Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-30

La Niña Bonita agus an Róisín Dubh


Ina Aiste ón Aer le déanaí luaigh Mícheál Ó hAodha na cuimhní cinn seo ó fear a throid ar son na poblachta i gcogadh cathartha na Spáinne. Chuir mé fios ar ón leabharlann. Níl an oiread sin eolais agam ar an gcogadh ná ar na briogáid idirnáisiúnta - seachas fios agam go raibh a leithéid ann, agus nach bhfuil iarmhairtí na deachtóireachta a lean é curtha de ag an Spáinn fós. Ní dóigh liom go aon saothar eile faoi léite agam seachas Homage to Catalonia Orwell agus úrscéal le Hemingway nach cuimhin liom a theideal. 

I 1938 a chuaigh Eoghan Ó Duinnín chun na Spáinne, faoi rúin, ag rá lena thuismitheoirí go raibh sé ag dul go rásanna Aintree! Tá cuir síos ar an aistir tríd Sasana agus an Fhrainc go dtí an Chatalóin, an saol mar earcach faoi oiliúint, an t-ocras agus an t-anró, agus faoi dheireadh feachtas an Ebro - ina raibh ag éirí go maith leis an bPoblacht i dtosach. Tháinig deireadh leis an gcogadh dó nuair a goineadh é agus bhí ar filleadh ar ospidéal i mBarcelona - agus faoi dheireadh chaill sé leathchos agus ar aon nós bhí ar an bPoblacht na Briogáid idirnáisiúnta a sheoladh abhaile. 

Nuair a thagann an insint chomh fada leis an ospidéal, fíonn sé isteach cuimhní cinn ar eachtraí in Éirinn isteach san insint, an dóigh a rinneadh Cumannach de, agus insint fíor spéisiúil faoi drong den daoscarshlua a bheith ag ionsaí foirgneamh de chuid an eite chlé i mBaile Átha Cliath agus é féin i measc na cosantóirí. An imreas agus comhoibriú idir sóisialaigh agus poblachtaigh in Éirinn. Is léir go raibh ana mheas aige ar Frank Ryan a bhí chun cinn sa Spáinn. 

Cáipéis beoga spéisiúil staire. Táim buíoch as Aistí ón Aer  agus Micheál Ó hAodha as é chuir faoi mo bhráid! 


Eoghan Ó Duinnín
An Clóchomhar
ISBN 978-1-906883-19-5

2021-06-27

Dán A le Marion Gunn

Tá liosta dánta ag Dennis ar SMO agus bhí an dán seo luaite - ach tá an suíomh imí le gaoth an idirlín. Fuair mé an dán san inneall dul i bhfad siar

Dán A

Tá pálás an ghrá
Ar mhacha na má
Ar ar fágadh na mná cadránta.
Lánslad ar an mball,
Arsa Anna na nGall,
Nár chasa an t-ál ar na bánta!
Tá sásamh nach gnách
Á nglacadh ag cách
As na calcanna clár dá lasadh.
Nár thaga an lá,
Arsa Tadhg Mhac an Átha,
Ag carnadh na gcnámh ar a bhasa.


Marion Gunn
1990-12-03 (GAELIC-L LOG9012)

Mura bhfuil dul amú orm, an sprioc a bhí ag Marion ná dán a scríobh gan ach na gutaí A agus Á a úsáid - is dócha gur eascair sé as dúshlán éigin ar GAELIC-L = ní raibh r-phost agam féin an uair úd, is uair éigin ina dhiaidh sin a chuaigh mé féin isteach san saol sin.

Stáitse na Leabhar

 

Nuair a chloisim faoi dráma as Gaeilge i mBaile Átha Cliath, is nós liom freastail air más féidir in aon chor é. Ach níl aon ionad buan ag drámaíocht na Gaeilge san Ardchathair - cé go bhfuil áiteanna thar a chéile ina mbíonn drámaí as Gaeilge iontu. Ar feadh seal bhí an "Theatre Space @ Mint" ag feidhmiú mar a leithéid de spás, agus d'fhreastal mé ar chúpla dráma ann. Ní raibh aon cheann de na drámaí seo le Celia de Fréine ina measc - cé go raibh mé san tír ag an am seans nach raibh mé ar na liostaí bolscaireachta cuí ag an am. Ní cuimhin liom go beacht, seans freisin nach raibh m'fhlosc drámaíochta chun forbartha sin an uair úd. Nílim ar mo chompoird le téatar na háiféise ainneoin roinnt de dhrámaí Brecht a bheith léite agam. Bhí droch thaithí agam le dráma sa Ghearmáin i dtús m'fhichidí - mol comhghleacaí liom an dráma, agus chuaigh mé ann (i'm aonar). Ní raibh ar mo chumas bun ná barr a dhéanamh den dráma. B'é a dúirt mo chomhghleacaí liom go raibh sé de cheart agam clár an dráma a léamh chun tuiscint a bhaint as. Rud nach n-aontaím leis beag nó a mhór. Measaim gur cheart do dhráma - nó saothar ealaíne ar bith - bheith sothuigthe ar leibhéal éigin don duine féachana gar tacaí eile. Cinnte, is féidir breise doimhneacht a chuir leis an eolas tríd léamh nó eolas breise. Ach....

Ar aon nós, chuaigh mé sa tseans agus shocraigh mé fios a chuir ar na drámaí seo le Celia de Fréine ón leabharlann - ní raibh mé i amharclann le fada an lá. Measaim gur Baoite an dráma deiridh a chonaic mé ar stáitse.

Trí chinn de dhrámaí atá san leabhar. 

Pléann Anraith Neantóige le beirt bhan atá ag cónaí ar imeall cathrach i ndomhan apacailipteach lán cogaidh. Tá beirt fhear sa scéal freisin, leannán duine de na mná a bhíonn ag teacht agus imeacht, agus saighdiúir a thagann aniar aduaidh orthu. Idir an ceathrar acu cíortar uafás agus éigiall an chogaidh agus na nithe a thugann breosla dó. Tá drámaí le Beckett luaite san réamhrá ach níl aon chuir amach agam orthu sin. Fadó riamh léigh mé Mutter Courage Brecht agus is macallaí de sin a fuair mé san dráma seo. Agus fuair mé lón machnaimh áirithe as.

Bhí mé níos mó ar mo chompord le Coirín - scéal a chíorann grá agus cúram agus na hualaigh is féidir eascairt ní hamháin as searc éagmaise ach as searc comhlíonta má tá an bás chun deireadh roimh am a chuir leis - agus an ualach a leagan cúram de bharr grá ar leanbh nó leannán faoi seach. Tragóid sa chiall go dtarraingíonn meanma agus gníomhartha na carachtar a gcinniúint orthu. Ceisteanna tráthúla á ríomh ann.

Tá go leor de téatar na háiféise san tríú dráma Tearmann i mo thuairim neamhoilte féin. Ceist na dteifeach agus conas a caitear leo, agus an éileamh ar cineál áirithe cúis so-ghlactha a bheith lena dteitheadh chun go mbronnfaí tearmann orthu i gcóras atá sách cosúil le scéalta Kafka san fíorshaol. An mioscais is féidir eascairt as an eascairdeas agus amhras a ghintear i measc daoine faoi éadóchas an Liombó roimh cinneadh. Ceann eile atá uafásach tráthúil agus smál an chórais soláthar dhírigh gan bheith glanta fós.

Níl an samhlaíocht cuí agam chun an dráma a fheiceáil i mo shamhlaíocht (sin an toisc gur fearr liom scéal measartha traidisiúnta a léamh...). Mar sin féin tá mé sásta go bhfuair mé an leabhar seo agus gur léigh mé é - tá roinnt lón machnaimh faighte agam as.

Má bhíonn deis ann dráma le Celia a fheiceáil ar stáitse, tá súil agam go gcloisfidh mé faoi in am agus go mbeidh mé sa lucht féachana!

Is mór an trua, ceal ionad buain, go mbíonn ar gach dráma Gaeilge lucht féachana a thógáil as an nua, bolscaireacht agus cuardach a dhéanamh chun pobal as an nua a chnuasach. Dá mbeadh ionad buan ann, agus rialtacht, ba chabhair é sin chun pobal taithíoch a thógáil agus a fhorbairt.


Mná Dána Dornán Drámaí
Celia de Fréine
Arlen House 2019
ISBN 978190363

2021-06-20

Cáitheadh na dTonn


Luadh an saothar seo le Muirghen (Pádraig Ó Gallchobhair) agus saothar nua fhoilsithe lena iníon Nuala á phlé ar an gCúinne Dána. Chuir mé fios ar ón leabharlann. Athchló ar shaothar a foilsíodh i dtosach sna tríochaidí. Tá sé greanta ar a meirge ag Éabhlóid a cheart a thabhairt do chanúint Gaoth Dobhair, agus tá an saothar seo eiseamláireach ón taobh sin de. Cé go bhfuil an litriú tugtha suas chun dáta, tá an nathaíocht agus na leaganacha fós créúil dúchasach. Ach ní ar mhaithe leis an dea ghaeilic amháin is fiú an leabhar seo - ina bhfuil ceithre saothair - a léamh. Tá an insint láidir, agus léargas den scoth ann ar saol agus creideamh agus piseoga na ndaoine ag tús an fichiú céad.

Úrscéal is ea Caoineadh an Choimhthígh ina dtugtar an-léargas ar saol crua ógánach a thiomáineann ar imirce é d'fhonn saol níos fearr a bhaint amach - ach a thuigeann luath go leor nach bhfuil sráideanna Nua Eabhrac pábháilte le hór agus go bhfuil cruatan i ndán do thall freisin. Bhraith mé gur laige - cineál Deus ex machina - críoch an scéil, go raibh teagasc in intinn an údair chur ina luí ar a lucht léite. Ach ar an mórgóir is úrscéilín láidir atá ann, agus stair shóisialta le cois.

Ciogal scéalta sí - mealladh daoine ina measc - atá i gceist le Draíocht na Mara agus athinsint ealaíonta ar scéal an Murúch mar chéile atá i Céile Sheáin Mhóir. Leaganacha fuinte ealaíonta a chlúdaíonn gach gné den creideamh sna sí agus a dtionchar ar bheatha agus bás na ndaoine, agus cad atá le déanamh le teacht slán orthu.

Tugann an dráma Lorg an Phoitín léargas den scoth ar an díobháil a rinne ródhúil ann agus saint lucht a dhéanta do phobail tuaithe - ach arís mheas mé go raibh an teagasc a bhí uaidh a thabhairt ina ord ag an údar agus é ag buaileadh tréan iarracht i ndiaidh tréan iarracht ar a lucht léite. B'fhéidir go raibh a leithéid de dhíth ag an am, ach sílim go bhfuil an teagasc sa bhealach ar an ealaín.

Ach fiú nuair a mheas mé an insint a bheith thíos leis an teagasc, bhí na cainteanna i gcónaí úr cruinn saibhir.

Is snasta an saothar atá ann, agus Éabhlóid le moladh as é chuir ar fáil arís.

Údar : Muirghein (Pádraig Ó Gallchobhair)
ISBN: 9780995611900 (Clúdach bog)
ISBN: 9780995611931 (Clúdach crua)

 

2021-06-18

Dubhfhocail Lonracha Celia

 
Tá sé de nós agam, nuair a spreagann údar mo spéis, dul sa tóir ar saothair eile dá gcuid. Cé go raibh mé ag streachailt le Faoi Chabáistí is Ríonacha, táim fós fiosrach faoi saothair Celia de Fréine, agus seo an ceann is déanaí léite agam, faighte ón leabharlann. 

Filíocht, i dtrí rannóg. Is léir go bhfuil Celia ní hamháin siúlach, ach fiosrach - go mbíonn sí ag cuir spéis sa chultúir agus ní hamháin san tírdhreach agus í thar lear. Agus go nascann a samhlaíocht an áitiúil leis an uilíoch; an pearsanta leis an pobal.

Dán fada, i bhfoirm tomhais is ea an teideal dán Cuir amach seo dom. Spreagtha ag turlach cáiliúil sa tSlóivéin - Cerkniško jezero - atá lonnaithe i gceantar karst lán pluaiseanna. Loch a bhíonn lán éisc agus é ann; agus a bhíonn in thalamh féarach amanta eile. Tugann an dúlra faill do Celia go leor smaointe a chíoradh agus a phlé - tá saibhreas meafair le baint as uisce ag teacht agus ag imeacht go diamhair, timthriall na beatha, tuilleadh agus trá. Foirm ársa is ea an tomhais, agus is cosúil go bhfuil sé ina dhlúthchuid freisin den litríocht Slóivéanach. 

Ní raibh an t-eolas seo agam roimh ré (níor léigh mé na nótaí ag deireadh an leabhair!)- ná go deimhin foinsí na dánta eile sa chnuasach. Seasann an fhilíocht as féin, áfach, cé gur spreag sé mé le dul ar thóir an tinfeadh, rud a chuir leis an taitneamh ag meabhrú siar ar na dánta. 

Tréimhse i bPáras, agus saothar ealaíne ó na meánaoiseanna, sraith taipéis, atá i gceist leis an sraith dánta An Bhean Uasal is an tAonadharcach. Is mar leamhan a thugann sí muid ó taipéis go taipeis, ag díriú isteach ar mionshonraí. An tuiscint coiteann ar an sraith seo, atá le fail sa Musée Cluny, ná go bhfuil ceadfá ar leith i ngach ceann acu. « À mon seul désir » is teideal don séú taipéis - scóip ansin do go leor tuairimí! Arís fíonn Celia smaointe dá cuid féin tríd bréidín íomhánna na dtaipéis. 

Tá an trí rannóg Monsanto fáiscthe as tírdhreach, cathairdhreach, stair agus fínscéalta an chathair den ainm céanna sa Phortangéil. Tréimhse a chaith sí ann, agus na heachtraí a bhain di is na radharcanna a chonaic sí mar amhábhar do sraith dánta.

Tá an leabhar dhá-theangach, féin-aistrithe, ach níor amharc mé in aon chorr ar na dánta Béarla seachas nuair a bhí leagan éigin sa Ghaeilge dorcha ar fad dom. 

Thaithin na dánta seo liom, cé go bhfuil a sáith mistéir ag baint leo. Thar rud ar bith eile spreag siad mé le m'fhiosracht faoina dtinfeadh a shásamh - agus thug lón machnaimh ar bhealaí eile dom. Is aoibhinn liom an oscailteacht seo do chultúir eile, idir ársa agus comhaimseartha, agus an dóigh a fhíonn sí a taithí féin agus an tinfeadh seo trína chéile chun samhail úra spleodracha a chruthú.



Celia de Fréine
Arlen House
ISBN: 9781851320974 crua
ISBN: 9781851320981 bog

2021-06-17

Tairseach

Tamall siar chuala mé Dairena Ní Chinnéide ag plé an cnuasaigh seo le Helen Ní Shé ar an Saol ó Dheas. Tá roinnt leabhair le Dairena léite agam, agus í feicthe agam ag rá a cuid dánta. Bean láidir neamhspleách, atá sách láidir nach bhfuil deacracht aici laige a léiriú! Dánta daonna. Ar éigin go raibh an clár thart nó go raibh an leabhar ceannaithe agam ó Éabhlóid  agus ticéad curtha in áirithe agam don seoladh (ar líne). 

Tháinig an leabhar laistigh de chúpla lá - i bpáipéar burlála iontach cuanna le ribín dubh thart air. Nuair a amharc mé níos géire chonaic mé gurb iad na léaráidí beaga le Kim Sharkey atá ar an bpáipéar burlála. Tá na léaraidí beaga dubha agus bána seo scaipthe tríd an leabhair, mar a bheadh nótaí imill, ag trácht ar na dánta gan a bheith ag tarraingt air uathu. Tá dearadh an leabhar iontach cuanna - é beagán níos lú i bhfad agus leithead ná gnáthleabhar, clúdach deannaigh agus clúdach crua cuanna faoi. Cló deas, cé gur mhothaigh mé féin le mo shúile millte ag ríomhaireacht na blianta go bhfeadfadh an cló a bheith pas beag níos mó!

Is díolaim shaibhir atá sa leabhar, le roinnt rannóga ann ag plé le réimsí éagsúla saoil - bás máthair na file agus an cumha a d'eascair as sin, dánta grá collaí, dánta caidrimh de chineáil eile, comhluadar agus comhghuaillíocht le mná, agus le fir. Rannóg cumhachtach fáiscthe as an paindéim agus an clutharú - agus na fréamhacha doimhne atá aici in Iarthar Dhuibhneach agus sa phobal.

Tá na dánta iontach saibhir, agus léigh mé an cnuasach go mall. Bhí sciar nár thuig mé - ach fillfidh mé orthu. Bhí go leor a las solas ionam, go háirithe nuair a theagmhaigh siad le mo thaithí féin nó le háit nó ócáid go raibh eolas agam air. Is dóigh liom go mbeidh mé ag filleadh ar an gcnuasach seo arís is arís, ag roghnú dánta a labhraíonn liom de réir mo mheoin agus taithí ag an am. Compánach de leabhar. Fiú na dánta a bhaineann leis an tréimhse eatramhach paindéime seo, tá gnéithe uilíoch iontu.

Máirín Nic Eoin a scríobh an réamhrá don leabhar, agus is í freisin a chuir agallamh ar Dairena ag an seoladh ar líne a reáchtáil Féile Litríochta an Daingin. Lena heolas leathan, léirigh ceisteanna Máirín agus freagraí Dairena - agus an rogha dánta a d'iarr Máirín ar Dairena a léamh - go leor dom nach mbeadh feicthe agam féin.

Maraon leis sin ag an seoladh bhí roinnt de na dánta curtha le ceol agus físeán - tá teacht orthu sin ar Youtube Éabhlóid.


Cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide
Clúdach crua. 152 lch.
Éabhlóid

2021-06-15

Rúin na Seacht gCaisleán


Ní raibh aon saothar le Gabhán Ó Fachtna tagtha mo threo roimhe seo. Plé ar An Cúinne Dána a spreag mé leis an leabhar a cheannach - tugadh ardmholadh dó agus bhí an t-ábhar spreagúil, scéalta lonnaithe sa chuid sin den Rómáin inniu ar a dtugtar an Trasalván - an fearann laistiar de na coillte. Fearann achrannach teorainn idir lár na hEorpa agus an impireacht Turcach. Blianta siar léigh mé leabhar taistil An bhfaca tú Dracula? Aodh Ó Canainn a scríobh, bunaithe ar a thaistil féin sa tír agus eolas eile a bhí cnuasaithe aige. Foinse eile a bhí ag Ó Fachtna - foinse a luaitear mar spreagadh Bram Stoker freisin. The Land Beyond the Forest  cuimhní cinn Emily Gerard, bean as Albain a tógadh san Ostair san 19ú céad. Bhí sí pósta ar mionuasal Polannach a bhí ina oifigeach airm agus ar thug a dhualgas go dtí an Trasalván é féin agus a theaghlach ar feadh roinnt blianta i seascaidí an naoú haois déag. Bean a raibh bua na scríbhneoireachta aici, agus dornán úrscéalta foilsithe aici, agus a bhí fiosrach faoi tír agus talamh. Tar éis dom scéalta Gabhán a léamh chuaigh mé sa tóir ar an leabhar seo. Is bean impiriúil a bhí inti, agus leagan amach a haicme agus a cultúr go smior inti, ach tabhairt faoi deara inti freisin. Is cosúil go raibh Gearmáinis líofa aici agus go raibh ar a cumas labhairt le lucht labhartha na Gearmáinise sa chríoch - a bhí deighilte sách soiléir idir Ungáraigh, Rómáinigh agus na Gearmánaigh ar a dtugtar Sacsain na Seacht gCaisleán - cé nach ó Sacsan an lae inniu a tháinig formhór a sinsir, ach ó na tíortha íseal sa Ghearmáin gar do Lucsamburg an lae inniu. Mhair an nasc leis an nGearmáin tríd oideachas is cosúil, rud a d'fhág go ndeachaigh siad leis an Liútarachas aimsir an athrú creidimh. Ní raibh sí ceanúil orthu, dar léi go raibh siad borb tútach. Ag pointe amháin ina hinsint deir sí "Ba fir na Sacsan, is fir na hUngáraigh, beidh na Rómánaigh ina bhfir fós". Tá go leor eolais faoi nósmhaireacht agus piseoga na ciníocha éagsúla - agus tagairtí freisin do na giofóga agus corr sleais i gcoinne na nGiúdach sa leabhar.

Baineann Gabhán Ó Fachtna úsáid éifeachtach as an eolas cúlra seo agus dornán gearrscéal fuinte cruthaithe aige as ina mothaíonn an léitheoir go bhfuil sé i láthair ag eachtraí a bhaineann do na carachtair trína insítear na scéalta. Leathabairt fánach ó saothar Emily Gerard ina ghráinne gainimh a dhéanann Ó Fachtna péarla de scéal as.

Tá leabhair eile ó lár na hEorpa léite agam, a scríobhadh san ré atá faoi chaibidil aige nó roimhe. Measaim go n-éiríonn leis an boladh agus blas sa saol a cheapadh - tionchar na piseoga agus ná nósanna a thabhairt dúinn gan géilleadh do dhraíocht ná fantaisíocht thairis sin.

Tragóidí sa chiall bhunaigh go leor de na scéalta sa mhéid is go dtarraingíonn na carachtair tubaiste orthu féin trí sárú geasa nó géilleadh do phisreoga.

Thaithin na scéalta go mór liom agus beidh mé sa tóir ar breis saothair leis an údar. 

Dornán eile tré

Ina réamhrá le Trecheng Breth Féne luann Kuno Meyer roinnt tré as foinsí eile - seo dornán acu. Liomsa na leaganacha nua Ghaeilge.
Mairg na trí lucht a n-iffirn úathmar anside:
óes dogní dán, óes choilles grád, óes amsaine.
Mairg na trí lucht in ifreann uathmhar ainsiorraidh:
aos déanta dánta, aos a choilleann a ngrád, aos amhsaine.
Fuil trí ní ná dlegair do bocht Dé bí:
dimmda da bethaid cipé, cesacht ocus aibéle.
Tá trí ní nach bhfeileann do bochta Dé Bhí:
diomaí dá bheatha cibé, céasacht agus áibhéil.
Fuil tréide dianab buidech rí gréine:
óenta bráthar, comrád cert, altóir Dé do thimthirecht.
Tá trí gníomh a bhfuil Rí na Gréine buíoch astu:
aontacht bráithre, comhrá ceart, altóir Dé a thimireacht
Fuil trí ní doná buidech mac Dé bí:
crábud úallach, coisced serb, écnach duine mad inderb.
Tá trí ní nach bhfuil mac Dé Bhí buíoch astu:
cráifeacht uallach, cosc searbh, éagnach ar dhuine más éidearbh.