Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-20

Cáitheadh na dTonn


Luadh an saothar seo le Muirghen (Pádraig Ó Gallchobhair) agus saothar nua fhoilsithe lena iníon Nuala á phlé ar an gCúinne Dána. Chuir mé fios ar ón leabharlann. Athchló ar shaothar a foilsíodh i dtosach sna tríochaidí. Tá sé greanta ar a meirge ag Éabhlóid a cheart a thabhairt do chanúint Gaoth Dobhair, agus tá an saothar seo eiseamláireach ón taobh sin de. Cé go bhfuil an litriú tugtha suas chun dáta, tá an nathaíocht agus na leaganacha fós créúil dúchasach. Ach ní ar mhaithe leis an dea ghaeilic amháin is fiú an leabhar seo - ina bhfuil ceithre saothair - a léamh. Tá an insint láidir, agus léargas den scoth ann ar saol agus creideamh agus piseoga na ndaoine ag tús an fichiú céad.

Úrscéal is ea Caoineadh an Choimhthígh ina dtugtar an-léargas ar saol crua ógánach a thiomáineann ar imirce é d'fhonn saol níos fearr a bhaint amach - ach a thuigeann luath go leor nach bhfuil sráideanna Nua Eabhrac pábháilte le hór agus go bhfuil cruatan i ndán do thall freisin. Bhraith mé gur laige - cineál Deus ex machina - críoch an scéil, go raibh teagasc in intinn an údair chur ina luí ar a lucht léite. Ach ar an mórgóir is úrscéilín láidir atá ann, agus stair shóisialta le cois.

Ciogal scéalta sí - mealladh daoine ina measc - atá i gceist le Draíocht na Mara agus athinsint ealaíonta ar scéal an Murúch mar chéile atá i Céile Sheáin Mhóir. Leaganacha fuinte ealaíonta a chlúdaíonn gach gné den creideamh sna sí agus a dtionchar ar bheatha agus bás na ndaoine, agus cad atá le déanamh le teacht slán orthu.

Tugann an dráma Lorg an Phoitín léargas den scoth ar an díobháil a rinne ródhúil ann agus saint lucht a dhéanta do phobail tuaithe - ach arís mheas mé go raibh an teagasc a bhí uaidh a thabhairt ina ord ag an údar agus é ag buaileadh tréan iarracht i ndiaidh tréan iarracht ar a lucht léite. B'fhéidir go raibh a leithéid de dhíth ag an am, ach sílim go bhfuil an teagasc sa bhealach ar an ealaín.

Ach fiú nuair a mheas mé an insint a bheith thíos leis an teagasc, bhí na cainteanna i gcónaí úr cruinn saibhir.

Is snasta an saothar atá ann, agus Éabhlóid le moladh as é chuir ar fáil arís.

Údar : Muirghein (Pádraig Ó Gallchobhair)
ISBN: 9780995611900 (Clúdach bog)
ISBN: 9780995611931 (Clúdach crua)