Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-03

Is clóite an galar an cumha

Deirtear gur baolach d'aisteoir obair le leanaí nó ainmhithe. Léiríonn Bríd Ní Neachtain (Róise) san scannán seo gur féidir leis an duine ceart an bheart a dhéanamh! Go deimhin ní haon dhóithín éinne den gcliar - Barney an madra (Frank), an buachaill cúthail Ruadhán de Faoite (Maidhcí) , an mac imníoch Cillian Ó Gairbhí (Alan).

Scéal uilíoch an cumha don sonuachar agus athar a sciobadh ró luath, agus deacracht an caoineadh cuí. Ag tús Róise agus Frank  Róise beo ar tae agus arán tur, gan bheith ag dul amach ach nuair atá an bainne géar nó an caonach liath ar an arán. Tagann madra strae chuici agus diaidh ar ndiaidh - cúis imní dá mac, a shíleann í a bheith ag dul as a meabhair - tagann sí ar an dtuiscint gurbh é a fear céile atá sa mhadra.

Tugann an madra misneach di - agus do bhuachaill óg a bhfuil fonn aige bheith ag iomáint ach nach bhfuil an misneach aige.

Scéal álainn, lonnaithe le gean i nGaeltacht na Rinne (cór san áireamh!) a léiríonn gaol casta an duine lena theaghlach agus leis an bpobal. Agus na rudaí a thugann misneach agus ardú croí do phobal. Ba mhinic mé gar don caoineadh mar téann cumha go croí; ach tá neart greann ann, agus is scéal dóchais agus cneasú atá ann.

Bláthaíonn Maidhcí agus Róise, agus tuigeann siad faoi dheireadh nach bhfuil Frank madra de dhíth orthu, agus tá casadh iontach i ndeireadh an scéil. Alan féin, atá buartha faoina mháthair ach ag múchadh a chumha féin, tá cneasú i ndán dó.

Tá an scannán saibhir i mionsonraí agus radharcanna atá áitiúil ach uilíoch. RnaG ar siúl sa chúlra - guthanna a aithním, cineál osréalach ach deas freisin.


Toradh fónta eile ar infheistíocht Ciné 4, agus ar saothar na n-aisteoirí agus ceardaithe eile, foireann Macalla ach go háirithe, atá ag dul ó neart go neart.

Is beag duine againn nach bhfuil nó nach mbeidh ag streachailt le bás san teaghlach agus an cneasú agus caoineadh atá de dhíth - créachtaí a osclaíonn go tobann ag réabadh an choilm uaireanta.

Tá íocshláinte san scéal dóchasach seo.