Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-15

Rúin na Seacht gCaisleán


Ní raibh aon saothar le Gabhán Ó Fachtna tagtha mo threo roimhe seo. Plé ar An Cúinne Dána a spreag mé leis an leabhar a cheannach - tugadh ardmholadh dó agus bhí an t-ábhar spreagúil, scéalta lonnaithe sa chuid sin den Rómáin inniu ar a dtugtar an Trasalván - an fearann laistiar de na coillte. Fearann achrannach teorainn idir lár na hEorpa agus an impireacht Turcach. Blianta siar léigh mé leabhar taistil An bhfaca tú Dracula? Aodh Ó Canainn a scríobh, bunaithe ar a thaistil féin sa tír agus eolas eile a bhí cnuasaithe aige. Foinse eile a bhí ag Ó Fachtna - foinse a luaitear mar spreagadh Bram Stoker freisin. The Land Beyond the Forest  cuimhní cinn Emily Gerard, bean as Albain a tógadh san Ostair san 19ú céad. Bhí sí pósta ar mionuasal Polannach a bhí ina oifigeach airm agus ar thug a dhualgas go dtí an Trasalván é féin agus a theaghlach ar feadh roinnt blianta i seascaidí an naoú haois déag. Bean a raibh bua na scríbhneoireachta aici, agus dornán úrscéalta foilsithe aici, agus a bhí fiosrach faoi tír agus talamh. Tar éis dom scéalta Gabhán a léamh chuaigh mé sa tóir ar an leabhar seo. Is bean impiriúil a bhí inti, agus leagan amach a haicme agus a cultúr go smior inti, ach tabhairt faoi deara inti freisin. Is cosúil go raibh Gearmáinis líofa aici agus go raibh ar a cumas labhairt le lucht labhartha na Gearmáinise sa chríoch - a bhí deighilte sách soiléir idir Ungáraigh, Rómáinigh agus na Gearmánaigh ar a dtugtar Sacsain na Seacht gCaisleán - cé nach ó Sacsan an lae inniu a tháinig formhór a sinsir, ach ó na tíortha íseal sa Ghearmáin gar do Lucsamburg an lae inniu. Mhair an nasc leis an nGearmáin tríd oideachas is cosúil, rud a d'fhág go ndeachaigh siad leis an Liútarachas aimsir an athrú creidimh. Ní raibh sí ceanúil orthu, dar léi go raibh siad borb tútach. Ag pointe amháin ina hinsint deir sí "Ba fir na Sacsan, is fir na hUngáraigh, beidh na Rómánaigh ina bhfir fós". Tá go leor eolais faoi nósmhaireacht agus piseoga na ciníocha éagsúla - agus tagairtí freisin do na giofóga agus corr sleais i gcoinne na nGiúdach sa leabhar.

Baineann Gabhán Ó Fachtna úsáid éifeachtach as an eolas cúlra seo agus dornán gearrscéal fuinte cruthaithe aige as ina mothaíonn an léitheoir go bhfuil sé i láthair ag eachtraí a bhaineann do na carachtair trína insítear na scéalta. Leathabairt fánach ó saothar Emily Gerard ina ghráinne gainimh a dhéanann Ó Fachtna péarla de scéal as.

Tá leabhair eile ó lár na hEorpa léite agam, a scríobhadh san ré atá faoi chaibidil aige nó roimhe. Measaim go n-éiríonn leis an boladh agus blas sa saol a cheapadh - tionchar na piseoga agus ná nósanna a thabhairt dúinn gan géilleadh do dhraíocht ná fantaisíocht thairis sin.

Tragóidí sa chiall bhunaigh go leor de na scéalta sa mhéid is go dtarraingíonn na carachtair tubaiste orthu féin trí sárú geasa nó géilleadh do phisreoga.

Thaithin na scéalta go mór liom agus beidh mé sa tóir ar breis saothair leis an údar.