an bhealach eile thart. Bhíodh muid ag iascaireacht portáin ghlasa le baoite bairnigh. Ansin, le cruálacht na hóige, ag iompú rothar bun os cionn, ag cuir roth ag casadh faoi luas, agus ag déanamh smionagar de na portáin bhochta trí iad a chaitheamh tríd.
As Flies to wanton boys... 
Creidim gur samhraidh '85 a bhíomar ann an dara (nó tríú) babtha. Bheinn thart ar sé déag an uair sin. Bhíomar siar ó Chill Rónáin, gar do Tí Joe Wattie. Tá cuimhne éigin agam ar dul síos chun na céibhe le ceathrar bádóirí ón bhFrainc agus cúpla fámaire baineann óga i mbun craic - bhí ceol ag na Francaigh agus cóisir ar an luaimh acu. (N'fheadar anois conas a fuair mise cuireadh - níl ceol ar bith agam!) Bhí mé ag diúltú don bhfíon a bhí siad ag tathant orm - chloígh mé le pledge an cóineartú go dtí go raibh mé ocht déag. Agus bhí i mo phótaire ina dhiaidh sin, go dtí go raibh an clann óg agam agus tinneas póite i bhfad ró achrannach... 

Táim measartha gur '85 a bhí ann, mar bhí mé tar éis páirt a ghlacadh i gcomórtas na  nEolaithe Óga an bhliain sin, agus fáil amach faoi Seachtain Eolaíochta an RDS - campa samhraidh a d' fhreastail mé air an bhliain sin agus an bhliain ina dhiaidh, i Thomas Prior House, atá anois ina óstán. Slua mór déagóirí le spéis sna heolaíochtaí, ó gach cearn d'Éirinn, thuaidh agus theas, agus roinnt ó thar lear. 

Bhí mé tar éis aithne a chur ar neart daoine idir fireann agus baineann (ba ar scoil bheag lán buachaillí a d'fhreastail mé, ach ní raibh mé iomlán ciotach ó tharla go raibh deirfiúracha agam, agus mé le bliain nó mar sin le grúpa gasóga measctha.) Bhíos cúthail mar sin féin. Ach bhí cailín cuidsúlach le gruaig fhada chomh dubh le hairne. Luaigh sí go mbeadh sí ar Inis Meáin thart ar an am a mbeinn ar Árainn. Chuaigh mé sa tseans lá amháín agus thóg an bád farantóireachta trasna. Bhí sí díreach fágtha lá nó dhó roimhe sin. Chas mé ar mo sháil agus d'fhill ar an mbád. Cúis gáire do lucht an bháid, ach tuiscint acu do bhaois na hóige, Tá áiféala anois orm nár chaith mé an lá ag cuir aithne ar Inis Mheáin!

Bhí léarscáil Tim Robinson foilsithe le tamaill roimhe sin, agus cóip agam. Lá éigin bhuail mé an doras amach agus thug aghaidh ar Dhún Eochaille, agus thart ar a oiléain. Chuir mé líne fán bhealach a thóg mé, agus is athchrúthú ar sin atá sa léaráid thuas. Bhí radharc bhreá ó Dún Eochaille. Chuaigh mé siar ansin ar bhóithre glasa go dtí na haillte ar chósta an Atlantaigh. Chonaic mé poll na péiste. Ar feadh seal bhí mé ar siúl ar an aill in ait a raibh sraith den aill ós mo chionn agus sraith eile fúm. Ach chúngaigh an bhealach agus bhí orm cúlú go hairdeallach go dtí áit go bhfeadfainn an barr a bhaint amach le beagán de dhreapadh. 

Bhí Dún Aonghusa nach mór bainte amach agam faoi sin; agus as sin chuaigh síos go dtí an bóthar, agus amach go deireadh an oiléain; agus ar ais abhaile. 

Níl fhios agam ar ghlac mé grianghraif ar bith, nó an raibh ceamara agam in aon chor an uair úd. Gach seans nach raibh!

Taobh le cuimhní amháin atá mé - ar oileán scéirdiúil álainn, agus siúlóid spreagúil.




2022-02-12

Analógach atá am...

Tá dearmad déanta agam cé chomh fada is atá an uaireadóir seo agam. Measaim go raibh sé ag mo nuachar romham. Tá mé a chaitheamh le fiche éigin bliain ar a laghad. Cinnte, bíonn cadhnra le n-athrú anois is arís. Nó strapa. Go háirithe nuair a thiteann sé isteach sa chiseán níocháin de thaisme agus go nglantar leis an níochán é...

Ainneoin go bhfuil am thar a bheith cruinn ar fáil ar m'fhón póca, atá liom i rith an lae ar fad, bíonn an uaireadóir de dhíth orm i rith an lae agus clog aláram analógach i rith na hoíche. Braithim go bhfuil níos mó eolais le baint níos fusa as spléachadh gairid ar lámha cloig ná mar atá ó chruinneas dhigiteach.

Feictear dom go bhfuil an deighilt sa chiorcal nádúrtha, go léiríonn sé an tréimhse atá caite nó le fanacht. 

Sa Ghearmáinis tá an nós agam viertel, halb, dreiviertel a rá - ach ní tar éis a bhíonn i gceist.

7:15 — viertel acht, ceathrú ocht, i. Tá ceathrú den ochtú uair caite.

Sin ráite, sa scríobh is túisce a bhainim feidhm as an clog fiche ceathair uaire seachas trácht ar roimh nóin nó iarnóin. Arís, níos lú dua chun an t-eolas a roinnt, agus é níos sothuigthe. 

Imíonn an t-am, ach casann sé freisin! 

2022-02-11

Turscar agus teanga



'The Death of Irish’

The tide gone out for good,
Thirty-one words for seaweed
Whiten on the foreshore.
— Aidan Carl Mathews, 1986

Bhí mé ag smaoineamh le déanaí faoin idirdhealú seo - tríocha haon ainm ar fheamainn ag bánú ar an gcladach. Caointear an caillteanas saibhreas teanga, nó an teanga féin fiú, ach is éard atá caillte ná saol ina bhfuil an t-idirdhealú sin fóinteach agus riachtanach. Comhartha sóirt an tanú teanga ní cúis. Agus ní réiteach iad altanna nó leabhair snasta boird caife le liostaí focail agus béaloideas gáifeach, cé gur cabhair iad chun an t-eolas faoin ndúlra a athghabháil, má tá an t-eolas cruinn.

Is minic screamh scéil iontais ag ceilt na heolaíochta, ar ndóigh.

Ar aon nós, tá dóchas ionam ó cláracha teilefíse fearacht Bailte, An Cósta Thiar agus na seoda a bhíonn ag Eoin Warner, nach bhfuil baol ar bith go mbeidh focail ag triomú ar an dtrá, pé acu an cineálacha feamainne atá i gceist, nó lusanna, nó éisc. 

Tá cainteoirí óga Gaeltachta agus Gaeil eile ag cuir lena n-eolas ar an ndúlra agus ag baint slí beatha as. Go deimhin bhí bainteoir óg feamainne ar Iris Aniar ar Raidió na Gaelachta le déanaí, ag plé faoi conas mar a bhí sé féin ag baint tairbhe as an saol agus ag athfoghlaim faoin dúlra. Táim ag súil leis an gclár Faoi Bhláth atá le tosú ar an Luain beag seo ar teilefís RTÉ 1. Tá ana chnuasach déanta ag Aedín Ní Thiarnaigh ar bhéaloideas bainteach le lusanna; agus an cuma air go bhfuil neart daoine eile aimsithe ag Abú Media.

Ar ndóigh, mar fear cathrach agus ríomhchlairitheoir, is scáinte m'fhoclóir dúlra; ceal riachtanas. Ach - cé nach mbainim feidhm as an Ghaeilge le linn cúrsaí oibre go hiondúil, tá foclóir agam inti maidir le mo chuid oibre agus scata aistí scríofa anseo agam faoi.

Agus léiríonn An Dara Rogha le Celia de Fréine, nó Tinte na Farraige Duibhe Tim Armstrong aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, gan ach dhá shaothar a lua, go bhfuil an Ghaeilge breá in ann dul i ngleic leis an bhficsean eolaíochta.

Ní chaomhnítear teanga tríd í chuir faoi ghlas i leabhair bord caife - níl i ndán dí ansin ach meirg agus leamhan. Is trí usaid a chuirtear snas ar theangacha agus a méadaítear a luach.

Deirtear nach sabhálfaidh caint an Ghaeilge. Ní fíor. Ní sabhalfaidh ach caint an Ghaeilge. Caint i nGaeilge.

A Ghobnait Ársa ....

Áiteanna darb ainm Chill Ghobnait ó logainm; agus turas Ghobnait, measaim!

A Ghobnait ársa, is tú ár bpátrún,
Go ndúirt guth Dé leat is tú id’ chailín óg,
Bheith ag siúl na dtriúchta go bhfeicfeá i ngrúpa
Ar mhóinteán úr-ghlas, naoi bhfianna bán.
Ar do thoisc ó Árainn gur shroisis Dún Chaoin,
D’fhan seal san áit sin is beannaigh cách,
Is thug Dia solás duit ar do shlí go Múscraí
A Ghobnait naofa, múin toil Dé dhúinn.

 A Ghobnait Ársa

Foinse - https://muscrai.wordpress.com/ - Tá Cór Chúil Aodha le clos ansin á chanadh.

San ré réamh Coivide bheinn ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Bhúirne an t-am seo den bhliain, chun freastal ar ionspioráid na bliana - Imbolc. Tá súil agam go mbeidh arís! Beagnach gach bliain de na blianta sin, thug mé cuairt ar Reilig Ghobnatan; agus faoi dhó ar a laghad bhí duine áitúil ann chun cuid de na scéalta a roinnt linn; Peadar Ó Riada uair amháin, agus fear eile (nach bhfuil a ainm ag teacht chugam) bliain eile. Bíonn Lá Gobnatan, an 11ú Feabhra, gar don lá ar a mbíonn Imbolc ar siúl, agus bhí deis agam faoi dhó a dealbh a thomhas!

Gobnait Shéamuis Murphy
Baile Bhúirne
Tobar Ghobnatan
Baile Bhúirne
De réir an tseanchais, thug fís treoir do Ghobnait taisteal deiseal tríd Cúige Mumhan ag lorg an áit go bhfeicfeadh sí naoi fhia bhán, agus socrú ansin. Más buan mo chuimhne, trí chinn a chonaic sí i nDún Chaoin, áit a bhfuil tobar agus cill dá cuid - chonaic mé sin le linn siúlóide a d'eagraigh Scoil Cheoil an Earraigh áit ar chuala mé breisin seanchais ó Sean Mac an tSíthigh! Chuaigh sí ar aghaidh ansin go háit i bPort Lairge áit a bhfaca sí sé fia - ach shocraigh sí i mBaile Bhúirne áit a bhfaca sí an naoi fia le chéile. Tá áiteanna eile luaite léi ar ndóigh, mar is léir ó na Cealla atá ainmnithe ina diaidh ar an léarscáil thuas.
Tobar Ghobnait, Dún Chaoin
le Cliodhna Cussen an dealbh
Féach an próca meala mar ofráil!
Cill Ghobnait agus a Cros
Dún Chaoin
Dealbh de Ghobnait
i sáipeál Dhún Chaoin
Ceann de na scéalta a bhí ag Seán ná gur thóg an sagart paróiste an cros go dtí an Bhuailtín - bhí sé amhrasach faoin achrann agus an ragairne le linn an phátrúin. Ach gur fhill an chloch as a stuaim féin!

Tabhairt faoi ndeara gur [Tobar] Ghobnatan an ghinideach i Múscraí agus Ghobnait i nDún Chaoin!

Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa
Go mbeannaí Muire dhuit is beannaím féin duit
 Is chugat-sa a thána a’gearán mo scéil leat
 ‘S a d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.

Is iomaí scéal faoi Ghobnait ag teacht i gcabhair ar an bpobal; é luaite le háirithe le beacha. Tá cosúlacht i cuid de na scéalta leis na scéalta faoi Bhrighid, agus ní dóigh liom gur comhtharlú é gur ar Lá le Bríde de réir féilire Iúil Caesar atá Feile Ghobnait.

 


2022-02-10

Turas tintrí ó Thadhg Ó Cianáin go hÚna Ní Mhaoileoin


In diaidh dom Pádhraic a chlos ag caint ar an seimineár seo ar An Cúinne Dána bheartaigh mé féin tabhairt faoi aistear amach go Má Nuad d'fhonn breis a chlos.

B'fhiú go mór é. 

An sainmhíniú atá mar shlat tomhais ag Pádhraic ar litríocht taistil ná cuntas ag duine a thug turas thar lear, a d'fhill abhaile, agus a thugann tuairisc ar a bhfaca a shúile, a chuala a chluasa, agus a mhothaigh sé.

Ba ghá do mheánaicme teacht chun cinn chun go mbeadh a leithéid ar fáil - idir scríbhneoirí agus léitheoirí. 

Le Tadhg Ó Cianáin, a d'fhág cuntas ar Imeacht na nIarlaí dúinn a thosaigh sé. Bhí neart samplaí eile aige, ag dul i líonmhaire sa chéad seo chaite, nuair a spreag gluaiseacht na hAthbheochana idir scríbhneoirí agus léitheoirí. 

Níor thug mé gach ainm liom, faraor, ach bhí cuntas aige ar Mícheál Breathnach, Donncha Ó Céilleachair a d'fhág cuntas ar oilithreacht na hÉireann chun na Róimhe sa bhliain naofa 1950, An Casaideach Bán, Éamon Mac Giolla Iasachta, Mícheál Mac Liammóir, dalta scoile a chaith leathbhliain san Eilvéis. Agus an bheirt Griannach. Thug sé le fios go raibh neart eile nach raibh am aige iad a lua. 

Bhí taifeadtaí aige sa chanúint cuí de sleachta as na saothair.

Mura bhfuil dearmad orm, agus thiocfadh sé go bhfuil, is leis an t-aon bhean a luaigh sé a chur sé críoch lena chuid cainte - Úna Ní Mhaoileoin agus an triológ a scríobh sí agus atá pléite anseo cheana agam. 

Chuir na taifeadtaí go mór leis an gcaint, agus mar atá molta ag Pádhraic don Raidió, dhéanfadh a leithéid scoth sraith cláracha raidió. 

Tuigtear dom go bhfuil scoláire eile Kate Uí Chíobháin, a bhfuil díolaim den litríocht seo ar na bacáin aici. Tá mé ag súil go mbeidh leabharliosta sa dhíolaim sin chun an deis a thabhairt do mo leithéid dul ag tochailt chun na bunsaothair a fháil. 

Is mór an pheaca nach bhfuil roinnt de na saothair seo i gcló. B'fhiú go mór é. 

Bhí deis ceisteanna agus plé ina dhiaidh, agus fáiltiú bheag áit ar lean an plé. Táim breá sásta gur éirigh liom mo chúthail coivide a shárú agus bogadh amach!

Beidh mé sa tóir ar roinnt de na leabhair ar cuimhin liom fúthu - agus ag tnúth le foilsiú na díolaime.

Bhí sé ana dheas freisin deis a bheith ann plé le daoine eolacha san fíor saol! 

Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch...

Báisteach ó Dhia chughainn, ach gan é bheith fliuch.
is cuid an lae amáraigh go gcuirfidh sé anocht!

Báisteach 

Ní athraíonn doineann 
blas na meala, 
ní mhúchann grian 
nuair a théann sí i dtalamh; 
mura ndiúlann ithir 
de chíoch na spéire, 
is gearr é saol 
an chine dhaonna.

Joe Steve Ó Neachtain 

Tá ciúnas ar an saol mór máguaird
Cé is móite de ghiob-gheab na fearthainne
Méara binbeacha na fearthainne ar an díon
Ag seinm tiúin
Méara friochanta na fearthainne
Méara fada fuinniúla na fearthainne
Méara bríomhara binbeacha bíogúla ag scinneadh go haclaí

as Oíche Nollag
Eoghan Ó Tuairisc

Fadó, fadó, nuair a bhí Lá amháin sa tseachtain scríobh Seán de Fréine an t-alt atá neadaithe thuas maidir le na focail ar bháisteach. Luaigh @ceanncait ar Twitter go bhfuil neart focail agus nathanna i Foclóir Uí Dhónaill. Anseo thíos roinnt torthaí ar chuardach droim ar ais an bhfocal "rain" - tá neart eile ann!


bruth báistí teas a leanann báisteach é
seadbháisteach, seadbhraon,
braon i mbéal na gaoithe
braonacha báistí ar an ngaoth, ceobhrán
draonán, drothán, fliuchbháisteach,
salachar báistí, salacharaíl báistí, fearthainn bhog.
báisteach ceomhar le braonacha beaga
brádán, ceobhrán rud beag níos troime ná an ceann roimhe seo
Ag deoradradh fearthainne braonacha ag titim
bogfhearthainn báisteach eadrom le braonacha beaga
craobhmhúr báisteach scaipthe
breacbháisteach ceathanna anois is arís
clagarnach báisteach trom a bhainfeadh ceol as an díon!
dallcairt titim trom báistí nó sneachta
forlacht titim an-trom báistí
Ag gleadhradh báistí ag cuir go trom
léidearnach fearthainn trom tiománta ag an ngaoth
spútrach braonacha troma báistí a dhéanann preabadh ón dtalamh
gailfean báistí báisteach trom tiománta ag an ngaoth
bailc, bús báistí, tuile, tulca múr trom bháistí
Ag balcadh fearthainne ag cuir go trom
batar/batarnach fearthainne, Ag dubhfhliuch fearthainne cith trom báistí
brúisc fearthainne cith tobann báistí
Lá buan fearthainne fearthainn ar feadh an lae
Lá duartain fearthainn trom ar feadh an lae
Fearthainn chinnte fearthainn gan stad
Ag caidhleadh báistí báisteach fearacht buillí
Báisteach dheannachtach báisteach fuar a dhéanfadh libín asat
Ag cur de dhíon is de dheora, ag cuir sceana gréasaí báisteach trom
díle bháistí báisteach thar a bheith trom
báisteach
fearthainn
aimlithe millte ag an bhfearthainn
Ní dhéanfaidh sé brí (fearthainne) ní thitfidh mórán báistí
cafarr caipín báistí ar chnoc
cídeog clúdach don cloigeann agus na guailne ó bháisteach nó gaoth
fáfall glanadh báistí
turadh stop le fearthainn
aiteall sos idir dhá chith
frasach ceathach
cithnéal, frasnéal scamall báistí
múrabhán scamall dorcha fearthainne
brollach na fearthainne ar tí tosú a chuir
Tháinig an lá ina chac báistí milleadh an lá ag báisteach
Cúpla ceann eile a bhí ag Toose ar Eachtraigh Dom 2022-02-28 agus atá in FGB
Sreangán báistí Ní thabharfá puinn aird air ach fliuchadh sé go maith tú (ceobhrán) ~ Toose
Péatar báistí báisteach trom
cáitheadh sneachta / báistí ag stealladh báistí
Ceo doininne ar chnoc, ceo soininne ar aibhnte