Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-21

SEOL LINN AR EACHTRA EILE LE IMRAM!

12-20 Samhain 2022


Tá naoi mbliana déag curtha de ag IMRAM agus seo arís é lán d’fhuinneamh le clár mór leathan d’imeachtaí a chuimsíonn gnéithe éagsúla den litríocht, filíocht, prós, ceol is scannánaíocht, féile litríochta do dhaoine óga – IMRAM na nÓg, agus clár ar leith do na scoileanna. Teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ealaíonta atmaisféaracha ar scáileáin do thionscadail ilmheánacha na féile.

Agus misean IMRAM á fhógairt aige, misean chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil chultúrtha in Éirinn, mhaígh an Stiúrthóir, Liam Carson: ‘Tabharfaidh IMRAM 2022 spléachadh don phobal ar staid na litríochta comhaimseartha Gaeilge, scríbhneoireacht a chuimsíonn seánraí éagsúla: ficsean stairiúil agus ficsean eolaíochta, cuir i gcás; bíonn dialóg ar siúl ag ár gcuid filí le cultúir eile, agus bíonn scríbhneoirí ag dul i ngleic le ceisteanna ár linne, cúrsaí inscne agus féiniúlachta, abraimis, drugaí, agus an baol a bhaineann le gnéithe áirithe den idirlíon. Ach thar aon rud eile, comhlíonann an fhéile príomhdhualgas cruthaitheach na litríochta, is é sin, an saol a chanadh, an bheatha a cheiliúradh.’

Cuirfear tús leis an bhfeile le mórléamh ar an 12ú agus 13ú Samhain i gClólann Chaisleán Bhaile Átha Cliath. I measc na n-aíonna beidh Seán Ó Muireagáin agus a chuid scéalta diostóipeacha; eachtraí a bhaineann le mic léinn atá caite le chéile in árasán a labhraítear Gaeilge ann is ábhar do scéalta nua le Ógie Ó Céilleachair. Cuireann an file agus cumadóir Thaddeus Ó Buachalla sleachta i láthair as saothar nua leis, Immran an Phréacháin agus beidh Colm Ó Snodaigh, amhránaí agus ceoltóir le Kíla ag insint scéalta géara nua-aimseartha dúinn as Cnaipí agus scéalta eile.

Beidh dhá mhórthionscadal filíochta ann ar an 14ú Samhain a dhíreoidh ar Cheaití Ní Bheildiúin agus ar Phaddy Bushe a dhéanann ceiliúradh ar logainmneacha agus an tírdhreach is na miotais a ghabhann leo. Cloisfear fuaimrian a chum Neil Ó Lochlainn don ócáid agus lainseálfar Lig don nGiorria Suí/Let the Hare Sit.

 ‘Duine de scríbhneoirí tábhachtacha ár linne’ an cur síos a dhéanann Books Ireland ar Dharach Ó Scolaí, údar agus foilsitheoir, agus beidh a shaol agus a shaothar á fhiosrú ag Cathal Póirtéir in agallamh a reáchtálfar in Ionad na Scríbhneoirí. San ionad céanna, ar an 16ú Samhain, déanfar ceiliúradh ar Thomás Mac Síomóin, scríbhneoir agus smaointeoir Marxach a cailleadh i mbliana.

Beidh IMRAM an-ghnóthach ar an 17ú Samhain nuair a fhógrófar buaiteoirí an chomórtais haiku, Duais Bashō. Chomh maith leis sin, beidh an craobhchomórtas ann de Guth na hÉigse, comórtas aithriseoireachta d’iar-bhunscoileanna. Trí scéal a thiteann amach an oíche chéanna is ábhar do ‘Grindr, Cider and Cher’, trí mhonalóg agus triúr carachtar LGBTQ ann, scríofa ag Eoin McEvoy, Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh le haghaidh Oireachtas na Samhna 2022. Is seó ilmheánach é agus ceol ann le Bandia.

Déanfar athbheochan ar cheolchoirm cháiliúil de chuid IMRAM in Smock Alley, Dé hAoine, 19ú Samhain, le Port a’ tSaoil: Tionscadal Kate Bushe agus glór neamhaí Chaitríona O’Leary. Cruthaíonn Kate Bush cairpéad eitilte as rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre agus tarraingíonn a cuid amhrán as foinsí éagsúla litríochta agus scannánaíochta.

Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh an t-úrscéal ficsean eolaíochta Tinte na Farraige go Gaeilge agus is eisean atá ina stiúrthóir ar léiriú stáitse ilmheánach air sin leis na haisteoirí Seán T Ó Meallaigh, Hilary Bowen Walsh, agus Colm Mac Gearailt ar an Satharn, 19ú Samhain. Scannán filíochta ilmheánach é Comhrá le Lí Hè, bunaithe ar leabhar dátheangach le Gabriel Rosenstock a dhéanann iniúchadh ar fhile buile ón Ríora Tang agus feicfear ar YouTube é ar an 20 Samhain.




Majella Ní Chríocháin, Bainisteoir IMRAM 087 9776852