Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-01

Ó Cualann


Bhí mo nuachar agus an déagóir gafa le cúrsaí ceoil inniu agus chaith mé an lá i mbun siopadóireachta agus siúlóide! Bheartaigh mé Ó Cualann a dhreapadh agus thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh thart ar meán lae. Thuirling mé in aice le Óstán Radharc an Ghleanna, ó thuaidh ó Ghleann dá Ghrua. Lean mé orm ar bhóthar comhthreomhar leis an N11, ag dul ó thuaidh ar feadh deich nóiméad nó mar sin, ansin chas siar agus in aghaidh an chnoic ar bhóthar ar feadh cúig nóiméad nó mar sin go dtí geata cairéal Marrakech. Tosaíonn cosán glas ansin a thagann chuig cosáin níos leithne gairbhéal tar éis cúig nóiméad nó mar sin. Chas mé ar chlé agus siar ar an gcosán sin agus thosaigh ag dreapadh i dtreo an mhullach. Bhí cheana féin radharcanna breá ann, bhí an aimsir go deas. 
Lean mé orm ar an gcosán sin gur chas sé ar chosán eile ag teacht aneas chun díriú ar an mullach. Scoilt sé ina cúpla cosán ansin agus an cnoc ag éirí géar. Roghnaigh mé ceann sa lár, agus ansin chas mé ar dheis uaidh ar chosán grean agus sceallach caol díreach soir go dtí an mullach. Cé gur bhain mé an mullach amach faoi ceathrú tar éis a haon, tar éis uair a chloig siúlóide, ní raibh an chuid sin taitneamhach. Má /nuair a dhéanaim arís é leanfaidh mé orm timpeall an mhullaigh go dtí an bealach coitianta suas ar an taobh ó thuaidh. 
Is mór an bhuntáiste a bhí ag Domhnaillín an chlúimh lena iliomad cosa ormsa a bhí taobh le péire agus uaireanta lámh! 
Bhain mé amach an bharr ar aon nós. Ní raibh fonn orm dul in aghaidh an slua (agus bhí neart amuigh) mar sin is soir ó thuaidh a thosaigh mé ag teacht anuas, áit a bhfuil sceallach freisin ach é bheith níos gairbhe ar an mórgóir. 
Ansin ar chosán tríd fraoch agus aiteann, a chas go luath ar cosán níos leithne chuig Cill Mocheanóg. Chuaigh mé ar strae beagán ón gcósan a bhí uaim ach d'aimsigh mé arís é. Bhí comhrá agam ar chuid den mbealach le beirt bhan ón mBrasaíl a bhí tar éis tosú amach sna Clocha Liatha ag leanacht an chonair marcáilte as sin. Scar mé leo áfach ar mhaithe le siúl níos gaiste, tar éis dom léarscáil EastWest Mapping a mholadh dóibh - agus cuairt ar na Gaeltachtaí i nGaoth Dobhair, Cois Fharraige agus Corca Dhuibhne. Tá Gaoth Dobhair deacair baint amach le hiompar phoiblí, ar ndóigh - ach is maith ann Bus McGinley. 

Bhain mé amach stad an bhus i gCill Mhocheanóg um 14:20 agus fuair greim bia san stáisiún artola fad is a bhí mé ag fanacht ar bhus. 

Beagán thar dhá uair an chloig de thruslóga fada a rinne leas colainne agus intinne dom!