2025-05-10
Máinliacht fileata
2022-02-21
An mbíonn andróideach ag brionglóid faoi chara chaoin?
Fainic i dtús báire: is duine mise atá thar a bheith amhrasach faoi intleacht shaorga; faoin dream a thugann faoi, ach freisin faoin méid is féidir baint amach dáiríre. Chothaigh sé sin deacracht áirithe dom an díchreideamh a chuir ar fionraí agus an scéal seo á léamh agam.
Ach ar ndóigh is ar déagóirí seachas seanduine liath de mo chineál atá an t-urscéal seo dírithe.
Mar sin féin tá lón machnaimh ann foia ghrá, teicneolaíocht, tromaíocht agus cairdeas.
Cailín óg éirimiúil í Millí - ar bharr an ranga i ngach ábhar; ach gan cara ar bith aici agus dailtíní ag spochadh aisti. Obair taighde faoi rún á dhéanamh ag a hathair; ag soláthair orgáin shaorga chun cabhrú le daoine atá tinn, agus fad saoil a thabhairt dóibh. A máthair caillte le fada agus gan ach cuimhne ar éigin aici. Iad araon scoite amach ón saol. Millí ag streachailt leis an uaigneas - ach freisin ag glacadh leis an gá a hathair a chosaint tríd rún a chuid oibre a chaomhnú - a máthair básaithe de bharr briseadh isteach san saotharlann a bhíodh acu.
Tugann sí droim láimhe dá réir d'iarracht chailín eile, a bhfuil náire uirthi as a bheith páirteach i spochadh, cairdeas a snaidhmeadh...
An bhfuil réiteach na faidbhe in andróideach a chruthú, bunaithe ar fionnachtain a hathair? An féidir le neach saorga mothú a bheith aige?
Scéal láidir, agus is iomaí corr agus casadh ann; agus deireadh thar a bheith sásúil, dar liom. Scíthléitheoireach le lón machnaimh ag neart ceisteanna tráthúla. Thaithin sé go mór liom, ainneoin m'amhras! Tá an dearadh agus na léaraidí gleoite freisin.
Áine Ní Ghlinn
Ar mhaithe le L-spás a chaomhnú, is ón leabharlann a fuair mé féin é!
2020-12-02
Boscadán
2019-03-21
Fadó riamh... Ag an tús
2012-09-01
Scéinséir scanrúil
Cé hé féin? Dúnmharfóir contúirteach a mharaigh an cara is fearr a bhí aige? Andúileach drugaí? Nó - más fíor do na nuachtáin - an dá rud, b’fhéidir?Aisteach go leor i bhfianaise mo ghnáth thaithí le blurbaí, tá an méid sin cruinn mar chuir síos ar an leabhar!
Seo cuid de na ceisteanna atá le freagairt ag Eoghan Ó Broin a dhúisíonn i mbothán sléibhe agus a chuimhne glanta, folamh.
Tríd súile an laoich agus ina intinn atá faoi mhearbhall a tumtar muid ón gcéad abairt, agus is de réir mar a thuigeann sé a chás a thagann muidne chun tuisceana air freisin. Tumtar muid is scéal a bhfuil blas na fírinne air, scéal a d'fheadfadh tarlú. Is ar dhéagóirí atá an scéal seo dírithe agus mar sin bíonn corrfhocal thall agus abhus le líne faoi - tagairt ansin don carta gluaise atá leis an leabhar. Faraor is foclóirín Gaeilge Béarla atá sa ghluais. Sin nós nach maith liom, b'fhearr go mór liom dá mhíneofaí na focail chrua. Seachas sin tá cló agus dearadh an leabhair deas soiléir snasta fiúntach. Tháithín an fhoclóir liom, glé, grinn soiléir. Ní raibh deacracht ar bith le bheith tumtha san scéal agus léigh mé d'aon ruathar é.
Tá an leabhar curtha ar aghaidh ag mo mhic anois é, má éiríonn liom aon tuairim a mhealladh astu faoi cuirfidh mé leis an méid seo é. Ach bhain mise ana sult as an scéal, scéinséir éifeachtach réalaíoch.
Tromluí (Fainic: léirmheas eile ag an nasc seo a sceitheann níos mó ná mar a sceith mise!)
ISBN: 978-1-901176-95-7
Foilsithe: 2009
Leathanaigh: 164
€10.00 (bog)