Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Stefan Zweig werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Stefan Zweig werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-12-27

Schachnovelle


Mar a luaigh mé anseo cheana, fuair mé cnuasach saothair Stefan Zweig don Kindle traidhfil blianta ó shin. Níor léigh mé an t-iomlán riamh agus ní raibh an úrscéilín Schachnovelle (úrscéal fichille) léite agam. Nuair a luaigh Darach Ó Scolaí é ar Blue-sky ar na mallaibh chuaigh mé sa tóir ar sa chnuasach.

Is minic scéal laistigh de scéal ag Zweig, an reacaire céad pearsa ar thuras, agus é ina chineál athair faoistine a thugann cluas do chráiteachán éigin a rún a scaoileadh, ach ní hiondúil go dtugann an scaoileadh faoiseamh. 

Tá croí an scéil seo ceaptha san íomhá thuas ag Elke Rehder, ar tháinig mé air agus roinnt gúglála iar léamh á dhéanamh agam.

San scéal amuigh, mar a déarfá, tá an reacaire ar long idir Nua Eabhrac agus Buenos Aires. Tugann sé corraíl iriseoirí faoi ndeara agus an long ag fágáil, agus insítear dó go bhfuil máistir fichille ar an long. Idiot savant an fear céanna, gan léann ná spreacadh ach le talann nádúrtha don bhfichill a aimsíodh de thaisme agus é ar altramas ag cléireach tuaithe. Rinneadh forbairt air agus ardmháistir dá réir. É anois ag taisteal na cruinne, ag tuilleamh airgid ar an bhfichill.

Déanann an reacaire iarracht é a mhealladh chun cluiche, ach tá fuar aige. Go dtí go gcuireann Albanach rachmasach a ladar sa scéal agus go dtoilíonn ar máistir imirt ar tháille ard. É féin i gcoinne cách i gcomhairle le chéile... 

Buann an chéad cluiche gan stró, ach tá mórtas an Albanaigh múscailte agus éilíonn sé revanche agus tá sásta íoc as. Tá an dara cluiche ag pointe cinniúnach nuair a ghearann strainséir isteach le comhairle a leasa don meitheal - agus glacann seilbh ar an gcluiche. É in inmhe na gluaiseachtaí a thuar go ceann roinnt babhtaí. Mar a thuarann sé, leamhsháinn an toradh. Maíonn an strainséir nár imir sé ficheall ar chlár ón meánscoil... Cad as mar sin an scil? 

Tá fiosracht an reacaire múscailte, agus téann sé sa tóir ar an strainséir Dr. B. Agus meallann a scéal uaidh.

Bhí sé ina abhcóide ciúin ar son ríogaithe na hOstaire agus na mainistreacha. Tháinig mainistreacha sa Ghearmáin chuige dá bharr. Chuidigh sé leo maoin a thabhairt slán ón Naitsithe. Ainneoin a dhiscréid, d'éirigh leis an Gestapo cléireach dá chuid a cuir ag spiaireacht air, agus tar éis an Anschluß gabhadh é. Ach seachas ciapadh corpartha an KZ bhí modh eile in úsáid dá leithéidí. Aonarú iomlán, seomra in óstán i seilbh an gestapo. Gan teagmháil daonna ach bairdéir nach labhraíonn, agus lucht a cheistithe a chuireann fios air ag amanta do thuartha de ló is d'oíche. An seomra lom leamh agus gan faic ann chun an intinn a spreagadh. Aithníonn sé an baol dá mheabhar agus déanann iarracht a intinn a aclú - chun bheith in ann ag an gceistiú, gan aon eolas sa bhreis a scaoileadh le lucht a chéasta, gan aon duine eile a chuir lena liosta íobartach. Tá sé ag streachailt go mór. Ach ansin faigheann sé deis gan choinne. Tugann sé leabhar faoi ndeara i bpóca cóta mór duine dá lucht ciaptha, atá ag crochadh san forhalla a fágtar é ag fanacht ar a cheistiú. Éiríonn leis le dua é a sciobadh i ngan fhios don bhairdéir agus é a smuigleáil ar ais go dtí a sheomra. É ag súil le lón anama, filíocht b'fhéidir. É meallta go mór nach bhfuil ann ach leabhar fichille, cuir síos ar cnuasach máistir cluichí. Ach aithníonn sé agus tapaíonn an deis a intinn a dhíriú. Go rathúil i dtosach. Ach faoi dheireadh tá gach cluiche sa leabhar de ghlan mheabhair aige agus é ar a chumas iad a imirt ina inchinn. Sa tréimhse seo, é in ann ag an gceistiú, a intinn géar.

Ach conas dul ar aghaidh? Níl de rogha aige ach é féin a scoilt, agus imirt ina choinne féin. Rud a shílfeá a bheith dodhéanta. Éiríonn leis ar feadh tamaill, áfach, ach faoi dheireadh tosaíonn sé ag dul ar buile leis an strus a aigne a scoilt, mífhoighne mallaithe ag an dá leath dá chéile. Tugann sé fogha faoin bhairdéir agus goineann é féin. Rud a fhágann san ospidéal é - ar an dea uair dó féin, i lámha dochtúra a bhfuil bá aige leis seachas leis na húdaráis nua. A chuireann ina luí orthu nach bhfuil faic le foghlaim uaidh agus a mheabhair caillte. Ligtear dó imeacht, ach ar choinníoll imeacht as an dtír, agus sin an toisc a bhfuil sé ar long Buenos Aires.

Léiríonn léaráid Elke Rehder an riocht ina fágadh a intinn scoilte. 

A fiosracht a fuair an ceann is fearr air gearradh isteach sa chluiche, ainneoin fainic a dhochtúra, go raibh nimhiú fichille fulaingthe aige agus gurb fhearr dó fanacht glan air. 

Géilleann sé áfach d'iarratas an ardmháistir ar cluiche amháin eile, agus sáraíonn air - géilleann an ardmháistir roimh deireadh. Éilíonn áfach revanche. Ainneoin comhairle an reacaire, tugann sé faoin gcluiche. Tá a bhall íogair - mífhoighne - tugtha faoi ndeara ag an ardmháistir. Mar sin, glacann sé siúd an deich nóiméad aontaithe chun gach beart a mheá... Tarlaíonn an tubaiste dosheachanta agus cliseann arís ar mheabhar an Dr. B. de dheasca an mífhoighne, agus tagann mearbhall air faoin gcluiche. Bíonn air éirí as agus an blár catha a fhágáil faoi gliceas a chéile comhraic. 

Tá teannas thar na bearta in insint Zweig, mothaíonn an léitheoir gach corr agus casadh i bhfulaingt intinne an Dr. B. Bíonn insint an reacaire ann mar fairtheoir ach ar dhóigh éigin treisíonn sé sin mothúcháin agus comhbhá an léitheora. Foilsíodh Schachnovelle i dtosach sa Bhrasaíl in aistriúchán Portaingéilise in éineacht le dhá scéal eile faoin dteideal Trí ainmhian. Dráma intinne eile Der Amokläufer ceann eile acu.

Tá Zweig ina mháistir ag léiriú féinchéasadh intinne, mar atá san dá scéal úd. Feidhmíonn a chleas leis an reacaire a mheallann faoistin chun léargas domhain a thabhairt. 

Faraor, fuair an tsamhlaíocht seo an ceann is fearr air féin, agus ghéill sé don éadóchas agus an dúlagar a spreag caithréim na Naitsithe ann. Níor mheas sé, fiú agus é sa Bhrasaíl, go dtiocfadh sé ná an domhain slán.

Is mairg a bátar in am na h-anaithe 
mar tagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne

2020-09-15

Trí Scéal - Stefan Zweig - Risteárd Mac Annraoi

Ní cuimhin liom go baileach cad a spreag mé chun fios a chuir ar an leabhar seo ón leabharlann. Tagairt áit éigin, ar shuíomh Aistriú Litríochta, seans. Pé scéal é, chuir mé fios air agus fuair mé faoi dheireadh é nuair a d'oscail na leabharlanna arís. Tá an córas ag na leabharlanna iontach éifeachtach. Is ó leabharlann Fine Gall a d'iarr mé na leabhair, mar go bhfuil Leabharlann Mullach Íde trasna an bhóthar ón oifig agus thar a bheith áisiúil - má tá mé san oifig. Ach níor leag mé cos ann ó Mhí Márta. Ní raibh aon deacracht na leabhair a athsheoladh go dtí Na Clocha Liatha, de bhrí go bhfuil bunachair agus córais na leabharlanna poiblí uilig anois aontaithe. 

Ar aon nós, fuair mé an leabhar. Mar a luaigh mé cheana, tá go leor de shaothar Zweig léite agam sa bhunleagan. Tá an trí scéal seo ionadaíoch go maith ó thaobh stíl agus ábhar ar saothar Zweig ina chuid nóibhillí. Reacaire sa chéadphearsa a fheidhmíonn mar a bheadh athair faoistine don té atá buartha faoi eachtra éigin a réab as an gnáthshaol iad. Dochtúir ón na coilíneacha i gcás Der Amokläufer (Ar Mire). Tá taithí againn anois ar "Amok" ar taom buile foréigneach; ach ag an tréimhse a scríobh Zweig a scéal ní raibh an focal i gnáthúsáid, focal Malaeise ó cheart. Réabann eachtra le bean an dochtúir as a ghnás, agus leanann tragóid. I Vierundzwanzig Stunden aus dem Leben einer Frau (Fiche ceathair uair a chloig as saol mná) is eachtra bhaintreach meánaosta a thiteann faoi gheasa cearrbhaigh óg atá i gceist; réabtar ise freisin as a gnás. Bhí an dá scéal seo léite agam. Ní raibh an tríú ceann, Buchmendel (Mendel na Leabhar). Mangaire leabhair - idiot savant de chineál - ábhar an scéil, agus is meascán de cuimhní an reacaire agus insint glantóir an chaife ina mbíodh an Mangaire ag feidhmiú atá sa scéal. An uair seo is tubaiste an chéad chogadh mór a scriosann saol an Mangaire leabhair agus a bhua neamhghnách cuimhneamh ar leabhair, a dteidil, a luachanna agus cá bhfuil fáil orthu. Chuir an chéad cogadh Domhanda agus peacú tobann na dteorainn agus na naimhdis as go mór do Zweig agus don aicme sibhialta léannta meánaicmeach dár díobh é - is léargas ar an dtubaiste sin agus a lean é an scéal seo, tríd priosma duine aonair.

Measaim gur éirigh thar barr le  Risteárd Mac Annraoi  an cinéal atmaisféar atá le sonrú ar Ghearmáinis Zweig a thabhairt slán ina aistriúchán Gaeilge; agus bhain mé sult as an trí scéal beag beann ar iad a bheith léite agam cheana nó gan a bheith.  Tabharfaidh an saothar seo blaiseadh de shaothar Zweig do léitheoirí, agus blaiseadh de shaol atá imithe ar fad.

Stefan Zweig
Risteárd Mac Annraoi 2017 (féinfhoilsithe)

2017-09-18

Stefan Zweig

Ní raibh iomrá cloiste agam ar Stefan Zweig sula bhfaca mé an scannán sách osréalach Grand Hotel Budapest atá ceaptha a bheith bainteach lena shaothar. Phrioc sin m'fhiosracht ach ní dhearna faic faoi mar ní raibh fonn orm aistriúchán a léamh agus níl teacht éasca agam ar leabharlann Gearmáinise. Ansin agus mé ag treabhadh tríd saothair Adalbert Stifter ar an Kindle tháinig mé ar an réamhrá a scríobh sé do eagrán de Witiko. Chuaigh an friotal agus an smaointeoireacht i bhfeidhm orm.

Chuir Zweig lámh ina bhás féin sna daichidí, é ar deoraíocht de bharr na Naitsithe. Fágann sin a shaothar as cóipcheart agus saor dá réir ar an Kindle. Admhaím go bhfuil sé rud beag aisteach a bheith ag teacht i dtír ar uafás an ré úd chun cuir le mo leabharlann leictreonach, ach sin mar atá!

Tá dornán dá shaothar léite anois agam, ina measc a thuairisc dírbheathaisnéise Die Welt von Gestern - Erinnerungen eines Europäers (Saol an lae inné - cuimhní cinn Eorpaigh). Ba den buirgéiseacht Víneach é, sách rachmasach. An Giúdachas ligthe le sruth ainneoin a chairdeas le Theodor Herzl a chuir saothair luatha leis i gcló i nuachtán mór le rá. Ach an Eorpachas go smior ann, meas aige ar aosdána thoir is thall. Chuir sé de a phrintíseacht ag staidéar agus ag aistriú filí de chuid na Fraince agus na Beilge, agus ag saothrú le cuir lena gcliú i dtíortha na Gearmáinise.

Tubaiste dá réir dó ab ea an chéad cogadh domhanda. Cogadh a réab naisc áirithe agus a chuir deireadh le cairdis, ach a neartaigh agus bhuanaigh cairdis eile agus a neartaigh an síochánaí ann.

Faoi anáil an chogaidh agus lena linn scríobh sé leagan drámatúil de shaoil an fháidh Irimia, agus titim Iarúsailéim.

Tugadh deis dó é a chuir ar stáitse san Eilvéis agus éalú dá réir ón gcogadh. Bhí scata dá chairde liteartha ann roimhe, iad i mbun iarrachta tarrtháil a dheánamh ar shibhialtacht na hEorpa coitinne. Ghlac sé páirt gníomhach san iarracht.

Níor fhill sé ar (a raibh fágtha) den Ostair go dtí deireadh an chogaidh. Agus é ag filleadh  bhuail sé le traein an impire deireadh ag dul san treo eile, bailchríoch míle bliain staire....

Bhí ráchairt mhór ar a scríobhnóireacht sna fichidí agus tríochaidí idir ficsean agus beathaisnéis. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilsiúcháin Inselverlag  a bhain clú amach as feabhas a dtáirgí (clú a lean tar éis an dara chogadh mór)

Tháinig deireadh tubaisteach leis sin agus bhí a leabhair i measc na saothair a dódh ag Naitsithe.

Feasta ba theifeach é agus a theanga, a uirnéis oibre, faoi théir de dheasca na hainghníomhartha a rinneadh inti. Ghoill sin go mór air, agus ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. (Léigh mé réamhrá a shaothar ar an mBrasaíl, naomhsheanchas geall leis. Shíl sé gur parrthas iar chiníoch a bhí ann.)

Tá an scannán Grand Hotel Budapest lán de aicsean agus go deimhin de fhoréigin gáifeach. Ní mar sin atá ficsean Zweig. Ach tá macallaí ann.

Sna scéalta a léigh mé is minic aige an cuir chuige faoistiniúil. Sé sin, insítear scéal don údar mar dhea agus cuireann seisean go discréideach ós comhair an phobail é. Bhí macasamhail Zweig mar reacaire san scannán, ag éisteacht le scéal na laethanta a bhí.

Tá úrscéal nár chríochnaigh sé féin Rausch der Verwandlung (meisce an chlaochlaithe) a bhfuil codanna tábhachtacha de lonnaithe in óstán de chuid an uasaicme san Eilvéis. Bean óg a bhfuil a teaghlach íos meánaicmeach bánaithe de bharr an cogadh an laoch. Post aice de bharr fabhar gaol in oifig poist tuaithe. Cúram máthair i ndrochshláinte uirthi, iad beo ó lámh go béal i lóistín suarach. Gach unsa geana is sonas glanta aisti ag an gcruatan fhada.

Tugann a haint cuireadh dá máthair cuairt a thabhairt uirthi san Eilvéis, áit a bhfuil sí ar saoire lena fear agus fortún gnóthaithe acu araon. Éilíonn an máthair, a thuigeann an bail atá fágtha uirthi ag an cogadh, go rachaidh a hiníon. Téann, agus bláthaíonn ar feadh seal, feistithe agus coirithe ag a haint. Pléasctar a haisling ag bean formadach, agus díbríonn a haint í, eagla uirthi go nochtadh breis tochailt a scannal féin, an scannal a bhfuil a fear dall air ach a thug an cnapshuim di ar a bhfuil a saibhreas bunaithe.

Níl an dara suí sa bhuaile aici ach filleadh ar oifig an phoist. Tá a máthair éagtha ó shin, ach tá sí fós i ngéibheann. Toisc an spleodar agus saibhreas a bheith blaiste aici níl ar cumas filleadh ar a patuaire agus tá sí lán feirge is corrthónachta.

Cuireann sí aithne air, agus tugann grá d'fhear atá féin as alt san saol iarchogaidh. Fillte mall ón gcogadh, de bharr bheith sáinnithe sa Rúis tar éis na réabhlóide. Méar leis briste agus gan leigheas ceart i dtimpiste fánach. A áit dhúchais anois san Iodáil. Maoin a theaghlaigh scriosta ag an boilsciú. Gan cúnaimh le fáil ón Stáit. Ag braith ar phoist faoina chumas, agus a fhágann sa bhfaopach é.

Ceal airgid níl só i ndán dóibh ná bláthú grá. Socraíonn siad lámh a chuir ina mbás féin - ach tagann ar malairt intinne nuair a ritheann leis go bhfuil airgead mór in oifig an phoist agus go bhfeadfaí é chreachadh.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag an bpointe go bhfuil an beart leagtha amach aige di, agus í tar éis glacadh leis.

Úrscéal iomlán amháin a d'fhág Zweig a foilsíodh lena linn: Ungeduld des Herzens (mífhoighne croí). Oifigeach macra ar bheagán maoine a thagann i dteagmháil le teaghlach shaibhir. I ngan fhios dó féin maslaíonn sé iníon an tí - cuireadh chun dinnéar faighte aige, mall de bharr cúrsaí oifige. Ní chuirtear in aithne i gceart é don gcomhluadar dá bharr. Bál iar proinn. Ar ball iarrainn sé amach ag damhsa iníon an tí - ní thuigeann sé gur bacach í. Níor a thuigeann sé a bhotún teitheann sé le teann náire. Ach déanann iarracht an lá dar gcionn leorghníomh a dheánamh. Téann an caidreamh i ndoimhneacht de dheasca a atrua di. Fágann a galar thuas seal thíos seal í. Réabtar eisean idir atrua agus mí fhoighne na hóige (agus brú piara freisin). Is léir faoi dheireadh go bhfuil sí i ngrá leis, ach de bharr a mheatacht seisean bíonn deireadh tragóideach leis an scéal.

Tá na scéalta atá léite agam láidir corraitheach. Níl gach rud léite fós agam, go háirithe a chuid saothair bheathaisnéise.

Tá mé thar a bheith sásta gur casadh i mo threo é. Tá lón marana ina saothair a chíorann an anam daonna go domhain.