Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé chun fios a chuir ar an leabhar seo ón leabharlann. Tagairt áit éigin, ar shuíomh Aistriú Litríochta, seans. Pé scéal é, chuir mé fios air agus fuair mé faoi dheireadh é nuair a d'oscail na leabharlanna arís. Tá an córas ag na leabharlanna iontach éifeachtach. Is ó leabharlann Fine Gall a d'iarr mé na leabhair, mar go bhfuil Leabharlann Mullach Íde trasna an bhóthar ón oifig agus thar a bheith áisiúil - má tá mé san oifig. Ach níor leag mé cos ann ó Mhí Márta. Ní raibh aon deacracht na leabhair a athsheoladh go dtí Na Clocha Liatha, de bhrí go bhfuil bunachair agus córais na leabharlanna poiblí uilig anois aontaithe.
Ar aon nós, fuair mé an leabhar. Mar a luaigh mé cheana, tá go leor de shaothar Zweig léite agam sa bhunleagan. Tá an trí scéal seo ionadaíoch go maith ó thaobh stíl agus ábhar ar saothar Zweig ina chuid nóibhillí. Reacaire sa chéadphearsa a fheidhmíonn mar a bheadh athair faoistine don té atá buartha faoi eachtra éigin a réab as an gnáthshaol iad. Dochtúir ón na coilíneacha i gcás Der Amokläufer (Ar Mire). Tá taithí againn anois ar "Amok" ar taom buile foréigneach; ach ag an tréimhse a scríobh Zweig a scéal ní raibh an focal i gnáthúsáid, focal Malaeise ó cheart. Réabann eachtra le bean an dochtúir as a ghnás, agus leanann tragóid. I Vierundzwanzig Stunden aus dem Leben einer Frau (Fiche ceathair uair a chloig as saol mná) is eachtra bhaintreach meánaosta a thiteann faoi gheasa cearrbhaigh óg atá i gceist; réabtar ise freisin as a gnás. Bhí an dá scéal seo léite agam. Ní raibh an tríú ceann, Buchmendel (Mendel na Leabhar). Mangaire leabhair - idiot savant de chineál - ábhar an scéil, agus is meascán de cuimhní an reacaire agus insint glantóir an chaife ina mbíodh an Mangaire ag feidhmiú atá sa scéal. An uair seo is tubaiste an chéad chogadh mór a scriosann saol an Mangaire leabhair agus a bhua neamhghnách cuimhneamh ar leabhair, a dteidil, a luachanna agus cá bhfuil fáil orthu. Chuir an chéad cogadh Domhanda agus peacú tobann na dteorainn agus na naimhdis as go mór do Zweig agus don aicme sibhialta léannta meánaicmeach dár díobh é - is léargas ar an dtubaiste sin agus a lean é an scéal seo, tríd priosma duine aonair.
Measaim gur éirigh thar barr le Risteárd Mac Annraoi an cinéal atmaisféar atá le sonrú ar Ghearmáinis Zweig a thabhairt slán ina aistriúchán Gaeilge; agus bhain mé sult as an trí scéal beag beann ar iad a bheith léite agam cheana nó gan a bheith. Tabharfaidh an saothar seo blaiseadh de shaothar Zweig do léitheoirí, agus blaiseadh de shaol atá imithe ar fad.