Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-08

Beannach Bheag ⁊ Belmont


Táim i mo shuí óna trí ar maidin, toisc go raibh orainn an déagóir a thabhairt go dtí an aerfort. Bhíomar sa bhaile arís thart ar leathuair tar éis a hocht, agus ní raibh fonn orm filleadh ar an leaba. Bheartaigh mé dul ag siúl. Agus triail a bhaint as Slí Belmont thar Beannach Bheag. Slí a thosaíonn ó cheart i Cill Mocheanóg, ach ní raibh fonn orm fanacht leathuair eile ar bhus Bus Éireann. Mar sin thóg mé an 184 ó Bhaile an Chinnéidigh go dtí Óstán Radharc an Ghleanna. Bhí orm siúl ar cúlbhóithre - timpeall áirithe - chun an conair a bhaint amach, ach bhí siad ciúin go maith moch maidin Sathairn. Thosaigh mé ag siúl ag 9:10.

Thrasnaigh mé an N11 ar an droichead ansin agus ar aghaidh liom soir ar bhóthar Bhaile Uí Dhonncha go dtí T, áit ar chas mé ó thuaidh ar bhóthar idir na bailte fearainn Cúil an Ghaid agus Cúil na Sceach. Ag casadh sa bhóthar sin thug mé faoi bhóthar siar suas thar ghualainn Beannach Bheag, Lána Bharr Choille. Faoi 9:50 bhí an cosán aitheanta suas Beannach Bheag sroichte agam agus thosaigh an dreapadh ceart. Tar éis deich nóiméad chas mé ó thuaidh ó chosán slí Belmont (marcáilte le saighead buí) toisc go raibh fonn orm dul go dtí an mullach. Tar éis cúig nóiméad eile chas mé soir arís ar chosán a tháinig amach idir na beanna. Cosáin clochacha ar fad atá ansin. Tá Ó Cualann agus Beannach Bheag ar imeall bhaitilit eibhir, agus is grianchloch, siosta agus a leithéid de chloch crua, agus sceallach thart ar na beanna. Bhain mé an bharr amach ag 10:10. Bhí radharc iontach siar ar shléibhte Chill Mhantáin agus soir ar an bhfarraige, agus ó thuaidh ar chathair agus bhá Bhleá Cliath. 


Chuaigh mé ó dheas ansin ag teacht anuas ar chosán géar tríd sceallach gur bhain mé slí Belmont amach. 
Cosán deas gairbhéil ansin go dtí gur bhain mé amach eastáit Belmont féin. Tá caifé agus bácús ansin, chom maith le ionad chun rothar a fháil ar cíos chun na rianta rothair a thriail. Bhain mé amach an chlos ansin ar thart ar 10:40. Cosán deas gairbhéil an bealach ar fad síos tríd goirt agus uaireanta coillte. Neart piasúin sna coill, agus caoirigh sna goirt - agus geataí go leor. Fógraí ag cuir fáilte roimh madraí dea iomprach ar iall! 
Chuaigh mé ar strae beagán ansin, toisc go raibh saighid buí á lorg agam, agus lean mé bóthar na gcarr amach. Dá mbeadh mé tar éis an cosán le saighead bán ar chúlra uaithne a leanacht bheidh deich nóiméad spáráilte agam. Shiúl mé amach ansin fán mbóthar go dtí stad an bhus ar bhóthar Bhearna na Gaoithe. Sroich mé sin ar a haon déag. 
Siúlóid bhreá, cé go raibh roinnt mhaith ar bhóithre i gceist. 

Giolaspar a thugann logainm.ie ar Beannach Bheag. Measaim áfach go bhfuil dul amú orthu, agus go dtagraíonn Giolaspar (Giltspur) do réimse talún ó thuaidh den mbeann, áit a raibh cíos "péire gilt spurs" le n-íoc anallód. (Féach cártaí cartlainne logainm.ie). Beannach Bheag a bhí ag mo sheanmháthair air, agus sin is fearr liom.