Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-04-29

Na laochra is lú!

Fuair mé cóip den leabhar seo mar duais ó chlár Cormac ag a 5 ar Ghearrliosta Ghradam Leabhar Pháistí Éireann.
Scéal eachraíochta sí atá ann, ag tarraing as an mbéaloideas ach ag baint casadh nua as. Tá na bun nithe ann; beirt laoch óg; an turas timpeall na tíre, cabhair ó neacha cuiditheacha agus baol ó neacha mhíofara. Gluaiseann an reacaireacht ar aghaidh go gasta go buaicphointe pléascach. 
Thaitin an scéal go mór liomsa agus tá m'iníon (6) sásta éisteacht leis cúpla uair, mar sin is léir go bhfuil sise sásta go maith freisin.
Níl locht agam ar an scéal - tá dhá locht agam ar an leabhar áfach!
Úsáidtear cló éagsúla do roinnt do na carachtar. Bhí cló amháin acu uaithne agus beag, rud a chuir stró nach beag orm á leamh.
An locht eile atá agam air ná gur géilleadh arís eile do galar na Gluaise - liosta logainmneacha agus focail le míniú as Béarla. B'fhearr go mór léarscáil a chuir leis - agus más gá focail a mhíniú, is ceart iad a mhíniú as Gaeilge. Tugann an nós seo gluais i mBéarla a chuir ar fáil le fios do leanaí gur teanga tánaisteach í an Ghaeilge. Botún tromchúiseach, dar liom.

Na Laochra is Lú
Laoise Ní Chléirigh
Steve Simpson a mhaisigh.
ISBN: 9781857910988
An Gúm 2012
48 lth.

2013-04-28

Branar ó bhranair!

Táim fiosrach le fada faoin gcomhlacht drámaíochta Branar, ach go dtí seo níor éirigh liom freastal ar aon taibhe dá gcuid. Bhí áthas orm mar sin deis a fháil freastal ar a leagan siúd de Chlann Lir  a bhí ar siúl san Ark an Satharn seo chaite.
(Faraor bhí mé múchta le slaghdán ar an lá, ach mar sin féin chuaigh mé ann le'm iníon)
Athinsint spéisiúil a bhí ann - gan ach beirt mar chúram ar Lir seachas ceathrar - agus casadh bainte as eireball an scéil. Deireadh sona curtha leis, an geis réabtha.  Bhí beirt taibheoirí ar an stáitse ag insint an scéil, ag baint feidhm as léiriú le scáthphuipéid agus le gnáth puipéid agus le dearadh simplí stáitse - péire dréimire agus clár eatarthu a bhí scaití ina chaisleáin do Lir, scaití ina raon sléibhte.
Bhí an scéalaíocht draíochtach ar fad, le ceol cumtha ag léiriú an scéil agus ag tacú leis na bhfocal san insint. Bhí na puipéid gleoite - ach shíl mé féin iad a bheith rud beag ró bheag.
Thug an athinsint croí an scéil slán - grá Lir agus éad Aoife - grá na leanaí dá chéile agus dá athair - agus an caoi go sáraíonn grá geis.
Tá blaiseadh den taibhe ar fáil ag an nasc thuas. Mholfainn Branar cinnte, agus beidh súil in airde agam do dheiseanna eile freastal ar a gcuid léirithe.

2013-04-17

Hóng

Bhí píosa ag Cormac ag 5 faoi na leabhair atá ainmnithe ar ghearrliosta CBI. Mar chuid den mhír, bhí siad ag dáileadh cóipeanna de na leabhar, agus is mar sin a fuair mise seilbh ar an leabhar bhreá seo le Anna Heussaff - ní bheadh leithscéal agam é a cheannach murach sin mar tá mo mhic ró aosta anois dó (léigh siad Vortex) agus m'iníon ró-óg!
Buachaill atá lárnach san scéal seo, Evan, agus é tugtha, mar a bhíonn déagóirí na linne seo, (nó mar bhí roimh Facebook) do chluichí ríomhaireachta.
Cluiche ról-imirt ina mbíonn daoine páirteach le chéile thar an idirlíon is ea Hóng - focal ilbhríoch Síneach, ach tá dearg mar chiall amháin leis. Bíonn sé fhéin agus a chara Rio (a labhraíonn go macarónach!) gafa leis an cluiche - beatha i gcathair mór san tSín agus gá airgead a thuilleamh - nó a ghoid! - le dul chun cinn a dhéanamh san cluiche. Rud a fhágann go gcaitheann siad a lán, lán ama - fiú nuair ba cheart dóibh bheith sa leaba! - san cluiche.
Ach ansin téann duine san cluiche i dteagmháil le hEvan agus músclaíonn a spéis i mistéir ar lic an dorais aige ...
Eachtra taitneamhach atá ann, cérinnechán maith le castaí agus lúba, agus eascraíonn ceisteanna faoi tomhaltas, dramhaíl, inimirce dleathach agus mídhleathach ... ach is tríd an scéal a músclaítear spéis sna ceisteanna seachas trí "léachtóireacht" - leanann Anna Heussaff an mana "taispeáin, na hinis"  go paiteanta.
Tá an leabhar féin snasta, agus cé go bhfuil foclóirín leis is i ndeireadh an leabhar atá sé, agus níl aon chuir isteach ar an scéal mar a bhíonn ró mhinic i leabhair mar é, le cló trom ná fonótaí. 
Sílim go bhfuil an scéal oiriúnach agus fiúntach do dhéagóirí óga.

Hóng 
Anna Heussaff
Praghas: €8.00
Formáid: Bog / pb
Tagairt: 9781909367616

Foghlaí fiúntach Futa Fata!

Bhuaigh mé cóip den leabhar seo, atá ag cur tús le sraith nua de chuid Futa Fata ó Chomhluadar. Bhí orm an scéal taitneamhach a léamh fá thrí do m'iníon, agus táim measartha cinnte go mbeidh muid ag filleadh arís air!

Scéal faoi foghlaí mara óg (baineann!) atá ann a bhfuil uirthi freastal ar scoil. Deir a tuismitheoirí léi gur d'fhonn breis foghlaithe mara a earcú atá sí ann - ach síleann sí féin go bhfuil na páistí san scoil i bhfad ró "deas" chuige sin. Tarlaíonn eachtraí greannmhara spreagúla di ann.  Scéilín greannmhar glic.

Tá an leabhar féin ana dheas léaráidí Joëlle Dreidemy ag teacht go paiteanta le téacs Patricia Forde. De bhrí gur bunsaothar atá ann tá Gaeilge sna léaráidí chomh maith.

B'fhiú é cheannach má ta leanaí san aois ghrúpa sin i gceist; agus beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith.





Lísín-Scoil na bPáistí Deasa
Údar Patricia Forde
Maisitheoir Joëlle Dreidemy
Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm
Líon na Lth 48pp
RRP €7.95
ISBN-13 978-1-906907-58-7

2013-04-16

Imbolc 2013: Caint thar uisce ...

Íomhá: Dan Griffiths
Mar is dual do shaineolaí idirlíon, is thar an idirlíon - tré Skype - a labhair Kevin Scannell leis an gComhdháil. Seachas faoina chuid saothair leis an nGaeilge bhí sé ag caint ar an mbonn matamaitice faoi na modhanna a bhaineann sé feidhm astu chun na baic ar an idirlíon rompu siúd, a bhfuil teanga dúchasach faoi bhrú á labhairt acu, a shárú.  Tá na sleamhnán dá chaint ar fáil anseo:
Cabhraíonn modhanna staitistice leis litreoirí agus a leithéid a fhorbairt do theangacha. Tá cuid de na nithe seo pléite agam bunaithe ar chainteanna eile dá chuid, mar shampla anseo agus anseo. Tá teacht ar a lán den eolas faoin méid atá déanta aige don Ghaeilge go sonrach tríd nascanna.com agus scriobh.ie
Cabhraíonn an ríomhaireacht agus modhanna staitistice le dul chun a dhéanamh do chainteoirí teanga neamhfhorleithne nó scaipthe - agus is mór an gar go bhfuil saorálaithe díograiseacha le saineolas fearacht Kevin ar fáil chun dul i ngleic leis.
Maidir leis an modh oibre, ainneoin gur reoigh an fotha físe ó am go chéile, ní raibh aon deacracht leis an fhuaim agus bhí an caint le clos le soiléir, agus le cabhair ó Bhernice bhí an féidearthacht  ann an babhta ceisteanna agus freagraí freisin. Nuálaíocht fiúntach do Imbolc - ach bíonn sé níos fearr na cainteoirí a bheith ann chun deis cainte thar cupán tae agus cístí blasta a bheith ann! Gan trácht ar an dinnéar tráthnóna sa Mhuileann.  

Imbolc 2013: Daonlathas trí choiste?

Íomhá Dan Griffiths
Bhí Audrey Lynch, atá ag staidéir an Dlí agus an Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Corcaí i measc na cainteoirí. Ise a bhuaigh an gradam mór le rá Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2012 sna Ceithre Chúirt. 
Ba chainteoir líofa í agus spreagtha ag a rogha hábhair, An Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Ní mór dom a admháil nach bhfuilim féin chomh spreagtha céanna - rud a phlé muid sa bhabhta ceisteanna i ndiaidh a chuid cainte. Ní hé nach dóigh liom go bhfuil athleasú de dhíth ar an mbunreacht - tá - ach, ainneoin luach na ceisteanna atá á phlé ag an coinbhinsiúin dóibh siúd lena mbaineann siad, tá amhras orm nach bhfuil ann ach beartas ag an Rialtas chun aird a tharraingt ar  cheisteanna seachas na deacrachtaí atá ann le rialú na tíre de bharr marbhfháisc an feidhmeannas ar an reachtas. (Agus anois tá na breithiúna ag clamhsán go bhfuil an fheidhmeannas ag ídiú a neamhspleáchas siúd)
Is fíor go bhfuil seasca saoránach, roghnaithe mar a dhéanann comhlacht taighde margaidh le bheith ionadaíoch páirteach. Ach is an fheidhmeannas a shocraíonn na ceisteanna atá le plé, agus téarmaí tagartha an phlé. Agus is ag Bord an Rialtas a shocrófar ag deireadh an lae an mbeidh reifreann faoi mholtaí an choinbhinsiúin. Mar sin féin, ainneoin mo easaontas caithfidh mé a rá go ndearna Audrey a cuid cainte go maith agus thug léargas soiléir ar a smaointe agus ar an gcoinbhinsiúin féin. Agus, mar a deirim, spreag sí plé spéisiúil sa bhabhtaí ceisteanna a lean a cuid cainte.
Ní thagann soiniciúlacht roimh aois, dar ndóigh! Chuir a cuid cainte go mór le hImbolc agus is maith an rud é an deis a thabhairt do dhaoine atá ag tosú amach i ngairm - ceannairí an todhchaí!

2013-04-15

Imbolc 2013: Spreagadh Intinne agus Inchinne

Íomhá Sinéad Corish
Bhí sé tráthúil ag comhdháil faoi atá mar sprioc aige ár n-intinn a spreagadh go raibh an tOllamh Annraoi de Paor ann le caint faoi spreagadh inchinne!
Chuala mé leagan níos teicniúla dá chaint don Roth tamall siar. Tráthúil go leor bhí roinnt glúinte de iardhaltaí Annraoi i láthair - Bernice Doyle, duine den lánúin a eagraíonn an ócáid, agus Ciarán Ó  Bréartúin agus mé féin ina measc. B'e seo an tríú iarracht ag Annraoi caint a thabhairt ag Imbolc - na babhtaí eile tháinig taisme éigin idir é agus dul aneas. Bhí sé de chúram ar Chiaráin - lena raibh mise ag taisteal freisin - a tháinig sé aneas an uair seo, ach bhí faoiseamh orainn ar fad ach a raibh an caint tugtha faoi dheireadh!
Saineolaí ar teoiric rialaithe is ea Annraoi, ach tá spéis le fada aige i conas is féidir le hinnealtóireacht cabhrú le daoine leonta nó atá ag fulaingt le galair. 
Bhí baint aige le fada leis an Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin agus saotharlann ar leith aige i bpáirt leo. (B'iad na tograí céime aige na curadh mhír - deis obair le saoi, agus cabhrú le daoine. Faraor níorbh dalta sách éifeachtach mise le ceann a bhaint amach!)
Bhain a chuid cainte ag Imbolc leis an leigheas a d'aimsigh an Dochtúir Benabid tríd seirindipíocht do ghalar Parkinson. Bhí leictreoid a chuir isteach in inchinn othair aige - an sprioc a bhí ann ná cuid airithe den inchinn a dhó. Ach bhí comhartha le minicíocht áirithe in úsáid san leictreoid chun cabhrú a lorg a leanacht laistigh den blaosc. Thug sé faoi deara go raibh éifeacht ag an minicíocht ar chreathán an othair. Dá mbeadh an minicíocht díreach ceart,  mhúchfaí na creathán.
Bhain saothar Annraoi le píosa buntaighde a rinne sé ins na 1970í. Tháinig sé ar an dtuiscint gur mhínigh a chuid taighde an éifeacht a a bhí ag an minicíocht ar an córas san inchinn a spreagainn an creathadh de bharr an galar. Cabhraíonn an teoiric seo le dearadh na gléasanna a fheabhsú chun go mbeadh siad níos éifeachtaí agus go mbeidh níos lú fo-iarmhairtí míochaine. 
Sin scoth na hinnealtóireachta, ag feabhsú saol daoine!
Spreagadh i ngach ciall.

2013-04-13

Imbolc 2013: An féidir bheith ró bhocht don oideachas?

I measc na cainteoirí spreagúla ag Imbolc bhí Claire Ní Chanainn. Labhair sí faoina taithí ag obair go deonach le scoil de chuid na Bráithre Críostaí i dtuaisceart na hInde i measc. Na pobail treibheacha a tugtar go hiondúil ar na pobail seo nach ionann a nósanna  agus a dteanga agus nósanna agus teanga an móraimh.
Lipéid a bhfuil col ag Claire leis; agus aontaím léi. 
Tá na pobail seo a chónaíonn sna sléibhte beo bocht agus deacracht dá réir acu cloí leis an oideachas go ceann cúrsa. Bíonn orthu iarracht a dhéanamh airgead éigin a shaothrú ag aois an-óg. Dá bharr ní bhíonn teastas ná fianaise acu don méid atá bainte amach acu ar scoil.
D'iarr na bráithre cabhair ar Claire chun teastas de chineál éigin a chuir ar fáil do na daltaí chun go mbeadh rud éigin acu le léiriú d'fhostóirí nó do forais eile oideachas go raibh méid áirithe bainte amach acu.
Bhí gá mar sin cúrsa oiriúnach a dhearadh - cumasc de oiliúint i scileanna praiticiúla agus na gnáth ábhair scoile fearacht mata agus Béarla. Bhunaigh sí an Ireland India Education Foundationchun tacú leis an scoil i Shillong agus chuaigh ar cuardach Foras 3ú leibhéal abhus a bhí sásta obair leo chun scrúdaithe caighdeánacha agus teastas a chuir ar fáil. D'éirigh léi dul i bhfeidhm ar Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus tá an teastas bainte amach ag cuid de na daltaí thall anois.(Tá cuir síos níos cuimsithí ar a blag anseo)
Ba spreagúil an scéal é; bhí na míthuiscintí spéisiúil agus scaití barrúil freisin. Mar shampla, chabhraigh sí agus roinnt dá cairde trí airgead a bhailiú chun trealamh a chuir ar fáil do na daltaí le proinnteach a bheith acu. I ndiaidh lae bhí na daltaí an bhródúil as an lear mór airgid a ghnóthaigh siad ... tré an trealamh a dhíol!
Ní mór dom admháil go bhfuil ana mheas agam as a misneach agus a samhlaíocht dul san amhantar mar seo agus cabhrú le dream mór daoine. Go raibh raibh rath ar a hiarrachtaí!

Imbolc 2013: Gnó agus Gnaoi

D'iarr Tomás Mac Gearailt an deis cainte díreach tar éis lóin - theastaigh uaidh fáil amach an raibh sé in ann ag an dúshlán muid a choinneáil inár ndúiseacht! Bhí, leoga!
Cé nach í an Ghaeilge ábhar Imboilc, is deacair gan labhairt uirthi nuair atá  sí fite fuaite i mbréidín do shaol agus d'fhéiniúlachta.
Is amhlaidh do Thomás, a rugadh sa Ghaeltacht in Iarthar Duibhneach. Fuair sé taithí luath áfach ar cailleadh teangain nuair a chaith sé tréimhse fada agus é sách óg le gaolta faoin dtír. Nuair a d'fhill sé, ní raibh ar a chumas na seandaoine a thuiscint. Bhí sé diongbháilte áfach nach dtarlódh a leithéid arís dó.
Ach bhí an bád bán i ndán dó, mar a bhí do cuid mór de mhuintir na Gaeltachta; agus chuala sé an drochmheas a bhí ar a lán dá mhacasamhail ar a dteanga dúchais. Bhí a mhalairt de thaithí freisin aige: nuair a  iarradh air rang Gaeilge a mhúineadh i  San Francisco, tháinig nócha duine chuig an rang ainneoin nach raibh slí sna seomra ach do tríocha - agus b'shin gan aon  mór fhógraíocht.
I rith an ama bhí sé ag plé leis an bpost lae - oiliúint teicneolaíochta. Tharla eachtra dó uair a bhí cinniúnach - bhí ball dá fhoireann ag obair in Ontario. Chuir sí glaoch air cionn is nach raibh an córas ag obair - agus bhí sí meáite nárbh acu siúd a bhí an fhadhb. D'fhéach sé amach an fhuinneog agsu chonaic go raibh stoirm tintrí ann - i San José.
Thuig sé ansin nach raibh aon chúis go mbeadh an gnó lonnaithe in áit ar leith ar dhromchla na cruinne, agus bheartaigh filleadh ar Éirinn.  Bhunaigh sé Bárd na nGleann, a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht teicniúil. Tá an comhlacht lonnaithe i mBéal Átha'n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhuscraí.
Mar thoradh ar an gcomhlacht a bheith lonnaithe ansin tá forbairt tagtha ar an gcóras aibhléise agus leathanbhanda, rud a chuaigh chun sochair don bpobal i gcoitinne.
Tugann an gnó sin deis do Thomás díriú freisin ar nithe eile, ina measc an seirbhís foghlama Gaeltalk, agus dar ndóigh Litríocht.
A thaithí ag múineadh Gaeilge a spreag an dá fiontar seo - an éileamh thall ar Ghaeilge agus na deacrachtaí teacht ar leabhair.
Tá scéal bunú Litríocht spéisiúil agus cuireann sé cantal orm nuair a chloisim é. Chomh drogallach agus a bhí Bord na Gaeilge agus Áis nuair a chuaigh sé chomh fada leo; iad den tuairim nach d'fhéadfaí na leabhair a dhíol mar gurbh beag fiúntas a bhí leo. B'éigean do Thomás féin dul agus na leabahir a roghnú le cabhair ó ghaolta leis ón stóras i Sráid na bhFíníní! (Agus seo an dream atá ag in ainm is a bheith ag spreagadh daoine le leabhair a cheannach - is eagal liom, ainneoin an rath atá ar Litríocht - gur beag feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó shin)

Tá roinnt ríomhleabhair curtha ar fáil aige trí Cló Litríocht - ach an ndóigh is gá don bun ghnó a bheith ag déanamh brabach sásúil chun gur féidir díriú ar thograí eile mar seo. Bhí plé éigin ann ag deireadh a chainte ar na sean leabhair a chuir thart arís le cabhair ó OCR agus rLeabhair. Ba mhaith sin!

2013-04-11

éala éarendel

éala éarendel engla beorhtast
ofer middangeard monnum sended
and sodfasta sunnan leoma,
tohrt ofer tunglas þu tida gehvane
of sylfum þe symle inlihtes.

Mór agat éarendel aingeal is gile
seolta ag daoine na cruinne thíos
fíor loinnir na Gréine 
Os cionn na réalta i ngach tráth
Tusa a shoilsíonn tú féin de shíor

Dán a spreag saothar Tolkien, más fíor.

An t-alt seo a spreag mise.

2013-04-10

A Fhánaí, ní ann don chosán

Caminante, son tus huellas
el camino, y nada más;
caminante, no hay camino,
se hace camino al andar.
Al andar se hace camino,
y al volver la vista atrás
se ve la senda que nunca
se ha de volver a pisar.
Caminante, no hay camino,
sino estelas en la mar.


A Fhánaí, is iad lorg do chois
an cosán, sin uile
A Fhánaí, ní ann don chosán
an siúl a ghearrann an chonair,
agus ag amharc siar
feictear an bealach
nach siúlfar arís choíche
A Fhánaí, ní ann don chosán,
níl ann ach rian ar mhuir

"Proverbios y cantares XXIX", Campos de Castilla (1912);  Antonio Machado 

Fáilte roimh moltaí chun feabhais ar mo lag-iarracht an dán a thiontú! Agus, leoga, beachtú gramadaí!

2013-04-08

Trí rud a bhaineann le nuachtán....

  1. Nuacht a chnuasach
  2. Nuacht a dháileadh
  3. Íoc as!
Le múchadh Gaelscéal tá plé ar bun arís faoi cén dóigh is fearr dul chun cinn a dhéanamh. Tá suirbhé faoin ábhar ar bun ag Foras na Gaeilge  (cé gur deacair an tuairim a nocht Íte Ní Chionnaith a bhréagnú go bhfuil fhios acu cén toradh ar mhaith leo, agus go bhfuil na ceisteanna "cuíchóirithe" mar a deir an Ghaeilge Nua le tacú leis an toradh sin)
Tá a lán cainte ar "sheirbhís nuachta ar líne" chun dul i ngleic leis an dúshláin a bhaineann le dáileadh nuachta as Gaeilge ar phobal scaipthe. Tá méid áirithe ar bun cheana - tá Foinse, Nuacht24 agus Meon Eile ar líne; agus cuireann Gaelport seirbhísí gearrthóga agus nuachta ar fáil atá dírithe ar cheist na Gaeilge. Tá seirbhís nuachta as Gaeilge acu do lucht an Raidió freisin - Cogar. Baineann na dreamanna éagsúla seo feidhm éifeachtach as Twitter freisin lena scéalta a scaipeadh. Níl páirt agam féin san líonra sóisialta ar Facebook ach tuigim go bhfuil teacht ar nuacht as Gaeilge ansin freisin. Agus tá modhanna neamhfhoirmiúla chun scéalta a scaipeadh ar liostaí rphoist, mar shampla ceann an Ionaid Buail Isteach i mBaile Átha Cliath agus an iris Saol. Agus dar ndóigh tá an Tuairisceoir éirithe as luaithreach Gaelscéal, cineál. Spás níos pearsanta is ea iGaeilge ach is dócha go mba cheart é bheith san áireamh, máille suímh na gcomharchumainn agus grúpaí eile, leithéidí "Corca Dhuibhne ag Caint"

Beo ann freisin, dar ndóigh. Agus Bileog an Irish Times cé gur faoin lipéid Treibh a bhíonn sé ar líne. Ainneoin go mbíonn nuacht agus tuairimíocht le fáil ansin, tá sé díbeartha go geiteo an chultúir ag Sean Lady Shráid Chnoc na Lobhar.

Níl easpa foinsí ar líne ann dáiríre, mar sin. 

Ceist eile ná an bhfuil pobail na Gaeilge - agus is pobail seachas pobal atá i gceist - chomh gníomhach sin ar líne? Cinnte tá sciar áirithe againn arbh ar líne is mó atá an Ghaeilge inár saol. Ach tá amhras orm gur fíor sin faoi pobail na Gaeltachtaí seachas faoin dream scaipthe a bhfuil Gaeilge acu agus gar dá gcroí. Ceist do lá eile forbairt a dhéanamh ar na smaointe sin.

Mar is léir, tá na nascanna úd ar bharr mo mhéarchlár agam - mar go mbainim feidhm as cuid acu go tráthrialta. Tomhaltóir nuacht ar líne i nGaeilge mé! Ba léitheoir rialta de chuid Foinse agus Lá mé; de Ghaelscéal ar feadh i bhfad freisin - ach d'éirigh mé as nuair a mheas mé nárbh fiú an tairbhe an trioblóid.

Mar sin féin, admhaím gur beag rud nua a d'fhoghlaim mé ó aon cheann de na foinsí seo riamh. Ní dóigh liom go bhfuil aon dul chun cinn san treo a leag Breandán Delap amach in alt i mBeo i 2006:

Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn amach sna meáin Ghaeilge ná cultúr na hiriseoireachta imscrúdaithí a bhunú. Níl sé seo déanta go sásúil againn go fóill. Ar ndóigh is sórt paradacsa é an téarma seo sa mhéid is gur cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach iriseoir a bheith fiosrach.

Má fhaighim rud nua ó na meáin scríofa i nGaeilge is iondúil gur léargas nua seachas fíricí nua a bhíonn i gceist. Nochtann leithéidí Alex Hijmans, Aindrias Ó Cathasaigh, Ian Malcolm agus scata nach iad tuiscintí spéisiúla - nach lú a luach nach n-aontaím leo.

Ní cuimhin liom áfach nuachtán Gaeilge ag briseadh aon mhór scéal riamh - ná ag déanamh aon ghéar iniúchadh ar scéal, ag nochtadh eolas agus fíricí nach raibh ann dóibh roimhe. Pé acu an scéal "cúise" (áit a mbíonn troid chúlgharda ar bun ag na meán Gaeilge ró mhinic) nó scéal a mbeadh spéis ag  an pobal i gcoitinne ann.

Is gá dul i ngleic le 
  1. Nuacht a chnuasach
i gceart dar liom má tá aon tréimhseachán i nGaeilge chun ról suntasach buan a bhaint amach.

Beidh orm na smaointe seo a chíoradh arís is léir mar nach bhfuil a bhfuil ar fuineadh i'm intinn ceaptha fós agam. Rabhadh: Sruthlú fánach smaointe ar bun anseo!

2013-04-06

Imbolc 2013: Ola Dhéanach

Pictiúr (c) Sinéad Corish
I measc na cainteoirí spreagúla ag Imbolc i mbliana bhí Trevor Sargent - polaiteoir de chuid an Chomhaontais Ghlas.
Rinne sé cuir síos ar, mar a déarfá, a chré pholaitiúil (cé go ndúirt sé freisin go raibh creideamh i nDia aige) : go bhfuil andúil san ola ag cur as don gcine daonna, go háirithe san Iarthar, agus gur mithid dúinn muid féin a scoitheadh ón andúil sin. Bhain sé feidhm éifeachtach as an seomra chun aois an domhain agus an réimse ama a thóg sé breoslaí iontaise a chruthú a léiriú - le fógraí sna cúinní ar leith. 
D'fhoghlaim mé go bhfuil muid spléach ar ola agus gás ní hamháin do fuinneamh agus taisteal  agus freisin go bhfuil an talmhaíocht ag braith go mór air - de bharr modh Haber chun nítrigin a cheapadh chun leasú a chuir ar fáil.
D'inis sé an scéal faoin trioblóid a tharraing sé ar féin nuair a mhaígh sé gurbh an glúin reatha an ghlúin is lú úsáide fós - ach is deacair easaontú leis. Táimid uilig domhain ina ár saineolaíochtaí féin agus spléach chun hiomlán ar dhaoine eile do na nithe is simplí inár saoil!
Is mithid, dar leis, díriú ar shaol níos simplí (rud atá á dhéanamh aige fhéin ina gharraí cistine) - chuige sin áfach is gá dúinn na scileanna a bhí ag ár sinsir a fhoghlaim arís chun bheith níos neamhspleáiche.
Tagaim le cuid mhór dá anailís - ach ní aontaím go hiomlán gur gá ná gur cheart dúinn buntáistí an deighilt oibre a fhágáil inár ndiaidh.Ar scáth a chéile, tar éis an tsaoil, a mhaireann an daoine.
Ach is cinnte gur gá dúinn feidhm níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní na cruinne agus an cur amú atá ann san Iarthar faoi láthair a stop. Go háirithe agus na tíortha BRICI ag brú chun cinn; agus a meán aicme siúd ag iarraidh sodar in ndiaidh uaisle, dar leo, an Iarthair!

2013-04-05

Imbolc 2013: Cúinne an Ghiorria

Pictiúr (c) Dan Griffiths
B'é ceolchoirm Colm Mac Con Iomaire ar tráthnóna Aoine a chuir tús le hImbolc 2013. Bhí ceoltóirí eile leis ach faraor tá an n-ainmneacha dearmadta agam; bean ar an bpianó agus beirt fhear ar giotár, mandolin agus uirlisí nach iad.
Bhí freisin an Recession Quartet aige - roinn trealamh leictreach a bhí Colm in ann roinnt dá cheol a chuir isteach iontu agus iad a úsáid mar tionlacan dá chuid ceoil fhéin ar an veidhlín.
Ceolchoirm taitneamhach a bhí ann san Ionad Cultúrtha - a cheol féin-chumtha á chuir i láthair ag Colm le scéalta agus eachtraí faoin méid a spreag an cumadh.

Ar an Satharn ansin thug sé caint spéisiúil faoin méid a mhúnlaigh é mar dhuine agus mar cheoltóir. Tá cosc ar chaint ar na nGaeilge ag Imbolc: an sprioc ná caint i nGaeilge faoi rudaí spéisiúla. Ach dar ndóigh i gcás leithéidí Choilm a tógadh le Gaeilge ní féidir an teanga a dheighilt ón ceoltóir.
Is as comhrá le mo athair Liam, faoin scríbhneoir iomráiteach agus ceannródaí Gaelach Máirtín Ó Cadhain, a chuala mé an chéad chur síos ar 'Chúinne an Ghiorria'. Ba nós é a bhí ann fadó in Éirinn, aimsir Fómhair, cúinne a fhágáil gan bhaint ionas go mbeadh áit éalaithe ag an ngiorria. (Nós a bhí ag dúchasaigh 'Mayan' Mheiriceá theas freisin). Dúirt Ó Cadhain gurb iad na Gaeltachtaí Cúinní Ghiorria na hÉireann a bhí fágtha go sealadach ag an spealadóir gan bhaint, ach a bhí fós go mór i mbaol! Buíochas le Dia tá na Gaeltachtaí fós ann ach níl aon laghdú tagtha ar an mbrú ón nGalltacht!
Tá n-ár dteanga fós go mór i mbaol agus ní mór dúinn í a labhairt agus í a thabhairt dár ngasúir le go mairfidh sí beo!
(Ón suíomh)

 Mar sin labhair sé faoin "nGaeilgeoir" agus nárbh Gaeilgeoir é; ach gur amharc sé ar fhéin mar Ghael.
Dar leis an mBéarlóir is fanaiceach teanga agus cancrán, ach dáiríre díol trua an Gaeilgeoir; dar le muintir na Gaeltachta, foghlaimeoir ar bheagán Gaeilge an Gaeilgeoir ... agus díol trua.
D'inis sé dúinn faoin chaoi ar fhás sé aníos leis an nGaeilge agus an ceol agus an taithí a mhúnlaigh an grúpa ceoltóirí as ar tháinig sé i gColáiste Eoin agus ar sráideanna Bhaile Átha Cliath - an dream a thug Kíla orthu féin an uair úd agus a bhfuil sciar acu fós ag feidhmiú faoin ainm sin. Ollscoil na sráide agus turais thar lear a thug an taithí dó a rinne ceoltóir as.

Caint spéisiúil, spreagúil agus fuinneog do mo leithéidí isteach i saol an cheoil. Sampla maith den dtaithí a mheallann ag Imbolc mé, arís.

2013-04-04

Habemus Papam!

Íomhá le Agência Brasil
Bhí mé i mo thost anseo nuair a d'éirigh Beinidict as agus nuair a toghadh Proinsias. Mar is eol daoibh, is pápaire mé agus ana mheas agam ar Beinidict le fada; scata dá leabhar agam ar mo leabhragán leis - agus iad léite agam! Ní raibh aon aithne agam roimhe ar an Pápa Proinsias.
Táthar ag tabhairt an-suntas sna meáin do na difríochtaí ar an ndromchla idir Proinsias agus Beinidict; ach feictear dom go bhfuil an ceart ag an fear seo san TAZ, cé nach dtabharfainn féin "sean mhagairle" ar Phápa ar bith! (Ná, le bheith soiléir, ar dhuine ar bith)
Dearcadh an creidmhigh atá agamsa ar an gceist, dar ndóigh, agus nílim ag súil le, ná ag dréim le, athrú san teagasc.
Tá gan amhras gá le dul i ngleic leis an eagraíocht - cumasc idir eagraíocht Dé agus eagraíocht daonna is ea an Eaglais riamh anall, agus tá mórán rudaí gur féidir feabhas a chuir orthu.
Tá an gortghlanadh riachtanach de dheasca na scannail maidir le ceilt mí-úsáid leanaí ag cléirigh ag dul ag aghaidh; tá an atheagar ar cúrsaí airgeadais a thionscain Beinidict agus a fuair aitheantas ó na húdaráis idirnáisiúnta le doimhniú agus daingniú; agus scagadh de dhíth ar an méid a nocht scéal Vatileaks ar iarr Beinidict iniúchadh air; beidh iarmhairtí.
Thuig Beinidict nach raibh an fuinneamh riachtanach aige chuige (agus is rí-léir sin ó na híomhánna de atá le feiceáil anois agus é ar scoir). De bharr gur éirigh sé féin as, is go sealadach, go dtí go roghnóidh Proinsias a fhoireann féin, atá ceannairí an Curia ag feidhmiú. Tá faill mar sin ag an Pápa nua atheagar a dhéanamh - agus de bhrí nach ón Róimh é, agus gan é bheith sáite i bpolaitíocht na rannóga, ná beann ar chaidreamh pearsanta, tá dóchas agam go mbeadh toradh fónta ar a iarrachtaí.

Ach ní sin an cloch is mó ar mo phaidrín, ná is cosúil, ar a phaidrín. Críost, aiséirithe a fhógairt agus creideamh baill na hEaglaise a chothú ról Pheadair agus a chomharbaí (Eoin 21:15-17).

Is maith liom an deá sampla atá á thabhairt aige -  mar shampla, tar éis an conclave, is san bus coiteann leis na cairdinéil a d'fhill sé ar an lóistín, seachas san carr galánta; agus roinnt uaireanta ó shin is de shiúl na gcos a leag sé turais gairide siar.  Léigh mé freisin gur fhill sé ar an lóistín a bhí aige roimh an conclave agus gur baineadh siar a sa  bhí ann nuair a d'iarr sé - agus d'íoc - an bille!
Dar ndóigh, leag sé síos an pátrún seo agus é ina Easpag i mBuenos Aires; ag fónamh dó féin in árasán bheag; ag taisteal ar iompar poiblí; agus dul síos i measc na bochtáin a thug "Padre Jorge" air.

Tá suntas á thabhairt don béim  a chuireann sé ar a ról mar Easpag na Róimhe seachas Pápa freisin.
Bheadh drogall orm ró léamh a dhéanamh ar nithe mar seo go fóill beag áfach - mar shampla, tuairiscíodh go forleathan go bhfuil traidisiún na mbróg dearg - siombail d'fhuil na mairtírigh - tréigthe aige. Nílim féin ró cheangailte de shiombail, go háirithe nuair atá a mbrí  dearmadta nó ceilte; ach is cosúil gurbh an cúis nach bhfuil bróga dearga á chaitheamh aige ná go bhfuil bróga ortaipéideacha de dhíth air, ach nach bhfuil a leithéid ar fáil dó fós.

Maidir le creideamh a chothú, tá na haitheasc a thug sé ag fónamh domsa agus é éasca theacht orthu ar an idirlíon!

Gúim gach rath air!

Omnes cum Petro ad Jesum per Mariam
(Cách in éineacht le Peadar chuig Íosa trí Mhuire)

2013-04-02

Iarraim cúis?

Mar chuid de iarmhairtí scrios Gaelscéal tá ceist na scéalta cúise a phlé arís. Go hiondúil deir lucht na Gaeilge nach spéis linn "scéalta faoin nGaeilge" agus lochtaíodh Gaelscéal as a bheith ró thugtha do scéalta faoin nGaeilge. Mar shampla, in alt i gComhar na Márta luann Uinsionn Mac Dubhghaill anailís le Aodh Ó Coileáin a léirigh go raibh scéalta faoin nGaeilge ar an príomhleathanach an-mhinic ag tús ré Gaelscéal, rud a d'fhág, dar leis "cáil an nuachtáin cúise" ar. 
Ar an lámh eile, léiríonn staidrimh ó shuíomh Gaelport agus Gaelscéal féin gurbh iad seo na scéalta ansin a tharraingíonn aird.
Tá an cuma air go bhfuil an dá rud seo ach teacht salach ar a chéile - ach n'fheadar an bhfuil.
Sílim féin gurbh amhlaidh gurbh iad seo na scéalta a mbíonn an leagan is cruinne agus in nuaí ag na meáin Gaeilge - mar sin, is ann a léitear iad. Go hiondúil, ceal acmhainní, bíonn pé scéalta eile atá acu clúdaithe ag na meáin Béarla rompu. Beidh ar na meáin Gaeilge bealach a aimsiú le dul i ngleic leis sin.
Bíonn gan amhras cas- agus camscéalta faoin nGaeilge sna meáin Béarla; scéal le déanaí mar shampla a bhí ag cuid den na mór-nuachtáin Béarla, go gcaitear billiún euro ar an nGaeilge, agus nach bhfuil toradh fónta ar an gcaiteachas. "Meastachán" gan aon bhunús luaite leis a bí san figiúr sin.
Is cinnte gur gá do lucht labhartha na Gaeilge dul i ngleic leis na scéalta seo, na fíricí agus aird a dhíriú orthu. Gan amhras spreagann Conradh na Gaeilge daoine le litreacha a scríobh chuig na nuachtáin. Tá gá le taighde freisin, áfach, agus is cinnte go ndearna leithéidí Colm Ó Broin deá obair anseo. 
N'fheadar áfach an é nuachtáin do lucht na Gaeilge an ardán is fearr don obair seo? Lucht na Béarla atá le mealladh. 
Chomh maith leis sin, is gá caitheamh go siosmaideach leis na ceisteanna seo, agus gan scéal cailleach an uafáis a dhéanamh de scéalta fánacha - scéal na gutaí fhada agus an SMS, mar shampla.
Fuair Aonghus Dwane íde na muc is na madraí nuair a rinne sé iarracht an cheist a phlé go dhátheangach le linn an Siompóisiam "Leasú chun feabhais" anuraidh agus é ag moladh tréimhseacháin dhá theangach chun an chúis ar chuir ar aghaidh.
Bhí a leithéid cheana ag an gConradh. Creidim go bhfuil an ceart aige; ach go bhfuil gá le comhthuiscint agus fís a bheadh le cur chun cinn ag a leithéid de iris. Fís a chuireann an suíomh reatha san áireamh - go bhfuil an Ghaeilge ag meath sna pobail Gaeltachta, agus gur mithid sin a stop. Agus go bhfuil borradh faoin bhfoghlaim agus an tógáil clainne ag daoine aonair i measc pobail Bhéarla - agus gur mithid sin a spreagadh tuilleadh. Go bhfuil an dá rud seo idirspleách - ach nach féidir déanamh d'uireasa ceachtar.
Tá gá freisin ar thuiscint soiléir go bhfuil an Ghaeilge dúchasach d'Éirinn - ach nach bhfuil sí ina teanga dúchais ach ag sciar ana bheag againn. Is cruinne mar shampla an cur síos "cainteoir athdhúchais" ar mo leithéidí a tógadh le Gaeilge ach mé tumtha i bpobal Béarla.
Is gá freisin aird a tharraingt ar shaothar leithéidí Vincent Morley - mar atá déanta ag Michael Cronin anseo - chun an claon-insint Béarla láraithe ar an stair a cheartú.
Agus is gá lucht an Béarla a chuir ar an eolas faoi na nithe suntasacha atá bainte amach de bharr go bhfuil leithéidí TG4 agus RnaG ann - ceoltóirí, lucht drámaíochta agus scannáin a bhfuil rath orthu sa bhaile agus i gcéin nach mbeadh deis acu murach an Ghaeilge a spreag iad.

2013-04-01

Tranglam smaointe

Ainneoin go raibh mé i mo thost, bhí nithe ar siúl agam agus smaointe fánacha ag borradh, rud a fhágann go bhfuil an dúrud a bhfuil fonn orm tuairisciú anseo ach gan eagar a bheith orthu fós. D'fhág damhsa na gréine leis an ré go raibh Féile Imbolc sa Charghas i mbliana; d'fhreastail mé air, agus tá sé i gceist agam mo thuairimí air a roinnt libh. 
Léigh mé roinnt leabhair freisin; agus fonn orm iad a roinnt libh.
Agus gan amhras tháinig Proinsias i gcomharbacht ar Bheinidict. 
Sa mhullach ar sin, táimid uilig sioctha san Eoraip.

Tranglam smaointe mar sin, agus gan fhios agam cé leis a chuirfidh mé tús.

Agus sin gan trácht ar an ualach amhábhar atá seolta ag Gabriel chugam don mblag eile le seacht seachtain anuas..