2020-09-28

An Craos-Deamhan

Blianta fada ó shin cheannaigh mé leabhar Gearmáinise le rogha Thurneysen de scéalta as litríocht na nGael. Bhí leagan ann de Aislinge Meic Con Glinne, téacs iontach áiféiseach faoi bhia, agus an laoch ag leigheas Rí Mumhan ó chraos-deamhan tríd an scéal a reic dó. Tá leagan Béarla ar shuíomh CELT freisin.

Bhí mé ag súil go bhfaigheann leagan Nua Ghaeilge a bheadh ar mo chumas léamh uair éigin. Thóg sé tamall orm tuiscint gurb é sin díreach atá in "An Craos-Deamhan" le Peadar Ua Laoghaire; agus fuair mé ó Chorpas ARÉ é agus sheol ag mo Kindle é.

Leanann sé an lamhscríbhinn go dílis, feictear dom. Anuas go dtí an mionn "Dar mo dhebhroth". Ach ag deireadh an scéal tá aguisín curtha leis aige, soiscéal na Measarthachta de réir an tAthair Maitiú á thabhairt aige. Mheas mé freisin, mar Chorcaíoch dílis, go raibh roinnt curtha leis aige chun clú Mainchín a chosaint ar an líomháin gur go héagórach a chaith sé le Mac Con Glinne.

Tá codanna den scéal ar dheacair do léitheoir na linne seo ciall a bhaint astu - agus tá cuid de na ruthaig agus athrá beagán fadálach. Ach is leabhairín beag taithneamhach atá ann mar sin féin. Thaithin sé liom.

Is iontach go bhfuil teacht measartha éasca ar na téacsanna - idir bun téacs ar CELT agus athéacs mar atá curtha ar fáil ag Peadar Ua Laoghaire. Go deimhin, an constaic is mó anois ná fios a bheith ag duine iad a bheith ann!


Nithe gan tairbhe

Ba robad do throichBa rabhadh do throch
ba h-irehuitbed fri foigdechba argóint le bacach (?)
ba tusliud clochi fria crandba caitheamh clocha le crann
ba sanais fri bodarba cogar i gcluas bodhair
ba díbad for dubachba oidhreacht do dhubhach
bid cor eptha i cléithba cuir briocht i gcliath..
ba gat im gainem nó im gualba gad um gaineamh nó um gual
ba h-esorcu darach do dhornaibba dul i ndoirne i ndair
ba deól melaa mecnaib ibairba diúl meala as meacna iuír
ba cuinchid imme i llige chonba cuardú ime i gconchró
ba longad i scellaib scibairba dinnéar scilleach phiobair
ba h-iarraid olla for gaburba olann a iarraidh ar ghabhar
ba saiget i corthiba saighead  a scaoileadh le colún 
ba cosc lára do broimnigba cosc lárach ar bhroimneach
ba cosc mná boíthe do drúisba chosc mná baoithe ar dhrúis
ba h-usce for tóin créthirba uisce ar bun criathar
ba taeb fri coin fholmnigba iontaoibh a chuir i madra confaidh
ba salond for luachairba salann ar luachair
ba tinnsccra iar n-indsmaba margadh iar phósta
ba rún fri mnaí mbaíthba rún a scaoileadh le mná baoth
ba ciall i n-óinmitba ciall a lorg in óinmhid
ba mórad mogadba mhóradh mogha
ba lind do baethaibba leann do linbh
ba h-immthús fria rígba iomaíocht le rí
ba coland cen chendba colainn gan cheann
ba cend cen cholaindba ceann gan colainn
ba caillech fri clogba bean rialta i mbun cloig
ba h-athlaech i cathaír n-espuicba iar shaighdiúr i gcathaoir easpaig
ba tuath cen rígba tuath gan rí
ba h-imram luinge cen laíba iomramh loinge gan rámh
ba h-arbor i cliab tollba arbhar i gcliabh pollta
ba h-ass for sechidba bainne ar sheithe
ba tigadus cen mhnaíba teaghlach gan bean
ba caera for gaimenba caora ar chraiceann
ba taidbsi (.i. messa) do phecdachuba aisling rabhaidh do pheacaigh
ba h-athis i n-inchuibba aithis don aghaidh
ba h-aisec cen taisecba aiseag gan leorghníomh
ba cur síl i ndroch-ithirba cuir síl i ndroch ithir
ba tárcud do dhroch-mnaíba talamh do dhroch mhnaoi
ba fognam do dhroch-fhlaithba fónamh do dhroch fláith
ba leth-ard cundarthaba conartha leathard
ba tomus lettrommba tomhas leatromach
ba tidecht tar fuigellba cuir i gcoinne breithiúnas
ba sárugud soscélaba sárú soiscéala
ba forcetul Ancríst ba foirceadal d'Ainchríost
t' fhorcetul-sa im do longad a Meic Con Glinne!’’teagasc duitse maidir le do ghoile, a Meic Con Glinne.
Ruthag as Aisling Mhic Con Glinne. Leagan Nua Ghaeilge liomsa ag braith ar Bhéarla Meyer. Cuid de dorcha dom!

2020-09-24

Puball na Scéalaíochta

Puball na Scéalaíochta

 (Bhí mír ar An Saol Ó Dheas RTÉ RnaG inné faoi leabhar nua, insint Micheál Ó Dubhshláine ar an scéal  áitúil Fiannaíochta Carraig an Ghiorria. Sin faoi ndear an sruth cuimhní seo.)

Ó aois a 16 ar aghaidh, nó mar sin, chaith mé go leor de mo chuid ama saoir le buíon gasóga i mBaile Átha Cliath - a thug comhluadar dom agus deis taistil agus siúl sléibhe. Agus mé ag tabhairt aghaidh ar Bheirlín tar éis na hOllscoile, thuig mé go mbeadh mé níos óige de roinnt blianta ná mo chomhghleacaithe. Bheartaigh mé dá réir ballríocht a ghlacadh i ngrúpa gasóga thall, ar mhaithe le comhluadar.

Ba ar ghrúpa de chuid an BdP a tháining le chéile i Charlottenburg a chuaigh mé. An nós a bhí acu ná "Treibh" a thabhairt ar a ngrúpaí, agus ainm sean treibheanna a ghlacadh chucu féin - rinneadh ball de na Normánnaigh díom dá réir! Chuir mé aithne freisin ar daoine ar chomhaois nó rud beag níos óige ná mé i ngrúpaí eile i mBeirlín Thiar - ní raibh na gasóga thoir, toisc go raibh siad comhshamhlaithe in eagraíochtaí stáit. Agus roinnt de seanfhondúirí na gluaiseachta freisin. Thug sin comhluadar agus spreagadh dom ar feadh roinnt blianta - cé gur shleamhnaigh mé as ar feadh tamaill mar go raibh mo spéiseanna ag athrú (agus gur bhuail mé le mo nuachair anois, ach sin scéal eile).

Dream iad an BdP a tharraingíonn ní hamháin ar machnamh Baden Powell faoin ngasógaíocht, ach ar mór acu na traidisúin a bhain leis na Wandervogel - fánaithe óga roimh an dara Ár Eorpach. Chomh maith le neamhspleachas na ndaoine óga a fhorbairt ba mhór acu seanchas agus go háirithe amhránaíocht fánaíochta. Gné den traidisúin is mór acu ná na "Pubaill Dubha" - nuair a bhíonn siad ar aistir, baineann siad feidhm as pubaill atá comhdhéanta de píosaí éadaigh troma dubha. Is minic nach mbíonn cleith pubaill ar iompair in aon chor acu, iad ag brath ar lomáin a bheith ar fáil san áit a dhéanann siad campáil.

Bíonn pubaill simplí beaga ann - Kohte - aithris ar phubaill na Sámaigh. Ach nuair a bhí grúpa mór le chéile ann feidhmíonn na Jurten  mar puball agus go minic ionad tionóil agus seanchais. Puball mór le ballaí arda agus díon. Poll sa lár, agus tine faoi. Coire ar an tine, agus Tschai ann - meascán milis de tae agus sú, agus torthaí agus spiosraí tríd. Chruthaigh an cumasc átmasféir cuideachtúil a spreagann scéalaíocht.

Roinnt blianta ina dhiadh phós mé. Ar chúiseanna lóistíochta - níos mó go mór gaolta agamsa ná ag mo nuachar - bhí an bainis in Éirinn. Chuamar ina dhiadh ar feadh seachtain Mí na Meala i Mám an Óraigh, ós cionn Fionn Trá in Iarthar Dhuibhneach. Bhí aoi amháin ag an mbainis arbh gasóg é agus mhol sé go mór dúinn cuairt a thabhairt ar Reiner Rolff sa Ghleann Mór i nDún Chaoin. Ba dhuine é Reiner a bhíodh gníomhach leis na gasóga i mBeirlín, agus a raibh cáil machnóra agus fáidh fós air i measc an gluaiseacht níos leithne Bündische Jugend. Bhí sé ag cuir faoi ó na 1970í i dteach a a thóg sé féin i nDún Chaoin in éineacht lena bhean agus a mhac.

Ní raibh carr ná tiomáint againn, ach shiúleamar lá amháin feadh trá Fionn Trá, agus timpeall Ceann Sleibhe go Dún Chaoin. Ó tharla ann muid, bheartaigh muid tuairisc Reiner a chuir. I 1994 bhí oifig an phoist fós i nDún Chaoin agus is ann a fuairemar fios an tslí. D'aimsigh muid an teach - suntasach de bhrí go raibh mac Reiner, Heiko, tar éis muine crainn a chuir - agus tá crainn annamh in Éirinn. Bhí tráthnóna breá seanchais againn, agus - rud a bhíomar ann buíoch as - thug Heiko síob siar go dtí an loistín dúinn.

I 2003 bhíomar fillte ar Éirinn le cúpla bliain agus beirt mhac againn. Bhíodar siúd iad féin san aicme is

An Siolla Om greanta
ag doras an bhotha

óige de na gasóga abhus - níos óige ná na macaoimh, Béabhair. Bhí teach saoire tógtha againn gar do Thrá na hInse. Lá de na laethanta - bhí tiomáint foghlamtha ag mo bhean roimh teacht anoir di - rinneamar camchuairt na leithinise arís agus thug cuairt ar Reiner. Faraor, bhí a bhean imithe ar shlí na fírinne tamaill roimhe, ach bhí a mhac agus é féin fós ina chónaí sa teach. 

Bhíodh grúpaí scoile agus gasóga ón nGearmáin ag tabhairt cuairt air, agus bhíodh sé ag cuir Micheál Ó Dubhshláine in aithne dóibh, é ag scéalaíocht dóibh. Chun éascaíocht a dhéanamh ar sin bhí comrádaithe leis ó ghluaiseacht na ngasóg tar éis both admhaidh a thógáil, ag aithris ar Jurte na nGasóg. Is ann a bhíodh an airnéain.

Bhí grúpa le teacht roinnt seachtain i ndiadh ár gcuairt, rang deiridh scoile. Tharla sé go raibh mé féin díomhaoin mar gur bhuail tonn iomarcaíochta an comhlacht ina raibh mé fostaithe. Thug mé sciurd siar ó dheas mar sin chun blaiseadh den airneáin. Ar an traein go Trá Lí, ar an ordóg do dtí an Daingean, agus de shiúl na gcos as sin. (Tá fánaíocht go maith don meanma). Fuaireas bheith istigh ó Reiner agus a mhac, agus bhí mé ann don scéalaíocht ar ball agus chuir aithne ar Mhicheál. 

Go deimhin, ó tharla gur iarr duine de na múinteoirí scéal faoi Chú Chulainn, agus nach raibh ceann ag Micheál, d'aithris mé féin scéal. Ba iontach an chaoi a chuir an atmasféir san both leis an guth daonna.

An Leperello

Ní cuimhin liom go baileach cathain ar fhorbair an smaoineamh Leperello a dhéanamh as scéal Carraig an Ghiorria ach bhí Reiner tógtha leis an smaoineamh dul díreach ó Ghaeilge Mhichíl go Gearmáinis seachas trí droichead an Bhéarla, agus sholáthar mise leagan Gearmáinise dó. Chuir Heiko an leabhar i cló ina chlólann Púca Press - Ponc Press anois. (Dhíol sé féin é le bean on Eilvéis, agus nuair a d'fhill sise ar an Eilvéis thóg an siopa leabhar sa Daingean ar lámh é - ach is é Heiko atá arís i mbun na hoibre i Lana an Phúca).

Bhí sé i gceist againn dornán scéalta eile a dhéanamh ar an modh céanna, ach faraor d'éirigh Micheál tinn, agus ansin buail stróc Reiner - mar sin níor críochnaíodh an togra sin riamh. Tá na billeoga áit éigin timpeall an tí agam fós!

Tá léaraidí le Bob Ó Cathail agus téacs Béarla agus Gaeilge le bheith sa leagan nua agus tá cuma iontach snasta air. Eagrán teoranta - ó tharla gur obair láimhe atá i gceist leis an gcló! Tá cathú orm, ach.. 

2020-09-15

Trí Scéal - Stefan Zweig - Risteárd Mac Annraoi

Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé chun fios a chuir ar an leabhar seo ón leabharlann. Tagairt áit éigin, ar shuíomh Aistriú Litríochta, seans. Pé scéal é, chuir mé fios air agus fuair mé faoi dheireadh é nuair a d'oscail na leabharlanna arís. Tá an córas ag na leabharlanna iontach éifeachtach. Is ó leabharlann Fine Gall a d'iarr mé na leabhair, mar go bhfuil Leabharlann Mullach Íde trasna an bhóthar ón oifig agus thar a bheith áisiúil - má tá mé san oifig. Ach níor leag mé cos ann ó Mhí Márta. Ní raibh aon deacracht na leabhair a athsheoladh go dtí Na Clocha Liatha, de bhrí go bhfuil bunachair agus córais na leabharlanna poiblí uilig anois aontaithe. 

Ar aon nós, fuair mé an leabhar. Mar a luaigh mé cheana, tá go leor de shaothar Zweig léite agam sa bhunleagan. Tá an trí scéal seo ionadaíoch go maith ó thaobh stíl agus ábhar ar saothar Zweig ina chuid nóibhillí. Reacaire sa chéadphearsa a fheidhmíonn mar a bheadh athair faoistine don té atá buartha faoi eachtra éigin a réab as an gnáthshaol iad. Dochtúir ón na coilíneacha i gcás Der Amokläufer (Ar Mire). Tá taithí againn anois ar "Amok" ar taom buile foréigneach; ach ag an tréimhse a scríobh Zweig a scéal ní raibh an focal i gnáthúsáid, focal Malaeise ó cheart. Réabann eachtra le bean an dochtúir as a ghnás, agus leanann tragóid. I Vierundzwanzig Stunden aus dem Leben einer Frau (Fiche ceathair uair a chloig as saol mná) is eachtra bhaintreach meánaosta a thiteann faoi gheasa cearrbhaigh óg atá i gceist; réabtar ise freisin as a gnás. Bhí an dá scéal seo léite agam. Ní raibh an tríú ceann, Buchmendel (Mendel na Leabhar). Mangaire leabhair - idiot savant de chineál - ábhar an scéil, agus is meascán de cuimhní an reacaire agus insint glantóir an chaife ina mbíodh an Mangaire ag feidhmiú atá sa scéal. An uair seo is tubaiste an chéad chogadh mór a scriosann saol an Mangaire leabhair agus a bhua neamhghnách cuimhneamh ar leabhair, a dteidil, a luachanna agus cá bhfuil fáil orthu. Chuir an chéad cogadh Domhanda agus peacú tobann na dteorainn agus na naimhdis as go mór do Zweig agus don aicme sibhialta léannta meánaicmeach dár díobh é - is léargas ar an dtubaiste sin agus a lean é an scéal seo, tríd priosma duine aonair.

Measaim gur éirigh thar barr le  Risteárd Mac Annraoi  an cinéal atmaisféar atá le sonrú ar Ghearmáinis Zweig a thabhairt slán ina aistriúchán Gaeilge; agus bhain mé sult as an trí scéal beag beann ar iad a bheith léite agam cheana nó gan a bheith.  Tabharfaidh an saothar seo blaiseadh de shaothar Zweig do léitheoirí, agus blaiseadh de shaol atá imithe ar fad.

Stefan Zweig
Risteárd Mac Annraoi 2017 (féinfhoilsithe)

2020-09-14

Arbeiterschliessfach...

Ó fógra reatha d'arasán sa
bhloc ina raibh cónaí orm
Nuair a bhog mé go Beirlín i 1990, in éineacht le naonúr eile a bhí earcaithe ag an gcomhlucht AEG díreach ón ollscoil in Éirinn d'eagraigh an chomhlacht arasáin dúinn. In mbloc mór de árasáin aon seomra a bhíomar lonnaithe; dream a raibh ArWoBau orthu an uair úd a reachtáil iad. (Más buna mo chuimhne "Cumann foirgnimh cónaí don lucht oibre" atá i gceist leis an giorrúchán. Tá ainm nua ar an gcuideachta anois "Berlinovo Apartment GmbH").

"Taisceadán oibrí" an leasainm Gearmánach ar a leithéid, as sin an teideal don mhír seo; nó "Wohnklo mit Kochnische" - i. Leithreas cónaithe le cuasán cócaireachta.

Bhí troscán bunúsach ann - leaba/tolg, bord oibre, bord ite, cúpla cathaoir, leabhragán nó dhó. Formica donn agus bán - tá ionadh orm gur beag athrú atá ar chúrsaí, mar a fheictear sa phictúir thuas a d'aimsigh mé nuair a rinne mé an seoladh a ghúgláil. Seomra amháin a bhí agam, cearnógach. Cuasán bheag de chistin ina raibh cuisneoir agus sorn - a raibh cuma ársa orthu an uair úd, agus doirteal. Ní raibh doras idir cistin is seomra agus ní raibh fuinneog sa chistin. D'fhoghlaim mé ceacht tábhachtach nuair a cheannaigh mé cáis Tilsiter is d'fhág cúpla lá sa chuisneoir é.... Bíonn boladh láidir ar cháis, boladh a scaipeann go gasta.

Bhí dorchla beag san arásan freisin, agus is ann a bhí an faithlis. Agus leithreas agus cith i seomra beag - gan dabhach ar bith ag an cith, poll san úrlár chun an tuisce a scaoileadh amach.

Bhí m'arasán ar an rud ar a dtugtar Hochparterre - sé sin, an úrlár is ísle ach é cúpla troigh os cionn an talamh lasmuigh. Bhí b'fhéidir méadar cearnach de bhalcóin agus fuinneog mór ar thaobh amháin den arásan. Ach ba ar an taobh sin a bhí an bealach isteach coisithe don bloc agus trácht dá réir ann. Mhothaigh mé mar a bheadh mé in uiscedán scaití, agus is minic gur fhág mé ní hamháin na cuirtíní láis a bhí ann dúnta, ach na cuirtíní troma donn freisin. 

Bhí IKEA i ngar dúinn agus is ann a fuaireamar foireann potaí agus gréithe bunúsach. Is cuimhin liom gur shíl mé go raibh an dearadh ochtagánach cuanna ar na plátaí. Botún. Bailíonn salachar i gcúinní...

Fuair mé sílear beag sa bhreis ar an árasán, agus fuair mé rothar a choinnigh mé ann. 

Níorbh é an áras is socúla é, ach is dóigh liom gurbh mé an duine deiridh den naonúr againn a bhog amach as an áit. Is dócha go raibh mé sásta áit agam féin a bheith agam tar éis bheith ag fás aníos i teaghlach líonmhar. 

Idir freastal ar ghrúpa gasóga agus bheith ag ól agus ag ragairne i tábhairní Éireannacha - i rith na seachtaine chomh maith le ag an deireadh seachtaine -  níor chaith mé an oiread de m'am saor ann. Bhí ceaintín ar obair agus is ann go hiondúil a d'ith mé dinnéar ar laethanta oibre. Tae agus ceapairí an t-aon ghnó a bhí agam don gcistin de ghnáth. Rinne mé roinnt cócaireachta ag an deireadh seachtaine ceart go leor.  Ach is doiligh cócaireacht do dhuine amháin. Rud eile de, bhí orm bheith cúramach éirí sách luath ar an Satharn; dhún an ollmhargadh áitúil thart ar mheán lae agus d'fhan dúnta go dtí an Luain. Go deimhin, seachas an Déardaoin, nuair a bhí na siopaí oscailte níos deireanaí, bhí sé deacair siopadóireacht a dhéanamh in aon chor sa bhruachbhaile ciúin de chuid Spandau ina raibh cónaí orm. Bhí rudaí rud beag níos fearr i Spandau féin ach ní bheadh duine ag iarraidh mála móra siopadóireachta a iompar an bhus.

Ar na Sathairn úd a chosc póit ar éirí in am mé, ba mhór an ghar an bialann Iodálach a bhí trasna na sráide, agus is iomaí risotto blasta a d'ith mé ann!

Mhair mé ann ar aon nós go dtí gur phós mé, agus gur bhóg mé go dtí arásan aon seomra mo nuachar i mBeirlín Thoir - a bhí níos mó, ach nach raibh cith ann... Scéal do lá eile. Faoin am sin freisin bhí m'iomad oibre bogtha ó Spandau amach go himeall na cathrach. Tar éis athaontú na Gearmáine fuair AEG seilbh arís ar mhaoin a bhí acu roimh an chogaidh, agus ar an comhlacht a bhí i seilbh na maoine céanna, agus ag déanmah na hoibre céanna ar na bóithre iarainn thoir. Ba ghiorra an arásan i Prenzlaer Berg do Hennigsdorf ná an áit gar do Spandau, don té a bhí ag baint feidhm as iompair poiblí. (Bhí sé níos giorra i bhfad do tiománaithe agus rothaithe; ach mhair tionchar an balla ar iompair poiblí i bhfad níos faide - b'fhurasta bóithré a athoscailt; ba dheacra cás an iarnróid. Ní cuimhin liom fiú bus a bheith ann a thabharfadh chun na hoibre mé, ach níl mo chuimhne ar cathain go baileach a tharla an aistriú chomh cruinn sin. Seans gur bhog mé soir sular bhog an obair; agus go mninc ar aon nós bhí mé ag obair go seachtrach.)

Cé go dtugann an pictúir thús blaiseadh éigin den dearadh, i ndáiríre is níos dorcha atá sé i mo chuimhne. Sách maith chun codladh; ach ní habróinn go raibh cónaí orm ann, dáiríre! Tá sé deacair focail a chuir ar an gcuimhne atá agam ar mo mhothúcháin san áit. Pluais. 

Ar éigin go raibh caidreamh ar bith agam leis na comharsana ann. Maidir leis na hÉireannaigh eile, bhí an chuid eile den naonúr scaipthe, cuid acu san ionad céanna, cuid eile áiteanna eile sa chathair. Ach ní raibh mé ag obair leis an gcuid eile acu - bhí mise sa rannóg forbartha, morchuid den gcuid eile i rannóga díolacháin de bharr an Béarla bheith acu. Bhí Gearmáinís líofa agam féin, agus is amhlaidh go raibh saol sóisialta éigin agam beag beann ar na daoine eile tar éis an chéad tréimhse thall. Níorbh ionann na nithe ar chuireamar spéis iontu.




2020-09-08

Ar Luch agus ar Dhuine

 But Mousie, thou art no thy-lane,
In proving foresight may be vain:
The best laid schemes o’ Mice an’ Men
          Gang aft agley,
An’ lea’e us nought but grief an’ pain,
          For promis’d joy! 

To a Mouse, Robert Burns 

A luchóg ó, ní tú amháin 
A d'fhoghlaim an ceacht atá le fáil:
Gur minic a chlis an scéim ab fhearr
Ar luch a's ar dhuine,
A's fágadh iad faoi bhrón ar lár, 
In áit na loinne. 

Aistriúchán: Ailbhe Ó Monacháin 

Bhí tréimhse ann i mo chuid fichidí nuair a bhí mé ag léamh rud ar bith le John Steinbeck a raibh mé in ann lámh a leagan air. (Bhí sé measartha éasca clasaicí Béarla a cheannach i mBeirlín sna 1990í agus is iomaí pingin a chaith mé tigh Kiepert  ar Ernst-Reuter-Platz. Siopa atá imithe anois, is cosúil, cé go maireann an chuideachta. Tá cuimhne mhaith agam ar scéal Lennie agus George a léamh, scéal tragóideach beirt spailpín, a tharraingíonn tubaiste orthu féin go neamh urchóideach.

Dráma beag, le cliar teoranta, ach scéal sách uilíoch. Aislingí an fhir oibre. Ciníochas. Teannas i measc fir. Uaisle is ísle.

Tá Gaeilge Uladh curtha ag Colmcille Ó Monacháin ar an scéal; rud atá feiliúnach, measaim, toisc gur Béarla canúnach atá ar bheola na fir oibre ag Steinbeck. Bhí mé tumtha go hiomlán san eachtra, agus úire agus neart as an nua ag baint leis mar scéal de bharr an aistriúchán. Músclaíonn sé trua do na carachtar atá gafa in eangach saoil nach bhfuil éalú uaidh i ndán dóibh; ainneoin an cuma a bheith air go bhfuil aisling a fuascailte beagnach ar lámh. Sula dtarlaíonn an tubaiste. "Rud a tharla" an teideal a bhí ar an scéal ag Steinbeck sular tháinig sé ar dán Burns. Dán faoi thubaiste nach raibh éalú uaidh; cé nach féidir a rá go raibh éinne ciontach. Tugtar léargas tríd caint agus gníomh ar go leor nithe; ar chruatan saol an spailpín; ar chiníochas; ar uaisle nádúrtha agus a mhalairt. Níl ach bean amháin i gceist, agus is ball coimhthíoch í dáiríre - posta chun éalú ón mbaile léamh ach í imithe amach as muineacha is isteach sna driseacha; fear céile suarach trodach éadmhar anois aici. Agus í sáinnithe i gcomhluadar fir atá amhrasach fúithi. Tragóid an toradh.

Mar is dual do Leabhar Breac tá an leabhar féin ina earra snasta, le cló cuanna agus páipéir deas. Tá aguisín ag Colmcille Ó Monacháin ag míniú a chuir chuige ó thaobh teangan de (adhmháím nach ndearna mé ag leathshúil a chaitheamh air!). Cinnte, bhí leagnacha nach mbeadh taithí agam orthu, ach bhí siad soiléir sothuigse sa gcomhthéacs. 

Seo an chéad leabhar faoin inphrionta nua Cló Lováin; tá Colmcille Ó Monacháin i measc na Gaeil atá fostaithe sa Bhruséil ag plé go gairmiúl le haistriúchán. Is cosúil go bhfuil an meitheal ansin spreagtha le tumadh san aistriúcháin - ní meamraiméis amháin, ach na haistriúcháin liteartha atá déanta síos na blianta. Tá siad freisin ag cuimilt le pobal ilteangach, éirimiúil, spéisúil. Beidh mé ag súil leis na saothair eile a eascraíonn as an gcomhluadar seo.

Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck
Aistrithe ag: Colmcille Ó Monacháin
ISBN 978 1 911363 22 4

2020-09-07

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

Chuir mé fios ar leabhar Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht ón leabharlann thart ar am a fhoilsithe, ach de bharr na dianghlasála ní bhfuair mé go dtí le déanaí é.
Smaointeoir domhain is ea Cronin, agus is éard atá sa leabhar ná dhá aiste, ceann as Gaeilge agus ceann as Béarla a bhfuil an téama céanna acu ach ábhar beagán éagsúil. Maíonn Cronin go bhfuil gá ár gcaidreamh leis an áit a mhairimid a athrú ó seilbh go áitreabh; tuiscint gur cuid de bhréidín na cruinne muid seachas máistrí.

Is é an téis atá á chuir chun cinn sa leabhar aige go bhfuil an Ghaeilge cabhrach - riachtanach fiú - chun áitreabh comhfhiosach a dhéanamh in Éirinn. Go bhfuil stair agus dúlra na tíre sna logainmneacha; go bhfuil tuiscint agus bá leis an ndúlra fite fuaite sa litríocht agus sa bhéaloideas, agus go bhfuil an Ghaeilge in eochair dó sin.

Ach freisin go bhfuil an tuiscint fóntaíoch, sealbhach de dhlúth agus inneach na mórteangacha, agus go bhfuil frithnimh le fáil sna teangacha mionlaithe dúchasacha a eascraíonn as áitreabh seachas seilbh.

Go dtugann an Ghaeilge tuiscint ar leith do na himill, agus gurb iad na himill atá ag tús cadhnaíochta ag dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Mar a thug Peader Kirby suntas dó san agallamh thuas, is san aiste Gaeilge amháin a phléann Michael Cronin an tráma a d'eascair as an athrú teanga - ag tosú le foréigean concas na dTúdor agus ag doimhniú sa Ghorta Mór. Tá plé déanta ar an ghné seo roimhe ag Tomás Mac Siomóin - as Béarla agus as Gaeilge. Is an créacht oscailte seo an constaic is mó chun go mbeadh an pobal i gcoitinne in inmhe feidhm as bhaint as an nGaeilge mar uirlis aigne chun dul i ngleic leis an athrú atá de dhíth. Agus is deacair fheiceáil conas is féidir é sin a bhaint amach - nuair atá formhór na héiceolaithe dall ar an nGaeilge, patuar nó fiú naimhdeach fearacht an chuid eile den bpobal. Agus nuair atá an ceannaireacht stáit dall ar an nGaeilge seachas mar mhaisíuchán sealadach fánach.

In ndiaidh dom an leabhar a léamh d'amharc mé ar an agallamh thuas idir Peadar Kirby agus Michael Cronin, chomh maith le léirmheas ag Máirín Nic Eoin.

Tá lón marana go leor san leabhar agus san plé; ach níl oideas nó clár oibre ann. 




2020-09-04

Ar mo leabhar bhreac!

 Anois agus Foclóir Uí Dhónaill ar líne, is féidir go leor nathanna spéisúla a aimsiú ann ach cuardach a dhéanamh. Thug mé faoi deara uair éigin go raibh go leor nathanna agus "By Jove!" mar ghluais acu: intriacht chun iontas nó a léithéid a chuir in iúl.

  • Dar Bríce! 
  • Dar Crom!
  • Dar Fia! 
  • Dar Lia! 
  • Dar Fiagaí! 
  • Dar Diagaí! 
  • Dar Donn! 
  • Dar Duach! 
  • Dar fia is (dar) fiolar!
  • Dar fiagaí! 
  • Dar lia! 
  • Mhuige! Dar Mhuige!
  • Mhuine! Dar Mhuine!
  • Dar prící! 
  • Dar príost! 
  • Dar prísce! 
  • Dar sliabh! 
  • Dar crísce!
Meascán iad seo idir sofhriotal agus déithe págánacha - Donn, Crom is Duach.

Tá bealaí eile ann le hiontas a chuir in iúl, nó fírinne a dhearbhú:
  • Dar an leabhar!
  • dar m’anam!
  • Dar m’fhocal! 
  • Dar mo bhriathar! 
  • Dar m’uacht! 
  • Dar an Lámh Dhia!
  • Dar an lá beannaithe!
  • dar m’fhallaing!
  • dar go deimhin! 
  • dar seo is siúd! 
  • M’anam, m’anam le Dia, gur fíor é, 
  • Dar bhrí an bhata seo i mo lámh
  • Idir mé is Dia
  • Fágaim le m’anam (go),
  • Dar mo lámh! 
  • Leabhróinn gur tú a chonaic mé
  • Mhionnaigh sé go raibh an ceart agam
  • Fágaim ag an saol (go)
  • seo is siúd orm (go)

Pairlement Chloinne Tomáis

Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan dá haghmhilleadh.  Do  bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, agus mac do sin Lóbus Laghrach, agus mac do sin Liobur Lobhtha.  Do  bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh agus le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, agus ro geineadh clann iomdha eaturra; agus do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht agus ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha. 

I measc na téacsanna atá ar fáil i gCorpas ARÉ tá an aoir Pairlement Chloinne Tomáis. Tá tagairtí cloiste agam dó go minic mar saothar lán grinn raibiléiseach. Thapaigh mé an deis é fháil don Kindle tríd an suíomh. Téacs ó 1615 é agus ní mór dom a rá go raibh mé ag streachailt leis. 

Maíonn sé gur de sliocht na deamhain cosmhuintir na hÉireann, agus san scéal tá tracht ar chúpla tionóil den drong sin idir aimsir Phádraig agus aimsir Chromail, agus deireadh gach tionóil acu ná troid, achrann agus slad. Tá sé ar maos le hainmneacha áiféiseacha, cuir síos tarcaisneach ar feisteas agus cuma, aidiacht carntha ar aidiacht, uaim agus ruthaig.

Is dócha go bhfuil léargas le fáil ann ar dheacadh an aicme léannta ar an gcosmhuintir agus an polaitíocht; agus is cosúil gur in ndá thréimhse a scríobadh é.

Don scíthleitheoir fearacht mise, nach bhfuil an oiread sin cur amach aige ar an stair - agus is dócha, fearacht an Béal Bocht - na saothair eile a bhfuil tagairt a dhéanmah dóibh, níl an oiread sin adhmaid le baint as. Ach is deas mar sin féin teacht éasca a bheith agam air!

2020-09-03

Eisirt

Tá fáil ar Corpas Stairiúil na Gaeilge ina bhfuil cáipéisí ó 1600 go dtí 1926 ar líne le tamall. Is féidir é chuardach - ach is féidir freisin na téacsanna a íoslódáil. Tá siad ar fáil i bhfoirm ePub; cé nach bhfuil sé sin oirúnach don Kindle, tá sé measartha éacsa aistritheoir go MOBI a aimsiú ar líne, agus é chuir le cnuasach ar Kindle, rud atá déanta agam le roinnt leabhair.

Ina measc Eisirt - athinsint Pheadar Ua Laoghaire ar chuid den méid de Imthechta Túaithe Luchra agus Aided Fergusa a d'fhoilsigh Standish O'Grady. 

Tá trácht anseo ag Gregory Darwin ar an mbuntéacs, agus na móitíf ann.

Is dóigh liom go raibh an tAthair Ua Laoghaire ag scríobh do dhaoine óga, agus mar sin gur chuaigh sé níos faide fós ná Standish O'Grady chun an chollaíocht agus graostacht sa bhunleagan a cheilt - cé go bhfuil rian den teannas fágtha san trácht ar Bhébo ag cúirt Fhearghusa.

Scéal atá ann faoi file na ndaoine beaga, a bhriseann gáire air nuair a chloiseann sé a Rí ag maíomh as neart agus feabhas a phobail - toisc gurb eol dó daoine a bheith ann. Glacann an Rí olc leis; chun a cúis gáire a chruthú, téann sé go hEamhain Mhacha agus filleann le habhac Rí Fhearguis; a bhfuil cuma fathaigh air do na daoine beaga.

Ansin cuireann sé de gheasa ar an Rí dul go hEamhain agus leite an Rí a bhlaiseadh. Téann an Rí Iubhdán ann, agus a bhean Bébo in éineacht leis. Bíonn sé gafa ann ar feadh bliana.

Tá eachtraí grinn agus gaoise fite fuaite tríd an scéal; meascán de súgradh agus dáiríre.

Leitheoireacht taitneamhach. Is mór an áis an Corpas. Níl an leagan amach iomlán cuanna ar an Kindle, is minic na bristí leathanaigh amscaí (ach seans go bhfeadfaí é sin a chuir san áireamh san iompú, níor chaith mé aon dua leis). Ach tá na téacsanna soléite go maith, agus i gcás Ua Laoghaire níl an Ghaeilge chomh héagsúil sin le Gaeilge an lae inniu - tá breis dua ag baint leis na téacsanna níos sine!

2020-09-01

Comhairle maidir le cén admhaid a fheileann don tine

 Do labhair Iubhdán.

"A fhir seo a dheinean deatach mór ag adú' na dteinte agus a loisgean mórán adhmaid, ná loisg rígh na gcrann. Déin an teine do rígh na bhfleadh, d'Fheargus uasal na slógh, ach ná cuir sa teine sin rígh na coille. Ná loisg rígh na bhfeadh do rígh na bhfleadh. Is fann é an féithlean.

Ní'l slóighte móra aige mar atá ag Árdrígh Uladh. Ach tá a neart féin aige. Ní'l an crann san ag fás a' talamh na h-Éirean ná fuil fé n-a smacht.

Cuirean sé a ghéaga caola fada tímpal ar an gcrann is mó agus is treise, agus is seirbhíseach an crann san dó feasta. Ná loisg é, a fhir an deataigh. Is dual dó an uraim is dual do rígh. Tabhair dó an uraim is dual dó, nó beidh a chathughadh ort. Goinfidh faobhar thu nó báthfaidh uisge thu.

"Ná loisg an crann-ubhall áluinn, crann na ngéag bhfaon fé ualach mhilis, crann an chinn bháin gur minic air lámh an duine.

"Ná loisg an draighean dubh. Ní loisgid saoir é. Tugan sé díon do'n eun sa gheimhre.

"Ná loisg crann sailíghe, crann na bhfilí. Tá mísleacht dán ann. Tá mil do bheachaibh ann. Is aoibhinn bheith ag éisteacht le crónán na mbeach agus iad ag deól na meala as a bhláthaibh. Ní ceart é chur sa teine.

"Loisg an cárthan, crann na ndraoidhthe, crann caomh na gcaor ndearg, crann na bpiseóg agus na deismireachta. Ach seachain an coll, coll na ngeug bhfann agus na gcnó a thaithnean leis an bhfiacail. Ná loisg an coll, a fhir an deataigh.

"An fhuinnseóg; dorcha a dath. Cuirean sí luas i rothanaibh; slata i lámhaibh marcach; ruag ar namhaid i gcath. Is mairg a loisgfeadh í.

"Loisg an dris, an rud ríghin deilgneach a ghearan cos an duine agus do stracan a chuid éadaigh. Loisg an dris idir chríon agus glas.

"Adhmad teith dair úr. Ní gnáth aoinne séimh uaidh. Cuirean a ghál teinneas cinn ar dhaoine agus cuirean a ghríos teinneas 'n-a súilibh. Ná cuir sa teine an t-adhmad a chuirfeadh meidhreán agus sile súl ar dhaoine.

"Ná staon ó'n gcrann-fearna do losgadh, badhb teasaidhe na coille. Is fada ó fhuacht duit teine fearna agus sgeithe gile.

"Cuileann, loisg a úr. Cuileann, loisg a chríon. Chun teine ní'l crann le fághail is fearr 'ná cuileann.

"An trom, an droch adhmad, crann eachra na slógh sídhe, loisg go mbeidh 'n-a ghual.

"Loisg an beithe nuair a gheabhair sínte ar an dtalamh é. Agus loisg go mall agus go moch, pé tráth is maith leat é, an crann úd go mbíon a bhárr ar crith.

"Ach an t-iubhar, an t-adhmad is uaisle dhíobh go léir, crann na bhfleadh, mar is eól duit, dabhacha donna is ceart a dhéanamh dé.

"Glac mo chómhairle, a fhir an deataigh. Cuirfidh an chómhairle sin an rath ort i dtaobh anama agus chuirp.


As Eisirt,  An tAthair Peadar Ua Laoghaire

Gogamán

Go bhfios dom is focal Feirsteach atá anseo, ar duine a thugann aire do leanaí dhuine eile. De bharr leathtagairt a chuala mé féin ar leagan cainte do Síle na nGog mar an ainm an na híomhánna meánaoiseacha úd, plé a lean ar aghaidh ar an gclár go dti gogaide agus a léithéad, tharraing @Beirneach anuas an cheist faoi Gogamán ar Twitter. Bhí Iarla den tuairim gur le teann magaidh a thug bean as Tír Chonaill an focal do Mhuintir Béal Feirste.

Tagann sin leis an sainmhíniú atá ag Ciarán Ó Duibhín anseo: faoin ceannfhocal - Baby-sitter deir sé 

gocamán (so used in Belfast, from Rannafast word for a hen set to hatch another's eggs; in Scotland the word is applied to the bird that hatches the cuckoo's eggs)

Tá cúpla brí ag  Dwelly ar gocamán:

gocaman: /gɔxgəman/ fir. gin. ⁊ iol. -ain 1 usher 2 attendant 3 minder


Dar le MacBain:

gocaman

an usher, attendant, sentinel, or look-out man; Martin's (Western Isles, p.103) gockmin, cockman; from Scandinavian gok-man, look-out man (Arms.; Mackinnon says it is Danish). For root, cf. German gucken, peep. Norse gauksman; gauk maðr, cuckoo man. Norse gaukr, cuckoo; Scottish gawk.

Níor aimsigh mé fianaise don focal gauk maðr ach tá do maðr :

<maðr> man, person; husband; henchman -- [Pokorny manu-s, or monu-s :: man, human being]  

 

Ach freisin 

gocaman na cuthaige: meadow pipit, titlark (anthus pratensis)
   
I measc na n-ainmneacha ar tearma.ie ar an éin sin tá "banaltra na cuaiche"

Ach tá focal i eDil ar tharraing Dennis King aird air: cobcan  atá luaite mar bhanalta na cuaiche i dTromdhámh Ghuaire. Traslitrí go cabhcán a rinne Feargal Ó Bearra ar sin; ach ní léir go bhfeileann sin, mar gur malairt  leagan ar fabhchún atá ansin dar le Ó Dónaill. Tá crostagairt ag eDil go dtí an Duinníneach - cinéal fabhchún atá i cabhcán dar leis; agus crostagairt aige freisin go hulchabhán. 

Maidir le gocamán sa chiall fear faire, is cosúil gurb ón Danmhairgis a tháinig sé. Bhí cúpla rud le rá ag Alex Mulholland (@molach95):
Gocaman - Gauk-madhr (Lochlannais)

 


Cuthag - Cuckoo (Gàidhlig)
Gowk - Cuckoo/Idiot (Beurla Ghallda/Scots)
Hunt The Gowk Day/Latha Ruith na Cuthaige (April Fools)

Tá an focal "gog" ann mar leagan leanbaí ar ubh; agus tá bheith ar do ghogaide.  Tá an focal "gawk" ar amharc (amaideach no míbhéasach) as Béarla; agus guck sa Ghearmáinis.

Is é mo thuairim féin áfach gur anall thar Sruth na Maoile agus roimhe sin ó Críocha Lochlainn a tháinig an focal, ag athrú brí diaidh ar ndiaidh. Agus ansin le casadh eile ó Rann na Feirste go Béal Feirste, agus ar ais - is cosúil! Murach cobcan na Tromdháimhe bheinn lán cinnte!



2020-09-02 Aguisín

Tar éis dom an méid thuas a chuir le chéile, chuaigh Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh (@Beirneach) ag tochailt arís, agus tháinig ar nithe éagsúla.

Mar shampla, tá "bean glúine" ag an Duinníneach mar ciall leis an bhfocal "gogaide".

Agus is iomaí ainm ar anthus pratensis in Éirinn agus in Albain ag tagairt don ról aici i tógáil na cuaiche.
"Banaltra na cuaiche," atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig móna.  "Coimhdre na cuaiche," atá ag muintir Thír Eoghain uirthi.  Tá "gobadán na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na cuaiche" uirthi freisin.

Saoghal Éanacha, Seán Mac Giollarnáth, 1925 

Tá "gobadán na cuaiche" agus seanfhocal ag dul leis "Titfidh an spéir nuair a rachaidh an gobadán i mbéal na cuaiche" ag Ó Dónaill.

Dinneen 1904: 
gobadán, " also the little bird (titling) that attends the cuckoo; a flatterer; a parasite; a botch (Mayo)."

Ciallacha "gogán" i nGaeilge = ubh gan sliogán (Uíbh Laoire) agus babhla adhmaid

 Ó "Focal na nUltach" Ciarán Mac Murchaidh - "Coimhdire na cuaiche, the bird that follows the cuckoo, gnly. the meadow pippet (Derry)." Tá an focal Coimhdire agus coimhdire na cuaiche ag Ó Dónaill freisin.

I nGaeilge na hAlban: 
meadow pipit (dìdig, gocan na cuthaige, gocan-cubhaige, gocan-cuthaig, mion-eun, snàthag, snàthdag, tàcharan-cubhaige)

Aguisín breise: Corpas an Fhoclóra agus Gaois.

Bhí gocamán eile inár measc darbh ainm Fred a raibh nead theolaí déanta aige . -- Diarmaid Ó Gráinne, An Traimp 

Ciall eile ag an nGráinneach feictear dom, seachas feighlí linbh!

B' fhéidir nach rabh de dhíth air ach céile leapa agus gogamán de fheighlí páistí fá choinne a chuid nighneach ? -- www, LEAVING CERT NOTES
Nó siúd is gur tógadh le crábhadh agus le hidéal na mná clannaí í , agus í cruthaithe ina gogamán maith ag páistí , bhí sé ag déanamh scime daoithi an rabh sé de dhíobháil uirthi tar éis an tsaoil an chéad doisín eile de bhliantaibh a chaitheamh ina feighlí ar bheirt nighneach a chlannaigh a grádh geal le mnaoi eile . -- www, LEAVING CERT NOTES

Tá an cuma ar an dá sliocht deiridh sin gurb as saothar amháin iad.
(Is ea: "Ainmhian na Máistreása Óige" le Panu Petteri Höglund, i gcló i Sciorrfhocail, Evertype, 2009)

Ach ní raibh an oíche thart go fóill agus, go hádhúil, bheadh Kate ag imeacht go luath siocair go raibh an gogamán le ligint ar shiúl.

Taisce Focal, Beo, Dáta: 1 Aibreán 2005

An gogamán bocht.

Ar ais arís: ag pilleadh ar an obair, Meon Eile, Louise Smith

In olcas a théann an scéal don cheann feadhain David, a éiríonn ró-ghafa le dúnmharú a tharla sa teach céanna sa bhliain 1902, inár mharaigh fear a bhean chéile, a iníon agus an gogamán leo.

Dhá rogha ón phictiúrlann: The Canal agus Rosewater, NÓS