Faoi Bhunreacht 1937, Airteagal 12-14 agus Airteagail 26 tá ról srianta ag an Uachtarán. Lasmuigh de pholaitíocht páirtí an lae.
Cuid den Oireachtas an tUachtarán. Ní dlí Bille go gcuireann Uachtarán a s(h) iniú leis. Má tá amhras faoin Bille a bheith ag teacht leis an mBunreacht, is féidir leis an Uachtarán, i ndiaidh dul i gcomhairle le Comhairle an Stáit, é chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.
Ardcheannasaí na Fórsaí cosanta an Uachtarán.
Déanann an tUachtarán ionadaíocht sa bhaile agus thar lear ar an náisiún.
I bhfianaise gur dréachtaíodh an Bunreacht i tríochaidí an chéid seo caite, nuair a bhí údarásaíocht na bhfear láidir go mór i dtreis ar an Mór roinn, tá na laincisí a leagtar ar Uachtarán spéisiúil.
Ach lasmuigh de litir lom an Bhunreachta, tá ról aige ag an Uachtarán. Thar na blianta tá an ról seo leathnaithe ag Uachtaráin éagsúla. Cearbhaill Ó Dálaigh go pointe, duine a d'éirigh as de dheasca achrann leis an rialtas faoi Bhille cumhachtaí éigeandála. Ach b'í Máire Nic Róibín a bhunaigh an ról, agus threisigh Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Micheál D Ó hUiginn é.
Is féidir le Uachtarán feidhmiú mar choinsias an náisiún. In aitheascaí agus gníomhartha, léiríonn an tUachtarán dúinn an cuid is uaisle dínn féin, spreagann uaillmhian ionann. Beag beann ar obair laethúil polaitíochta, a mbíonn a bheag nó a mhór de margántaíocht, comhghéilleadh agus neamhfhoirfeacht riachtanach ann.
Tá Catherine Connolly ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 2016. Tá obair mhaith déanta aici mar bhall agus mar chathaoirleach ar choistí éagsúla. Éifeachtach i gcoiste na Gaeilge agus Gaeltachta. Beidh sí maith in ann feidhmeanna an Uachtaráin maidir le reachtaíocht a chomhlíonadh.
Tá a dílseacht don nGaeilge léirithe go minic aici. Tá a feachtas á eagrú go dhá theangach. An leagan Gaeilge dá suíomh a cuireadh faoi mo bhráid, toisc go bhfuil brabhsálaí as Gaeilge agam. Tá teachtaireachtaí an fheachtais ar bluesky dhá theangach.
Níl mé ar aon fhocal lae faoi ceisteanna áirithe - táimse níos caomhaí ar cheisteanna shóisialta, agus seans nach mbeadh mé sásta vóta a chaitheamh di i dtoghchán Dála nó Seanaid.
Ach creidim go mbeidh sí ina choinsias éifeachtach don náisiún. Ní beag na dúshláin romhainn. Tá cogaíocht agus athrú aeráide ag cuir le linn na dteifeach. Fiú gan teifigh san áireamh, tá inimirce tábhachtach. Tá an córas sláinte go háirithe, ach an geilleagar ina iomláine ag brath ar inimircigh. Ag an am céanna tá lucht mioscaise ag cothú amhras agus fuath eachtrannaigh.
Chaith mé féin deich mbliana sa Ghearmáin, i mo theifeach eacnamaíochta ó dhuairceas Éireann na ochtóidí. D'fhág mórchuid mo chomhghleacaithe san céim innealtóireachta an tír. Ní gach duine a d'fhill. Is inimirceach í mo bhean. Tá mo chlann ilchultúrtha. Is leis na daoine breaca an todhchaí, seachas an drong forchiníoch glórach.
.
Tá urlabhraí láidir de dhíth ar an náisiún, náisiún na féile agus fáilte.
Sí Catherine Connolly an urlabhraí sin, dar liom.
Mar sin, don gcéad uair i mo shaol, beidh mé ag tacú le feachtas toghcháin go gníomhach. Agus tá dóchas agam go mbeidh an lá le Catherine agus an feachtas ón mbonn aníos atá á eagrú aici ar inneall snasta na bpáirtithe agus sotal na bunaíochta.