Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-09-01

Gogamán

Go bhfios dom is focal Feirsteach atá anseo, ar duine a thugann aire do leanaí dhuine eile. De bharr leathtagairt a chuala mé féin ar leagan cainte do Síle na nGog mar an ainm an na híomhánna meánaoiseacha úd, plé a lean ar aghaidh ar an gclár go dti gogaide agus a léithéad, tharraing @Beirneach anuas an cheist faoi Gogamán ar Twitter. Bhí Iarla den tuairim gur le teann magaidh a thug bean as Tír Chonaill an focal do Mhuintir Béal Feirste.

Tagann sin leis an sainmhíniú atá ag Ciarán Ó Duibhín anseo: faoin ceannfhocal - Baby-sitter deir sé 

gocamán (so used in Belfast, from Rannafast word for a hen set to hatch another's eggs; in Scotland the word is applied to the bird that hatches the cuckoo's eggs)

Tá cúpla brí ag  Dwelly ar gocamán:

gocaman: /gɔxgəman/ fir. gin. ⁊ iol. -ain 1 usher 2 attendant 3 minder


Dar le MacBain:

gocaman

an usher, attendant, sentinel, or look-out man; Martin's (Western Isles, p.103) gockmin, cockman; from Scandinavian gok-man, look-out man (Arms.; Mackinnon says it is Danish). For root, cf. German gucken, peep. Norse gauksman; gauk maðr, cuckoo man. Norse gaukr, cuckoo; Scottish gawk.

Níor aimsigh mé fianaise don focal gauk maðr ach tá do maðr :

<maðr> man, person; husband; henchman -- [Pokorny manu-s, or monu-s :: man, human being]  

 

Ach freisin 

gocaman na cuthaige: meadow pipit, titlark (anthus pratensis)
   
I measc na n-ainmneacha ar tearma.ie ar an éin sin tá "banaltra na cuaiche"

Ach tá focal i eDil ar tharraing Dennis King aird air: cobcan  atá luaite mar bhanalta na cuaiche i dTromdhámh Ghuaire. Traslitrí go cabhcán a rinne Feargal Ó Bearra ar sin; ach ní léir go bhfeileann sin, mar gur malairt  leagan ar fabhchún atá ansin dar le Ó Dónaill. Tá crostagairt ag eDil go dtí an Duinníneach - cinéal fabhchún atá i cabhcán dar leis; agus crostagairt aige freisin go hulchabhán. 

Maidir le gocamán sa chiall fear faire, is cosúil gurb ón Danmhairgis a tháinig sé. Bhí cúpla rud le rá ag Alex Mulholland (@molach95):
Gocaman - Gauk-madhr (Lochlannais)

 


Cuthag - Cuckoo (Gàidhlig)
Gowk - Cuckoo/Idiot (Beurla Ghallda/Scots)
Hunt The Gowk Day/Latha Ruith na Cuthaige (April Fools)

Tá an focal "gog" ann mar leagan leanbaí ar ubh; agus tá bheith ar do ghogaide.  Tá an focal "gawk" ar amharc (amaideach no míbhéasach) as Béarla; agus guck sa Ghearmáinis.

Is é mo thuairim féin áfach gur anall thar Sruth na Maoile agus roimhe sin ó Críocha Lochlainn a tháinig an focal, ag athrú brí diaidh ar ndiaidh. Agus ansin le casadh eile ó Rann na Feirste go Béal Feirste, agus ar ais - is cosúil! Murach cobcan na Tromdháimhe bheinn lán cinnte!



2020-09-02 Aguisín

Tar éis dom an méid thuas a chuir le chéile, chuaigh Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh (@Beirneach) ag tochailt arís, agus tháinig ar nithe éagsúla.

Mar shampla, tá "bean glúine" ag an Duinníneach mar ciall leis an bhfocal "gogaide".

Agus is iomaí ainm ar anthus pratensis in Éirinn agus in Albain ag tagairt don ról aici i tógáil na cuaiche.
"Banaltra na cuaiche," atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig móna.  "Coimhdre na cuaiche," atá ag muintir Thír Eoghain uirthi.  Tá "gobadán na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na cuaiche" uirthi freisin.

Saoghal Éanacha, Seán Mac Giollarnáth, 1925 

Tá "gobadán na cuaiche" agus seanfhocal ag dul leis "Titfidh an spéir nuair a rachaidh an gobadán i mbéal na cuaiche" ag Ó Dónaill.

Dinneen 1904: 
gobadán, " also the little bird (titling) that attends the cuckoo; a flatterer; a parasite; a botch (Mayo)."

Ciallacha "gogán" i nGaeilge = ubh gan sliogán (Uíbh Laoire) agus babhla adhmaid

 Ó "Focal na nUltach" Ciarán Mac Murchaidh - "Coimhdire na cuaiche, the bird that follows the cuckoo, gnly. the meadow pippet (Derry)." Tá an focal Coimhdire agus coimhdire na cuaiche ag Ó Dónaill freisin.

I nGaeilge na hAlban: 
meadow pipit (dìdig, gocan na cuthaige, gocan-cubhaige, gocan-cuthaig, mion-eun, snàthag, snàthdag, tàcharan-cubhaige)

Aguisín breise: Corpas an Fhoclóra agus Gaois.

Bhí gocamán eile inár measc darbh ainm Fred a raibh nead theolaí déanta aige . -- Diarmaid Ó Gráinne, An Traimp 

Ciall eile ag an nGráinneach feictear dom, seachas feighlí linbh!

B' fhéidir nach rabh de dhíth air ach céile leapa agus gogamán de fheighlí páistí fá choinne a chuid nighneach ? -- www, LEAVING CERT NOTES
Nó siúd is gur tógadh le crábhadh agus le hidéal na mná clannaí í , agus í cruthaithe ina gogamán maith ag páistí , bhí sé ag déanamh scime daoithi an rabh sé de dhíobháil uirthi tar éis an tsaoil an chéad doisín eile de bhliantaibh a chaitheamh ina feighlí ar bheirt nighneach a chlannaigh a grádh geal le mnaoi eile . -- www, LEAVING CERT NOTES

Tá an cuma ar an dá sliocht deiridh sin gurb as saothar amháin iad.
(Is ea: "Ainmhian na Máistreása Óige" le Panu Petteri Höglund, i gcló i Sciorrfhocail, Evertype, 2009)

Ach ní raibh an oíche thart go fóill agus, go hádhúil, bheadh Kate ag imeacht go luath siocair go raibh an gogamán le ligint ar shiúl.

Taisce Focal, Beo, Dáta: 1 Aibreán 2005

An gogamán bocht.

Ar ais arís: ag pilleadh ar an obair, Meon Eile, Louise Smith

In olcas a théann an scéal don cheann feadhain David, a éiríonn ró-ghafa le dúnmharú a tharla sa teach céanna sa bhliain 1902, inár mharaigh fear a bhean chéile, a iníon agus an gogamán leo.

Dhá rogha ón phictiúrlann: The Canal agus Rosewater, NÓS