Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-09-07

An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht

Chuir mé fios ar leabhar Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht ón leabharlann thart ar am a fhoilsithe, ach de bharr na dianghlasála ní bhfuair mé go dtí le déanaí é.
Smaointeoir domhain is ea Cronin, agus is éard atá sa leabhar ná dhá aiste, ceann as Gaeilge agus ceann as Béarla a bhfuil an téama céanna acu ach ábhar beagán éagsúil. Maíonn Cronin go bhfuil gá ár gcaidreamh leis an áit a mhairimid a athrú ó seilbh go áitreabh; tuiscint gur cuid de bhréidín na cruinne muid seachas máistrí.

Is é an téis atá á chuir chun cinn sa leabhar aige go bhfuil an Ghaeilge cabhrach - riachtanach fiú - chun áitreabh comhfhiosach a dhéanamh in Éirinn. Go bhfuil stair agus dúlra na tíre sna logainmneacha; go bhfuil tuiscint agus bá leis an ndúlra fite fuaite sa litríocht agus sa bhéaloideas, agus go bhfuil an Ghaeilge in eochair dó sin.

Ach freisin go bhfuil an tuiscint fóntaíoch, sealbhach de dhlúth agus inneach na mórteangacha, agus go bhfuil frithnimh le fáil sna teangacha mionlaithe dúchasacha a eascraíonn as áitreabh seachas seilbh.

Go dtugann an Ghaeilge tuiscint ar leith do na himill, agus gurb iad na himill atá ag tús cadhnaíochta ag dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Mar a thug Peader Kirby suntas dó san agallamh thuas, is san aiste Gaeilge amháin a phléann Michael Cronin an tráma a d'eascair as an athrú teanga - ag tosú le foréigean concas na dTúdor agus ag doimhniú sa Ghorta Mór. Tá plé déanta ar an ghné seo roimhe ag Tomás Mac Siomóin - as Béarla agus as Gaeilge. Is an créacht oscailte seo an constaic is mó chun go mbeadh an pobal i gcoitinne in inmhe feidhm as bhaint as an nGaeilge mar uirlis aigne chun dul i ngleic leis an athrú atá de dhíth. Agus is deacair fheiceáil conas is féidir é sin a bhaint amach - nuair atá formhór na héiceolaithe dall ar an nGaeilge, patuar nó fiú naimhdeach fearacht an chuid eile den bpobal. Agus nuair atá an ceannaireacht stáit dall ar an nGaeilge seachas mar mhaisíuchán sealadach fánach.

In ndiaidh dom an leabhar a léamh d'amharc mé ar an agallamh thuas idir Peadar Kirby agus Michael Cronin, chomh maith le léirmheas ag Máirín Nic Eoin.

Tá lón marana go leor san leabhar agus san plé; ach níl oideas nó clár oibre ann.