Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-14

Léacht Uí Chadhain - 'Idir Mé agus an Páipéar' ~ Ollamh Ríonach uí Ógáin.

 “Níor leag mé peann ar an bpáipéar ariamh nach raibh sibh i m'intinn, a phaca diabhala. Nach raibh sibh ag dul idir mé agus an páipéar - ag dul ar an bpáipéar - tograím é nó ná tograím. Mar sin a bhí, agus a bheas. Mar sin is dual. Mar is sibh mo mhuintir, mo mhuintir féin...” ‒ 
Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas
(luaite ar réamhrá Foclóir Uí Chadhain)

Rinne mé mo bhealach go Cathair ghríobháin Má Meall aréir - campas ollscoile a tógadh le teacht le chéile a dhéanamh deacair, agus nach bhfuil éirithe níos soiléire ó bhí mé féin ann breis is tríocha bliain ó shin. Mar sin féin, agus ainneoin tógáil agus réabadh foirgnimh ó bhí mé ann go deireanach, d'aimsigh mé Léachtlann O in Áras Newman (Bloc na nEalaíon) áit a raibh léacht Uí Chadhain á thabhairt ag Ríonach Ní Ógáin.

Bhí sí ag caint ar shaothar Uí Chadhain ag cnuasach amhráin agus an cúram a rinne sé de na focail agus cúlra na n-amhrán. Agus an dá leagan déag a bhíonn ar gach amhrán! An idirghníomhacht idir béaloideas, béalaireacht agus údarás an leagan reoite scríofa. 

Léirigh sí a caint le taifid luachmhaire fuaime - focail na n-amhrán agus duanta diaga á rá seachas á gcanadh. Ach go raibh ceol san reacaireacht ag deartháir le Máirtín agus fiú ag Máirtín féin. 

Ba luachmhara fós an chaint toisc go raibh aithne ag Ní Ógáin ar Ó Cadhain, agus go deimhin gur chabhraigh sé léi agus í ag cnuasach béaloideas í féin. 

Labhair sí freisin ar an dteannas is féidir a bheith ann idir pobal agus cnuasaitheoirí ó lasmuigh, nach ionann sprioc agus tuiscint dóibh agus don bpobal. 

Caint thar a bheith spéisiúil beoga. 

Bhí fáiltiú agus seoladh leabhar ina dhiaidh, ach sin gnó do bhlagmhír eile, lá eile LCD. Tá sé go deas bheith in ann freastal arís ar ócáidí de leithéid, smaointe spreagúla a chlos, agus labhairt le daoine!