Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dinnseanchas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dinnseanchas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach! 


2022-10-08

Beannach Bheag ⁊ Belmont


Táim i mo shuí óna trí ar maidin, toisc go raibh orainn an déagóir a thabhairt go dtí an aerfort. Bhíomar sa bhaile arís thart ar leathuair tar éis a hocht, agus ní raibh fonn orm filleadh ar an leaba. Bheartaigh mé dul ag siúl. Agus triail a bhaint as Slí Belmont thar Beannach Bheag. Slí a thosaíonn ó cheart i Cill Mocheanóg, ach ní raibh fonn orm fanacht leathuair eile ar bhus Bus Éireann. Mar sin thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh go dtí Óstán Radharc an Ghleanna. Bhí orm siúl ar cúlbhóithre - timpeall áirithe - chun an conair a bhaint amach, ach bhí siad ciúin go maith moch maidin Sathairn. Thosaigh mé ag siúl ag 9:10.

Thrasnaigh mé an N11 ar an droichead ansin agus ar aghaidh liom soir ar bhóthar Bhaile Uí Dhonncha go dtí T, áit ar chas mé ó thuaidh ar bhóthar idir na bailte fearainn Cúil an Ghaid agus Cúil na Sceach. Ag casadh sa bhóthar sin thug mé faoi bhóthar siar suas thar ghualainn Beannach Bheag, Lána Bharr Choille. Faoi 9:50 bhí an cosán aitheanta suas Beannach Bheag sroichte agam agus thosaigh an dreapadh ceart. Tar éis deich nóiméad chas mé ó thuaidh ó chosán slí Belmont (marcáilte le saighead buí) toisc go raibh fonn orm dul go dtí an mullach. Tar éis cúig nóiméad eile chas mé soir arís ar chosán a tháinig amach idir na beanna. Cosáin clochacha ar fad atá ansin. Tá Ó Cualann agus Beannach Bheag ar imeall bhaitilit eibhir, agus is grianchloch, siosta agus a leithéid de chloch crua, agus sceallach thart ar na beanna. Bhain mé an bharr amach ag 10:10. Bhí radharc iontach siar ar shléibhte Chill Mhantáin agus soir ar an bhfarraige, agus ó thuaidh ar chathair agus bhá Bhleá Cliath. 


Chuaigh mé ó dheas ansin ag teacht anuas ar chosán géar tríd sceallach gur bhain mé slí Belmont amach. 
Cosán deas gairbhéil ansin go dtí gur bhain mé amach eastáit Belmont féin. Tá caifé agus bácús ansin, chom maith le ionad chun rothar a fháil ar cíos chun na rianta rothair a thriail. Bhain mé amach an chlos ansin ar thart ar 10:40. Cosán deas gairbhéil an bealach ar fad síos tríd goirt agus uaireanta coillte. Neart piasúin sna coill, agus caoirigh sna goirt - agus geataí go leor. Fógraí ag cuir fáilte roimh madraí dea iomprach ar iall! 
Chuaigh mé ar strae beagán ansin, toisc go raibh saighid buí á lorg agam, agus lean mé bóthar na gcarr amach. Dá mbeadh mé tar éis an cosán le saighead bán ar chúlra uaithne a leanacht bheidh deich nóiméad spáráilte agam. Shiúl mé amach ansin fán mbóthar go dtí stad an bhus ar bhóthar Bhearna na Gaoithe. Sroich mé sin ar a haon déag. 
Siúlóid bhreá, cé go raibh roinnt mhaith ar bhóithre i gceist. 

Giolaspar a thugann logainm.ie ar Beannach Bheag. Measaim áfach go bhfuil dul amú orthu, agus go dtagraíonn Giolaspar (Giltspur) do réimse talún ó thuaidh den mbeann, áit a raibh cíos "péire gilt spurs" le n-íoc anallód. (Féach cártaí cartlainne logainm.ie). Beannach Bheag a bhí ag mo sheanmháthair air, agus sin is fearr liom. 

2021-10-27

Tigh Doinn, cad as don ainm?

 

Tigh Doinn, Nigel Cox, Geograph.


Teach nDuind, cidh diatá? Ní ansa. In tan dolotar meic Miled aniar don Erinn, asbert a n-druí fríu: ‘Fear raghas isin crand siúil’, for se, ‘& madh é chanus ar tus dichedla for Tuathaib Dei, maighfidh in cath forro, & lindi íarsin co brath a tír: & bebais in fer cuirfes in m-bricht.’ Fochres crandchor forro, & tachraidh do Dhonn taidhecht isin seól. Dogníther íarom samlaid, & luidh Dond isin seól, & canaidh tinchetla fríu, & doluidh sís iarsin, & asbert: ‘Tonga na deo’ ol sé, ‘cona didhemthar cert no cóir duib festa.’ Canaid-seom dano di thír tinchedla forro-som dia fregra. Iar mallachadh Duinn íarom do Thuaith De dofáinic crith-ghalar fo chétóir isin luing. Asbert Amarghen: ‘Bidh marb Dond’, for se, ‘& ní seghdha dund congbail im athgabail an ghalair. Ar día ructhar Dond i tír, bíaidh an galar-sa co brath a n-Erinn.’ Asbert Dond: ‘Berar mo choland-sa’, for sé, ‘a n-oen na n-ínnsi, & dobéra mo chinél bendachtain form co brath.’ Ticc íarom ainbhtine doibh tria thinchedlaibh na n-drúadh, & báiter an bárc a m-bái Dond. ‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul. As i sin tra cédfaidh na ngénnti. Conid desin dogarar Tech nDuind.

Dindshenchas 113


Tigh Doinn, cad as don ainm?
Ní hansa. An tan do tháinig Mic Míle aniar go hÉirinn, dúirt a ndraoi leo "Téadh fear ar an gcrann seoil", ar sé, "agus canadh dícheadal i gcoinne Tuatha Dé, sular féidir leo siúd amhlaidh a dhéanamh, brisfear an cath orthu agus is linne feasta an tír; ach basóidh an té a chuireann an briocht". Cuireadar ar crannchur eatarthu é, agus thit sé ar Dhonn dul sa crann seoil. Déanadh amhlaidh agus dhreap Donn an crann seoil agus chan dícheadal uaidh, agus tháinig anuas ansin agus dúirt: "Mionnaim dar na déithe" ar sé, "nach bhfaighidh sibh ceart ná cóir feasta". Chan Tuatha Dé ar thír dícheadal ina choinne mar fhreagra. Tar éis do Tuath Dé Donn a mhallachtú ón tír tháinig crith ghalar sa long. Arsa Amairgen "Éagfaidh Donn, agus ní séanmhar dúinn a chorp a choinnéail, nó tolgfaimid an galar. Agus má thugaimid Donn i dtír beidh an galar in Éirinn i gcónaí." Arsa Donn "Tabhair mo chorp go dtí ceann de na hinsí, agus beannóidh mo mhuintir i gcónaí mé." Ina dhiadh sin tháinig anfa orthu trí dícheadail na ndraoithe agus bádh an bárc ina raibh Donn. "Tabhair a chorop go dtí an cloch ard thall" arsa Amairgen : da bhrí sin tugtar Teach Donn air, "Tiocfaidh a mhuintir chuige sin". Is dá bhrí sin a thagann anamnacha na bpeacach chuig Teach Donn roimh dul go hifreann dóibh, dé réir na ngintlíthe, go dtabharfaidh siad a mbeannacht d'anam Dhoinn. Maidir leis an anam fhíréin a bhfuil aithrí déanta aige is ó i gcéin a fheiceann sé é agus ní bheirtear ar strae é. Sin, ar a laghad, creideamh na ngintlí. Dá bhrí sin tugtar Teach Doinn air.

2020-07-11

Ó, Ae, Cíocha? Ó Cualann

Ó Cualann ⁊ Beannach Bheag
ón gcladach idir Chill Chomhghaill ⁊ Na Clocha Liatha
Tá an Sliabh suntasach (ainneoin nach bhfuil sé chomh hard sin) ar a dtugtar as Béarla an Sugarloaf gar don áit a chónaím, agus ar an mbealach go Bré. Agus sin an radharc a bhfuil taithí agam air.

Tá roinnt ainmneacha luaite leis as Gaeilge: Ó Cualann atá air ag Logainm. Roinnt blianta ó shin ar Twitter d'fhiafraigh Eoin Ó Riain cén fáth nach raibh Cualann séimhithe. Fuarthas freagra ón mBrainse Logainmneacha:
Gidh go bhfuil leaganacha de Ó Cualann agus Sliabh Cualann fianaithe sa Ghaeilge roghnaíodh Ó Cualann mar ainm oifigiúil den Great Sugar Loaf, *agus tá sé le fáil ar léarscáil na hÉireann ar scála 1:575,000 (cóipcheart, Rialtas na hÉireann, 1970) agus i nGasaitéar na hÉireann (1987). Níl séimhiú fianaithe sna leaganacha luath de Ó Cualann, agus glacadh leis an leagan seo gan séimhiú .i. tuigeadh gur dóichí go raibh an easpa séimhithe reoite ann. Ní léir brí na céad míre, ach tá sí caighdeánaithe mar Ó. Is fiú súil a chaitheamh ar leaganacha den dá logainm san Onomasticon Goedelicum mar atá ullmhaithe ag Instidiúd Ard Léinn Bhaile Átha Cliath—tá beagaín ón dinnsheanchas luaite ann:
Seo an méid atá luaite ansin:
22347
óe cualand *ae cualann* LL 195, Gwynn, Poems fr. Dind. 56; v. Ae Chualand; as. Óe Cualann, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; in cloch forsa fuirmeadh ceand Cualann isi in Oe Cualann, on Sliab Cualann, UM 151a; betw. Senchoraid and Cuilenn (Glencullen ?), Gwynn, Poems fr. Dind. 62; seems same as Druim Ing, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; + the Three Rock mt in S c. Dublin; v. Druim Ing
Seasann UM do  leabhar Uí Máine.
Tá tagairt do dhán ón Dinnseanchas ansin: an dán Bend Etair II
Bend Etair, étan fri tuind,
Dún mBrea maic Senboth Saeruill,
Óe Cualand fri fogla frais,
Druim Ing maic dobga Dorb-glais,
....
Crimthand Sciath-bél, scíam fri cath,
las' torchair Cúalu cétach,
tuc a chend slúag-barr samlaid
i n-Óe Cúalann crech-adbail.

Ind ail úag fors' ruirmed sain
cend rúad ruibnech ind ríg-fhir,
is di as ainm ós chói chabsaid
ind Ói airdirc imarsaid.
Tá tagairtí don scéal seo i bfoinsí eile - fearacht an leabhar Mágh Ealta Éadair . Tá cóip de agam áit éigin, ach ní heol dom cé hiad Crimthain ná Cuala!

Tá tagairt eile san OG:
24734
sliab cualann Sugarloaf mt nr Bray, c. Wicklow, AFM-ndx, CS-ndx; Glencullen mt
betw. c. Dublin and c. Wicklow, AU-ndx; but v. Cualu; *Trí slébe hÉrenn: Sliab
Cua, Sliab Mis, Sliab Cualann, Triads (ed. Meyer), §37*

Tá Ae Cualann luaite sna tréanna
38Trí haird Hérenn: Crúachán Aigli, Ae Chúalann , Benn mBoirchi.Trí arda Éireann: Crúachán Aigli4, Ó Cualann, Sliabh Dónairt

4 Cruach Phádraig
Ní mór a rá go bhfuil Log na Coille luaite le Ae Chúalann i foinsí áirithe. Is Log na Coille an sliabh is airde i gCill Mhantáin - ach níl sé chomh feiceálach le hÓ Cualann.

San ábhar scanáilte ag Logainm tá litir chun na nuachtáin ag Liam S Gógan ag maíomh gur cíocha an Bandé Cuala atá i gceist. An raon uile, Beann Éadair san áireamh luaite aige le colainn Chuala. Is deacair sin a thuiscint agus tú gar dóibh, ach ag amharc ón gcósta, mar atá sa ghrianghraif thuas, is féidir an samhail sin a fheiscint.

Giolaspar atá ag Logainm ar an sliabh níos ísle ar a thugaim Beannach Bheag. Is dóigh liom féin gur don talamh faoi a thagraíonn Giolaspar. Tá scéal go raibh "gilt spur" mar chíos ar an bhfearann sin.
The name Giltspur, which originally refers to a townland on the northern slopes, is explained by a transaction in the late 12th century, whereby Dermod MacGiollamocholmog granted one carucate of land in Kilruddery to Richard de Felda for a pair of gilt spurs, to be presented to him and his heirs each year at Michelmas 
~ Place-Names of County Wicklow - Liam Price (Foinse)

2020-04-30

Tá Abhann an Súlan fireann - an bhfuil sé ina aonar?

rann ag dul leis an Sulán:

Mise an Sulán
Fuar, fada, fireann
Anois an t-am
Cá bhfuil mo dhuine?
Tá ainmneacha aibhneacha baininscneach sa Ghaeilge go hiondúil.  Luaitear an Sulán agus An Feabhal mar eisceachtaí. Ach ó tharla go bhfuil fógraí ar na bóithre anois nuair a thrasnaíonn bóthar sruth, tá cúpla eisceacht eile tugtha faoi deara agam. Chuir mé ceist ar lucht Logainm an raibh aon staidrimh acu faoi. Ní raibh, ach thug siad liosta dom agus an ginideach san áireamh. Scagadh garbh mar sin, ag déanamh talamh slán de gur ionann "an" sa Ghinideach agus "firinscneach" - tá thart ar 170 as 930 firinscneach. Seo iad. Ar ndóigh is do bhailte nó sléibhthe a thagraíonn cuid de na logainmneacha nuair atá Abha/Abhainn mar chuid den ainm, rud a laghdaíonn an líon.
‘Sonraí logainmníochta Gaeilge ó Logainm faoi © Rialtas na hÉireann agus cheadúnas CC BY 4.0.’

2019-02-26

Imbolc 2019 : Siobhán Ní Dhuinnín

Canúint a colainne a bhí faoi chaibidil ag Siobhán Ní Dhuinnín, atá faoi láthair ina rinceoir chónaitheach san Ionad Cultúrtha. Bíonn sí ag baint feidhm as damhsa comhaimseartha chun log a thuiscint, chun nascadh leis an dúlra agus an áit. Constaic a luaigh sí ina cuid oibre ná gur beag duine a shiúlann anois agus go bhfuil a gceantar ag dul ó aithne orthu dá réir. Coimhthíos leis an dúlra.

Ní mór dom a rá go bhfuil coimhthíos áirithe agam féin le damhsa comhaimseartha - is annamh a spreagann sé macalla orm. Bhí roinnt físeáin dá cuid feicthe agam ar Vimeo roimh ré. D'fhág siad míchompordach mé de bhrí nach raibh tionlacan ceoil leo. Ní bhíonn an dúlra riamh chomh ciúin le taifeadadh dó. (sin an toisc, dála an scéil, go gcuirtear fothram áirithe le glaoch gutháin fón póca nuair atá na cainteoirí ina dtost).

Is maith an rud roinnt míchompord is dócha chun smaointe nua a spreagadh. Is féidir go n-eascraíonn mo mhíchompord leis an damhsa le coimhthíos áirithe le mo cholainn féin.

Ba léir fiú óna siúl, ní áirím a damhsa, go bhfuil Siobhán i dtiúin lena colainn. Agus í ábalta na mothúcháin agus an máistreacht sin a theagasc agus a scaipeadh ar an té atá oscailte do. Dailtíní cathrach i gCorcaí san áireamh. Rud a d'oscail súile dóibh ar na nithe beaga thart orthu sa chathair.

B'fhéidir go bhfuil mé ró bháite sa déachas....

2013-06-22

Inis Mac Neasáin

Radharc ar an Inis agus muid ag imeacht uaidh
An turas ann
Thug na Cnocadóirí cuairt aréir ar Inis Mac Neasáin (Ireland's Eye as Béarla. Inis Eria  - nó Erin dar le foinsí eile - agus "eye" ó eyot, inis na Lochlainnise. Tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc thuas). Tá comhlacht a thugann daoine amach ar bhád ó Chuan Bhinn Éadair.
Bhí scata againn ann dá réir a chuaigh amach tar éis na hoibre aréir. 
Is fada mé ag fanacht ar dheis dul ann - ar chúis éigin níor éirigh liom go dtí seo. Ó bhí mé an óg tá amhrán a scríobh Brian Ó Baoill sa Bhealach Rúnda i cúl mo chinn.
Oiléan Mac Neasáin
Oileán clochach,
Rua, glas;
Liath ar na
hArda

Séipéal beag
In aice trá,
Túr mór
Ar garda

Fadó, fadó,
Bhí manach ann
Mac Neasáin
A ainm.

Níl anois
Ach clocha ann,
Raithneach agus
Feamainn
(éist leis anseo).
Níl siad luaite san amhrán, ach b'iad na faoileáin is suntasaí ar an oileáin. Séasúr goir atá ann agus bhí siad glórach ag iarraidh muid a choinneáil amach ó na huibheacha - agus na scalltáin. Ní cuimhin liom óg an fhaoileáin a fheiceáil riamh roimhe - éin bheaga le clúmh liath ag bhí ag rith go faicheallach ar an trá. Bhí muid féin cúramach gan cur isteach ró mhór orthu. Shúil muid fán trá ar feadh scaitheamh agus ansin thug mé féin aghaidh ar lár an oileáin áit a bhfuil an chill. (Is beag nach ndeachaigh mé i bhfostú sna driseacha agus an raithneach ard - theip orm cosán a aimsiú go dtí go raibh mé beagnach ann)
Nuair a d'fhill an bád chun muid a thabhairt ar ais thug sé leathbhealach timpeall an oileáin muid agus bhí deis againn féachaint ar na héin mara eile  - bhí gainéid agus cailleacha mara fairsing. Chnoic muid freisin roinnt mhaith puifíní - éan eile nach raibh feicthe beo agam cheana.
Turas thaitneamhach a bhí ann  - agus saor go maith, €10 an duine. (€15 an praghas don duine aonair, fuair muid ráta grúpa). Bheadh fonn orm filleadh - cé go bhfuil siad rud beag deacair dul i dtír, céimeanna ar na clocha. 


An Chill ón doras

Ag dul ar bord
An Stuaic
 
An Chill

2013-01-06

Gleann an Smóil, nó Gleann na Smól?

Tharraing Páid m'aird ar alt san Irish Times faoi siúl i Sléibhte  Átha Cliatha. Luaigh an t-údár Lenny Antonelli an gleann úd i nDeisceart Átha Cliatha, agus é ag rá gurbh "Valley of the Thrushes" is brí leis. Ach is Gleann an Smóil atá ag logainm, gan míniú breise.

Bhí comhrá againn ar Twitter faoi, agus luaigh Lenny a fhoinse: P.W. Joyce:

The thrush. Smól or smólach [smole, smolagh] is a thrush. The best known name containing the word is Gleann-na-smol, the valley of the thrushes, the scene of a celebrated Irish poem, which is believed to be the same place as Glenasmole, a fine valley near Tallaght, Dublin, where the river Dodder rises. Near Lifford in Donegal, is a townland called Glensmoil, which represents the Irish Gleann-a-smoil, the thrush's glen.
Glensmoil ag Logainm, ach níl aon ainm Ghaeilge deimhnithe acu fós.

Tá aithris ar laoi Fiannaíochta i gcnuasach Doegen, ach is Gleann an Smóil atá luaite ansin.

D'aimsigh Páid an leathanach seo agus tagairtí ann do smól agus Bruidean Dá Derga:

One of the four Royal roads to Tara came from Da Dergas Hostel in Glenasmole, and it seems perfectly appropriate that Tara could be seen from the Hostel. Glenasmole has long been thought of as the Valley of the Thrushes, but a friend Thomas Maher, an Irish scholar, has brought us a proper translation as the 'glen of the burnt out ruins'. From this site you can also see the cairns on Tallaght and Saggart hills. We have gone to this site on a divining day and the dowsing effects over this crack are quite powerful.
Níl smól luaithe don éan i DIL, smólach amháin atá luaite:
 1 smólach
[a,f. and o,m.] m.,  IGT Decl. § 55 . f.,  § 56 . smao- lach,  Measgra D. 39.29 . thrush: truagh an ?áidh | doní in smolach,  Acall. 847 =  CF 1008 . stmolach (in `én-ogam'),  Auraic. 5695 . dordan smolcha,  K. and H. 24 . guth luin na smolche,  Ann. Inisfallen 917 . asi in smolach is lia aisdi cheileabhraidh ar bith `blackbird ',  Oss. v 50.3 . mian-ghol bhíos i nguth na s.¤,  Keat. Poems 167 . Cf.  gleann cuachach s.¤ lonach full of thrushes ,  Measgra D. 43.5  (leg.  smólchach?).

Tá smól luaite leis an ciall smál:
smál
smál smól smúal
Keywords: ember; glowing; coal; fire; glow; burnished; weapons; ashes; dross; blemish; taint; blemish; dark; eyebrow
Mar sin atá an chás. Tá ag teip orm an dán a thagraíonn Joyce dó a aimsiú, agus mar sin níl fhios agam an bhfuil bunús lena chreideamh. Ach dá mbeadh, is Gleann na Smól seachas an Smóil a bheadh ann.

Bheinn buíoch as aon nod bhreise.

Aguisín: Tá tagairtí thall is abhus feicthe agam do "Ghleann na Smól" mar an áit ar bhuail aois Oisín tar éis do filleadh ó Thír na nÓg.
 In passing through the Thrushes' Glen
A crowd of men in straits I see,
Full thrice five score and haply more
All toil full sore awaited me.
mar shampla, anseo:

Ach Gleann an Smóil atá ag an Cadhlach san leabhar "An Fhiannuidheacht"

Do ghluais Oisín leis gur shrois sé Éire; acht tásc ná tuairisc na Féinne ní raibh le fágháil i  n-aon áit. I nAlmhain álainn leathan laighean ní raibh i n-ionad bruidhne Fhinn acht fiadhaile, flíodh agus neantóg.  Ón áit sin do thug sé aghaidh ar Bheinn Éadair, agus, ag gabháil trí Ghleann an Smóil dó, do chonnaic sé sluagh mór daoine...

2011-06-08

Daonraí difriúla Duibhlinne

Dé Domhnaigh beag seo bhíos ar cuaird ag mo dheirfiúr in aice leis an Cuar Bhóthar Theas nuair a thug mé Mosc Átha Cliath faoi deara. Ceantar spéisiúil atá anseo a raibh inimircigh coitianta ann riamh. Bhíodh Sionagóg anseo; tá iarsmalann ann anois. Mar is léir, tá an mosc féin i foirgneamh a bhíodh ina Eaglais Críostaí - ceann Preispitéireach.
Luaigh m'athair liom gurbh 'The Tenters' ainm an cheantair, agus luaigh baint a bheith aige sin leis na Úgónaigh - teifigh eile le creideamh ar leith.
Níl 'The Tenters' ag logainm, ach tá 'Bealach na gCrann Triomaithe'. Agus más fíor an píosa seo a fuair mé agus mé ag línseoireacht is iad na Úgónaigh a thóg na crainn triomaithe seo don ábhar a bhí á fhíodóireacht acu.
Agus mé ann de Domhnaigh bhí mná gorma faoi chaille feiceálach - chím ón suíomh thuas go raibh ciorcal na mná i Yoruba agus Béarla ar bun sa Mhosc.
Spéisiúil an chaoi go mbíonn tarraingt ag glúin i ndiaidh glúine de inimircigh ar na ceantair céanna sa chathair.

2011-05-01

Tromán na Sráide

Phrioc an fógra seo m'fhiosracht. Ní raibh ar mo chumas nasc dá laghad a dhéanamh idir "brook" agus "tromán". "Sráid an tSrutháin" an leagan oifigiúil. Mar sin, chuaigh mé i dteagmháil leis an mBrainse tríd an suíomh agus fuair an t-eolas seo leanas:
An t-ainm eile a luann tú, .i. Tromán na Sráide, dealraíonn sé gur iarracht eile ab ea é sin ar Stradbrook a aistriú chomh maith. An chéad eilimint anseo .i. tromán (? rectius triomán, cf. ainm na habhann An Triomóg i Maigh Eo; cf. www.dil.ie s.v. tírmán), tá sé le fáil ina lán ainmneacha sruthán i measc sléibhte Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath Theas...Bhí cur amach ar na mionainmneacha seo thuas ag an té a chum ‘Tromán na Sráide’, gan dabht, ó shaothar Price nó ó Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (is mar tromán a litrigh Eoghan Ó Comhraí an focal a chuala sé ag cainteoirí dúchasacha Gaeilge i nGleann an Smóil in 1837, e.g. ‘Bun na dTrí Tromán’)

2010-11-15

Blúirín: Dinnseanchas Gall Gaelach Raghnallach

Litir spéisiúil san Irish Times inniu ag léiriú stair spéisiúil ainm an bhruachbhaile i mBaile Átha Cliath.

Ainm Ghaill ar Ghabhail de chine Bhranach: as sin, ainm Iarla de Nua Ghaill; as sin, ainm gairdín pléisiúr i Londain; as sin, a mhacasamhail anseo; dá dheasca sin ainm Fiodh Chuilinn brúite i leataobh.

Conair chasta na staire.

Nod leat go bhfuil fairsinge eolais sna cártaí ag logainm, a thugann fianaise i leith an méid atá sa litir.

2010-04-27

Ceist: Dia Luain agus Loch Feabhail

Comhairle á lorg agam!

Tá scéal anseo

Tá cara liom ag scríobh leabhair agus ag iarraidh meabhair a bhaint as na logainmneacha.

Fuair mé folud/fola leis an brí "rud ar iasacht" i DIL. An é seo is bunús leis an scéal thuas?

Agus an ionann Dia Luain agus Lá an Luan, Lá Pilib a chleite? (i. Deireadh na Cruinne)

Fáilte roimh aon eolas bhreise! Fág teachtaireacht anseo, le do thoil, nó seo r-phost chugham ag aonghusoh ag gmail ponc com.

2010-01-15

Blúiríní: Dinnseanchas agus Stair Átha Cliath

Tá forbairt seasta á dhéanamh ar an áis fíor luachmhar Logainm.ie

Thug mé faoi ndeara inniu go bhfuil an dúrud eolais faoi Duibhlinn agus Áth Cliath nasctha leis an iontráil cuí. Aiste ón mBrainse féin ar na hainmneacha, agus dhá mhír as Irish Historic Towns Atlas.

Tá níos mó ábhar spéisiúil le fáil ach roinnt tochailt a dhéanamh.

Tá cuid acu bailithe le chéile faoin dteideal "Acmhainní Eolais"

2009-09-28

Seachrán Domhnaigh

Cloch na gConChuas ag spaisteoireacht le mo mhac Dé Domhnach beag seo. Thóg muid an bus 185 ó Bhré go dtí an Stad deiridh - Shop River as Béarla, na Geataí Óir as Gaeilge. Mar a léiríonn taifid an Bhrainse Logainmneacha áfach, sílim gur botún atá ansin. Tugtar na Geataí Óir ar bealach cúil isteach go Cúirt na bPaorach. O 203 173 an pointe atá i gceist anseo, píosa siar ó Chill Mholing. Shiúl muid fán mbóthar ansin chomh fada le brú Cnoc Rí1. As sin lean muid Slí Chualann ó thuaidh i dtreo Charraig na bhFiach. Cosán breá tirim, agus slacht curtha ar an gcuid is achrannaí ag an Meitheal Sléibhe. Cosán deas eibhir. Uaidh sin chas muid siar i dtreo Suí Liam2. Chas muid rud beag ró luath, agus lean muid imeall na coille ar feadh tamaill roimh casadh ó thuaidh chun an charn ar bharr a bhaint amach. Bhí radharc bhreá aduaidh againn - Binn Éadair, Inis Mhic Neasáin agus Reachrann le feiscint sna farraigí amach ó Bhleá Cliath. Bhí na Beanna Boirche le feiscint ar imeall na spéire ainneoin é beith scamallach go maith. Chuir sin le blas an anraithe a bhí mar phroinn againn!

Lean muid orainn siar ansin, i dtreo Cloch na gCon. Sin atá sa ghrianghraif thuas. Bhí an bealach seo sách lathach - níor mhaith liom é a shiúl in aimsir fliuch. Mar a bhí, chuaigh mise go barr mo ghlúine isteach sa bportach ag pointe amháin. Ón gcloch chas muid ó siar ó dheas, ag tabhairt aghaidh ar cúinne na coille ós cionn Gleann Crí. Tá cosán fá imeall na coille a thug amach go dtí an Bóthar Míleata muid, agus shiúl muid ansin go dtí an Ionad Athmhuintearais, a bhfuil café deas acu!

Thart ar trí uair go leith a bhíomar ag siúl, siúlóid taitneamhach, go hairithe agus muid araon fós ag teacht as babhta fliú!


1 Leagan amhrasach eile!
2 Ainmnithe in onóir chuairt Rí Seoirse, de réir taifid logainm.ie. N'fheadar cén ainm a bhí ag ár sinsir air?

2009-07-24

Bearna san diallait

Bhuail mé le fear inniu ag stad an bhus a bhí amhrasach faoi comharthaí bóthar nua i gCill Mhantáin áit a bhfuil anois "Bearnas Sailearnáin" san áit a mbíodh "Bearnas na Diallaite"

Tá na comharthaí feicthe agam fhéin, agus mé amhrasach faoi freisin. Ach go bhfuil muinín agamsa i scoláirí an Bhrainse Logainmneacha, ar daoine thar a bheith stuama iad a fheidhmíonn de réir fianaise.

Spreag sin mé an cheist a chíoradh ar logainm.ie - agus féach go bhfuil nóta mínithe ann ag léiriú fios fátha an scéil!

Ach n'fheadar ar cheart leaganacha buanaithe mar seo a athrú, ainneoin iad a bheith bunaithe ar bhotúin? Agus conas is fearr an t-eolas seo a scaipeadh ar an bpobal tré chéile? Ní gach aoinne a fhíosróidh an scéal ar logainm!

2008-05-28

Éire is ainm don Stát

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 4
Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.

ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948.
2. —Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.

Mar sin, de réir Bunreacht agus Dlí na hÉireann, agus in ainneoin leasú ar Airteagail 2 & 3 na Bunreachta, Éire is ainm don Stát.

Éire is ainm don oileáin chomh maith, dar ndóigh. In onóir Ériu, a bhí níos deise le Clann Míle ná a deirfiúracha Banba agus Fódla!

Seans dar ndóigh go bhfeadfaí athghabháil a dhéanamh ar roinnt des na hainmneacha eile atá luaite ag Céitinn. Muicinis, abair. Nó Ogigia.


Ceist a pléadh ag an gciorcal díospóireachta aréir fá ndear an mhír seo.

2007-09-05

Imram Frederike

Theip orm dul suas Cnoc Bréanainn i mbliana, ná go deimhin mórán siúl a dhéanamh in aon chor.

Siúlóid fiúntach amháin a rinne mé agus muid thiar, le m'iníon ar mo dhroim. Thosaigh muid amach ón mBaile Breac, ag dul aneas ar Chosán na Naomh.
Thar na Corr Aillí, áit a bhfuil, más fíor an t-ollpheist a sháinnigh Naomh Cuán ag fanacht faoine choire le deiridh an domhain. Suas agus thar Rinn Chonaill. Síos arís i dtreo Cill Maolcheadair. Chuaigh mé ar strae beagán ansin; tá dhá dreapa díreach i ndiaidh a chéile chun cúinne gort a thrasnú; ach bhí an dá cheann folaithe ag deora Dé.

Fán mbóthar ansan thar Fothrach an tSainsiléara agus Cathair Deargáin go dtí Gallarus. Chodail Frederike an t-am ar fad go dtí sin. Bhí lón beag againn sa Gharraí Glas, caife orgánach nua atá oscailte san áit ina bhfuil an láthair campála ag TP. Bhí sé go deas, ach bhí roinnt den snas nó den barr slacht in easnamh ar an méid a bhí ar fáil ann.

Bhí orainn siúl ar an mbóthar mór ar sin ar feadh tamaillín go dtí gur bhuaileamar le cosán síos go dtí an cladach. Fan tráigh ansin linn ar féachaint amach ar Chuan Árd na Caithne tríd an Muiríoch agus thar nais ar an mbóthar go Baile na nGall.

Bhí cupán iontach caife agam tigh TP ansin - caife ón gcrúiscín le suncaire, ar €2.

Fán Chósta ansin linn ó thuaidh.




Bhí radharc bhreá againn ar an Fear Marbh (Inis Tuaisceart).
Bhí an cloch ar a dtugtar "Cloch i seasamh" le feiscint go breá soiléir. Tá píosa ag an tOileánach faoi i ndinnseanchas an Bhlascaod:
Cloch i Seasamh.
Tá gotha an chaisleáin ar an gcloich seo, í lom díreach in airde ón bhfarraige agus chomh sleamhain le buidéal nach mór. Tá fód glas gairid do bharra na cloiche seo go dtugtar Nead an Fhiolair air; bíonn an fiolar leis ag déanamh a neide ann. Bíonn luach an airgid in airde ann, agus céad fear ag féachaint air. Ach ní bhacaid tharsu é. Ní féidir dul ann le téid, mar is ina bharra a bhíonn an nead, agus dá d'réir sin, is anuas a caithfear an t-ubh nó an t-éan a thabhairt. Aon drapadóir amháin a bhí ins an oileán so lem linnse a thugadh as iad, fear eile i nDún Chaoin, agus fear eile ó Pharóiste Múrach. Aon triúr amháin i mbeatha an tsagairt. Punt ubh fiolair nó gearrcach ins an am úd. Ach ba mhó rud gur phunt san am úd é ná fuil aon trácht tharsu le fada.


Lean muid an cosán fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. I dtreo deireadh, bhíos sásta gur lá ciúin tirim a bhí ann - bhí an chuid sin den cosán sách cúng agus bheadh sé thar a bheith sleamhain dá mbeadh aon fliuchras ann.

As sin ní raibh de rogha ann ach na boithre: ó dheas go dtí an Bóthar Buí agus Saipéil na Carraige. Ar aghaidh ansin go Cathair Scoilbín, Cill Chuán agus thar nais go dtí an Baile Breac.

Bhíos traochta go maith faoin am sin!

2007-05-01

Toit is Gleo

Name ist Schall und Rauch
(Gleo is toit is ea ainm)
(Faust ag caint le Gretchen, i bhFaust Goethe)

Bhíos ar camchuairt ar leath Choinn le linn na deireadh seachtaine, agus rith sé liom gur beag firinne atá i nath úd Faust, chomh fada agus a bhaineann sé le logainmneacha, pé scéal é.
Agus muid ar ár mbealach tríd Tír Eoghain, is iomaí Londonderry a chonaic muid.Agus sin áit amháin, mar a raibh dílseacht muintir na háite le feiscint i ndathanna ar an gcosán agus ar lampaí, chonaic mé Londonderry.
An chathair maighdeanach a thug roinnt fograí eile ar an áit úd, ach ní heol dom bunús an ainm sin.

Feictear dom gur líonmhaire ainmneacha i mBéarla i Leath Choinn. I Redcastle (Carraig Mhic Uidhilín) a bhíomar ag cuir fúinn.Tá cuid den ábhar seo cludaithe ag Brian Friel ina dhráma Translations; mar a dhein roinnt de lucht na Suirbhéireachta Ordanéis iarracht Béarla chruinn a chuir ar an nGaeilge; as sin as eascraíonn ainmneacha ar nós "Burnfoot" (Bun na hAbhann) nó "Swinford" (Béal Átha na Muice)
Ach fainic; cheap mé gur cás dá leithéid ba bhunús le "Moville" (Bun an Phobail) go dtí go bhfaca mé "Magh Bhíle" ar fhógra neamhoifigiúl sa bhaile úd.
Rud a mheabhraigh cás Dún Bhleisce dhom; pobal ag lorg malairt leagan seachas an leagan a bhronn an maorlathas orthu!


Agus muid ag filleadh tríd Iúr Chinn Trá, bhí saothar na Ceithearna Coille féicéalach - saothar nach raibh feicthe agam áit ar bith eile, cé gur thug mé suntas do dhátheangachas oifigí nua Comhairle Cathrach Dhoire.


Toit is gleo? Gleo cinnte, ach níl neamhbuaine toit ag baint le Dinnseanchas in Éirinn, agus ní raibh riamh!