Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-02

Ní nód go naisc...

Agus cá mbeimid gan na léitheoirí ar nód tábhachtach cumarsáide gach duine acu. Ar an gcaoi sin tig linn na meáin shóisialta a lua, an ghiolcaireacht agus na blaganna, mar shampla. Is nód tábhachtach ann féin é Aonghus Ó hAlmhain.
Liam Mac Cóil, 
Is leor nód don eolach..., Comhar Bealtaine 2022
 
 


 
Is mór agam an moladh seo ó Liam. Ach ní nód gan naisc. Tá mé i mo chraosléitheoir le fada, ach chun bheith ar an eolas faoi na leabhair atá ar fáil, tá níos mó i gceist! Bheadh scileanna Escher de dhíth orm chun m'ionad i ngréasán naisc na Gaeilge a léiriú i gceart - mar sin níl san íomhá thuas ach leagan ana shimplí den na foinsí eolais agam. 

Is ar líne a fhaighim roinnt mhaith eolais, agus nodanna ó léitheoirí eile - ba dheacair an ghréasán sin a léiriú, cé go bhfuil léiriú éigin le fáil ón ngraif a ghineann chirpty.com bunaithe ar chomhráite.
 
 
Ar ndóigh, de réir mar a bhí mé ag blagadóireacht agus ag giolcaireacht, agus mo shuim sa litríocht follasach d'fhorbair an ghréasán. Is mar thoradh ar bhlagadóireacht maidir le hIMRAM, abair, a d'iarr Gabriel orm tús a chuir lena bhlag siúd. Táim ag freastal ar imeachtaí IMRAM le fada anois - ní cuimhin liom cé chomh fada! Tá sé iontach casadh le daoine san fíor shaol seachas ar líne amháin. Agus bíonn réimse an-leathan ábhar ag IMRAM. Tá tábhacht le seoltaí leabhair, agus is iontach an forbairt a bhí i Fómhar na Leabhar Leabhar Breac sa Chultúrlann. (Táim tar éis dul ó thuaidh cúpla uair anois chun freastal ar ócáid liteartha sa Chultúrlann). Fágtar cúram na Gaeilge faoi IMRAM ró-mhinic agus bíonn ar Liam ardán a aimsiú san féilte litríochta eile - go leor oibre déanta aige agus é ar bheagán acmhainní agus is eagal liom uaireanta ar bheagán buíochais. Tá na Clubanna Leabhar ann gan amhras, agus le tamall anois táim ag plé le Club Leabhar Club an Chonradh.

Is ar nodanna a chéile a mhaireann nóid na Gaeilge! Is iontach an deis a thugann na gréasáin sóisialta don taiscéalaí ar Ghaeltacht na Leabhar. Tá tábhacht áfach freisin leis na léirmheasanna sna hirisí - Comhar, Feasta agus an Timire. Cloisim freisin faoi rudaí tríd Tuairisc agus Nós; agus bíonn an Raidió go maith, go háirithe An Cúinne Dána. Bhí Léirmheas Leabhar ar TG4 go maith agus tá súil agam go bhfilleadh sé.

Tá mo chlann fásta anois, agus nílim ag amharc chomh grinn sin ar litríocht na nÓg,cé go bhfuil ionad buan i mo L-spás ag scata acu - go háirithe saothar ealaíona An tSnáthaid Mhór.

Faighim go leor leabhair ón Leabharlann ar iasacht idir leabharlainne (nó bheadh an teach níos láine ná mar atá) agus go hiondúil - toisc gur gá an teideal agus na sonraí a bheith agam, is nod ó léitheoir eile a chuir sa treo sin mé. Nó léacht, nó alt.

Tá súil agam go dtugann na nótaí a bhreacaim anseo deis do dhaoine eile tairbhe éigin a bhaint as saibhreas Ghaeltacht na Leabhar. Agus sin mo racht go n-uige seo.