Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-09-08

Ar Luch agus ar Dhuine

 But Mousie, thou art no thy-lane,
In proving foresight may be vain:
The best laid schemes o’ Mice an’ Men
          Gang aft agley,
An’ lea’e us nought but grief an’ pain,
          For promis’d joy! 

To a Mouse, Robert Burns 

A luchóg ó, ní tú amháin 
A d'fhoghlaim an ceacht atá le fáil:
Gur minic a chlis an scéim ab fhearr
Ar luch a's ar dhuine,
A's fágadh iad faoi bhrón ar lár, 
In áit na loinne. 

Aistriúchán: Ailbhe Ó Monacháin 

Bhí tréimhse ann i mo chuid fichidí nuair a bhí mé ag léamh rud ar bith le John Steinbeck a raibh mé in ann lámh a leagan air. (Bhí sé measartha éasca clasaicí Béarla a cheannach i mBeirlín sna 1990í agus is iomaí pingin a chaith mé tigh Kiepert  ar Ernst-Reuter-Platz. Siopa atá imithe anois, is cosúil, cé go maireann an chuideachta. Tá cuimhne mhaith agam ar scéal Lennie agus George a léamh, scéal tragóideach beirt spailpín, a tharraingíonn tubaiste orthu féin go neamh urchóideach.

Dráma beag, le cliar teoranta, ach scéal sách uilíoch. Aislingí an fhir oibre. Ciníochas. Teannas i measc fir. Uaisle is ísle.

Tá Gaeilge Uladh curtha ag Colmcille Ó Monacháin ar an scéal; rud atá feiliúnach, measaim, toisc gur Béarla canúnach atá ar bheola na fir oibre ag Steinbeck. Bhí mé tumtha go hiomlán san eachtra, agus úire agus neart as an nua ag baint leis mar scéal de bharr an aistriúchán. Músclaíonn sé trua do na carachtar atá gafa in eangach saoil nach bhfuil éalú uaidh i ndán dóibh; ainneoin an cuma a bheith air go bhfuil aisling a fuascailte beagnach ar lámh. Sula dtarlaíonn an tubaiste. "Rud a tharla" an teideal a bhí ar an scéal ag Steinbeck sular tháinig sé ar dán Burns. Dán faoi thubaiste nach raibh éalú uaidh; cé nach féidir a rá go raibh éinne ciontach. Tugtar léargas tríd caint agus gníomh ar go leor nithe; ar chruatan saol an spailpín; ar chiníochas; ar uaisle nádúrtha agus a mhalairt. Níl ach bean amháin i gceist, agus is ball coimhthíoch í dáiríre - posta chun éalú ón mbaile léamh ach í imithe amach as muineacha is isteach sna driseacha; fear céile suarach trodach éadmhar anois aici. Agus í sáinnithe i gcomhluadar fir atá amhrasach fúithi. Tragóid an toradh.

Mar is dual do Leabhar Breac tá an leabhar féin ina earra snasta, le cló cuanna agus páipéir deas. Tá aguisín ag Colmcille Ó Monacháin ag míniú a chuir chuige ó thaobh teangan de (adhmhaím nach ndearna mé ach leathshúil a chaitheamh air!). Cinnte, bhí leagnacha nach mbeadh taithí agam orthu, ach bhí siad soiléir sothuigse sa gcomhthéacs. 

Seo an chéad leabhar faoin inphrionta nua Cló Lováin; tá Colmcille Ó Monacháin i measc na Gaeil atá fostaithe sa Bhruséil ag plé go gairmiúl le haistriúchán. Is cosúil go bhfuil an meitheal ansin spreagtha le tumadh san aistriúcháin - ní meamraiméis amháin, ach na haistriúcháin liteartha atá déanta síos na blianta. Tá siad freisin ag cuimilt le pobal ilteangach, éirimiúil, spéisúil. Beidh mé ag súil leis na saothair eile a eascraíonn as an gcomhluadar seo.

Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck
Aistrithe ag: Colmcille Ó Monacháin
ISBN 978 1 911363 22 4