Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-18

I ndílchuimhne Thomáis Mhic Siomóin

Anois díreach a fuair mé scéala ó Gabriel Rosenstock gur cailleadh Tomás Mac Siomóin inné. Crann os coill i measc úrscéalaithe na Gaeilge, i mo thuairim, cé go raibh sé scoite amach ó shaol na Gaeilge agus cónaí air le fada sa Chatalóin. Tá úrscéalta leis pléite anseo ar an mblag agam síos na blianta, úrscéalta a bhí neamhghnách agus as ar fhoghlaim mé i gcónaí rud éigin fiúntach. 

Ritheann An Tionscadal agus An bhfuil Stacey ag iompar liom ar an bpointe - ficsean tuairimeach den scoth a chíor an saol mar atá anois againn tríd  scátháin dhíchumtha na haoire. 

Chuir sé scéalta staire neamhfhicsean romhainn freisin - ar reic stair na nGaeil i Meiriceá Theas.

Ba paimpfléidí le dealramh freisin é agus smaointe úra aige maidir le cás na Gaeilge agus an créacht oidhreachta i síce na nÉireannach de dheasca a caillte (dóibh siúd a chaill í).

Bhí sé d'ádh orm casadh leis roinnt babthaí tríd na blianta - nuair a thug IMRAM omós dó, abair, agus bhíodh comhfhreagras anois is arís eadrainn. An uair deireadh a casadh ar a chéile muid ná ag seoladh na cúig leabhar filíochta aistrithe ó Cois Life - File ar Fhile -  inar chuir Tomás Gaeilge ar Antonio Machado. As sin an dán cuí thíos:


Adlacadh carad
En el entierro de un amigo

D'adhlacadar sa gcré é, iarnóin uafásach
Iúil faoi ghrian neamhthrócaireach.
Gar don uaigh oscailte
bhí rósanna gona bpeitil lofa neadaithe,
geiréiniam na géarchumhracht'
is na mbláth dearg ina fhochair. Faoi
ghoirme léir na spéire bhí
gaoth láidir thirim ag séideadh.

Agus é ar crochadh ó rópaí tiubha
d'ísligh beirt reiligire
an conra trom go
tóin na huaighe ...
Is an chré á bualadh aige, réab
fothram toll solúntacht na ciúine.

Baineann lándáiríreacht le fuaim chónra,
an talamh aige a bhualadh,
fóda troma deannachúla
ag briseadh ar chláracha dubh ...

D'iompair an ghaoth anáil bhán aníos
smeámh ó pholl domhain na huaighe.
- Agus tusa, gan scáth id' dháil anois,
suaimhneas síoraí go raibh ag do chnámha ...
Is brionglóid shámh fhírinneach!
Suaimhneas síoraí go raibh aige; agus go raibh léamh agus plé ar a shaothair!

Ar bheanna na Catalóine
A scaipfear luaithreach Thomáis.
Cré Éireannach ní dhéanfaidh
Ach soilsíonn lóchrann buan
A shamhlaíochta
Aigne Gaeil
Carn cuimhne docht