Píosaí liom in áiteanna eile:

2026-10-14

Liadain, Ailbhe cct


Le traidhfil blianta tá Leabhar Breac ag foilsiú scéalta ón tseanlitríocht, athinste agus maisithe. Comrac Liadaine ocus Cuirithir atá curtha ar fáil dúinn ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ní aistriúchán ón Sean Ghaeilge atá i gceist áfach, ach athinsint bunaithe ar an mbunscéal. Ach gnéithe agus dearcthaí nua san áireamh nuair a fheileann. 

Scéal maidir le rogha, rogha idir gairm crábhaidh agus lánúnachas, rogha idir clann agus creideamh. Dearcadh Liadaine sa treis san insint, í amhrasach go mbainfeadh caidreamh le Cuirithir dá saoirse agus go srianadh a héigse. 

Ach an tnúthán fós acu araon. Ceist gan réiteach. 

Tá an leabhar soléite, cé go n-admháim gur chuir Béarla na bhFileadh ag ransú foclóra anois is arís mé. Corr focal Fraincise sleamhnaithe isteach le miongháire aici, shílfeá. 

Thug mé suntas d'ainmneacha réaltbhuíonta a úsáidtear, tógtha as taighde Seán mac an tSíthigh mura bhfuil dul amú orm. 

Tá ealaín Chrissie Dervin thar a bheith suntasach. Líníochtaí dubh is bán don gcuid is mó, ach corr spota daithe. Colainn, briste go minic, ach ceiliúradh á dhéanamh orthu freisin. Iad uaireanta oscailte, cnámha agus orgáin le feiceáil. Neart naíonán! Tá an oiread sonraí ar gach leathanach ar a bhfuil léaráid. An nasc leis an insint follasach uaireanta, caolchúiseach uaireanta eile. 

Seoid eile ó Leabhar Breac, le cuir le leabharlann scéalta na mban ón seanlitríocht.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh 
64 lch, clúdach crua; 
ISBN 978-1-913814-85-4