Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-10-31

Creimeadh cuimhne

Ghlac m'iníon páirt i nDeireadh seachtaine ceol clasaiceach ag an deireadh seachtaine. Bhí ceolchoirm le bheith ann tráthnóna Domhnaigh. Lorg mo nuachar lóistín ciúin don mbeirt againn síos freisin. Tarlaíonn sé gur i Loch Garman a bhí an lóistín, i gCill Mhic Aodha. I scoil Cumann na gCarad i mBaile Phort Láirge a bhí m'iníon lonnaithe agus b'éigean í a fhágáil ann ag a deich maidin Sathairn
.
D'fhág muid an baile sách luath, ag fáil bricfeasta fán slí. Stáisiún artola i gCam Eolaing. 

Chaitheamar fuílleach an lae ag fálróid thart ar chósta an chopair agus na Comaraigh. Bhí cloiste ag Uta faoi Easanna na Machan. Chaith mé cúpla saoire i mBun Machan sna 1980í ach níl mórán cuimhne agam ar an tíreolas, agus ní dóigh liom go raibh mé riamh ag siúl sna Comaraigh. Bhí muid taobh leis an loingseoireacht satailíte ar an nguthán. Rud a bhí míshásúil. Ní thugann an méid teoranta a léirítear ar an scáileán beag tuiscint ar an taobh tíre, ar chomhthéacs.

Sa bhreis ar sin tá claonadh san algartam an bóthar is gaiste a lorg, rud nach bhfeileann don bhfálróid.
Fadó bhíodh atlas sa charr againn, rud a thug tuiscint níos fearr ar an dturas (ainneoin nach mé an loingseoir is fearr, go háirithe ag luas gluaisteáin). 

Tá mé ag siúl sléibhe ó bhí mé sna déaga agus taithí agam dá réir ar léamh léarscáil cé nach mbeadh ardscileanna loingseoireachta agam. Le roinnt blianta is annamh mé freagrach as an treo a lorg do ghrúpa agus tá meath tagtha ar an mbeagán scil a bhí agam. Ach tá tuiscint éigin ar treo agus suíomh fágtha agam. 

(Eadarlúid: is cosúil go bhfuil sealgairí dúchasacha san Artach ag fulaingt galar na teicneolaíochta freisin, meallta ar strae ag loingseoireacht leictreonach agus deighilte amach ón ndúlra i feithicil. Iad ag bású i dtimpistí níos minice ná a sinsir. Ach na sinsir céanna ag tabhairt rabhadh faoin athrú aeráide - dul faoi na gréine bogtha na ciliméadair dar leo. De bharr athraithe san oighear agus i ndlús an atmaisféir). 

Bhí ar camchuairt Déiseach ana dheas. Agus tráthnóna roimh dinnéar bhí faill againn Gairdíní Chill Mhic Aodha a shiúil. Ní hé Deireadh Fómhair buaic séasúr gairdíní, ach bhí go leor deas le feiceáil ann. Crainn coimhthíocha faoi dhuilliúir. Deora Dé beagnach chomh mór le mo dhearna. Is dóigh liom go ndeachaigh siad thar fóir leis na hárais sióga atá ag scaipeadh go rábach le blianta beaga anuas. Ach bhí long Lochlannach, fulacht fia, campa buachaill bó agus Indiach dearg, agus bád foghlaí mara folaithe i measc na gcrann freisin! Bhain piasún preab asainn - nó b'fhéidir a mhalairt! Tá reilig lámh leis an dteach agus roinnt iarsma spéisiúil ann - cros atá cosúil le cros ard ach gan é ach 55 cm ar airde! 

Bhí dinnéar bhreá againn, glasraí ón ngarraí acu san áireamh. Oíche mhaith codlata. Bricfeasta mór groí. 

Tar éis Aifrinn i gCoill an hÓraigh (bheadh trua agat don dream a úsáideann an logainm Béarla) chuaigh muid ag fálróid síos go Rinn Duáin. Bhí cupán caife againn ann agus thapaigh muid an deis atlas bóthair a cheannach. Leis sin agus an GPS chuaigh muid ag taisteal an chósta, suas go Baile Hac (cé go bhfaca mé Each luaite ar fógra áitiúil). Trasna Inbhear na Bearú ar an mbád farantóireachta, go dtí an Pasáiste Thoir. Mias anraith san Dún Mór. Timpeall an chósta go dtí an Trá Mór agus ar ais go Port Láirge. Ceolchoirm agus abhaile ina dhiaidh. Dinnéar blasta in Áth na Fuinseoige, Tí Chester Beatty! (Molaim é. Blasta, flúirse, gan gimicí).

De bharr an Atlais a bheith againn, ainneoin gur fhág muid an obair faoin GPS, measaim gur fearr an tuigse atá agam ar an ár gcamchuairt.

Ach níl aon cheist ach go bhfuil éifeacht ag ár uirlisí ar ár gcumas, iad ag ceilt an cruinne thart orainn ainneoin an eolais a chuireann siad ar fáil dúinn!

2018-10-29

Nodaireacht Ungárach - Racht!

Baineann sé le mo chuid oibre go mbíonn orm go leor cód ríomhaireachta a léamh. Tá sé aitheanta le fada gurb é cód a léamh an bealach is fearr le botúin a aimsiú. Go deimhin, má scríobhtar cód go cuanna uaireanta ní déantar na botúin sa chéad dul síos mar go mbíonn cuma mícheart ar an rud a scríobhtar. Dúirt Tony Hoare tráth go bhfuil "dhá dóigh bogearra a dhearadh: chomh simplí is go bhfuil sé follasach nach bhfuil botún ann, nó chomh casta nach bhfuil na botúin ann follasach".

Ar an ndrochuair, is minic gur faoi dheifir agus faoi riachtanais atá ag athrú a scríobhtar an cód a fheicimse agus gur cosúla dá réir é leis an castacht botún cheilteach. 

Bhí na fadhbanna a bhaineann le bogearraí a scríobh á scagadh sular rugadh mé, agus trácht ar Ghéarchéim Bogearraí. Fágann dlí Moore  go bhfuil cumhacht agus cuimhne ríomhairí ag feabhsú go rábach ó shin - tá macasamhail oll-ríomhaire ó na 1970í ina phóca ag gach éinne anois. Ar an ndrochuair - agus le linn mo ghairmré féin - fágann sé sin sleamchúis sa bhreis i forbairt bogearraí mar go gceileann feabhas an crua earra go minic laigí an bhogearra.

Mar sin féin, tá "bogearraí ag ithe an domhan". Is mithid feabhas a chuir air chun mór fhabhtanna tubaisteacha a sheachaint, ach tá sé ag éirí níos deacra sin a dhéanamh. Bhí éifeacht tubaisteach cheana féin ag fabht bogearra ar an stocmhalartán . Tá gluaisteáin - fiú iadsan le tiománaithe daonna - lán le bogearraí. Agus iad ag éirí uathoibríoch, d'fheadadh bogearra lochtach go leor básanna a bheith mar thoradh air. Tá boladh na fírinne, dar liom, ar ghearrscéal Cory Doctorow - Car Wars.

Is fada iarrachtaí ar bun laistigh den ngairm chun rudaí a feabhsú. Agus cabhraíonn coinbhinsiúin áirithe. Is cuma leis an ríomhaire nó an tiomsaitheoir cén ainm atá ar athróg sa chód. Ach is mór an chabhair é don ríomhchláraitheoir nó don cigire ainm oiriúnach soiléir. Is minic rialacha ag togra chun ainmneacha maithe a roghnú chun go mbeadh an tuiscint céanna ag gach duine orthu. Agus roghnaithe i gceart, is féidir leo fabhtanna a sheachaint. Tá aiste ana mhaith ag Jeol Spolsky ina phléann sé conas is féidir le hainmneacha maithe fabhtanna a sheachaint - i dteaghrán, ceann de na cineál sonraí is mó a mbíonn fabhtanna i gceist leo.

"Nodaireacht Ungárach" an córas a phléann sé - ainm a tugadh air mar gurb é Charles Simonyi (de bhunadh na hUngáire) a chéad mhol é i Microsoft, agus gur mheas (Béarlóirí) gur chuir na réimíreanna - ar dhlúthchuid iad den córas - cuma Ungárach ar ainmneacha. Bá é moladh Simonyi go mbeadh sé soiléir cén "cineál" ruda a bhí i gceist le hathróg agus go mbaineadh an réimír céanna le neacha arbh den gcineál céanna iad, i. go raibh ciall leis an obráid céanna a oibriú orthu. Bhí Simonyi ag plé le feidhmchláir ina raibh tábhacht ar leith abair, nach meascfaí uimhreacha a thagair d'ionad a bhí coibhneasta don scáileáin agus uimhir a thagair do ionad ar leathanach "samhalta" an fheidhmchláir.

Ar an ndrochuair, beagnach ar an bpointe shleamhnaigh míthuiscint isteach in úsáid an chórais agus baineadh feidhm as chun an aonaid a bhí in úsáid ag an ríomhaire chun an athróg a stóráil a chuir in iúl. Beart, slánuimhir 16 giotán atá i gcónaí dearfach (gan comhartha), slánuimhir ar féidir leis bheith dearfach nó diúltach agus araile. Eolas riachtanach, cinnte - ach is annamh é bheith riachtanach don ríomhchláraitheoir agus tá uirlisí uathoibríocha - an tiomsaitheoir féin - a thabharfadh rabhadh faoi bhotúin ann.

Bhí an cód a bhí á láimhseáil  agam breac leis an gcineál nodaireacht seo - agus de bharr na réimír (agus cúpla lúb seafóideach eile sa chóras ainmniúcháin acu, fearacht an scóip a cheangal leo freisin) ba bheag eolas faoin athróg féin a bhí fágtha san ainm. Níor chabhraigh sé scaití go raibh an bunchineál míchruinn...  

Ar an ndrochuair, tá sé rómhall an nós seo a athrú sa chód (ó chuideachta eile) a bhí á iniúchadh agam. Agus sin fáth mo rachta abhus....

2018-10-19

Buail na cloig!


Níl instealladh hearóin uaim mar leigheas ar m’aicíd
Níl instealladh tuirpintín uaim, ar mo ghlúine ag impí,
Níl instealladh cóidín uaim chun go ndéanfainn aithrí, 
Níl instealladh fuisce uaim, le bheith im’ Mhichael D.
Tabhair dom instealladh grá, tabhair dom instealladh grá!

Ba amhráin as tréimhse soiscéalach Bob Dylan, trascruthaithe ag Gabriel Rosenstock agus curtha i láthair ag foireann cumasach oirifeadach a chuir Amharclann an Pavilion ag crith aréir. Na hamhránaithe Liam Ó Maonlaí, Emma Garnett, Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi; Rod McVey (orgán ); Peter O'Toole (giotár ); Bill Shanley (giotár ); Al Carver (dord); agus Brian Rice (drumaí ).

Fuinneamh Gaspal, guth ilghnéitheach Liam ag iompar go leor den ualach amhránaíochta. Ach chan beirt de na spéirmhná - de bhunadh na Nigéire agus Sierra Leone - amhrán an duine. Ar an ndrochuair níl mé cinnte cén bheirt!

Mar is iondúil bhí filíocht físe cumtha ag Margaret Lonergan - bréidín fuinte as íomhánna de Dylan, ealaíon Chríostaí tríd na haoiseanna agus radharcanna uirbeacha is tuaithe ag freagairt go hairdeallach don gceoil is na focail.

Instealladh fuinnimh a d'fhág an lucht féachana ar a gcosa (tar éis do Esosa? rá linn go húdarásach 'Stand suas! ') ag buaileadh ar dhoras diaga an cheoil!

Scaoileadh slua abhaile, cothú faighte. Is fiú i gcónaí freastal ar na himeachtaí a chuireann IMRAM ar fáil - ach tá tábhacht ar leith leis na Tionscadail trascruthaithe de bhrí go n-osclaíonn siad dóirse don dream ar bheagán Gaeilge a chloiseann fuinneamh sár oirfidigh ag rince inti.

2018-10-17

Saor báid. Saor cloiche. Saor focail. Saorspiorad.

Is go glanseansúil a d'fhreastail mé ar Scoil Cheoil an Earraigh i 2017. Bíonn mo chlann ann - bhláthaigh an ceol iontu faoi thionchar mo nuachair. Ach níl cumas seinm ná amhránaíochta ionam. Ach bheir mo dhúthracht do Dúiche Dhuibhneach (agus col le ceo smúrach na cathrach) siar ó dheas mé leo. Mé bheith díomhaoin agus m'iníon ag freastal ar ranganna ceoil a chas isteach in Óstán Ceann Sibéal agus ciorcal comhrá faoi stiúir Danny Sheehy. Bhlas mé mar sin dá stór nathaíochta agus grinn; agus dá eolas agus gnaoi. Thug sé ar siúlóid amach muid fá trá Béal Bán go Gort na Cloigne agus Dún an Óir an áir. Ní raibh ann ach roinnt uaireanta a chloig ina chomhluadar, ach chuaigh siad i bhfeidhm orm. Tharla freisin go raibh Dónal Ó Céilleachair i láthair ag Imbolc go gairid roimhe sin ag trácht ar Naomhóg na Tinte agus Camino na Sáile. Chuir mé fios ina dhiaidh sin ar Fan Inti. Bhain a bhás siar asam, mar a bhain as go leor. (Ba i ndiaidh a bhás a léighIomramh Bhréanainn MMXI Ón nDaingean go hÍoslainn)

Bhí mé, mar sin, i Músaem na Mara aréir. Bhí IMRAM agus Cathal Poirtéir tar éis gairm scoile a sheoladh a filí agus lucht éigse a raibh aithne acu ar Danny, agus tháinig siad go flúirseach. Tháinig lucht éisteachta go flúirseach freisin. Tá tuairisc ag Máirín Nic Eoin ar Thuairisc ar an ócáid.

B'iad an gean phearsanta a bhí ag oiread léitheoirí agus oirfidigh air a chuaigh i bhfeidhm go háirithe ormsa. Thug a léitheoireacht as a shaothar i láthair é ar shlí ar leith. thug na dánta a scríobh siad dó - lena bheatha agus tar éis a bháis i gcuimhne é.

Focail, cuileachta, ceoil. Scéal seoigh ag Fearghal Mac Amhlaoibh a bhí ag cúléisteacht le fir na háite ag tabhairt a mbreith ar chéad léamh filíochta Danny - duine acu den tuairim gurb fhéidir nach raibh sé in aicme céanna aos dána eile a bhí ag reic an oíche úd - toisc nár thuig siad iadsan mar a thuig siad Danny!

Labhair prós agus filíocht Danny leis an gcroí agus an intinn, go glé soiléir cruinn. Tá tabhairt faoi deara ann. Cuir síos cruinn carthanach greannmhar geanmhar - ar sranntarnach leathbhádóirí. Fuinneamh na stoirme. Éan ar foluain.

Reic a chliamhain Fionn Ó Gráda a dhán faoin cíor tuathail eacnamaíochta - Is deas an tine agus rud le n-ithe go cumasach óna mheabhair cinn. Is deas. Is deise le cuileachta.

Labhair Breandán Ó Beaglaoich a bhí leis ar an naomhóg ar an aistear deiridh úd ar Costa da Muerte - Cósta an Bháis - agus leis go tairseach an saoil eile -  óna chroí.

Ní bheidh a leithéid arís ann; ach mairfidh a chuimhne ina scríbhinní agus scríbhinní daoine eile.


2018-10-16

An bhfuil an todhchaí (pholaitiúil) Glas?

I dtoghchán na Baváire, bhain an Páirtí Glas amach an dara háit. 17.5%.
Ní dócha áfach go mbeidh siad sa Rialtas- b'fhearr leis an CSU margadh a dheánamh leis na Vótóirí Saora, gluaiseacht nach mian leis bheith ina pháirtí ach a bhfuil meon den eite lár dheis i dtreis ann.
Murach aistarraingt na liobrálaigh (eacnamaíochta) i ndiadh olltoghchán na Gearmáine b'fhéidir go mbeadh na Glasaigh sa rialtas náisiúnta thall arís.

Tá a chomhghleacaithe ó fadó i ndroch chuí. Tá an SPD ag íoc as géilleadh ginearálta don nua liobrálachas agus claochlú an locht oibre a fhágann gluaiseacht na gceardchumann níos laige agus scaipthe ná mar a bhí le fada.

Níl ceist ar bith gurb an athrú aeráide an gad is gaire don scornach againn ar fad agus é ag treisiú mura bhfuil sé ag cúisiú mórán chuile fadhb domhanda eile, ceist na dteifeach ach go háirithe.

Is cinnte gurb ag an ngluaiseacht Glas atá an fís is cuimsithí.

Easaontaím leo ar cheisteanna áirithe sóisialta agus feictear dom go bhfuil a seasamh ar an éiceolaíocht daonna bun os cionn lena seasamh le héiceolaíocht na cruinne.

Bíodh sin mar atá, tá súil agam go mbeidh deis acu abhus freisin dul i mbun  freagracht agus athrú chun feabhais a chuir ar dán na cruinne agus an ghnáthdhuine.

Murach sin, feictear dom gur daoirse don mórán agus flúirse don bheagán atá rómhainn. Ar feadh aga gairid go loiscfear an chruinne.

Ceardaí Focail

Ní raibh aithne phearsanta agam ar Liam Ó Muirthile. Bhí mé ina láthair roinnt uaireanta, ag ócáidí IMRAM agus a leithéid. Ach tá a shaothair léite agam thar na blianta, úrscéalta, filíocht. Is dóigh liom go raibh a cholún san Times is mé san ollscoil. Táim cinnte gur cheannaigh mé agus léigh mé an cnuasach an Peann Coitianta. Is sa phrós is mó a chuir mé spéis go dtí le déanaí. Ar ndóigh bhí filíocht ina orlaí tríd an phrós céanna.

D'fhreastal mé ar a shochraid níos luaithe i mbliana. Focail dhaoine eile a bhí lárnach ansin. Ord an aifrinn. Aitheasc Frainc Mac Bhradaigh. Éagnairc Louis de Paor.

Fáisceadh aréir in Amharclann Smock Alley clocha fileata, clocha físe, clocha taibhe, clocha ceoil as focail Liam Uí Mhuirthile le carn a dhiongbhála a thógáil.

Míreanna cartlainne ó thréimhsí éagsúla dá shaoil ar an scáileán mór. A dhánta á thabhairt chun beatha ag filí eile - Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearrbhuigh, Dairena Ní Chinnéide. Tionlacan ceoil ag Seán Mac Erlaine agus Cormac Bhreathnach.

Léigh a mhac Ciarán agus a deirfiúr Cláir dánta leis. Dánta pearsanta, teaghlaigh, miúine.

Bhí tocht orm go minic ag éisteacht.

Léigh Alan Titley sleachta as an bprós- úrscéalta agus colúin.

Thug Diarmuid de Faoite agus Bairbre Ní Chaoimh radharcanna as a dhrámaí chun beatha.

Bhí ceoil curtha le dán dá chuid ag Peadar Ó Riada agus chan Máire Ní Cheilleachair go binn Teanga an Ghrá.

Arís is arís bhí Liam féin ar an scáileán. Ag siúl. Im mbun scríobh. Faoi agallamh. Ag cuir agallamh. Ag tuairisciú.

Teanga bheag í an Ghaeilge anois, mar a dúirt Liam féin, ach roinne sea a chuid féin di agus bhain rudaí móra amach.

Mairfidh na rudaí san i gcló agus i meabhair léitheoirí.

Beidh blaiseadh le fáil ar ócáid na hoíche aréir amach anseo acu siúd nach raibh deis acu bheith i láthair - rinneadh taifead.

2018-10-14

IMRAM - na nÓg!

Is fada mé ag freastal ar imeachtaí IMRAM i mBaile Átha Cliath. I mbliana, chuaigh IMRAM i bpáirt le Glór na nGael agus an DLR Lexikon chun imeachtaí don óige a chuir ar fáil. Bíonn ócáidí míosúla ar bun ag Glór na nGael san Lexikon - leabharlann ar geal le spásárthach é in aice le calafort Dún Laoghaire. 

Mar a tharlaíonn sé, bhí m'iníon gafa ar maidin agus ní raibh ar an gcumas freastal ar an gceardlann líníochta agus léirithe. Tá sí rud beag ró shean do roinnt de na himeachtaí eile a bhí ann ar an Satharn (bhí ceardlanna do scoileanna ann Déardaoin agus Aoine) ach bhain sí ana shásamh as bheith ag dealbhóireacht i gcré faoi stiúir Chormaic Uí Bhréartúin. Thaitin sé léi buaileadh arís leis an fear grinn Giggles. Ach cinnte b'é an buaicphointe di agus do go leor gasúir eile an seó a chuir Peadar Ó Goill - fear Is Eolaí Mé - i láthair. (Níl fhios agam an raibh foireann na leabharlanna chomh tógtha céanna leis....)

Léirigh Peadar gnéithe den fisic agus den cheimic go spraíúil le  gnáth rudaí fearacht fínéagar agus sóid bácála - agus uibheacha! Léirigh sé buntáiste cruth na n-ubh tríd seasamh ar dhosaen acu! (Briseadh ceann amháin, ach cén dochar ... fotha eolaíochta turgnamh) 

(Bhí nasc níos soiléire ag imeachtaí eile le cúrsaí litríochta - agus beidh ceardlann le Tadhg Mac Dhonnagáin ar bun san áit céanna i Mí na Samhna)

2018-10-12

Deil Neimhe

Gnóthachtáil ard is ea géilleadh na tuisceana roimh nithe a sháraíonn tuiscint. Iadsan nach ngéilleann, scriostar ar deil neimhe iad.

Aistriúchán (míchruinn, is cosúil) ar Zhuang Zhou Leabhar XXIII alt 7,a thug teideal d'úrscéal ar leith de chuid Ursula le Guin.

Scéal faoi fhear a athraíonn a bhrionglóid an cruinne. Tá síceolaí ceaptha cabhrú leis teacht saor on eagla a chúisíonn seo ann: ach is amhlaidh a bhaineann sé feidhm as an mbua chun an saol a fheabhsú, dar leis féin. Seachas go mbíonn iarmhairtí neamhthuartha lena iarrachtaí. Is iomaí cas is corr sa scéal roimh deireadh.

Ní aithris ar Philip K Dick atá i gceist, ach léiriú ómóis de chineál.

Mar is iondúil le Le Guin tá sí ag imirt a samhlaíocht chun daonnacht a iniúchadh.

The Lathe of Heaven