Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-22

Comhthéacs, comhthéacs, comhthéacs....

 

Cuimhneachán Rosa Luxemburg, Zwickau
Le Vwpolonia75 (Jens K. Müller, Hamburg) -Saothar féin, CC BY-SA 3.0

Sula raibh mórán eolas in aon chor agam faoi Rosa Luxemburg bhí an nath cáiliúil seo ar eolas agam "Saoirse an dreama ar mhalairt tuairime is ea saoirse i gcónaí." Tá cuma breá daonlathach air mar ráiteas. 

Ach ba Boilséiveach dian diongbháilte í Luxemburg, a feallmharaíodh agus éirí amach foréigneach a raibh sí ina ceannaire air á cloí ag trupaí ar son rialtas daonlathach Phoblacht Weimar. Tá ráitis iomlán eile dá cuid le léamh; leithéidí 

Die Nationalversammlung ist eine gegenrevolutionäre Festung, die gegen das revolutionäre Proletariat aufgerichtet wird. Es gilt also, diese Festung zu berennen und zu schleifen.

Daingean frith-réabhlóideach an Dáil Náisiúnta, atá tógtha i gcoinne an lucht oibre réabhlóideach, Is gá, dá réir, é a ghabhadh ó cheann go ceann agus é a threascairt.

Is léir mar sin, nach saoirse iomlan tuairimíochta a bhí i gceist aici. Ní lena beo a foislíodh an nath; is nóta imill atá ann ar lámhscríbhinn dá cuid nár críochnaíodh; bhí réabhlóid na Rúise a bhí díreach tite amach á phle aici. 

Is cosúil, i gcomhthéacs, gurb é a bhí i gceist aici go mba ghá oideachas a chuir ar an lucht oibre d'fhonn an soisialachas a chuir i gcríoch; go mba cheart go bhfágfadh deachtóireacht an lucht oibre spás don forbairt phearsanta agus taithí phearsanta - laisitigh de chóras an soisialachais; agus gur bhraith sí go raibh lámh láidir Léinín agus a comrádáithe ró-dhocht sa bpointe sin.

Tá a bheatha féin ag an nath anois áfach; é réabhtha ina chomhthéacs. Cabhraíonn sé gur mairtíreach  a feallmharaíodh a dúirt. Bhí sochraid ollmhór uirthi agus ar Liebknecht a maraíodh in éineacht léi. Oráidí paiseanta éifeachtach ab ea í freisin. Ní cúis iontais é mar sin go mbíonn oilithreacht bhliaintúil chuig a huaigh agus uaigh Liebknecht; na fíréin sóisialacha a leagan lusanna na gile dearg ar an uaigh.

Agus é seo á scríobh agam, níl mé cinnte nach bhfuil an nath úsáideach mar sin féin, fiú más brí ar leith nach raibh i gceist aici a bhíonn leis anois. Meabhraíonn sé nath eile dom;

Verschiedene Sprüche der Alten, die man öfters zu wiederholen pflegt, hatten eine ganz andere Bedeutung, als man ihnen in späteren Zeiten geben möchte.

Bhí brí iomlán éagsúil, ná an bhrí a tugtar níos déanaí leo, leis an iliomad rá de chuid na sinsir, a ndéantar athrá minic orthu. 

Aus Makariens Archiv
Wilhelm Meisters Wanderjahre
Goethe

Cuireann friotal na sinsir smaointe nua in iúl go héifeachtach freisin; agus go hiondúil ní bhíonn míthuiscint i gceist anois. Ar an lámh eile, cruthaítear saobhíomhá den duine a chum an friotal an chéad lá riamh. 

N'fheadar.


Agus seo á scríobh agam bhain mé feidhm as an dá alt thíos. Bhí an smaoineamh ar foluain i gcúl mo chinn ar feadh i bhfad áfach - chuaigh mé ag lorg breis eolais agus fuair mé iad seo.

[1] Was „Freiheit der Andersdenkenden“ wirklich meint, Sven Felix Kellerhoff, Welt

[2] Warum die Freiheit für Rosa Luxemburg nicht die Freiheit der Andersdenkenden war, Cristoph Marx