Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Ó Cualann werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Ó Cualann werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-10-01

Ó Cualann


Bhí mo nuachar agus an déagóir gafa le cúrsaí ceoil inniu agus chaith mé an lá i mbun siopadóireachta agus siúlóide! Bheartaigh mé Ó Cualann a dhreapadh agus thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh thart ar meán lae. Thuirling mé in aice le Óstán Radharc an Ghleanna, ó thuaidh ó Ghleann dá Ghrua. Lean mé orm ar bhóthar comhthreomhar leis an N11, ag dul ó thuaidh ar feadh deich nóiméad nó mar sin, ansin chas siar agus in aghaidh an chnoic ar bhóthar ar feadh cúig nóiméad nó mar sin go dtí geata cairéal Marrakech. Tosaíonn cosán glas ansin a thagann chuig cosáin níos leithne gairbhéal tar éis cúig nóiméad nó mar sin. Chas mé ar chlé agus siar ar an gcosán sin agus thosaigh ag dreapadh i dtreo an mhullach. Bhí cheana féin radharcanna breá ann, bhí an aimsir go deas. 
Lean mé orm ar an gcosán sin gur chas sé ar chosán eile ag teacht aneas chun díriú ar an mullach. Scoilt sé ina cúpla cosán ansin agus an cnoc ag éirí géar. Roghnaigh mé ceann sa lár, agus ansin chas mé ar dheis uaidh ar chosán grean agus sceallach caol díreach soir go dtí an mullach. Cé gur bhain mé an mullach amach faoi ceathrú tar éis a haon, tar éis uair a chloig siúlóide, ní raibh an chuid sin taitneamhach. Má /nuair a dhéanaim arís é leanfaidh mé orm timpeall an mhullaigh go dtí an bealach coitianta suas ar an taobh ó thuaidh. 
Is mór an bhuntáiste a bhí ag Domhnaillín an chlúimh lena iliomad cosa ormsa a bhí taobh le péire agus uaireanta lámh! 
Bhain mé amach an bharr ar aon nós. Ní raibh fonn orm dul in aghaidh an slua (agus bhí neart amuigh) mar sin is soir ó thuaidh a thosaigh mé ag teacht anuas, áit a bhfuil sceallach freisin ach é bheith níos gairbhe ar an mórgóir. 
Ansin ar chosán tríd fraoch agus aiteann, a chas go luath ar cosán níos leithne chuig Cill Mocheanóg. Chuaigh mé ar strae beagán ón gcósan a bhí uaim ach d'aimsigh mé arís é. Bhí comhrá agam ar chuid den mbealach le beirt bhan ón mBrasaíl a bhí tar éis tosú amach sna Clocha Liatha ag leanacht an chonair marcáilte as sin. Scar mé leo áfach ar mhaithe le siúl níos gaiste, tar éis dom léarscáil EastWest Mapping a mholadh dóibh - agus cuairt ar na Gaeltachtaí i nGaoth Dobhair, Cois Fharraige agus Corca Dhuibhne. Tá Gaoth Dobhair deacair baint amach le hiompar phoiblí, ar ndóigh - ach is maith ann Bus McGinley. 

Bhain mé amach stad an bhus i gCill Mhocheanóg um 14:20 agus fuair greim bia san stáisiún artola fad is a bhí mé ag fanacht ar bhus. 

Beagán thar dhá uair an chloig de thruslóga fada a rinne leas colainne agus intinne dom! 

2020-07-11

Ó, Ae, Cíocha? Ó Cualann

Ó Cualann ⁊ Beannach Bheag
ón gcladach idir Chill Chomhghaill ⁊ Na Clocha Liatha
Tá an Sliabh suntasach (ainneoin nach bhfuil sé chomh hard sin) ar a dtugtar as Béarla an Sugarloaf gar don áit a chónaím, agus ar an mbealach go Bré. Agus sin an radharc a bhfuil taithí agam air.

Tá roinnt ainmneacha luaite leis as Gaeilge: Ó Cualann atá air ag Logainm. Roinnt blianta ó shin ar Twitter d'fhiafraigh Eoin Ó Riain cén fáth nach raibh Cualann séimhithe. Fuarthas freagra ón mBrainse Logainmneacha:
Gidh go bhfuil leaganacha de Ó Cualann agus Sliabh Cualann fianaithe sa Ghaeilge roghnaíodh Ó Cualann mar ainm oifigiúil den Great Sugar Loaf, *agus tá sé le fáil ar léarscáil na hÉireann ar scála 1:575,000 (cóipcheart, Rialtas na hÉireann, 1970) agus i nGasaitéar na hÉireann (1987). Níl séimhiú fianaithe sna leaganacha luath de Ó Cualann, agus glacadh leis an leagan seo gan séimhiú .i. tuigeadh gur dóichí go raibh an easpa séimhithe reoite ann. Ní léir brí na céad míre, ach tá sí caighdeánaithe mar Ó. Is fiú súil a chaitheamh ar leaganacha den dá logainm san Onomasticon Goedelicum mar atá ullmhaithe ag Instidiúd Ard Léinn Bhaile Átha Cliath—tá beagaín ón dinnsheanchas luaite ann:
Seo an méid atá luaite ansin:
22347
óe cualand *ae cualann* LL 195, Gwynn, Poems fr. Dind. 56; v. Ae Chualand; as. Óe Cualann, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; in cloch forsa fuirmeadh ceand Cualann isi in Oe Cualann, on Sliab Cualann, UM 151a; betw. Senchoraid and Cuilenn (Glencullen ?), Gwynn, Poems fr. Dind. 62; seems same as Druim Ing, Gwynn, Poems fr. Dind. 60; + the Three Rock mt in S c. Dublin; v. Druim Ing
Seasann UM do  leabhar Uí Máine.
Tá tagairt do dhán ón Dinnseanchas ansin: an dán Bend Etair II
Bend Etair, étan fri tuind,
Dún mBrea maic Senboth Saeruill,
Óe Cualand fri fogla frais,
Druim Ing maic dobga Dorb-glais,
....
Crimthand Sciath-bél, scíam fri cath,
las' torchair Cúalu cétach,
tuc a chend slúag-barr samlaid
i n-Óe Cúalann crech-adbail.

Ind ail úag fors' ruirmed sain
cend rúad ruibnech ind ríg-fhir,
is di as ainm ós chói chabsaid
ind Ói airdirc imarsaid.
Tá tagairtí don scéal seo i bfoinsí eile - fearacht an leabhar Mágh Ealta Éadair . Tá cóip de agam áit éigin, ach ní heol dom cé hiad Crimthain ná Cuala!

Tá tagairt eile san OG:
24734
sliab cualann Sugarloaf mt nr Bray, c. Wicklow, AFM-ndx, CS-ndx; Glencullen mt
betw. c. Dublin and c. Wicklow, AU-ndx; but v. Cualu; *Trí slébe hÉrenn: Sliab
Cua, Sliab Mis, Sliab Cualann, Triads (ed. Meyer), §37*

Tá Ae Cualann luaite sna tréanna
38Trí haird Hérenn: Crúachán Aigli, Ae Chúalann , Benn mBoirchi.Trí arda Éireann: Crúachán Aigli4, Ó Cualann, Sliabh Dónairt

4 Cruach Phádraig
Ní mór a rá go bhfuil Log na Coille luaite le Ae Chúalann i foinsí áirithe. Is Log na Coille an sliabh is airde i gCill Mhantáin - ach níl sé chomh feiceálach le hÓ Cualann.

San ábhar scanáilte ag Logainm tá litir chun na nuachtáin ag Liam S Gógan ag maíomh gur cíocha an Bandé Cuala atá i gceist. An raon uile, Beann Éadair san áireamh luaite aige le colainn Chuala. Is deacair sin a thuiscint agus tú gar dóibh, ach ag amharc ón gcósta, mar atá sa ghrianghraif thuas, is féidir an samhail sin a fheiscint.

Giolaspar atá ag Logainm ar an sliabh níos ísle ar a thugaim Beannach Bheag. Is dóigh liom féin gur don talamh faoi a thagraíonn Giolaspar. Tá scéal go raibh "gilt spur" mar chíos ar an bhfearann sin.
The name Giltspur, which originally refers to a townland on the northern slopes, is explained by a transaction in the late 12th century, whereby Dermod MacGiollamocholmog granted one carucate of land in Kilruddery to Richard de Felda for a pair of gilt spurs, to be presented to him and his heirs each year at Michelmas 
~ Place-Names of County Wicklow - Liam Price (Foinse)