Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-02-26

Imbolc 2019 : Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Dinnseanchas de chineál eile a bhí i gceist i gcaint Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar filíocht sa chathair. Idir fhilíocht an chumha don mbaile a chleacht an Direánach, go filíocht teibí an Ríordánaigh ar deacair a lorg ar talamh a aimsiú, go ceiliúradh na cathrach atá le fáil i saothar go leor filí - Liam Ó Muirthile, Biddy Jenkinson, Michael Davitt agus gan amhras Ailbhe féin.

Suirbhé spéisiúil léirithe le sleachta cuí ag file agus scoláire.

Léiriú cumasach gur féidir le file a fréamhacha a chothú in ithir cathrach agus spleodar a bhaint as.

(spreagadh dom féin go pearsanta níos mó le Davitt a léamh)

Diadh ar ndiaidh táim féin ag baint níos mó as filíocht, as ceapadh cuanna mothúcháin agus íomhánna i bhfocail. Foinse marana.

Suim dá réir agam in allagar Ailbhe, sna noda i dtreo dánta nua. Inspioráid.

Imbolc 2019 : Siobhán Ní Dhuinnín

Canúint a colainne a bhí faoi chaibidil ag Siobhán Ní Dhuinnín, atá faoi láthair ina rinceoir chónaitheach san Ionad Cultúrtha. Bíonn sí ag baint feidhm as damhsa comhaimseartha chun log a thuiscint, chun nascadh leis an dúlra agus an áit. Constaic a luaigh sí ina cuid oibre ná gur beag duine a shiúlann anois agus go bhfuil a gceantar ag dul ó aithne orthu dá réir. Coimhthíos leis an dúlra.

Ní mór dom a rá go bhfuil coimhthíos áirithe agam féin le damhsa comhaimseartha - is annamh a spreagann sé macalla orm. Bhí roinnt físeáin dá cuid feicthe agam ar Vimeo roimh ré. D'fhág siad míchompordach mé de bhrí nach raibh tionlacan ceoil leo. Ní bhíonn an dúlra riamh chomh ciúin le taifeadadh dó. (sin an toisc, dála an scéil, go gcuirtear fothram áirithe le glaoch gutháin fón póca nuair atá na cainteoirí ina dtost).

Is maith an rud roinnt míchompord is dócha chun smaointe nua a spreagadh. Is féidir go n-eascraíonn mo mhíchompord leis an damhsa le coimhthíos áirithe le mo cholainn féin.

Ba léir fiú óna siúl, ní áirím a damhsa, go bhfuil Siobhán i dtiúin lena colainn. Agus í ábalta na mothúcháin agus an máistreacht sin a theagasc agus a scaipeadh ar an té atá oscailte do. Dailtíní cathrach i gCorcaí san áireamh. Rud a d'oscail súile dóibh ar na nithe beaga thart orthu sa chathair.

B'fhéidir go bhfuil mé ró bháite sa déachas....

2019-02-25

Imbolc 2019 : Leo Creedon

Salvador Dali — Corpus hypercubus
Cé gur thosaigh an matamaiticeoir Leo Creedon a chuid cainte le nithe sách simplí, na cóid féin cheartaitheach atá in úsáid go forleathan timpeall orainn, d'éirigh sé geall le bheith misteach roimh deireadh.

An bun smaoineamh a bhí á fhorbairt aige ná an chaoi gur féidir an matamaitic a úsáid chun eolas a thabhairt ar mhodh éifeachtach dlúth chun tuiscint níos doimhne agus cinnte a thabhairt. 

Is féidir cuir síos dhá thoiseach a dhéanamh ar rud trí thoiseach fearacht ciúb. Agus gur féidir dul ó trí thoiseach ar aghaidh go ceithre thoiseach, mar a rinne Dali sa phictiúr thuas, pictiúir a eascraíonn as fréamhacha teoiric matamaitice. 

Cé go mbím féin ag plé beagán le coincheapa matamaitice tá mo thuiscint orthu sách teoranta agus tá claonadh an innealtóra ionam gan dul ró dhomhain sa cheist fad is a oibríonn rudaí. 

Bhí sé go deas spléachadh a fháil, más doiléir féin é, ar an gcuannacht agus go deimhin áilleacht a fheiceann matamaiticeoirí ina gcuid oibre. 




Imbolc 2019 : Tadhg Ó Súilleabháin

Ceann de na rudaí is luachmhara faoi cainteanna Imbolc ná saineolaí a chlos a labhairt ar ábhair atá gar dar gcroíthe ach nach bhfuil eolas dá laghad agam orthu ceal taithí.

Ní léim nuachtáin Béarla mórán níos mó, ach is cuimhin liom na cinnlínte le linn na géarchéime airgidis tráth agus na bancanna ag teip, go raibh tubaistí i ndán freisin do na comhair creidmheasa.

Ina chaint seisean léirigh Tadhg Ó Súilleabháin le figiúirí agus fíricí gur áibhéil ar a laghad agus b'fhéidir uisce faoi thalamh a bhí i gceist leis an dtuairimíocht.

As ceithre céad éigin comhar creidmheasa níor theip ach ar sé chinn. Agus de bharr cúlchiste léig na gcomhar creidmheasa agus cúinsí eile níor chosain na teipeanna sin faic ar an sparán phoiblí sa deireadh — murab ionann agus na fiacha troma a tharraing na bainc orainn.

Bhí roinnt cúiseanna a bhí an scéal amhlaidh.

Theip ar sé comhar creidmheasa - as ceithre chéad.

Bhí roinnt cúiseanna leis. Bhí rialaitheoir gníomhach ar an earnáil sa bhanc ceannais a d'fhéach chuige go raibh eolas cruinn ag coistí stiúrtha gach comhar creidmheasa uair sa ráithe. Bhí súil ghéar aige agus acu dá réir ar na figiúirí.

Bhí na hoifigigh gar do na baill, cónaí orthu ina measc agus iad freagrach as a gcuid airgid dá réir.

Seans fiú go raibh siad níos airdeallaí de bharr scéalta cailleach an uafáis sna nuachtáin fúthu.

Cúis imní mar sin an treocht go bhfuil an rialtas ag cur brú ar comhair creidmheasa cónascadh agus ag éileamh níos mó eolais agus cumas ó bhaill coistí atá á dhéanamh níos deacra agus níos achrannaí do shaorálaithe seirbhís poiblí a thabhairt.

Tá an baol ann go réabfar an nasc leis an bpobal agus fónamh dóibh ar mhaithe le brabús agus clú na hinstitiúide. Ba bhocht an cúiteamh sin!

Inspioráid agus lón machnaimh cinnte ó Imbolc 2019.

Imbolc 2019 : Zoë Conway

Is gnách go mbíonn ceolchoirm an oíche roimh cainteanna Imbolc san Ionad Cultúrtha agus go labhraíonn an ceoltóir, nó duine acu, an lá dár gcionn.

Is í an veidhleadóir Zoë Conway agus a fear John McIntyre a bhí i mbun ceoil i mbliana. Ar feadh cúpla bliain bhí m'iníon ag fáil ceachtanna ó Zoë. Bhí cur amach áirithe agam orthu agus a gcuid ceoil, agus d'fhreastail muid ar ceolchoirm dá gcuid i gCairlinn agus Liam Ó Maonlaí ina gcomhluadar.

Choinnigh trácht, agus le bheith ionraic roinnt botúin dar gcuid féin maol orainn agus is go maolchluasach, an chéad cúpla seit caillte againn, a shleamhnaigh muid isteach san Ionad. Bhí sé plódaithe agus b'éigin dúinn ár mbealach a dhéanamh suas go cúl na hamharclainne.

Spás deas atá san Ionad Cultúrtha. Mór go leor go bhfuil fairsinge do shlua fiúntach ann, ach sách beag go bhfuil sé indéanta ag ceoltóirí déanamh d'uireasa callairí más mian leo.

Tugann sin carachtar don gceoil. Tá máistreacht ag Zoë ar réimse ceoil ó claiseacach go hillbilly agus fréamhacha doimhne aici sa cheoil Gaelach.

Le déanaí áfach tá sí féin agus John imithe i bpáirt le Julie Fowlis agus Éamonn Doorley chun ceol a chuir le filíocht.

Fuair muid blaiseadh de na rianta sin ag an gceolchoirm (agus cheannaigh mé an CD Allt ag an mbriseadh).

Tá guth éadrom ard ag an mbeirt acu, agus na focail soiléir. Reacaireacht álainn ar dhánta an Direánaigh agus píosaí eile aitheanta agus gan a bheith chomh aitheanta. Tionlacan cúramach ar fidil agus giotár a thacaíonn leis an reacaireacht.

An lá dár gcionn thug Zoë scéal a beatha ceoil dúinn, á léiriú le píosaí ar an bhfidil. Tacaíocht a hathair. An teannas idir a spéis sa cheoil Gaelach agus clasaiceach tráth a raibh oidí agus don dá chineál diongbháilte gur rogha dénártha a bhí le déanamh. Mar a ghlasáil a múinteoir claiseacach amach í nuair a bhí scéal sa nuachtán áitiúil faoi fleadh cheoil na hÉireann bheith buaite aici. Mar a thit sí i ngrá le huirlis a bhí ceaptha do dhuine eile, agus na híobairtí a rinne sí lena fháil d'ainneoin sin (le tacaíocht a hathair). Mar a chuir sí aithne ar a nuachar.

Ba léir an tábhacht le tacaíocht athair agus scoile. Tacaíocht atá sí ag cuir ar fáil dá clann agus tríd na ceachtanna do chlanna eile.

Is le déanaí atá feabhas curtha ar a cuid Gaeilge ag Zoë agus is ag léamh a bhí sí. Ach bhí an chaint cruinn spreagúil spéisiúil. D'fhéadfaí é chraoladh!

Beidh fáil ar an bhfíseán amach anseo ar shuíomh Imbolc.

2019-02-20

Katfish agus Scéalta Eile

Sraith gearrscéalta láidre comhaimseartha curtha inár láthair anseo ag Ógie Ó Céilleachair. Tá siad dírithe ar dhéagóirí idir 13 agus 15, ach feiliúnach do léitheoirí níos sine freisin. Tá dorchadas iontu, agus teannas. Ábhar machnaimh agus plé.

Anois is arís tá botún ealaíona déanta ag an údar, ach is annamh iad agus ní scriosann siad na scéalta. Réalachas inchreidte, agus ní sheachnaíonn sé ceisteanna fearacht tromaíocht agus mí-úsáid.

Baineann an chéad scéal le cluiche iomána agus an streachailt síceolaíochta idir imreoir agus a mharcálaí. Mhothaigh mé go raibh mé ar an bpáirc! Tá an teideal scéal Katfish, faoi chaidreamh ar líne an láidir agus casadh cliste ann.

Bainfidh léitheoirí tairbhe agus sult as ainneoin an dorchadas.






Katfish agus Scéalta Eile
Ógie Ó Céilleachair
ISBN:9781784441739
Cló Iar-Chonnacht

Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Mí Deireadh Fómhair 2017.

2019-02-19

Cór Chúil Aodha

Is cuid de mo dheasghnáth bhliantúil, nuair atá mé i Múscraí d'Fhéile Imbolc, Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha.

Tá cáil i bhfad is i gcéin ar an gCór a bhunaigh Seán Ó Riada agus atá á chothú ó shin ag a mhac Peadar.

Taithí ar leith áfach iad a chlos ar a bhfód dúchais agus an ceol mar chuid d'adhradh an phobail ina bhfuil siad féin ina mic, deartháireacha, athair, uncailí nó seanathair.

Tá comhcheoil diamhair ann idir na glúinte fear, giolc ard an bhuachalla nach bhfuil ach i dtús fáis go dord ard an seanóra.

Peadar ag an harmonium ina gheansaí ar dhathanna an tuar ceatha, a thréad ceolmhar ina thimpeall. Breis oiliúna á chuir ar an gcuid is óige tar éis Aifrinn.

Is iondúil go bhfuil Féile Ghobnatan thart ar an am a mbíonn Imbolc. Le dhá bhliain anuas ba ar lá an féile nó an lá roimhe a thit Imbolc.

Chuala mar sin an iomann iontach "A Ghobnait Ársa" roinnt babhtaí.

I mbliana chuir mé ceist ar Pheadair maidir le thaifid. Tá CD a seoladh thiar i 2012 - Naomh Gobnait.

Thapaigh mé an deis é cheannach i siopa an Mhuilinn agus táim ag éisteacht leis ó shin!

Iomainn atá i gceist, agus de réir mar a deir mo chluas liom iad taifeadta le linn Aifrinn. Cloig le clos. Guth cheolmhar Sagart Paróiste Bhaile Bhúirne, an tAthair Dónal Ó Briain, le clos freisin. Gura fada buan an fear céanna. Seanmóirí ar fiú éisteacht leis! Simplí stuama soiléir.

Tá doimhne agus diamhracht an chreidimh le clos níos soiléire san taifead seo ná sa cheann eile "Go mbeannaítear duit".

Tá éagaoin An Mharbhnadh cumhachtach. Measaim gur ar Aoine an Chéasta a rinneadh an taifeadadh, agus clog toll adhmaid á bhualadh seachas binneas práis atá le clos ar rianta eile.

Achainíocha sollúnta ar fóirithint ó na naoimh agus ón Tiarna.

Ach tugann an dá CD  spás ar leith intinne dom.

Táim ag dul siar ó dheas amárach go Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh. Go hiondúil tagann sciar den gCór anoir don Aifreann Domhnaigh.

Qui bene cantat bis orat.

Níl ceol agam féin ach is fearrde m'urnaí éisteacht le ceol Chór Chúil Aodha.

2019-02-18

Idir dhá thír : sceitsí ó Cheanada

Comhrá ar Twitter maidir leis an focail cuí d'aonaid pholaitiúla Cheanada ba chúis liom fios a chuir ar an leabhar seo. Luaigh John Prendergast (@prendizzle) gur proibhinse a bhí ag Ó Siadhail agus gur leabhar fiúntach atá ann.

Tá gearrscéalta agus úrscéalta le Pádraig léite le fonn agam, mar sin ní mórán gríosadh a bhí de dhíth.

Sraith aisti ag eascairt as a thaithí ar imirce i Ceanada. Mar is iondúil, deoraíocht sealadach a shíl sé a bheadh ann. Bean, clann agus rútaí anois aige ann, ach gan an corda imleacán abhaile gearrtha. Ar ndóigh, ós le léann Éireannach atá sé ag plé go gairmiúil is gá dó na nascanna a chothú.

Dearcadh ar Cheanada atá i gceist - ach mar is iondúil do dheoraí, scagadh ar a fhéiniúlacht agus a thuiscintí mar thoradh.

Mar duine mé féin a chaith deich mbliana ar imirce (ach d'éirigh liom mo nuachar a mhealladh abhus) bhí go leor ann a bhfuil bá agam leis. Agus taithí thuismitheora ag tógáil clainne le Gaeilge scoite amach ó mór phobail Gaeilge. Rugadh mo mhic féin sa Ghearmáin.

Cabhraíonn an dearcadh ó thar lear le rudaí abhus a shoiléiriú : agus tá ceachtanna le foghlaim ó thaithí Cheanada, anois agus inimirce coitianta in Éirinn.

Tá rudaí i stair Cheanada atá i gcoitinne againn freisin ar ndóigh.

Aiste spéisiúil faoi theilifís na mbundúchasach thall go bhfuil roinnt cosúlacht ag a scéal le TG4.

Dúshlán na cultúrtha agus staire in iar choilíneacht le hinimirce.

Dúshláin an dá theangachas Stáit.

Cnuasach lán eolais agus deascríofa.

Lagan Preas a d'fhoilsigh. Bheadh clamhsán amháin agam - fuaireas an cló deacair a léamh, go háirithe más cló Iodálach a bhí i gceist.

Idir Dhá Thír
Sceitsí Ó Cheanada
Pádraig Ó Siadhail
ISBN 1873687346
Lagan Press 2005

2019-02-15

Ingne Dearga Dheaideo

I ndiaidh dom "Dialann mo Mháthar" a chríochnú chuaigh mé sa tóir ar saothair eile le Pádraic Breathnach i gcatalóg na leabharlanna. Gearrscéalta máistriúla iad seo. Duine amháin go hiondúil, suíomh amháin, spléachadh ar anam. Tá nasc scaoilte idir roinnt de na scéalta, cur síos ar saol tuaithe ag trá roimh bruachbhailtiú. Agus an teanga freisin, tá le tuiscint. 

Tá sciar eile de na scéalta níos uirbí. 

Ba é an scéal Anam Mná, faoi máthair a caill a páiste ag aois an-óg is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. An sciúrsadh anama a rinne sí uirthi féin ina dhiaidh. Tá blaiseadh den scéal ar líne ag RTÉ. 
 (https://www.rte.ie/gaeilge/2018/0222/942744-leigh-blaiseadh-de-anam-mna-le-padraic-breathnach/) 

Tá na gearrscéalta ar fad láidir. Ar an lámh eile chaith mé a úrscéal "Deargadaol i mbád fothoinn" i dtraipisí tar éis cúpla caibidil, gan bá ar bith agam leis an léachtóir ar (frith) laoch é. 



2019-02-06

Roinnt Chomhairle

1. Mol Dia i dteangaidh na nGaedheal.
 
2. Bí ag síor-mhachtnamh ar leas na Gaedhilge.
 
3. Is beag an maith machtnamh gan gníomh.
 
4. Tagadh na gníomhartha i ndiaidh an mhachtnaimh dhuit.
 
5. Is ag baile is fearr is féidir leat bheith Gaedhealach.
 
6. Má tá rún agat le hinnsint innis tré Ghaedhilg é.
 
7. Ná labhair acht Gaedhilg led' chloinn.
 
8. Is mór is ion-mholta léigheamh seanchais na hÉireann.
 
9. Má thograir Fiannuidheacht bíodh Fiannuidheacht fhóghanta agat
.
10. Bíodh baint ag gach éinne le craobh éigint de'n Chonnradh.
 
11. Má loirgir aigneadh na nGaedheal ní fachtar i mBéarla soin.
 
12. Ná bí mór-chúiseach as do chuid Gaedhilge.
 
13. Is suarach is fiú Gaedheal gan Ghaedhilg
.
14. Ná grádhuigh thú féin thar an gcraoibh go mbainir léi.
 
15. Ná grádhuigh do chraobh féin thar an gConnradh go léir.
 
16. Is iad dála na nGaedheal is taithneamhnaighe le Gaedheal.
 
17. Má gheallann tú nídh do dhéanamh brostuigh gan mhoill is déin é.
 
18. Bí ag síor-bhailiughadh na sean-ráidhte.
 
19. Bíodh na mná leat is beidh an t-ádh ort.
 
20. Sáruigheann saothar éin-mhná bhige amháin obair na mílte fear gan áird.
 
21. Is le muinntir na hÉireann bhaineas an Ghaedhilg.
 
22. Ní'l ceart na Gaedhilge ag Cúige seoch Cúige eile.
 
23. Foghluim do chanamhaint féin ar dtús.
 
24. Má leanfam an chomhairle thuas, ní fuláir gan buaidh bheith linn.

Foilsithe san Claidheamh Soluis i 1901 agus aimsithe i gCartlann Téacsanna  ARÉ

2019-02-04

Na Gamail

Tá samhlaíocht dhorcha greannmhar ag Roald Dahl ina chuid scéalta go hiondúil. Agus is ceardaí focail é a bhaineann casadh as lúbadh astu chun breis grinn a fháisceadh astu.

Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe don scéal dorcha áiféiseach seo Na Gamail (The Twits). Lánún míofar a bhíonn síoraí ag buaileadh bob ar a chéile, ag céasadh seachas ag ceansú teaghlach moncaithe agus ag breith agus ag ithe éin.

Go dtí go dtapaíonn moncaithe agus éin an deis a éagóir a chúiteamh leo...

Leabhar éadrom greannmhar lán slaiseanna deisbhéalacha agus samhlaíocht chorr Dahl tríd síos.

Tá miongháire áiféise fós orm agus é léite agam. Táim cinnte go mbainfidh déagóirí óga súp ar leith as an áiféis agus an ghreann dhorcha.

Tá an insint éadrom saibhir pléisiúrtha. Seoid eile as cearta Leabhar Breac.

Na Gamail
Roald Dahl
96 lch; Clúdach Bog​,
ISBN 978-1-911363-37-8
Leabhar Breac

( na léirmheasanna a scríobh mé ar Danny seaimpín an Domhain agus Na Cailleacha fós le léamh ar Gobblefunked. Ó tharla áfach go bhfuil siadsan ag éirí as tá sé i gceist agam iad a athfhoilsiú anseo in am trátha) .