Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-21

An mbíonn andróideach ag brionglóid faoi chara chaoin?

Fainic i dtús báire: is duine mise atá thar a bheith amhrasach faoi intleacht shaorga; faoin dream a thugann faoi, ach freisin faoin méid is féidir baint amach dáiríre. Chothaigh sé sin deacracht áirithe dom an díchreideamh a chuir ar fionraí agus an scéal seo á léamh agam. 

Ach ar ndóigh is ar déagóirí seachas seanduine liath de mo chineál atá an t-urscéal seo dírithe. 

Mar sin féin tá lón machnaimh ann foia ghrá, teicneolaíocht, tromaíocht agus cairdeas. 

Cailín óg éirimiúil í Millí - ar bharr an ranga i ngach ábhar; ach gan cara ar bith aici agus dailtíní ag spochadh aisti. Obair taighde faoi rún á dhéanamh ag a hathair; ag soláthair orgáin shaorga chun cabhrú le daoine atá tinn, agus fad saoil a thabhairt dóibh. A máthair caillte le fada agus gan ach cuimhne ar éigin aici. Iad araon scoite amach ón saol. Millí ag streachailt leis an uaigneas - ach freisin ag glacadh leis an gá a hathair a chosaint tríd rún a chuid oibre a chaomhnú - a máthair básaithe de bharr briseadh isteach san saotharlann a bhíodh acu.

Tugann sí droim láimhe dá réir d'iarracht chailín eile, a bhfuil náire uirthi as a bheith páirteach i spochadh, cairdeas a snaidhmeadh... 

An bhfuil réiteach na faidbhe in andróideach a chruthú, bunaithe ar fionnachtain a hathair? An féidir le neach saorga mothú a bheith aige? 

Scéal láidir, agus is iomaí corr agus casadh ann; agus deireadh thar a bheith sásúil, dar liom. Scíthléitheoireach le lón machnaimh ag neart ceisteanna tráthúla. Thaithin sé go mór liom, ainneoin m'amhras! Tá an dearadh agus na léaraidí gleoite freisin.

I mo Chroí Istigh

Áine Ní Ghlinn

Ar mhaithe le L-spás a chaomhnú, is ón leabharlann a fuair mé féin é!