Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-04-04

Habemus Papam!

Íomhá le Agência Brasil
Bhí mé i mo thost anseo nuair a d'éirigh Beinidict as agus nuair a toghadh Proinsias. Mar is eol daoibh, is pápaire mé agus ana mheas agam ar Beinidict le fada; scata dá leabhar agam ar mo leabhragán leis - agus iad léite agam! Ní raibh aon aithne agam roimhe ar an Pápa Proinsias.
Táthar ag tabhairt an-suntas sna meáin do na difríochtaí ar an ndromchla idir Proinsias agus Beinidict; ach feictear dom go bhfuil an ceart ag an fear seo san TAZ, cé nach dtabharfainn féin "sean mhagairle" ar Phápa ar bith! (Ná, le bheith soiléir, ar dhuine ar bith)
Dearcadh an creidmhigh atá agamsa ar an gceist, dar ndóigh, agus nílim ag súil le, ná ag dréim le, athrú san teagasc.
Tá gan amhras gá le dul i ngleic leis an eagraíocht - cumasc idir eagraíocht Dé agus eagraíocht daonna is ea an Eaglais riamh anall, agus tá mórán rudaí gur féidir feabhas a chuir orthu.
Tá an gortghlanadh riachtanach de dheasca na scannail maidir le ceilt mí-úsáid leanaí ag cléirigh ag dul ag aghaidh; tá an atheagar ar cúrsaí airgeadais a thionscain Beinidict agus a fuair aitheantas ó na húdaráis idirnáisiúnta le doimhniú agus daingniú; agus scagadh de dhíth ar an méid a nocht scéal Vatileaks ar iarr Beinidict iniúchadh air; beidh iarmhairtí.
Thuig Beinidict nach raibh an fuinneamh riachtanach aige chuige (agus is rí-léir sin ó na híomhánna de atá le feiceáil anois agus é ar scoir). De bharr gur éirigh sé féin as, is go sealadach, go dtí go roghnóidh Proinsias a fhoireann féin, atá ceannairí an Curia ag feidhmiú. Tá faill mar sin ag an Pápa nua atheagar a dhéanamh - agus de bhrí nach ón Róimh é, agus gan é bheith sáite i bpolaitíocht na rannóga, ná beann ar chaidreamh pearsanta, tá dóchas agam go mbeadh toradh fónta ar a iarrachtaí.

Ach ní sin an cloch is mó ar mo phaidrín, ná is cosúil, ar a phaidrín. Críost, aiséirithe a fhógairt agus creideamh baill na hEaglaise a chothú ról Pheadair agus a chomharbaí (Eoin 21:15-17).

Is maith liom an deá sampla atá á thabhairt aige -  mar shampla, tar éis an conclave, is san bus coiteann leis na cairdinéil a d'fhill sé ar an lóistín, seachas san carr galánta; agus roinnt uaireanta ó shin is de shiúl na gcos a leag sé turais gairide siar.  Léigh mé freisin gur fhill sé ar an lóistín a bhí aige roimh an conclave agus gur baineadh siar a sa  bhí ann nuair a d'iarr sé - agus d'íoc - an bille!
Dar ndóigh, leag sé síos an pátrún seo agus é ina Easpag i mBuenos Aires; ag fónamh dó féin in árasán bheag; ag taisteal ar iompar poiblí; agus dul síos i measc na bochtáin a thug "Padre Jorge" air.

Tá suntas á thabhairt don béim  a chuireann sé ar a ról mar Easpag na Róimhe seachas Pápa freisin.
Bheadh drogall orm ró léamh a dhéanamh ar nithe mar seo go fóill beag áfach - mar shampla, tuairiscíodh go forleathan go bhfuil traidisiún na mbróg dearg - siombail d'fhuil na mairtírigh - tréigthe aige. Nílim féin ró cheangailte de shiombail, go háirithe nuair atá a mbrí  dearmadta nó ceilte; ach is cosúil gurbh an cúis nach bhfuil bróga dearga á chaitheamh aige ná go bhfuil bróga ortaipéideacha de dhíth air, ach nach bhfuil a leithéid ar fáil dó fós.

Maidir le creideamh a chothú, tá na haitheasc a thug sé ag fónamh domsa agus é éasca theacht orthu ar an idirlíon!

Gúim gach rath air!

Omnes cum Petro ad Jesum per Mariam
(Cách in éineacht le Peadar chuig Íosa trí Mhuire)