Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-07

Binenwalde

Nuair a bhí mé féin agus mo nuachar anois ag siúl amach, is ag siúl a bhíomar go minic! Go minic is san Eilvéis Boihéamach, ceantar gainimhchloiche díreach trasna teorainn na Seice, agus cúpla uair an chloig ar thraein ó Bheirlín, a chaitheamar deireadh seachtaine ag siúl (agus ag ithe agus ag ól...) 

Ach bhí áiteanna deasa níos giorra do bhaile, áiteanna a raibh cáil na rómánsaíochta orthu. Scríobh Tucholsky, abair, Rheinsberg - ein Bilderbuch für Verliebte. (Leabhar pictiúr do lucht seirce). Tá neart scríofa ar ndóigh ag Theodor Fontane ar a Wanderungen durch die Mark Brandenburg agus corrscéal rómánsach aige. Chaith Feardorcha Mór, agus é ina rídhamhna, seal ina chónaí i Rheinsberg. Bhí caidreamh achrannach aige lena athar Feardorcha I na Prúise. 


Thart ar an am sin fuair maor coille seilbh ar phaiste gleoite talún, loch san áireamh, ón Rí, faoi choinníoll cúpla teaghlaigh a shealbhú ann (bhí an daonra laghdaithe go mór de dheasca na cogaí creidimh, agus an tír imithe chun fiántas). As a chéile Sabine a d'ainmnigh sé Binenwalde. Rinne na finscéalta iníon as Sabine agus chum scéal seirce idir í agus strainséir a sheinnfeadh feadóg mhór, i. Fritz. Go dtí an lá nár tháinig sé go dtí an choinne, agus go bhfuair sí amach go raibh sé imithe go Beirlín le sealbh a ghlacadh ar an gcoróin.... 

Auch die »Historie« ist leisen Fußes durch diese Gegenden hingeschritten und erzählt von Kronprinz Fritz und seiner Liebe zum schönen Försterkinde von Binenwalde. Von Rheinsberg aus herüberkommend, gab er im Abenddämmer das wohlbekannte Zeichen nach dem mitten im See gelegenen Forsthaus hinüber, und nicht lange, so glitt ein Kahn aus dem Schilfgürtel hervor und der Stelle zu, wo der Prinz, unter den Zweigen einer überhängenden Buche, die schöne Sabine, das »Insel- und Försterkind«, erwartete. Die schöne Sabine aber stand lächelnd aufrecht im Kahn, das Ruder mit raschem Schlage führend, bis im nächsten Moment das Ruder ans Land und sie selbst dem Harrenden in die Arme flog. 

 
Níl bunús ar bith leis an scéal, agus ag an am go raibh sé ceaptha tarlú bhí Feardorcha féin pósta (ní bac sin ar ndóigh, go háirithe do phrionsa, ach cuireann sé leis an amhras). 
 
Feardorcha Mór na Prúise, nuair a bhí sé ina Rídhamhna.
le Antoine Pesne

Pé scéal é, bhí fhios ag mo nuachar anois go raibh teach tábhairne deas, bia fónta, agus go raibh leithinis in aice na locha go bhféadfá puball a ardú ann. Abhae linn mar sin, ar traein i dtosach agus ansin ag siúil tríd coillte béithe ar sean bhóithre duirlinge. 



Bhí an tábhairne ag teacht lena chlú, agus tar éis béile taitneamhach rinneamar campa. Agus labhair ar feadh na hoíche, ag scaoileadh rúnta croí lena chéile. Bhí an rómáns san aeir, agus thuigfeá do phrionsa uaigneach dá mheallfadh bé na coille é - agus di dá mheallfadh oirfideach ceolmhar cuanna í.....